European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4822

12.8.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 27 Meitheamh 2024 – an Coimisiún v KRKA, tovarna zdravil, d.d.

(Cás C-151/19 P)  (1)

(Achomharc - Iomaíocht - Táirgí cógaisíochta - Margadh an pheirindiprile - Airteagal 101 CFAE - Cairtéil - Comhroinnt margaidh - Iomaíocht ionchasach - Teorainn a chur le hiomaíocht trí chuspóir - Straitéis chun moill a chur ar theacht isteach leaganacha cineálacha de pheirindipril ar an margadh - Comhaontú um réiteach díospóide paitinne - Comhaontú ceadúnaithe paitinne - Sannadh teicneolaíochta agus comhaontú ceadúnais)

(C/2024/4822)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ar dtús F. Castilla Contreras, B. Mongin agus C. Vollrath, Gníomhairí, le cúnamh ó D. Bailey, abhcóide, ansin F. Castilla Contreras agus C. Vollrath, Gníomhairí, le cúnamh ó D. Bailey, abhcóide)

Páirtí eile sna himeachtaí: KRKA, tovarna zdravil, d.d. (ionadaithe: T. Ilešič, agus M. Kocmut, odvetnika)

Idiragraí ag tacú leis an iarratasóir: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaisceart Éireann (ionadaithe: ar dtús D. Guðmundsdóttir, Gníomhaire, ansin L. Baxter, D. Guðmundsdóttir, F. Shibli agus J. Simpson, Gníomhairí, le cúnamh ó J. Holmes, KC, agus P. Woolfe, barrister, agus ar deireadh S. Fuller, Gníomhaire, le cúnamh ó J. Holmes, KC, agus P. Woolfe, barrister)

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 12 Nollaig 2018, Krka v an Coimisiún (T-684/14, EU:T:2018:918), ar neamhní.

2)

Tarchuirtear an cás ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh chun go dtabharfaidh sí rialú ar an gceathrú shaincheist dlí den chaingean ag an gcéad chéim, maidir le haicmiú an chomhaontaithe aistrithe agus ceadúnais a tugadh i gcrích an 5 Eanáir 2007 idir Les Laboratoires Servier agus KRKA, tovarna zdravil, d.d. mar theorainn ar iomaíocht trí chuspóir, de réir bhrí Airteagal 101(1) CFAE.

3)

Forchoimeádtar na costais.


(1)   IO C 148, 29.04.2019.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4822/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)