European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4992

16.8.2024

Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta, ar leasú é ar shonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

(C/2024/4992)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE LE HAGHAIDH AINMNIÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT DE THIONSCNAMH BALLSTÁIT A CHUR IN IÚL

[Rialachán (AE) Uimh 1151/2012]

‘Mantecados de Estepa’

Uimh. AE: PGI-ES-0761-AM02 - 28.5.2024

ATFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm an táirge

‘Mantecados de Estepa’

2.   An Ballstát ar leis an limistéar geografach

An Spáinn

3.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

Ard-Stiúrthóir na dTionscal Agraibhia, na Nuálaíochta agus Shlabhra an tSoláthair Bia

4.   Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) formheasta

Míniú go dtagann an leasú (nó na leasuithe) faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Tagann an leasú formheasta faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach sa mhéid nach mbaineann athrú ar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint leis, nach gcuireann sé an nasc a bunaíodh sa tsonraíocht táirge ar neamhní nó nach ngabhann tuilleadh srianta ar mhargú an táirge leis.

1.    Leasaíodh an meáchan uasta a leagtar síos le haghaidh ‘Mantecados de Estepa’ sa tsonraíocht táirge agus i Roinn 3.2 ‘Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)’ den doiciméad aonair

Leasú ar Roinn B ‘Tuairisc ar an táirge’ den tsonraíocht táirge

An fhoclaíocht atá ann faoi láthair sa cheathrú mír:

‘Tá cruth cruinn ar gach táirge, agus meáchan uasta 50 g in aghaidh an phíosa ann, mar a shonraítear sa roinn maidir le cineálacha.’

cuireadh an téacs seo a leanas ina hionad:

‘Tá cruth cruinn ar gach táirge, agus meáchan uasta 55 g in aghaidh an phíosa ann.’

Scriosadh an chéad mhír faoin bhfo-cheannteideal ‘Cineálacha’:

‘Ní mór táirgí a chumhdaítear leis an tásc geografach faoi chosaint a bheith cruinn, agus meáchan uasta 35 ghram a bheith iontu, seachas na cineálacha baile nó ceardaíochta agus na cineálacha ola olóige, ar féidir leo meáchan suas le 50 gram a bheith iontu.’

Cúiseanna

Is é treocht reatha an mhargaidh táirgí atá níos troime ná na táirgí a shainmhínítear sa tsonraíocht táirge a ithe. Faoi láthair, tá meáchan os cionn 35 ghram in 50 % de na mantecados a itear. Meastar, dá bhrí sin, gur gá an soláthar a oiriúnú d’éileamh an mhargaidh agus meáchan na mantecados a mhéadú, toisc nach laghdaíonn sé sin cáilíocht an táirge deiridh.

Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

2.   Leasaíodh comhábhair bhreise na gcineálacha stíle baile agus ola olóige úríne

Leasú ar Roinn B ‘Tuairisc ar an táirge’ den tsonraíocht táirge

Leasaíodh comhábhair bhreise na gcineálacha stíle baile agus ola olóige úríne sa tsonraíocht táirge agus i Roinn 3.3 nua ‘Beatha (le haghaidh táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (le haghaidh táirgí próiseáilte amháin)’ den doiciméad aonair.

Áiríodh almóinní mar chomhábhar breise na gcineálacha stíle baile agus ola olóige úríne laistigh de raon 0–9 %.

Cúiseanna

Ós rud é gur táirge d’ardchaighdeán iad na mantecados faoi chosaint, meastar gurb iomchuí almóinní a áireamh mar chomhábhar malartach na gcineálacha stíle baile agus ola olóige úríne chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus chun an luach cothaitheach a mhéadú don tomhaltóir.

Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

3.   Leasú ar an bhfoclaíocht i ndáil leis an teocht fuaraithe

Leasú ar Roinn E ‘Modh táirgthe’ den tsonraíocht táirge. An fhoclaíocht atá ann faoi láthair:

‘Nuair a bhíonn na táirgí bácáilte, déantar iad a fhuarú. Ní mór iad a fhuarú go teocht an tseomra ar a laghad chun láimhseáil níos fearr a áirithiú agus chun cosc a chur ar aon chomhdhlúthú a fhoirmiú sna clúdaigh.’

cuireadh an téacs seo a leanas ina hionad:

‘Nuair a bhíonn na táirgí bácáilte, déantar iad a fhuarú. Ní mór iad a fhuarú chun láimhseáil níos fearr a áirithiú agus chun cosc a chur ar aon chomhdhlúthú a fhoirmiú sna clúdaigh.’

Cúiseanna

Ní mór an táirge a fhuarú go dtí faoi bhun theocht an tseomra, ach amháin i lár an gheimhridh, nuair a d’fhéadfadh an teocht a bheith an-íseal, rud a chiallaíonn go bhfuil an táirge crua go leor chun é a chlúdach gan riosca é a bhriseadh. Scriosadh an critéar sin dá bhrí sin.

Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

4.   Oiriúnú an chlúdaigh a úsáidtear do dhálaí reatha an mhargaidh

Leasú ar Roinn E ‘Modh táirgthe’ den tsonraíocht táirge.

Leasaíodh an 10ú mír den tsonraíocht táirge agus Roinn 3.5 nua ‘Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc.’ den doiciméad aonair.

An fhoclaíocht atá ann faoi láthair:

‘Ar deireadh, tá na táirgí clúdaithe sna formáidí atá formheasta ag an mbord rialála, i gcónaí mar chuid den líne phacáiste sreafa, i bpáipéar ceallafáin le haghaidh táirgí atá clúdaithe go meicniúil agus teoshéalaithe, agus i bpáipéar síoda atá casta ag an dá cheann le haghaidh táirgí atá clúdaithe go meicniúil agus de láimh.’

cuireadh an téacs seo a leanas ina hionad:

‘Ar deireadh, déantar na táirgí a chlúdach sna formáidí atá formheasta ag an mbord rialála, i gcónaí laistigh den líne phacáiste sreafa, teoshéalaithe, déchasta, toisc go n-úsáidtear an cineál páipéir sin le haghaidh clúdach meicniúil agus clúdach de láimh.’

Cúiseanna

Oiriúnú an chlúdaigh a úsáidtear do dhálaí reatha an mhargaidh

Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

5.   An ceanglas teochta le linn an chlúdaigh a bhaint

Leasaíodh an 13ú mír den tsonraíocht táirge agus Roinn 3.4 nua ‘Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe’ den doiciméad aonair.

An fhoclaíocht atá ann faoi láthair:

‘Ní mór an pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach a shainítear faoin tásc geografach faoi chosaint chun cáilíocht an táirge a chosaint. Ní mór an táirge a chlúdach díreach tar éis a dhéanta agus tar éis tréimhse fuaraithe chun a theocht a laghdú go dtí faoi bhun 10 °C. Leis sin cuirtear cosc ar bhriseadh an táirge mar gheall ar a leochaileacht agus caomhnaítear na hairíonna fisiceacha agus ceimiceacha agus na saintréithe orgánaileipteacha ar a dtugtar tuairisc sa roinn dar teideal “Tuairisc ar an táirge”.’

cuireadh an téacs seo a leanas ina hionad:

‘Ní mór an pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach a shainítear faoin tásc geografach faoi chosaint chun cáilíocht an táirge a chosaint. Ní mór an táirge a chlúdach díreach tar éis a dhéanta agus tar éis tréimhse fuaraithe. Laghdaíonn sé sin teocht an táirge, cuireann sé cosc air briseadh mar gheall ar a leochaileacht agus caomhnaíonn sé na hairíonna fisiceacha agus ceimiceacha agus na saintréithe orgánaileipteacha ar a dtugtar tuairisc sa roinn dar teideal “Tuairisc ar an táirge”.’

