European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4955

19.8.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 8 Bealtaine 2024 – Duca di Salaparuta SpA v Ministero dell’Agricoltura, della Sovranità alimentare e delle Foreste, Consorzio volontario di tutela dei vini DOC Salaparuta, Baglio Gibellina Srl, Cantina Giacco Soc.coop. agricola, Madonna del Piraino Soc. coop. agricola

(Cás C-341/24, Duca di Salaparuta)

(C/2024/4955)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Duca di Salaparuta SpA

Cosantóirí: Ministero dell’Agricoltura, della Sovranità alimentare e delle Foreste, Consorzio volontario di tutela dei vini DOC Salaparuta, Baglio Gibellina Srl, Cantina Giacco Soc.coop. agricola, Madonna del Piraino Soc. coop. agricola

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An bhfuil cláraithe STFC-TGFC, in earnáil an fhíona, de shonrúcháin a bhí ann roimh Rialachán 1234/2007 (1), ar cuireadh Rialachán 1308/2013 (2) ina ionad ina dhiaidh sin, amhail, go háirithe, STFC ‘Salaparuta’ PDO-IT - A0795 an 8 Lúnasa 2009, faoi réir ag an bhforas le diúltú a tharla mar gheall ar thrádmharc níos luaithe a d’fhéadfadh, mar gheall ar a chlú agus a cháil, an STFC-TGFC i dtrácht a dhéanamh mealltach (‘go bhféadfadh an chosaint sin an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorchéannacht an fhíona’), in Airteagal 43 [mír 2], Rialachán (CE) Uimh. 479/2008, recte [Airteagal] 118k Rialachán 1234/2007 (Airteagal 101 ina dhiaidh sin, [mír 2], Rialachán [1308]/2013), lena n-eisiatar cosaint ar STFC nó TGFC, nuair is dócha go gcuirfidh an t-ainm atá i gceist an tomhaltóir amú, ‘i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc’, nó an bhfuil an riail thuasluaite infheidhme maidir le hainmneacha a bhfuil cosaint náisiúnta acu cheana roimh chlárú san Aontas Eorpach, i gcur i bhfeidhm phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla (breithiúnas an 22 Nollaig 2010, Bavaria, C-120//08 EU:C:2010:798), dá réir a bhfuil staid fhíorasach, mar riail ghinearálta, mura bhforáiltear go sainráite dá mhalairt, le measúnú i bhfianaise na rialacha dlí a bhí i bhfeidhm an tráth a d’eascair sé, agus an reachtaíocht rialála níos luaithe á cur i bhfeidhm dá réir sin, mar atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 (3) agus réiteach na coinbhleachta idir an sonrúchán tionscnaimh agus an trádmharc níos luaithe ar bhonn fhorálacha na reachtaíochta sin, i [bpointe] 2(b) de Roinn 'F' d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin.

2)

Más rud é go ndearbhaítear le freagra na chéad cheiste an cur i bhfeidhm is gá, maidir leis an staid fhíorasach atá i gceist sa chás seo, de Rialachán Uimh. 1493/1999, (...) an ídíonn na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn ‘F’ a ghabhann le Rialachán Uimh. 1493/1999, na hipitéisí go léir a bhaineann le cómhaireachtáil idir comharthaí éagsúla agus inchosanta ainmneacha fíona, nó an bhfanann siad in aon chás ina hipitéis easláine nó neamh-inchosanta STFC nó TGFC níos déanaí, i gcás inar dócha go gcuirfeadh an tásc geografach an pobal amú maidir le fíorcheannacht an fhíona mar gheall ar cháil trádmhairc níos luaithe, de bhua phrionsabal ginearálta neamh-mealltachta na sainchomharthaí?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i leith táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM Aonair) (IO 2007 L 299, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 671).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagrú an fhíonmhargaidh (IO 1999 L 179, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4955/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)