|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4839 |
12.8.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 12 Aibreán 2024 – Katholische Schwangerschaftsberatung v JB
(Cás C-258/24, Katholische Schwangerschaftsberatung)
(C/2024/4839)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesarbeitsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Katholische Schwangerschaftsberatung
Cosantóir: JB
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An bhfuil sé ag luí le dlí an Aontais, go háirithe Treoir 2000/78/CE (1), i bhfianaise Airteagail 10(1) agus 21(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nuair a fhoráiltear le reachtaíocht náisiúnta go bhféadfaidh eintiteas príobháideach a bhfuil a éiteas bunaithe ar reiligiún, ceangal a chur ar dhaoine atá ag obair dó gan eaglais ar leith a fhágáil le linn an chaidrimh fostaíochta, nó leanúnachas an chaidrimh fostaíochta a chur faoi réir an choinníll go ndéanfaí duine, atá tar éis eaglais ar leith a fhágáil le linn an chaidrimh fostaíochta sin, nasc a athfhorbairt leis an eaglais sin, i gcás nach gcuirtear de cheangal ar na daoine a oibríonn don eintiteas sin go mbeadh baint acu leis an eaglais sin agus nuair nach bhfuil an duine atá ag obair dóibh ag gabháil d’aon ghníomhaíochtaí fritheaglaise atá le feiceáil go poiblí? |
|
2. |
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: Cad iad na ceanglais eile, más ann dóibh, atá i bhfeidhm faoi Threoir 2000/78, i bhfianaise Airteagail 10(1) agus 21(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, chun údar a thabhairt le difríocht den sórt sin sa chaoi a gcaitear le daoine ar fhorais reiligiúin? |
(1) Treoir ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4839/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)