|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5302 |
9.9.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 11 Meitheamh 2024 – L. s.c. v Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej
(Cás C-405/24, L.)
(C/2024/5302)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Naczelny Sąd Administracyjny
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: L. s.c.
Cosantóir: Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej
An cheist a tharchuirtear
An gcuirtear cosc le hAirteagal 143(1)(b) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (1) agus Airteagal 1 de Threoir 2006/79 an 5 Deireadh Fómhair 2006 maidir le díolúine a thabhairt le haghaidh allmhairí coinsínithe beaga earraí neamh-thráchtála ó thríú tíortha (2), i gcomhthéacs aithris (3) de Threoir 2006/79 agus Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 maidir le córas Comhphobail faoiseamh ó dhleachtanna custaim (3) ar reachtaíocht amhail Airteagal 52(1) den ustawy z dnia 11 marca 2004 r. o podatku od towarów i usługnach (Dlí an 11 Márta 2004 maidir leis an gcáin ar earraí agus seirbhísí, an Pholainn) (Dz. U. z 2018, mír 2174, arna leasú) ar dá réir nach mbaineann díoluine CBL le hallmhairiú earraí atá i gcoinsíniú arna sheoladh ó chríoch tríú tír ag duine nádúrtha chuig duine nádúrtha atá ina chónaí i gcríoch Bhallstát an Aontais Eorpaigh seachas críoch na tíre ina ndéantar an t-allmhairiú?
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5302/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)