|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5201 |
2.9.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 11 Iúil 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de Cataluña – an Spáinn) – CL agus páirtithe eile v DB, oidhre uilíoch ar FC, Fondo de Garantía Salarial (FOGASA)
(Cás C-196/23, (1) Plamaro) (2)
(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Treoir 98/59/CE - Comhiomarcaíochtaí - Airteagal 1(1)(a) agus Airteagal 2 - Ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo - Raon feidhme - Foirceannadh conarthaí fostaíochta de dheasca dhul ar scor an fhostóra - Airteagail 27 agus 30 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)
(C/2024/5201)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Superior de Justicia de Cataluña
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: CL, GO, GN, VO, TI, HZ, DN, DL
Cosantóirí: DB, oidhre uilíoch ar FC, Fondo de Garantía Salarial (FOGASA)
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Maidir le hAirteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhiomarcaíochtaí, arna léamh i gcomhar le chéile, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir nach ‘comhiomarcaíocht’ atá i bhfhoirceannadh conarthaí fostaíochta de chuid líon fostaithe atá sa bhreis ar an líon dá dtagraítear in Airteagal 1(1), de dheasca dhul ar scor an fhostóra, dá bhrí nach gcaitear dul i gcomhairle le hionadaithe na bhfostaithe, agus iad a chur ar an eolas, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 2 sin. |
|
2) |
Ní mór léiriú a dhéanamh ar dhlí an Aontais amhail nach gceanglaítear leis ar chúirt náisiúnta, a bhfuil díospóid idir daoine aonair os a comhair, gan reachtaíocht náisiúnta, mar a fhoráiltear dó i mír 1 den chuid oibríochtúil seo, a chur i bhfeidhm, i gcás neamhréireacht na reachtaíochta sin le forálacha Airteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59. |
(2) Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5201/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)