|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4978 |
19.8.2024 |
Caingean arna tabhairt an 8 Iúil 2024 – Albot v an Chomhairle
(Cás T-343/24)
(C/2024/4978)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Maria Albot (Císineá, an Mholdóiv) (ionadaithe: T. Bontinck, L. Marchal, Dlíodóirí, agus C. Zatschler, Abhcóide Sinsearach)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
a dhearbhú go bhfuil Cinneadh (CBES) 2023/891 agus Rialachán (AE) 2023/888 neamhdhleathach agus nach bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin i leith an iarratasóra; |
|
— |
Cinneadh (CBES) 2014/1242 (1) ón gComhairle an 26 Aibreán 2024 a mhéid a choimeádtar leis an t-iarratasóir faoi Uimh. 10 d’Iarscríbhinn I de Chinneadh (CBES) 2023/891, a chur ar neamhní; |
|
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1243 (2) an 26 Aibreán 2024 a mhéid a choimeádtar leis an t-iarratasóir faoi Uimh. 10 d’Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/888, a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don Chomhairle méid EUR 100 000 a íoc, ar bhonn sealadach, mar chúiteamh ar an damáiste neamhábhartha a bhain don iarratasóir; |
|
— |
a ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheisteanna dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil Cinneadh (CBES) 2023/891 agus Rialachán (AE) 2023/888 neamhdhleathach. Tá Cinneadh (CBES) 2023/891 agus Rialachán (AE) 2023/888, lena bhféachtar leis na critéir a chinneadh ar a mbonn a cuireadh ainm an iarratasóra ar an liosta atá i gceist, neamhdhleathach agus, dá bhrí sin, ní mór a dhearbhú nach bhfuil siad infheidhme ar bhonn Airteagal 277 CFAE. Chun tacú leis an bpléadáil neamhdhleathachta sin, ardaíonn an t-iarratasóir trí chuid, lena líomhnaítear sárú ar Airteagail 2 agus 8, agus ar Airteagal 21(1) CAE, ar phrionsabail na comhréireachta agus na deimhneachta dlíthiúla agus ar mhí-úsáid cumhachtaí. |
|
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus ar an oibleagáid atá ar an gComhairle cúiseanna a lua. Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil sárú ar a ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus ar an oibleagáid atá ar an gComhairle cúiseanna a lua, ar an bhforas nach gcuireann an fhianaise arna soláthar ag an gComhairle ar a cumas í féin a chosaint. Cuireann sí in iúl nach gcuireann an ráiteas ar na cúiseanna arna soláthar ag an gComhairle ar a cumas tuiscint a fháil ar conas agus cén fáth a bhfuil na critéir sin infheidhme maidir léi. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe ón gComhairle. Measann an t-iarratasóir go ndearna an Chomhairle earráid fhollasach measúnaithe nuair a chinn sí go raibh ‘baint aici le Ilan Shor’ (Airteagal 1(1)(b) de Chinneadh (CBES) 2023/891 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023). |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha. Measann an t-iarratasóir gur thug an Chomhairle neamhaird ar phrionsabal na comhréireachta agus sháraigh sí an iomarca a cearta bunúsacha, trí na bearta sriantacha ina coinne a ghlacadh. |
(1) Cinneadh (CBES) 2024/1242 ón gComhairle an 26 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/891 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (IO L 2024/1242).
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1243 ón gComhairle an 26 Aibreán 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (IO L, 2024/1243).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4978/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)