|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4840 |
12.8.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal de Justiça (an Phortaingéil) a taisceadh an 23 Aibreán 2024 – Meliá Hotels International, S.A. v Associação Ius Omnibus
(Cás C-286/24, Meliá Hotels International)
(C/2024/4840)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Supremo Tribunal de Justiça
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Meliá Hotels International, S.A.
Cosantóir: Associação Ius Omnibus
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1) |
An bhfuil feidhm ag Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) an 26 Samhain 2014 maidir le caingean i ndáil le rochtain ar fhianaise sula dtionscnaítear caingean i leith damáistí de réir bhrí Airteagal 2(4) den Treoir sin? I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo: |
|
2) |
An bhforchuirtear i gcónaí leis an gceanglas maidir le sochreidteacht an éilimh ar dhamáistí a leagtar síos le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 go léireodh an t-iarratasóir, sa chás atá i gceist, gur mó is dócha ná a mhalairt go ndearnadh dochar do na tomhaltóirí ábhartha, eadhon siúd a bhfuil cónaí orthu sa Phortaingéil sa chás seo? |
|
3) |
An féidir le cúirteanna náisiúnta an critéar maidir le sochreidteacht an éilimh ar dhamáistí a leagtar síos le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 a bhunú ar an bhfíoras gur ghlac na húdaráis náisiúnta inniúla cinneadh? Go háirithe, chun críocha a leithéide d’anailís, cén tionchar a bheadh ann i gcás inar glacadh leis an gcinneadh atá i gceist mar chuid de nós imeachta socraíochta maidir le sárú ingearach de réir cuspóra ar dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh? |
(1) Treoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO 2014, L 349, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4840/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)