|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5265 |
2.9.2024 |
Foilsiú folúntais maidir le post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA)
(Gníomhaire Sealadach – Grád AD 14)
(COM/2024/20108)
(C/2024/5265)
Cé sinn
Is gníomhaireacht neamhspleách de chuid an Aontais é an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Bunaidh) (1).
Is é misean EFSA comhairle agus tacaíocht eolaíoch a sholáthar i dtaca le reachtaíocht agus beartais an Aontais i ngach réimse a bhfuil tionchar díreach nó indíreach aige ar shábháilteacht bia agus beatha chomh maith le faisnéis neamhspleách a sholáthar faoi gach ábhar sna réimsí sin agus cumarsáid a dhéanamh maidir le rioscaí. Cuireann sé le hardleibhéal cosanta do bheatha agus do shláinte an duine, agus sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus an comhshaol á gcur san áireamh, i gcomhthéacs oibriú an mhargaidh inmheánaigh. Bailíonn sé sonraí agus déanann sé anailís ar na sonraí sin chun go bhféadfar rioscaí a thréithriú agus faireachán a dhéanamh orthu, ar rioscaí iad a bhfuil tionchar díreach nó indíreach acu ar shábháilteacht bia agus beatha. Mar chuid dá mhisean freisin soláthraítear comhairle eolaíoch faoi chothú i ndáil le reachtaíocht an Aontais, faoi ábhair eile a bhaineann le sláinte agus leas ainmhithe agus sláinte plandaí agus faoi tháirgí seachas bia agus beatha a bhaineann le horgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna). Soláthraíonn EFSA tuairimí eolaíocha a fheidhmíonn mar bhonn eolaíoch chun bearta an Aontais a dhréachtú agus a ghlacadh sna réimsí a thagann faoina mhisean.
Is féidir tuairisc ar mhisean agus ar chúraimí EFSA a fháil sa Rialachán Bunaidh. De réir cinneadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le Córas Teanga EFSA, is é an Béarla teanga oibre an Údaráis.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin EFSA, eolas faoi Straitéis EFSA 2027 san áireamh: http://www.efsa.europa.eu/
An tairiscint
Post Stiúrthóir Feidhmiúcháin EFSA.
Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil agus aghaidh phoiblí EFSA agus tá sé cuntasach do Bhord Bainistíochta EFSA. Beidh sé i gceannas ar EFSA agus á bhainistiú agus glacfaidh sé freagracht fhoriomlán as oibríochtaí EFSA chun a chinntiú go mbainfear amach a chuspóirí. In 2023, thart ar EUR 155 milliún a bhí i mbuiséad EFSA agus bhí 588 mball foirne ar an iomlán ag obair ann.
Áirítear na nithe seo a leanas ar fhreagrachtaí sonracha an Stiúrthóra Feidhmiúcháin:
|
— |
riarachán EFSA ó lá go lá i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme atá i bhfeidhm agus le cinntí a Bhoird Bainistíochta, |
|
— |
freagracht a ghlacadh as foireann EFSA a bhainistiú, spiorad foirne agus timpeallacht mhaith oibre a chothú, |
|
— |
togra a tharraingt suas maidir le Straitéis agus Cláir Oibre EFSA i gcomhairle leis an gCoimisiún, agus tuairisciú á dhéanamh ar a gcur chun feidhme don Bhord Bainistíochta, |
|
— |
a chinntiú go soláthrófar tacaíocht chuí eolaíoch, theicniúil agus riaracháin don Choiste Eolaíoch agus do na Painéil Eolaíocha, |
|
— |
a chinntiú go ndéanfaidh EFSA a chúraimí i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla agus go dtabharfar aghaidh ar iarrataí óna úsáideoirí le seirbhísí ar leibhéal leordhóthanach agus i gcomhréir leis na hamlínte a bhfuil coinne leo, |
|
— |
freagracht ghinearálta a ghlacadh maidir le feidhmiú foriomlán na gcúraimí a shanntar do EFSA, lena n-áirítear maoirseacht a dhéanamh ar cháilíocht a chóras um rialú inmheánach agus um bainistíocht, |
|
— |
buiséad EFSA a ullmhú agus a chur i bhfeidhm agus a chinntiú go ndéanfar é a bhainistiú go héifeachtúil agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, |
|
— |
freagracht ghinearálta a ghlacadh maidir le cúrsaí airgeadais EFSA, lena n-áirítear, inter alia, na cuntais deiridh agus na cinntí maoinithe, |
|
— |
ionadaíocht a dhéanamh do EFSA agus dul i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara uile agus leis an bpobal i ndáil le gach ábhar a thagann faoina mhisean, |
|
— |
comhar a chinntiú idir EFSA, an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa, gníomhaireachtaí an Aontais, agus na Ballstáit chomh maith leis na gníomhaithe ábhartha ar an leibhéal idirnáisiúnta, |
|
— |
comhar a bhainistiú leis na comhlachtaí inniúla sna Ballstáit a dhéanann cúraimí atá cosúil le cúraimí EFSA, go háirithe cathaoirleacht a dhéanamh ar an bhFóram Comhairleach, |
|
— |
teagmháil éifeachtacha a chur ar bun le hionadaithe na bpáirtithe leasmhara amhail ionadaithe tomhaltóirí, ionadaithe táirgeoirí, próiseálaithe, agus aon pháirtí leasmhar eile. |
Tugtar tuairisc iomlán ar fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin in Airteagal 26 de Rialachán Bunaidh EFSA.
