European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5357

2.9.2024

Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(C/2024/5357)

Tar éis an fhoilsithe sin, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Aglonas maizes veistūklis’

Uimh. AE: PGI-LV-03015 — 18.10.2023

ATFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm (nó ainmneacha) [ATFC nó TGFC]

‘Aglonas maizes veistūklis’

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Laitvia

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia

3.1.   Cineál an táirge

Aicme 2.3. Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is arán seagail é ‘Aglonas maizes veistūklis’ ina bhfuil píosaí saille muiceola triomaithe agus oinniúin triomaithe bácáilte isteach ann.

Cuma agus cruth seachtrach: builín fada ag a bhfuil cinn chruinne thart ar cheithre huaire níos faide ná mar atá sé leathan. Tá trí eitre ar gach taobh den chrústa barr. Crústa: dorcha, mín, lonrach. Tá an croí, nuair a ghearrtar i dtrasghearradh é, dorcha, le póireanna níos mó nó níos lú, leaisteach, agus d’fhéadfadh sé a bheith beagán tais. Cuirtear na píosaí saille muiceola agus oinniún ar thaobh amháin de bhun an taois.

Saintréithe fisiceacha

Blas an táirge: Cumasctar in ‘Aglonas maizes veistūklis’ blasanna cheithre cinn dá chomhábhar: arán seagail, saill muiceola triomaithe, síolta cearbhais agus oinniúin. Coinnítear le crústa mín, snasta, dúdhonn an bhuilín aráin seagail ghairbh na blasanna isteach. Tríd an mbuilín a ghearradh ar a thrasna, baintear amach agus cumasctar gach ceann de na blasanna atá sna slisní, rud a chuireann gliondar ar na blaslóga.

Dea-bholadh: dea-bholaithe aráin seagail bhácáilte agus deataigh adhmaid dhuillsiltigh agus na saintréithe sin a bhaineann go sonrach le saill muiceola deataithe, síolta cearbhais úra agus oinniún. Chuirfeadh an dea-bholadh foriomlán uisce le do chár.

Dath: Tá crústa dúdhonn, snasta ar ‘Aglonas maizes veistūklis’, agus tá dath dúdhonn chroí an aráin, rud is saintréith ann, le feiceáil sa trasghearradh. Tá píosaí saille muiceola triomaithe agus oinniún triomaithe sa chroí donn a bhfuil a ndath idir glanbhán agus beagán buí.

Uigeacht: crústa measartha crua, croí bog garbh seagail, struchtúr beagán póiriúil agus píosaí boga de shaill muiceola triomaithe. Fágann brú séimh ar ‘Aglonas maizes veistūklis’ log beag, ach ansin léimeann an builín ar ais. Ceann de shaintréithe sármhaithe an bhuilín is ea go bhfuil sé leaisteach seachas crua.

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Déantar na céimeanna táirgthe seo a leanas sa táirgeadh sa limistéar geografach: ullmhú an taois seagail (meascadh, coipeadh agus fuineadh an taois), gearradh suas na saille muiceola triomaithe agus na n-oinniún triomaithe lena líonadh, múnlú ‘Aglonas maizes veistūklis’, an líonadh a chur ar thaobh amháin de bhun an taois agus rolladh an líonta isteach sa taos, agus múnlú, cuimilt agus bácáil an bhuilín. Bácáiltear ‘Aglonas maizes veistūklis’ ar dhuilleoga mailpe in oigheann aráin a dhóitear le fearnóg agus le crann creathach ar feadh 50-56 nóiméad, nó in oigheann leictreach ag +300 °C ar feadh thart ar 10 nóiméad, ansin ag +250 °C ar feadh 15 nóiméad agus ag +180 °C ar feadh 10 nóiméad. Nuair a bhíonn na builíní bácáilte, croitear uisce fuar orthu, cumhdaítear le héadach fliuch agus fuaraithe iad, agus ansin déantar gach builín a phacáistiú.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

An paróiste sibhialta Aglona in Latgale, an Laitvia.

