European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5143

13.8.2024

Glao ar léiriú spéise maidir le roghnú Chomhaltaí an Bhoird Iniúchóireachta dá dtagraítear i Rialachán 2024/792 agus i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1697 ón gCoimisiún

(C/2024/5143)

I.   An Bord Iniúchóireachta

An Bord Iniúchóireachta, a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1697 ón gCoimisiún (1) de bhun Airteagal 36 de Rialachán 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht chórais bhainistithe agus rialaithe na hÚcráine maidir leis na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid don Úcráin. Déanfaidh an Bord Iniúchóireachta aon saincheist shistéamach nó aon laige a d’fhéadfadh a bheith sna córais sin a chur in iúl.

Glacfaidh an Bord Iniúchóireachta moltaí don Úcráin maidir le gach cás nach ndearna údaráis inniúla na hÚcráine, dar leis, na bearta ba ghá chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ar calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí iad a rinne difear – nó a bhfuil riosca mór ann go ndéanfaidís difear – do bhainistíocht fhónta airgeadais an chaiteachais a mhaoinítear faoi tSaoráid.

Cuirfidh an Bord Iniúchóireachta tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear a mholtaí don Úcráin, is é sin, tuarascáil amháin ar a laghad gach 3 mhí ar bhonn clár oibre a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin chun críoch faisnéise laistigh de 3 mhí ón dáta a cuireadh tús le feidhmiú an Bhoird.

Triúr comhaltaí a bheidh ar an mBord Iniúchóireachta agus is sa Bhruiséil a bheidh sé lonnaithe. Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht lóistíochta iomchuí ar fáil do chomhaltaí an Bhoird Iniúchóireachta, spás oifige agus tacaíocht TF go háirithe. Tabharfaidh Rúnaíocht, a bheidh lonnaithe i gCív, cúnamh don Bhord Iniúchóireachta, agus gheobhaidh an Rúnaíocht sin a treoracha ó Chathaoirleach an Bhoird Iniúchóireachta, agus is é Ard-Stiúrthóir AS NEAR a dhéanfaidh an Cathaoirleach sin a ainmniú.

II.   Comhaltaí an Bhoird Iniúchóireachta

Triúr comhaltaí a bheidh ar an mBord Iniúchóireachta agus is sa Bhruiséil a bheidh sé lonnaithe. Ceapfar na comhaltaí ina gcomhairleoirí speisialta de réir bhrí Airteagal 5 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh ar feadh téarma oifige go dtí an 30 Meitheamh 2028.

Seo a leanas an líon táscach laethanta oibre in aghaidh na bliana is gá chun na cúraimí a dtugtar tuairisc orthu thíos a chur i gcrích:

30 lá oibre chun freastal ar chruinnithe sa Bhruiséil,

30 lá oibre chun obair ullmhúcháin a dhéanamh, ar féidir í a dhéanamh go cianda.

30 lá oibre chun cuairteanna a thabhairt ar Chív.

Ainmneoidh Ard-Stiúrthóir AS NEAR duine amháin de na comhaltaí ina Chathaoirleach ar an mBord Iniúchóireachta agus duine eile díobh ina Leas-Chathaoirleach. Liostaítear cúraimí an Chathaoirligh thíos, agus beidh cúraimí na gcomhaltaí eile den Bhord Iniúchóireachta de réir oibleagáidí an Chathaoirligh. I gcás nach féidir leis an gCathaoirleach a chuid dualgas a dhéanamh, is é an Leas-Chathaoirleach a dhéanfaidh iad.

An Cathaoirleach:

tionólann sé cruinnithe an Bhoird agus déanann sé cathaoirleacht orthu, agus eagraíonn sé obair an Bhoird;

eagraíonn sé, le cuidiú ó Rúnaíocht an Bhoird Iniúchóireachta, sé chruinniú ar a laghad den Bhord Iniúchóireachta sa Bhruiséil gach bliain, agus is féidir iad a thionól in áiteanna eile nó ar líne freisin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo;