Cad atá á lorg againn (na critéir roghnúcháin)
Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith ag na hiarrthóirí:
Scileanna bainistíochta:
|
— |
an cumas léirithe eagraíocht thábhachtach a stiúradh, ar an leibhéal straitéiseach agus bainistíochta oibriúcháin araon; |
|
— |
an cumas fís straitéiseach a fhorbairt agus a chur chun feidhme, cuspóirí a leagan síos agus foireann mhór a stiúradh agus a spreagadh i dtimpeallacht ilchultúrtha ilteangach ildisciplíneach; |
|
— |
an cumas léirithe athrú eagraíochtúil a stiúradh agus go háirithe próisis claochlaithe dhigitigh; |
|
— |
an cumas córas ildisciplíneach ilnáisiúnta a bhainistiú, agus é a choinneáil ar thús cadhnaíochta, córas arb é is aidhm dó comhairle eolaíoch a thabhairt agus cumarsáid a dhéanamh; |
|
— |
scileanna láidre cinnteoireachta, lena n-áirítear an cumas cinntí a dhéanamh maidir le saincheisteanna casta; |
|
— |
fís shoiléir maidir le misean EFSA a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. |
Saineolas:
|
— |
tuiscint mhaith ar na hinstitiúidí Eorpacha agus ar an gcaoi a n-oibríonn agus a n-idirghníomhaíonn siad; |
|
— |
eolas fónta agus/nó taithí ar bheartais de chuid an Aontais i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: an tsábháilteacht bia agus beatha ainmhithe, sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí, OGManna agus cothú an duine, gníomhaíochtaí idirnáisiúnta gaolmhara agus beartais eile atá ábhartha do ghníomhaíochtaí EFSA; |
|
— |
tuiscint mhaith agus/nó taithí ar na trí chomhpháirt idirnasctha den anailís riosca i.e., measúnú riosca, bainistiú riosca agus cumarsáid maidir le rioscaí; |
|
— |
taithí ar bhainistíocht acmhainní buiséadacha, acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna i gcomhthéacs náisiúnta, Eorpach agus/nó i gcomhthéacs idirnáisiúnta. |
Buanna agus scileanna pearsanta:
|
— |
an cumas é féin a iompar go hionraic agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtúil agus go líofa ar gach leibhéal, ar bhealach trédhearcach agus oscailte, le páirtithe leasmhara, leis an bpobal i gcoitinne, le húdaráis phoiblí Eorpacha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, leis an bpreas, agus ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na gníomhaireachta i bhfóraim idirnáisiúnta; |
|
— |
scileanna idirphearsanta, eagrúcháin agus caibidlíochta agus an cumas caidreamh iontaofa oibre a chothú le páirtithe leasmhara: e.g. le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, le gníomhaireachtaí an Aontais, leis na Ballstáit; |
|
— |
tuiscint an-mhaith ar threoirphrionsabail EFSA maidir le hoscailteacht, trédhearcacht, neamhspleáchas agus barr feabhais eolaíoch, agus comhlíontacht an-mhaith maidir leis an méid sin freisin. |
Ní mór d’iarrthóirí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh (ceanglais incháilitheachta)
Ní chuirfear san áireamh le haghaidh na céime roghnúcháin ach iarrthóirí a chomhlíonfaidh na ceanglais fhoirmiúla seo a leanas faoin sprioc-am maidir le hiarratais:
|
— |
Náisiúntacht: ní ghlacfar le hiarratas ach ó dhaoine a bhfuil saoránacht ceann de na Ballstáit acu. |
|
— |
Céim ollscoile nó dioplóma: ní mór d’iarrthóirí:
|
|
— |
Taithí ghairmiúil: ní mór d’iarrthóirí 15 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil iarchéime (2) a bheith acu ar leibhéal ar féidir le duine tosú air ach na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a bheith aige. Ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí ghairmiúil sin a bheith de chineál comhchosúil leis an gcineál gníomhaíochtaí a dhéanann EFSA. |
|
— |
Taithí bhainistíochta: ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí ghairmiúil iarchéime a bheith faighte i ról bainistíochta ardleibhéil (3) i réimse atá ábhartha don phost seo. |
|
— |
Teangacha: ní mór d’iarrthóirí eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (4) agus eolas sásúil a bheith acu ar cheann eile de na teangacha oifigiúla sin. Deimhneoidh na painéil roghnúcháin le linn na n-agallamh go gcomhlíonann iarrthóirí an ceanglas maidir le heolas sásúil ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Mar chuid den tástáil chéanna d’fhéadfaí an t-agallamh nó cuid den agallamh a dhéanamh sa teanga eile sin. |
|
— |
Teorainn aoise: ní mór d’iarrthóirí a bheith ábalta, ag an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh, an tréimhse oifige iomlán 5 bliana a chur i gcrích sula mbainfidh siad aois scoir amach. I gcás baill foirne shealadacha de chuid an Aontais Eorpaigh, sainítear gurb í an aois scoir deireadh na míosa ina mbeidh 66 bliana slán ag an duine (féach Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (5)). |
Roghnúchán agus ceapachán
Is é Bord Bainistíochta EFSA a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn gearrliosta a chuirfidh an Coimisiún Eorpach ar fáil.