Aonad críche de chuid bhardas Preiļi is ea paróiste sibhialta Aglona agus tá sé suite ar chladach theas Loch Rušons in oirthuaisceart an bhardais. Tá paróiste sibhialta Aglona ag roinnt teorann le paróistí sibhialta Grāveri, Kastuļina agus Šķeltova i mbardas Krāslava, paróistí sibhialta Ambeļi agus Višķi i mbardas Augšdaugava, agus paróiste sibhialta Rušona i mbardas Preiļi. Is é Aglona lárionad riaracháin an pharóiste shibhialta.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Is é an bunús atá leis an nasc leis an limistéar geografach clú an táirge, atá bunaithe ar thraidisiúin agus ar shaintréithe stairiúla seanbhunaithe, go háirithe modh táirgthe nár athraíodh ó bhí deireadh an 19ú céad ann. In Latgale, in Aglona go háirithe, bácáladh arán ar gach feirm chun riachtanais an teaghlaigh a chomhlíonadh, agus bhí an trealamh ar fad a theastaigh uathu ag an teaghlach chun é sin a dhéanamh – muileann chun an grán a mheilt, losaidí, sluaistí aráin agus oighinn brící baile. Rinneadh go leor díobh a chaomhnú agus a fhágáil le hoidhreacht ó ghlúin go glúin. Caomhnaíodh freisin an modh a úsáideadh chun an táirge a tháirgeadh agus an t-oideas agus níor athraíodh iad ó bhí deireadh an 19ú céad ann sa limistéar geografach sin. Ní mór ‘Aglonas maizes veistūklis’ a ullmhú fós de láimh, ag tosú le hullmhú agus coipeadh an phlúir scallta agus ina dhiaidh sin fuineadh an taois seagail, múnlú ‘Aglonas maizes veistūklis’, líonadh bhun an taois le píosaí saille muiceola triomaithe agus oinniún triomaithe, rolladh na bpíosaí sin isteach sa taos agus bácáil an táirge.

Sa tseanaois sa réigiún sin, bácáladh an ‘veistūklis’ i dteaghlaigh dá tomhaltas féin go heisiach (féach cuimhní V. Kudiņa ar a taithí sa tréimhseachán Praktiskais Latvietis, L. Mežniece sa tréimhseachán Mājas Labumi, I. Čekstere sa leabhar Mūsu maize [‘Ár nArán Laethúil’]. Tá an fíoras sin luaite i gciclipéidí ag an acadóir J. Kursīte). Cuireadh an logainm ‘Aglonas’ le hainm an táirge 22 bhliain ó shin nuair a tosaíodh á tháirgeadh de réir mhodh na sinsear i mbácús (osclaíodh bácús in Aglona in 2000, lena soláthraítear réimse leathan arán le díol, lena n-áirítear ‘Aglonas maizes veistūklis’), ach tá oideas ársa agus obair láimhe ár réigiúin fós á n-úsáid i ngach próiseas.

Is táirge sonrach, tábhachtach agus sásúil é ‘maizes veistūklis’ le fada an lá, a itear mar bhia laethúil agus ag féilte araon. Bhí sé ina fhéirín iontach do leanaí ar gach aon lá agus leanaí de gach aois. Itheadh é le bainne gruthach nó le bláthach; sa lá atá inniu ann tá deochanna bainne géar eile (kefir, ryazhenka) ag gabháil leis chomh maith. Tá bácáil cineálacha éagsúla aráin, lena n-áirítear ullmhú ‘Aglonas maizes veistūklis’, fós an-tábhachtach in Aglona, agus is foinse bhunúsach chothaithe fós é an t-arán. Taispeántar ag Músaem Aráin, a bunaíodh in 2005, arán ó Aglona, lena n-áirítear ‘Aglonas maizes veistūklis’. Os a choinne sin, cuidíonn meas ar thraidisiúin déanta aráin agus iad a chur chun cinn le hobair Mhúsaem Aráin Aglona a fhorbairt agus a chur chun cinn, a mheallann os cionn 13 000 turasóir in aghaidh na bliana. Músclaíonn sé sin spéis daoine i dtábhacht agus i luach aráin.

