|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5309 |
9.9.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 13 Meitheamh 2024 – Société Nouvelle de l’Hôtel Plaza SAS v YG, Pôle emploi
(Cás C-419/24, Hôtel Plaza)
(C/2024/5309)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour de cassation
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Société Nouvelle de l’Hôtel Plaza SAS
Cosantóir: YG, Pôle emploi
Na ceisteanna a tharchuirtear:
Maidir le hAirteagal 1(1)(a) de Threoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát um iomarcaíochta comhchoiteanna (1), lena bhfóráiltear:
|
a) |
is ionann ‘iomarcaíochtaí comhchoiteanna’ agus iomarcaíochtaí arna ndéanamh ag fostóir ar chúis amháin nó níos mó nach mbaineann leis na hoibrithe aonair sin i gcás, de réir rogha na mBallstát, go bhfuil líon na n-iomarcaíochtaí:
an gcaithfear léiriú a dhéanamh air sa dóigh gur chóir na fostaithe a chuir cuideachta seachtrach ar fáil agus atá i láthair sna háitribh agus a oibríonn go rialta sa chuideachta úsáideora tráth den chur chun feidhme an nós imeachta iomarcaíochta a aithint mar oibrithe i ríomh na mbaill foirne dá bhforáiltear leis an bhforáil sin? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5309/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)