Chun an gearrliosta sin a thiomsú, eagróidh an Coimisiún Eorpach an roghnú i gcomhréir lena nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta (féach an Doiciméad faoin mBeartas maidir le hOifigigh Shinsearacha (6)).
Mar chuid den phróiseas roghnúcháin seo, cuirfidh an Coimisiún Eorpach painéal réamhroghnúcháin ar bun. Déanfaidh an painéal sin anailís ar na hiarratais go léir, déanfaidh siad an chéad fhíorú incháilitheachta ina dhiaidh sin agus sainaithneoidh siad na hiarrthóirí a bhfuil na próifílí is fearr acu i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin atá luaite thuas, agus a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh leis an bpainéal réamhroghnúcháin.
Tar éis na n-agallamh sin, déanfaidh an painéal réamhroghnúcháin a gcuid conclúidí a tharraingt suas, agus molfaidh siad liosta iarrthóirí le haghaidh agallaimh eile le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin. Cuirfidh an Coiste Comhairleach um Cheapacháin conclúidí an phainéil réamhroghnúcháin san áireamh agus é ag cinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.
Na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh leis an gCoiste Comhairleach um Cheapacháin dóibh, glacfaidh siad páirt in ionad measúnaithe bainistíochta a mhairfidh lá iomlán agus a reáchtálfaidh comhairleoirí earcaíochta seachtracha. Tiomsóidh an Coiste Comhairleach um Cheapacháin gearrliosta d’iarrthóirí a mheasann siad a bheadh oiriúnach do phost Stiúrthóir Feidhmiúcháin EFSA, i bhfianaise thorthaí an agallaimh agus thuarascáil an ionaid measúnaithe.
Is é an Comhalta/is iad na Comhaltaí den Choimisiún atá freagrach as an Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil caidreamh le EFSA faoina cúram a chuirfidh agallamh ar na hiarrthóirí atá ar ghearrliosta an Choiste um Cheapacháin.
I ndiaidh na n-agallamh sin, glacfaidh an Coimisiún Eorpach gearrliosta de na hiarrthóirí is oiriúnaí, agus cuirfear an gearrliosta sin in iúl do Bhord Bainistíochta EFSA. Ní hionann duine a bheith ar an ngearrliosta sin agus ráthaíocht go gceapfar é. Cuirfidh Bord Bainistíochta EFSA na hiarrthóirí sin faoi agallamh agus ceapfaidh sé iarrthóir. Sula gceapfaidh an Bord Bainistíochta é, iarrfar ar an iarrthóir gan mhoill ráiteas a thabhairt os comhair an choiste/na gcoistí ábhartha de chuid Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí na hinstitiúide sin a fhreagairt.
D’fhéadfaí a iarraidh ar iarrthóirí dul faoi agallaimh agus/nó tástálacha a dhéanamh, sa bhreis orthu siúd a luaitear thuas.
Comhdheiseanna
Saothraíonn an Coimisiún agus ag EFSA cuspóir straitéiseach an comhionannas inscne a bhaint amach ar gach leibhéal bainistíochta faoi dheireadh a shainordaithe reatha agus cuireann siad beartas comhdheiseanna agus neamh-idirdhealaithe i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne (7), lena spreagtar iarratais a d’fhéadfadh cur leis an éagsúlacht, leis an gcomhionannas inscne agus leis an gcothromaíocht gheografach fhoriomlán.
Coinníollacha fostaíochta
Tá na tuarastail agus na coinníollacha fostaíochta leagtha síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.