Is sliocht na dteaghlach a raibh cónaí orthu sa limistéar a shainmhínítear i bpointe 4 iad na daoine a ullmhaíonn agus a bhácálann ‘Aglonas maizes veistūklis’. Foilsíodh cuimhní an bhainisteora bácúis Vija Kudiņa a shíneann siar níos mó ná 50 bliain san iris Praktiskais Latvietis in 2023: ‘Chomh fada agus is cuimhin liom, bhí an “maizes veistūklis” ann i gcónaí. Bhí an-éileamh ar mo mháthair, a bhí ina cónaí sa réigiún geografach seo, mar chócaire d’ócáidí féiltiúla, agus mé i mo leanbh óg, théinn in éineacht léi go dtí na tithe ina raibh an ceiliúradh sin ar siúl; d’fhéadfadh fiú splanc cosúil liomsa a bheith úsáideach sa chistin. Bhí mé fiosrach agus caidéiseach agus bhreathnaigh mé go hionraic ar an gcaoi ar oibrigh na cócairí baile móra. Thug mé rudaí faoi deara. Chuir mé ceisteanna. Agus ba é an “maizes veistūklis” ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm: mar a tharla, d’fhéadfadh sé a bheith ina bhia d’ócáidí féiltiúla seachas rud éigin a bhácáiltear sa bhaile do leanaí amháin. Ag ár dteach, 8 gciliméadar ar shiúl ó Aglona, bhí sé i bhfoirm builín beag, déanta as taos a bhí fágtha tar éis baisc aráin a bhácáil. Tá an builín beag seo in éineacht liom cibé áit a ndeachaigh mé sa saol, agus le 22 bhliain anuas, ó osclaíodh bácús Aglona – agus ina dhiaidh sin, Músaem Aráin Aglona – tá sé ann, curtha suas ar na seilfeanna agus ar na táblaí taobh leis na haráin eile, ag cur oidhreacht chócaireachta Aglona agus Latgale chun cinn.’

Tá an nasc idir ‘Aglonas maizes veistūklis’ agus a limistéar táirgthe bunaithe ar cháil an aráin speisialta sin agus ar shaineolas mhuintir an réigiúin a dhéanann é, rud a dhéanann siad ar bhealach go gcoinníonn sé na saintréithe ar a dtugtar tuairisc i bpointe 3.2.

Eascraíonn cáil ‘Aglonas maizes veistūklis’ go príomha as an traidisiún do-athraithe, a fágadh le hoidhreacht laistigh de theaghlaigh ó ghlúin go glúin thar thréimhse fhada ama, as an arán a bhácáil in oighinn brící a thóg siad féin, as arán a tháirgeadh atá go hiomlán comhionann i dtéarmaí comhdhéanaimh agus cuma agus ar mheall a uathúlacht na tomhaltóirí.

Is in Aglona agus ina thimpeallacht is mó a aithnítear agus a itear an táirge, ach bíonn sé i láthair in aontaí ar fud Latgale. A bhuí le tionscal na turasóireachta, tá méadú mór tagtha ar a infheictheacht i gcaitheamh na mblianta, ní hamháin sa Laitvia, ach i dtíortha comharsanacha freisin.

Deimhnítear cáil ‘Aglonas maizes veistūklis’ trína infhaighteacht réidh tráchtála agus toisc gur léiríodh a tháirgeadh ag an aonach táirgí idirnáisiúnta ‘Bia Ríge’, ag imeachtaí a reáchtáladh ag Músaem Eitneagrafach faoin Aer na Laitvia, ag féilte béaloidis idirnáisiúnta BALTICA, chomh maith le féilte áitiúla amhail na féilte sin a reáchtáiltear go bliantúil i gcathracha agus i mbailte Latgale amhail Rēzekne, Daugavpils, Ludza, Dagda, Preiļi, Krāslava, ag teacht le chéile cócairí baile féiltiúla na Laitvia in Mežaparks i Ríge, ag ceardlanna do dhaoine fásta agus do dhaoine óga i Ríge, Vidzeme agus Kurzeme, agus ag seastáin tráchtála agus ócáidí blaiste ag aontaí gan áireamh. Na builíní beaga ‘Aglonas maizes veistūklis’ ar a bhfuil siombailí Aglona agus atá maisithe le diasa sheagail agus móitífeanna bláthacha (ag brath ar an séasúr), tá tóir orthu freisin ag imeachtaí níos lú amhail ceiliúradh teaghlaigh, buaint, cur, ceiliúradh séasúrach, etc.

