European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4902

5.8.2024

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/2116 ón gComhairle, agus i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2113 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

(C/2024/4902)

Dírítear aird na ndaoine a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/2116 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2113 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine sin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin. Tugtar na forais leis na daoine sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin.

Tugtar ar aird na ndaoine sin gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, ag an seoladh seo a leanas roimh an 30 Samhain 2024 .

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Tugtar ar aird na ndaoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

(2)   IO L, 2024/2116, 5.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2116/oj.

(3)   IO L 134, 20.5.2006, lch. 1.

(4)   IO L, 2024/2113, 5.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2113/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4902/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)