áirithíonn sé go dtugann an Bord sé chuairt ar a laghad ar Chív gach bliain, ag brath ar na cúinsí;

déanann sé an chumhacht a tharmligean do gach comhalta den Bhord Iniúchóireachta agus do Cheann na Rúnaíochta doiciméid a shíniú thar ceann an Bhoird Iniúchóireachta;

tá sé freagrach as rialacha nós imeachta an Bhoird a tharraingt suas, laistigh de 6 mhí tar éis don Bhord Iniúchóireachta teacht chun bheith oibríochtúil, ar rialacha iad lena rialófar an chaoi a n-eagróidh an Bord Iniúchóireachta a chuid oibre;

áirithíonn sé gurb é a dhéantar ag cruinnithe an Bhoird Iniúchóireachta torthaí na Rúnaíochta a phlé, treoraíocht a thabhairt maidir le hobair na Rúnaíochta agus tuarascálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin;

áirithíonn sé go dtuairiscíonn an Bord Iniúchóireachta don Choimisiún uair amháin gach 3 mhí ar a laghad, agus go ndéanann sé aon fhaisnéis a chuirtear in iúl dó maidir le haon chás sainaitheanta de mhíbhainistiú caiteachais faoin tSaoráid don Úcráin, nó aon ábhar imní tromchúiseach i ndáil leis sin, a roinnt leis an gCoimisiún láithreach;

Áirithíonn sé an treoraíocht maidir le hobair Rúnaíocht an Bhoird Iniúchóireachta – trí Cheann na Rúnaíochta.

III.   Critéir incháilitheachta

Roghnófar Comhaltaí an Bhoird as measc iaroifigigh phoiblí ardleibhéil, amhail iarchomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, na Cúirte Breithiúnais nó iaroifigigh a raibh céim Stiúrthóra ar a laghad acu in institiúid de chuid an Aontais, nó iaroifigigh phoiblí ardleibhéil in institiúidí na mBallstát, a bhfuil taithí fhairsing acu i réimsí na hiniúchóireachta, an rialaithe airgeadais, an tsoláthair phoiblí, an fhrithchalaoise agus/nó an fhrithéillithe.

Ina theannta sin, ní mór d’iarrthóirí na critéir fhoirmiúla seo a leanas a chomhlíonadh faoin dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh:

Náisiúntacht: a bheith ina náisiúnach de Bhallstát den Aontas Eorpach.

Céim ollscoile nó dioplóma:

Leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 4 bliana nó níos mó; nó

Leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus taithí ghairmiúil iomchuí dar fad bliain amháin ar a laghad, i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 3 bliana ar a laghad (ní féidir an bhliain sin de thaithí ghairmiúil a chur san áireamh sa taithí ghairmiúil iarchéime a iarrtar thíos).

Taithí ghairmiúil: taithí ardleibhéil 15 bliana ar a laghad a bheith acu a fuarthas tar éis an cháilíocht dá dtagraítear thuas a bhaint amach, agus 10 mbliana den taithí sin caite i réimsí ábhartha: iniúchóireacht, rialú airgeadais, soláthar poiblí, frithchalaois agus/nó frithéilliú.

Teangacha: eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas leordhóthanach a bheith acu ar theanga oifigiúil amháin eile ar a laghad.

Neamhspleáchas agus coinbhleacht leasa: beidh sé/sí neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas. Ní bheidh coinbhleacht leasa aige/aici idir a chuid nó a cuid dualgas mar chomhalta den Bhord Iniúchóireachta agus aon dualgas oifigiúil eile.

IV.   Critéir roghnúcháin

Roghnófar comhaltaí an Bhoird ar bhonn na nithe seo a leanas:

a gcáilíochtaí pearsanta agus gairmiúla; agus

an taithí fhairsing atá acu i réimsí ábhartha (iniúchóireacht, rialú airgeadais, soláthar poiblí, frithchalaois agus/nó frithéilliú) agus inniúlacht chruthaithe.

Critéir fhíor-riachtanacha:

taithí fhairsing i réimse na hiniúchóireachta, lena n-áirítear iniúchtaí córais, agus i réimsí an rialaithe airgeadais, an tsoláthair phoiblí, an fhrithchalaoise agus/nó an fhrithéillithe.

scileanna láidre coincheapúla agus anailíseacha,

sárscileanna cumarsáide scríofa agus labhartha,

sáreolas ar an mBéarla chun cumarsáid éifeachtúil éifeachtach a dhéanamh le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.