Cúiseanna

Baineadh an ceanglas chun an teocht a laghdú go dtí faoi bhun 10 °C, ós rud é gurb é an t-aon cheanglas nach mór an táirge a bheith fuar nuair a chlúdaítear é ionas gur féidir an oibríocht sin a dhéanamh gan an táirge a bhriseadh agus go sroicheann an táirge an tomhaltóir leis na saintréithe a leagtar amach sa tsonraíocht táirge a chaomhnaítear. Chomh maith leis an leasú ar an mír, cuireadh feabhas ar fhoclaíocht na míre freisin.

Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

6.   Méadú ar an meáchan uasta

Leasú ar Roinn F ‘Nasc leis an limistéar geografach’ den tsonraíocht táirge agus Roinn 5.2 ‘Sainiúlacht an táirge’ den doiciméad aonair. Sa 25ú mír, cuireadh ‘meáchan 55 ghram ar a mhéad iontu’ in ionad ‘meáchan 50 gram ar a mhéad iontu’.

Cúiseanna

Leasaíodh an fhoclaíocht i gcomhréir leis an leasú a formheasadh agus leis na cúiseanna a thugtar i Roinn 3.1.2 den doiciméad seo.

Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

7.   Sonraí teagmhála an údaráis inniúil a thabhairt cothrom le dáta

Leasú ar Roinn G ‘Comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú’.

Tugadh ainm an údaráis inniúil, a sheoladh ríomhphoist agus an nasc chuig a shuíomh gréasáin cothrom le dáta.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

8.   Na ceanglais lipéadaithe a oiriúnú don reachtaíocht atá i bhfeidhm

3.5. Leasú ar Roinn H ‘Lipéadú’ den tsonraíocht táirge agus ar Roinn 3.6 nua ‘Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe’ den doiciméad aonair.

Sa tríú mír, an fhoclaíocht atá ann faoi láthair:

‘I gcás ina n-áirítear “Mantecados de Estepa” i meascán le táirgí nach gcumhdaítear leis an TGFC, féadfaidh na focail “Mantecados de Estepa” agus an lógó TGFC a bheith ar na clúdaigh aonair. Ar an taobh amuigh den bhosca féadfar tagairt dóibh mar “Mantecados de Estepa TGFC” ach ní fhéadfar an lógó TGFC a úsáid.’

cuireadh an téacs seo a leanas ina hionad:

‘I gcás ina n-áirítear “Mantecados de Estepa” i meascán le táirgí nach gcumhdaítear le TGFC, ní mór an t-ainm faoi chosaint “Mantecados de Estepa” agus siombail an Aontais den thásc geografach faoi chosaint (TGFC) a bheith ar chlúdach aonair “Mantecados de Estepa” agus ar fhorphacáistíocht an mheascáin.

Ní mór lógó an bhoird rialála agus siombail an Aontais a bheith ar fhorphacáistíocht an mheascáin freisin, mar aon leis an téacs seo a leanas: ‘Na táirgí atá sa bhosca seo agus atá sainaitheanta le lógó an bhoird rialála agus le siombail an Aontais, rinneadh iad i gcomhréir le critéir cháilíochta na sonraíochta táirge le haghaidh TGFC “Mantecados de Estepa”.’

Cúiseanna

Luaitear in Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí nach mór siombail an Aontais a bhaineann leis an ainm faoi chosaint a bheith ag gabháil leis. Agus an méid sin á chur san áireamh, agus ós rud é nach bhfuiltear ag cloí leis an bhforáil sin faoi láthair, tugadh an mhír sin cothrom le dáta chun í a thabhairt i gcomhréir leis na rialacha dlíthiúla atá i bhfeidhm. Áiríodh lógó an bhoird rialála chun an fhaisnéis a sholáthraítear don tomhaltóir a chomhdhlúthú, lena sainaithnítear cé acu d’ábhair an táirge atá de scothcháilíocht.

Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

Doiciméad aonair

‘Mantecados de Estepa’

Uimh. AE: PGI-ES-0761-AM02 - 28.5.2024

ATFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm nó ainmneacha [ATFC nó TGFC]

‘Mantecados de Estepa’

2.   Ballstát nó tríú tír

An Spáinn

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia

3.1.   Cineál an táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

Aicme 2.3. Arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

3.2.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

19 – ULLMHÓIDÍ GRÁNACH, PLÚIR, STÁIRSE NÓ BAINNE; TÁIRGÍ CÓCAIRÍ TAOSRÁIN

1905 – Arán, taosrán, cácaí, brioscaí agus earraí eile báicéirí, bíodh cócó iontu nó ná bíodh; abhlanna, capsúil fholmha de chineál atá oiriúnach d’úsáid chógaisíochta, sliseoga séalaithe, ríspháipéar agus táirgí comhchosúla

3.3.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Úsáideadh an t-ainm ‘Mantecados de Estepa’ go traidisiúnta chun cineál milseáin Nollag a rinneadh in Estepa a chur in iúl. Tá na ‘Mantecados de Estepa’ sin á ndéanamh de réir an oidis chéanna le breis agus céad bliain. Déantar iad a phacáistiú leo féin nó le milseáin Nollag eile amhail polvorones, alfajores agus roscos de vino. Is píosaí taois bhácáilte iad ‘mantecados de Estepa’. Is iad na comhábhair bhunúsacha plúr cruithneachta, blonag muiceola agus siúcra reoáin. Braitheann na comhábhair bhreise (féach Roinn 3.3) ar chineál ‘Mantecado de Estepa’: cainéal, stíl bhaile, ola olóige, almóinn, cócó, cnó cócó, líomóid, cnó coill agus fanaile. Mar eisceacht air sin, in ‘Mantecados de Estepa’ a dhéantar le hola olóige, cuirtear ola olóige úríon in ionad na blonaige. Bíonn dath cnó capaill tóstáilte orthu, bíonn siad teann ar an taobh amuigh agus bog taobh istigh, le dromchla beagán scoilte agus mín sa bhéal.

Tá cruth cruinn ar ‘Mantecados de Estepa’ agus meáchan suas le 55 ghram iontu. Ní mór go gcomhlíonann táirgí ar a bhfuil an t-ainm ‘Mantecados de Estepa’ na paraiméadair fhisiceacha agus cheimiceacha seo a leanas freisin:

taise: is lú ná 5 %,

gníomhaíocht uisce: níos lú ná 0,650,

pH: níos lú ná 6,5.

3.4.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

Tosaíonn an próiseas le roghnú cúramach na n-amhábhar. Is iad na hamhábhair bhunúsacha a úsáidtear plúr cruithneachta, blonag muiceola agus siúcra reoáin. Is iad seo a leanas comhábhair bhreise: cainéal, seasaman, almóinní, cnónna coill, cnó cócó, cócó, blastáin nádúrtha (blátholaí) sna méideanna a thugtar sa tábla thíos. Mar eisceacht air sin, in ‘Mantecados de Estepa’ a dhéantar le hola olóige, cuirtear ola olóige úríon in ionad na blonaige.