Ó bunaíodh Músaem Aráin Aglona in 2005, tá ‘Aglonas maizes veistūklis’ agus an músaem doscartha. Léirítear é sin leis an bhfoilseachán ‘Uz Aglonu pēc īstas senču maizes rikas’ [‘Chuig Aglona le haghaidh slisne d’fhíor-arán sinsearach’] (TVNET, 9 Lúnasa 2005): ‘Ag Músaem Aglona thosaigh siad ag bácáil “Aglonas maizes veistūklis”. Deir Vija go raibh teaghlaigh mhóra ag muintir na Laitvia sa tseanaois agus gur bhácáil siad arán a mhairfeadh níos faide. Ba ghnách leo an píosa deireanach taois a líonadh le saill mhuiceola (). Is arán costasach é, le bheith cinnte, ach is féidir leat an goile a shásamh le slisne amháin.’ Tugann turasóirí ón Laitvia, ón Liotuáin, ón Eastóin, ón bPolainn, ón tSualainn, ón bhFionlainn, ó Shasana agus ó thíortha eile cuairt ar an Músaem gach bliain. Tugtar blaiseadh de chineálacha aráin speisialta Latgale do thurasóirí, ‘Aglonas maizes veistūklis’ go príomha, agus léirítear a ullmhúchán freisin. Déantar an táirge a bhlaiseadh ansin agus a thairiscint lena dhíol, mar is mian le gach duine ‘Aglonas maizes veistūklis’ a thabhairt abhaile leo mar bhronntanas dá dteaghlach.

Tá go leor aiseolais saor in aisce i leabhar cuairteoirí Mhúsaem an Aráin, faoin bhfáilte chroíúil agus faoi mhiasa blasta Latgale, lena n-áirítear ‘Aglonas maizes veistūklis’, toisc nach bhfuil arán den chineál sin le fáil áit ar bith eile. Eagraíonn an músaem máistir-ranganna le haghaidh daltaí scoile chun iad a mhúineadh conas arán a bhácáil (lena n-áirítear ‘Aglonas maizes veistūklis’). Reáchtáladh na himeachtaí sin mar chuid den chlár ‘Latvijas skolas soma’ [‘Mála scoile na Laitvia’], den tionscadal uile-Latgale ‘Tikšanās ar savu maizes kukulīti’ [‘Buail le do bhuilín beag aráin’] agus den tionscadal ‘Maizes stāsts’ [‘Scéal an aráin’] a eagraíonn údaráis áitiúla.

Ba cheart tagairt speisialta a dhéanamh do scéal na 15 bliana de chomhar idir Músaem Aráin Aglona agus Líonra Eorpach na hOidhreachta Réigiúnaí Cócaireachta agus cumann Lárionad Oidhreachta Cócaireachta na Laitvia. D’oibrigh na heagraíochtaí sin le chéile chun luachanna Latgale a chur chun cinn, lena n-áirítear ‘Aglonas maizes veistūklis’, ag féilte agus ag comhdhálacha agus trí thurais eispéireasacha agus staidéir go dtí an Liotuáin, an Eastóin, an tSualainn, an Tuirc, etc. Nuair a thagann toscaireachtaí ó thíortha a bhaineann leis an Líonra Oidhreachta Cócaireachta Eorpach go Latgale, déantar ‘Aglonas maizes veistūklis’ speisialta a dháileadh orthu.

Tá aitheantas faighte ag ‘Aglonas maizes veistūklis’ freisin faoi dhá thionscadal cláir um chomhar trasteorann – ‘Seirbhísí cócaireachta a fheabhsú i réigiúin Latgale agus Vitebsk, bunaithe ar choincheap na hoidhreachta cócaireachta’ (BELLA CUSINE, 2013-2014) agus ‘Oidhreacht chócaireachta agus scileanna ceardaíochta traidisiúnta a chaomhnú agus a chur chun cinn (BELLA CULTURE 2020-2022)’. Rinneadh sampláil ar ‘Aglonas maizes veistūklis’ ag imeachtaí a eagraíodh faoin gclár idirnáisiúnta sin. Foilsíodh leabhar in 2014 dar teideal Dari pats BELLA tradīcijās [‘Déan féin é ar bhealach BELLA’], faoi rannpháirtithe an chláir. Cuimsíonn sé an t-alt ‘Tur, kur smaržo pēc maizes’ [‘An áit óna bhfuil boladh aráin’], ina dtugtar tuairisc ar thraidisiúin agus ar mheascáin Aglona a bhaineann le harán.

Is féidir cáil ‘Aglonas maizes veistūklis’ a thomhas freisin óna chumhdach leathan sna meáin sa phreas agus ar an teilifís agus ar an raidió. Tá sé le feiceáil sna scéalta, sna craoltaí agus sna cláir faisnéise seo a leanas: ‘Rudzu maize’ [‘Arán seagail’] (16 Deireadh Fómhair 2021), ‘Vija Kudiņa – Aglonas muzeja saimniece’ [‘Vija Kudiņa – coimeádaí Mhúsaem Aglona’] (6 Meán Fómhair 2021), ‘La Dolce Vita ar Roberto’ [‘La Dolce Vita le Roberto’] (15 Aibreán 2019), ‘Īstās latvju saimnieces’ [‘Fíorchócairí baile na Laitvia’] (10 Márta 2016), ‘Aglonas muzeja dzimšanas diena’ [‘Breithlá Mhúsaem Aglona’] (31 Lúnasa 2017), ‘Latgolys laikadečs’ (2012), ‘Dzīvesvieta’ [‘Áit le maireachtáil’] (17 Márta 2006).