Déanfaidh Bord Bainistíochta EFSA an t-iarrthóir ar éirigh leis a fhostú mar Ghníomhaire Sealadach ar ghrád AD 14 (8). Rangófar é i gcéim 1 nó i gcéim 2 laistigh den ghrád sin, de réir fhad a thaithí gairmiúla roimhe sin.
Déanfar é a cheapadh ar feadh sainordú tosaigh 5 bliana, agus an fhéidearthacht ann síneadh 5 bliana ar a mhéad a chur leis de réir an Rialacháin lena mbunaítear EFSA de réir mar is infheidhme tráth an cheapacháin.
Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt dá n-aire go gceanglaítear de réir Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh nach mór do gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh 9 mí a chur i gcrích agus toradh sásúil a bheith uirthi.
Is in Parma na hIodáile atá an t-ionad oibre, áit a bhfuil EFSA lonnaithe.
Eolas tábhachtach d’iarrthóirí
Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, bíodh sí díreach nó indíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar aon duine eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil lena mbaineann.
Cosaint sonraí pearsanta
Cinnteoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus le slándáil na sonraí sin.
Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna
Sula rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun a chuid dualgas, beidh air dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta do bheith ag gníomhú go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas.
Nós imeachta um iarratais
Sula gcuirfidh tú an t-iarratas isteach, ba cheart duit a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann tú gach ceann de na ceanglais incháilitheachta (‘Ní mór d’iarrthóirí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh’), go háirithe iad siúd a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, leis an taithí ghairmiúil ardleibhéil agus leis an acmhainn teangacha atá ag teastáil. Má bhíonn aon cheann de na riachtanais incháilitheachta gan comhlíonadh, eisiafar an t-iarrthóir go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.
Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú tríd an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir leis na céimeanna éagsúla den phróiseas a leanúint:
https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/
Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun do chlárúchán a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.
Chun iarratas a chríochnú, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF, i bhformáid CV Europass (10) más féidir, agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Is chun do leasa é a chinntiú go bhfuil d’iarratas cruinn, críochnúil agus fírinneach.
Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas!
Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais.
Ní ghlacfar le hiarratais a sheolfar trí ríomhphost. Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig:
HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu
Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeidh sé críochnaithe agat, rud a d’fhágfadh go mbeidh ort an próiseas iomlán a dhéanamh athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlacfar le clárú déanach.
Dáta deiridh
Is é an 27 Meán Fómhair 2024, 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an sprioc-am le clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.
(1) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia ( IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.
(2) Ní chuirtear taithí ghairmiúil san áireamh ach amháin más caidreamh oibre iarbhír atá i gceist léi, caidreamh arb é an sainmhíniú atá air fíorobair a bhfuarthas pá aisti i gcáil fostaí (ar aon chineál conartha) nó soláthraí seirbhíse. Gníomhaíochtaí gairmiúla a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha, is ar bhonn pro rata a dhéanfar iad a ríomh, de réir an chéatadáin dheimhnithe de na huaireanta lánaimseartha a d’oibrigh an t-iarrthóir. Cuirtear san áireamh saoire mháithreachais/saoire tuismitheora/saoire chun páiste a uchtú, más faoi chuimsiú conradh oibre atá sí. Is cuid den taithí ghairmiúil í dochtúireacht, fiú amháin nuair nach dochtúireacht ar pá í, ach tá uastréimhse 3 bliana i gceist leis sin, agus ní mór an dochtúireacht a bheith curtha i gcrích. Ní féidir aon tréimhse ar leith a chomhaireamh ach uair amháin.
(3) Maidir leis na blianta uile ina bhfuair na hiarrthóirí taithí bhainistíochta, ba cheart dóibh a léiriú go soiléir ina curriculum vitae: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta a bhí acu; (2) an líon ball foirne a ndearna siad maoirseacht orthu agus na poist sin acu; (3) méid na mbuiséad a bhainistigh siad; (4) an líon sraitheanna ordlathais os a gcionn agus faoina mbun; agus (5) líon na bpiaraí.
(4) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A01958R0001-20130701.
(5) IO 45, 14.6.1962, lch. 1385/62, téacs comhdhlúite https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20140701.
(6) https://commission.europa.eu/jobs-european-commission/job-opportunities/managers-european-commission_ga#vacancies (doiciméad ar fáil i mBéarla amháin).
(7) IO 45, 14.6.1962, lch. 1385/62, téacs comhdhlúite https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20140701.
(8) Tá an chomhéifeacht cheartúcháin is infheidhme don Iodáil maidir le luach saothair agus pinsin oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid an Aontais socraithe ag 94,7 % ón 1 Iúil 2022. Tá an chomhéifeacht sin faoi réir athbhreithniú bliantúil.
(9) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE ( IO L 295, 21.11.2018, lch. 39
(10) Tá eolas le fáil faoi conas CV Europass a chruthú ar líne ag: https://europa.eu/europass/ga/create-europass-cv.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5265/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)