Critéir inmhianaithe:

eolas cuimsitheach ar Rialachán Airgeadais an Aontais,

eolas ar Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin Eorpaigh,

taithí maidir le cásanna calaoise agus neamhrialtachtaí a láimhseáil ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta,

taithí ghairmiúil maidir le torthaí anailísí a chur i láthair ag comhdhálacha, seimineáir nó ceardlanna,

V.   Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh Comhaltaí an Bhoird treoracha ó rialtas na hÚcráine ná ó aon institiúid, aon chomhlacht, aon oifig nó aon ghníomhaireacht eile. Ceanglófar ar Chomhaltaí an Bhoird na nithe seo a leanas a chur isteach:

dearbhú go bhfuil siad tiomanta do bheith ag gníomhú go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail,

dearbhú ina liostaítear gach gníomhaíocht eile a dhéantar,

dearbhú maidir le haon leas atá acu a d’fhéadfaí a mheas a bheith chun dochair dá neamhspleáchas. Ní mór d’iarrthóirí a dheimhniú ina n-iarratas go bhfuil siad toilteanach na dearbhuithe sin a sholáthar. Déanfar grinnfhiosrúchán slándála ar chomhaltaí an Bhoird Iniúchóireachta, nó mura ndearnadh grinnfhiosrúchán orthu cheana féin, beidh siad toilteanach dul faoi ghrinnfhiosrúchán slándála an Bhallstáit ar náisiúnach de iad.

VI.   Téarmaí ceapacháin

Ceapfar comhaltaí an Bhoird chomh maith le triúr comhaltaí ionaid tar éis nós imeachta roghnúcháin.

Tar éis measúnú a dhéanamh ar gach iarratas, tabharfar cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí is cáilithe a mheastar go bhfuil an phróifíl is oiriúnaí acu.

Agus comhaltaí á roghnú ag an gCoimisiún, áiritheoidh sé go mbeidh próifílí gairmiúla comhlántacha ag na daoine a roghnófar.

Ainmneofar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach bunaithe ar thaithí ghairmiúil agus ar scileanna bainistíochta.

VII.   Comhionannas deiseanna

Cuireann institiúidí an Aontais Eorpaigh beartas comhionannais deiseanna i bhfeidhm agus glacann siad le hiarratais gan idirdhealú ar aon fhoras, amhail inscne, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

VIII.   Coinníollacha fostaíochta

Ceapfar comhaltaí an Bhoird Iniúchóireachta ina gcomhairleoirí speisialta de réir bhrí Airteagal 5 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, ar feadh téarma oifige go dtí an 30 Meitheamh 2028. Déanfar a gconradh 2 bhliain mar chomhairleoir speisialta a athnuachan go dtí deireadh a sainordaithe.

Íocfar táille le comhaltaí an Bhoird Iniúchóireachta le haghaidh gach lá oibre. Ríomhfar an táille ar bhonn buntuarastal oifigigh de chuid an Aontais Eorpaigh i ngrád AD 14, céim 1 agus beidh sí faoi réir cánach chun tairbhe an Aontais Eorpaigh.

Tá an Bord lonnaithe sa Bhruiséil (an Bheilg). Beidh comhaltaí an Bhoird i dteideal aisíocaíocht a fháil ar speansais mhisin de réir na dtéarmaí a leagtar síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus sna forálacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún.

IX.   Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd an nasc seo: https://ec.europa.eu/dgs/personnel_administration/open_applications/.

Chun an próiseas roghnúcháin a éascú, is i mBéarla a dhéanfar an chumarsáid uile le hiarrthóirí maidir leis an nós imeachta roghnúcháin. Má bhíonn tuilleadh eolais uait, seol ríomhphost chuig NEAR-UFABS@ec.europa.eu.

X.   Sprioc-am

Is é an 9 Meán Fómhair 2024 an sprioc-am chun iarratas a dhéanamh.

Coimeádann an Coimisiún an ceart aige féin chun síneadh a chur le dáta deiridh an ghlao seo ar léiriú spéise trína fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh amháin.

XI.   Cosaint sonraí pearsanta

Áiritheoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus le slándáil na sonraí sin.


(1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1697 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2024 maidir le Bord Iniúchóireachta na Saoráide don Úcráin a bhunú (IO L, 2024/1697, 17.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1697/oj).

(2)  Rialachán(AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5143/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)