European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5052

14.8.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11661 — IK / NEXTSTAGE / EUROBIO SCIENTIFIC / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/5052)

1.   

An 7 Lúnasa 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

IK X Luxco 3 S.à.r.l. (Lucsamburg), faoi úinéireacht IK X Funds, agus arna bhainistiú ag IK Investment Partners S.à.r.l. (‘IK Partners’, Lucsamburg),

NextStage AM (‘NextStage’, an Fhrainc),

Eurobio Scientific SA (Eurobio, an Fhrainc), faoi rialú indíreach ag NextStage.

Gheobhaidh IK X Luxco agus NextStage rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Eurobio Scientific.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin tairiscint phoiblí.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is gnólacht cothromais phríobháidigh IK Partners a bhfuil a cheanncheathrú aige i Lucsamburg agus a bhfuil oifigí aige i roinnt tíortha i dTuaisceart na hEorpa, agus díríonn sé ar infheistíochtaí sa dheighleog mheánmhargaidh. Faoi láthair, bainistíonn sé cistí agus thugann sé comhairle dóibh, ar cistí iad a bhailíonn airgead ó infheisteoirí tríú páirtí agus tá infheistíocht déanta aige i níos mó ná 180 cuideachta ó bunaíodh é,

Is cuideachta neamhspleách bainistíochta punainne NextStage a bhfuil a cheanncheathrú aige sa Fhrainc agus leis an ardán infheistíochta caipitil ilstraitéise atá aige, tacaíonn sé le cuideachtaí meánmhéide sa Fhrainc agus san Eoraip atá nuálach agus dírithe ar fhás agus iad á bhforbairt,

Is cuideachta liostaithe Eurobio Scientific, a bhfuil a cheanncheathrú aige sa Fhrainc agus atá gníomhach in earnáil na diagnóisice, rud a chuimsíonn taighde, margú táirgí diagnóiseacha speisialtachta agus táirgí le haghaidh taighde ar eolaíochtaí beatha.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11661 — IK / NEXTSTAGE / EUROBIO SCIENTIFIC / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5052/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)