As a cuid éachtaí ag imeachtaí inar cuireadh arán Aglona chun cinn, bhuaigh coimeádaí Mhúsaem an Aráin Vita Kudiņa duais ‘Boņuks’ in 2015. Leagadh féasta fairsing ar cheoláras ‘GORS’ in Rēzekne ina dhiaidh sin, lán le miasa Latgale, lena n-áirítear ‘Aglonas maizes veistūklis’.

Bhí roinnt mhaith preasfhoilseachán ann freisin: ‘Godinot maizi, atklāja novadu dienu’ [‘Lá na mbardas a dearbhaíodh a bheith oscailte, agus ómós tugtha d’arán’] sa nuachtán Latgales Laiks (an 20 Meán Fómhair 2013); ‘Īstās latvju saimnieces receptes’ [‘Oidis fhíorchócairí baile na Laitvia’] sa nuachtán Ezerzeme (12 Feabhra 2016); ‘Sandras Kalnietes konkursa “Atdzimst no pelniem” balvu saņem Vija Ancāne’ [‘Faigheann Vija Ancāne gradam i gcomórtas Sandra Kalniete ‘Aiséirithe ón luaithreach’] (Nóta: in 2013 d’athraigh Vija Ancāne a sloinne go hoifigiúil ar ais go dtí a sloinne roimh phósadh Kudiņa) sa nuachtán Latgales Laiks (14 Bealtaine 2010); ‘Dieva maizīte un ikdienišķā svētā’ [‘Abhlann na Comaoineach agus ár n-arán laethúil naofa’] sa nuachtán Latvietis (14 Lúnasa 2015); ‘Aglonas maizes muzejs’ [‘Músaem Aráin Aglona’] sa Vicipéid, an ciclipéid shaor (Deireadh Fómhair 2021); ‘Mana 2022. gada vasara’ [‘Mo shamhradh 2022’] sa nuachtán Latvija Amerikā (5 Feabhra 2023); ‘Maize ar Māras Krusta svētību – kumoss pasaules garšu buķetē’ [‘Arán beannaithe ag cros Mara – píosa de réimse leathan blasanna an domhain’] sa nuachtán Vietējā Latgales Avīze (23 Bealtaine 2014); agus in irisí – ‘Maize ikdienišķā un svētā’ [‘Ár n-arán laethúil naofa’] in Mājas Labumi (2011); ‘Rudzu spēks ikdienā un svētkos’ [‘An chumhacht seagail sa saol laethúil agus ceiliúradh’] in Dārzs un Drava (Aibreán 2021), ‘Aglonas maizes veistūklis’ in Praktiskais Latvietis (Márta 2023) agus ‘Aglonas maizes veistūkļa ceļš’ [‘Turas ‘Aglonas maizes veistūklis’] san iris Saimnieks (Aibreán 2023).

Ní raibh údair foilseachán ollmhór ar nós cuma liom faoi arán Aglona ach an oiread, lena n-áirítear ‘Aglonas maizes veistūklis’. Ba chóir dhá chiclipéid ag an acadóir Janīna Kursīte a lua: Neakadēmiskā latviešu valodas jeb novadu vārdene [‘Gluais neamhacadúil Laitviach nó réigiúnach’] (2007) agus Virtuves vārdene [‘Gluais chistine’] (2012), ina mínítear an focal ‘veistūklis’.

Soláthraíonn leabhair fianaise thábhachtach freisin: Mūsu maize le Indra Čekstere (2004), aistrithe go Béarla mar ‘Our Daily Bread’, Maizes grāmata [‘Leabhar an Aráin’] le Vija Ancāne (Kudiņa), Latgales pavārgrāmata [‘Leabhar Cócaireachta Latgale’] (2020), foilsithe ag Lárionad Oidhreachta Cócaireachta Latgale, agus Tradīciju burtnīcas [‘Leabhair nótaí traidisiún’] (2010).

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://www.pvd.gov.lv/lv/lauksaimniecibas-un-partikas-produktu-norazu-registracija


(1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5357/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)