Comhábhair bhunúsacha

Plúr cruithneachta

45–55 %

45–55 %

45–55 %

40–50 %

45–50 %

45–55 %

45–55 %

45–55 %

45–55 %

Blonag muiceola

20–27 %

20–27 %

0 %

20–25 %

20–26 %

20–26 %

20–27 %

20–25 %

20–25 %

Siúcra

22–26 %

22–26 %

22–26 %

22–25 %

22–25 %

22–26 %

22–26 %

22–25 %

22–25 %

Comhábhair bhreise

Cainéal

0,7–1 %

0,7–1 %

0,7–1 %

0,7–1 %

0–0,5 %

0–0,5 %

0–0,5 %

0–0,5 %

0–0,5 %

Seasaman

0,7–1 %

0,7–2 %

0,7–1 %

0–0,5 %

0 %

0 %

0 %

0 %

0 %

Almóinní

0 %

0–9 %

0–9 %

≥ 8 %

0 %

0 %

0 %

0 %

0 %

Cnónna coill

0 %

0 %

0 %

0 %

0 %

0 %

0 %

8–9 %

0 %

Cnó cócó

0 %

0 %

0 %

0 %

5–10 %

0 %

0 %

0 %

0 %

Cócó

0 %

0 %

0 %

0 %

0 %

2–6 %

0 %

0 %

0 %

Ola olóige úríon

0 %

0 %

20–26 %

0 %

0 %

0 %

0 %

0 %

0 %

Blátholaí

0–0,03 %

0–0,03 %

0–0,03 %

0–0,03 %

0–0,03 %

0–0,03 %

0,05–1 %

0–0,03 %

0,05–1 %

 

Cainéal

Stíl bhaile

Ola olóige úríon

Almóinní

Cnó cócó

Cócó

Líomóid

Cnónna coill

Fanaile

Ní mór go gcomhlíonann an plúr, an bhlonag muiceola, an siúcra agus na halmóinní na ceanglais seo a leanas, a mhéid a bhaineann le hairíonna fisiceacha agus ceimiceacha agus saintréithe orgánaileipteacha:

plúr: bán; dea-bholadh: ceann ar bith; blas: neodrach; cuma: saor ó eisíontais agus ó fhíniú; cion taise: < 11,5 %; fórsa (W) < 80 × 10 000 J; cóimheas P/L idir 0,3 agus 0,5,

blonag muiceola scagtha: dath: bán; dea-bholadh: neodrach; blas: neodrach; cuma: soladach agus saor ó eisíontais; aigéadacht: < 0,15 % d’aigéad oiléach; luach sárocsaíde: < 2 meq O2/kg saill; pointe comhleá: 32-36 °C (modh ribeadáin oscailte); cobhsaíocht: > 30 uair an chloig,

blonag muiceola neamhscagtha: dath: bán; dea-bholadh: neodrach; blas: neodrach; cuma: soladach agus saor ó eisíontais; aigéadacht: < 0,5 % d’aigéad oiléach; luach sárocsaíde: < 3 meq O2/kg saill; pointe comhleá: 32-36 °C (modh ribeadáin oscailte); cobhsaíocht: > 30 uair an chloig,

siúcra: dath: bán; dea-bholadh: gan bholadh; blas: milis; cuma: gan chnapáin,

almóinní: dath: eabhar; dea-bholadh: úr; blas: milis; cuma: eithní ubhchruthacha atá saor ó eisíontais agus ó fhíniú; cion taise: < 6,5 %,

Breiseáin: féadfar breiseáin a cheadaítear leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm a úsáid.

3.5.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór táirgeadh agus pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe chun cáilíocht an táirge a chosaint. Ní mór na milseáin a phacáistiú ina n-aonar díreach tar éis iad a dhéanamh, tar éis iad a fhuarú chun a dteocht a ísliú. Leis sin, ní bhriseann siad toisc go bhfuil siad ró-leochaileach, agus coinníonn siad na hairíonna fisiceacha agus ceimiceacha agus na saintréithe orgánaileipteacha ar a dtugtar tuairisc i bpointe 3.2.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Pacáistítear an táirge ina aonar, laistigh den líne phacáiste sreafa, teoshéalaithe, déchasta, go meicniúil nó de láimh. Ní mór é sin a dhéanamh nuair a bheidh an táirge fuaraithe, ionas gur féidir na milseáin a láimhseáil ar bhealach níos éasca agus chun comhdhlúthú gaile laistigh de na clúdaigh a sheachaint. Féadfar na Mantecados atá pacáistithe ina n-aonar a chur ar an margadh ina n-aonar nó i mboscaí a bhfuil lipéad cuí orthu agus meáchan 100 gram ar a laghad agus 5 kg ar a mhéad iontu.

