European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5330

9.9.2024

Caingean arna tabhairt an 26 Iúil 2024 – Frutaria Innovation v EUIPO – Schneider (Frutaria.)

(Cás T-381/24)

(C/2024/5330)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Frutaria Innovation SL (Zaragoza, an Spáinn) (ionadaithe: C. Anadón Giménez agus J. Learte Álvarez, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Markus Schneider (Bonn, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Frutaria. – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 5 922 885

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 27 Bealtaine 2024 i gCás R 1377/2023-2 arna cheartú le ceartúchán an 17 Iúil 2024

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a dearbhaíodh an trádmharc atá faoi cheist a bheith neamhbhailí;

a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 59(2) i gcomhar le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5330/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)