|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4846 |
12.8.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Lodi (an Iodáil) a taisceadh an 23 Bealtaine 2024 – AT v CT
(Cás C-370/24, Nastolo) (1)
(C/2024/4846)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale ordinario di Lodi
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: AT
Cosantóir: CT
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An gcaithfear Airteagal 13 de Threoir 2009/103/CE (2) a léiriú sa chaoi, i gcás tionóisc tráchta bóthair a bhaineann le paisinéir atá ag taisteal i bhfeithicil goidte, gur faoin gcomhlacht cúitimh de réir bhrí Airteagal 10 de Threoir 2009/103/CE atá sé a chruthú go raibh an páirtí gorthaithe ar an eolas go raibh an fheithicil goidte? |
|
2) |
Más amhlaidh atá, an gcuirtear cosc leis an bhforáil sin, mar a léirítear í, ar reachtaíocht, amhail reachtaíocht na hIodáile, arna léiriú agus arna cur i bhfeidhm sa chaoi go bhfuil an dualgas cruthúnais ar an bpaisinéir atá ag taisteal agus atá gortaithe? |
(1) Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
(2) Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO 2009 L 263, lch. 11)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4846/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)