3.7.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór lipéid a bheith ar na clúdaigh aonair agus ar na boscaí araon, lipéid nach mór na focail ‘Indicación Geográfica Protegida’, an t-ainm ‘Mantecados de Estepa’ agus an lógó a bheith orthu. I gcás ina n-áirítear ‘Mantecados de Estepa’ i meascáin le táirgí nach gcumhdaítear le TGFC, ní mór an t-ainm faoi chosaint ‘Mantecados de Estepa’, agus siombail an Aontais i ndáil le tásca geografacha faoi chosaint (TGFC) a bheith ar chlúdach aonair ‘Mantecados de Estepa’ agus ar fhorphacaistíocht an mheascáin. Ní mór lógó an bhoird rialála agus siombail an Aontais a bheith ar fhorphacáistíocht an mheascáin freisin, mar aon leis an téacs seo a leanas: ‘Na táirgí atá sa bhosca seo agus atá sainaitheanta le lógó an bhoird rialála agus le siombail an Aontais, rinneadh iad i gcomhréir le critéir cháilíochta na sonraíochta táirge le haghaidh TGFC “Mantecados de Estepa”.’

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Bardas Estepa, i gcúige Sevilla.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Ní comhtharlú é go bhfuil ‘Mantecados de Estepa’ á dhéanamh in Estepa le breis agus céad bliain agus go bhfuil cáil chomh mór sin orthu mar speisialtacht Nollag, ach is mar thoradh ar iarrachtaí agus dúthracht na nglún a rinne iarracht cáilíocht an táirge áitiúil seo a choinneáil ar bun agus a fheabhsú. Le linn shéasúr Mantecado, ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí na Nollag, tá líon mór de dhaonra Estepa fostaithe anois, go díreach nó go hindíreach, i dtáirgeadh Mantecado. Le linn an tséasúir, bíonn Estepa ag brath ar ‘Mantecados de Estepa’ agus a mhuintir ag saothrú ar a shon. Is beag teaghlach nach bhfuil fostaithe go traidisiúnta i gceann de na monarchana ina dtairgtear ‘Mantecados de Estepa’ — agus tá os cionn 20 acu anois. Tugann sé sin carachtar láidir teaghlaigh do na gnólachtaí; fágtar le hoidhreacht iad ó ghlúin amháin go glúin eile agus tá cuid acu á reáchtáil ag an tríú glúin anois. De réir mar a tionscnaíodh táirgeadh Mantecado chun éileamh an mhargaidh a shásamh, forbraíodh roinnt mhaith tionscal satailíte in Estepa a bhí ag teastáil chun Mantecado a tháirgeadh agus a mhargú. Is idir teirmeamhúnlú, priontáil agus stóráil na n-amhábhar agus uathoibriú na líne táirgthe iad.

Sainiúlacht an táirge

Is milseáin iad ‘Mantecados de Estepa’ a dhéantar as amhábhair a roghnaítear go cúramach. Is píosaí taois bhácáilte iad, atá déanta as bunmheascán de phlúr cruithneachta, de bhlonag muiceola agus de shiúcra reoáin, le comhábhair bhreise amhail cainéal agus almóinní i measc nithe eile. Bíonn cruth cruinn orthu agus meáchan 55 ghram ar a mhéad iontu. Is é cáilíocht shonrach ‘Mantecados de Estepa’ go bhfuil siad teann ar an taobh amuigh agus bog taobh istigh, beagán scoilte ar an dromchla agus mín sa bhéal, agus is speisialtacht shéasúrach iad, a itear aimsir na Nollag. Tá an-tóir orthu le linn shéasúr na Nollag agus táthar á ndéanamh de réir an oidis chéanna le breis agus 100 bliain.

Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó saintréithe an táirge (i gcás ATFC) nó cáilíocht shonrach an táirge, an cháil atá air nó saintréith eile atá aige (i gcás TGFC)

Is é an bunús atá le Tásc Geografach faoi Chosaint ‘Mantecados de Estepa’ an clú a fuair an táirge le linn na 100 bliain agus níos mó a bhfuil sé á dhéanamh lena linn de réir an oidis thraidisiúnta. Bliain i ndiaidh bliana, glacann baile Estepa ról tábhachtach in ullmhúcháin le haghaidh bhord Nollag na Spáinne. Cuirtear fáilte roimh an taistealaí a thagann isteach in Estepa ag deireadh mhí Mheán Fómhair leis an dea-bholadh milis, a chuirfeadh uisce lena chár, de chainéal, siúcra tóstáilte agus seasaman. Ag an tráth sin den bhliain tá an chuid is mó de mhuintir an bhaile gnóthach ag déanamh Mantecados. Téann ‘Mantecados de Estepa’ siar go dtí an 16ú céad. Léirítear le doiciméid i gcartlanna Chlochar Santa Clara in Estepa gur fhostaigh siad milsíneoirí chun freastal ar an éileamh ó Sevilla agus ó Mhaidrid, áit ar sheol siad a dtáirgí. Tá sean-oidis ann freisin le haghaidh ‘Mantecados de Estepa’. Dhéantaí iad as meascán de ghránaigh agus as an mblonag muiceola bhreise a fágadh ó mharú i mí na Nollag, rud a mhíníonn cén fáth ar itheadh an mhilseáin sin i gcónaí aimsir na Nollag. Táirgeadh na ‘cácaí blonaige’ sin i ngach teach Estepa, agus bhí coimeádáin speisialta ann chun iad a dhéanamh. Micaela Ruiz Téllez (La Colchona), a rugadh in Estepa in 1824 agus a fuair bás sa in 1901, cheap sí foirm Mantecado atá ann faoi láthair. Bhí an smaoineamh iontach aici a d’athródh ‘Mantecados de Estepa’ agus a thabharfadh cáil orthu. Chun feabhas a chur ar an mblas agus chun a sheachaint go ndéantar aon dochar don táirge má iompraítear thar achair fhada é, d’athraigh Micaela an t-oideas, i measc nithe eile an teicníc chun Mantecados a thriomú ar an taobh amuigh, ionas go bhfanfadh siad bog. Tháinig ‘Mantecados de Estepa’ nua chun cinn: d’ardcháilíocht, bog agus grabhrógach, blasta, toisc gur scagadh agus tóstáladh an plúr agus d’fhág sin Mantecados a bhí níos míne ná an oideas bunaidh. Leis na hathruithe a thug sí isteach, cruthaíodh táirge a fuair dea-cháil i dtrádáil milseogra. Tháinig ‘Mantecados de Estepa’ chun bheith ar cheann de na táirgí a tháirgtear go traidisiúnta do thomhaltóirí tráth na Nollag agus tá baint acu le Estepa le fada. Is toisc go bhfuil muintir Estepa á ndéanamh ón dara leath den 19ú céad é sin. Dá bhrí sin, leathnaíodh a gclú i bhfad agus i gcéin, lasmuigh den Andalúis, agus tugadh ‘Mantecados de Estepa’ orthu.

Thug iriseoir cáiliúil, Antonio Burgos, atá ag obair mar cholúnaí do nuachtán ABC, ómós do shaintréith thraidisiúnta na milseán sin: ‘... Ní mór dom bunaíocht in Estepa a mholadh, nach bhaineann a hainm le hábhar, a d’atáirg bosca Nollag mar a dhéantaí sna seanamanna é. Is saothar ealaíne é an bosca cairtchláir féin, agus na litreacha cabhartha,..., agus taobh istigh, na seanrudaí maithe: mantecados, polvorones, alfajores, roscos de vino agus mar sin de. An meascán clasaiceach.’, a dúradh san ABC ina eagrán an 27 Nollaig 1986.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://lajunta.es/4qbgt


(1)   IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4992/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)