European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4821

12.8.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 27 Meitheamh 2024 – Lupin Ltd v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-144/19 P)  (1)

(Achomharc - Iomaíocht - Táirgí cógaisíochta - Margadh an pheirindiprile - Airteagal 101 CFAE - Cairtéil - Iomaíocht ionchasach - Teorainn a chur le hiomaíocht trí chuspóir - Straitéis chun moill a chur ar theacht isteach leaganacha cineálacha de pheirindipril ar an margadh - Comhaontú um réiteach díospóide paitinne)

(C/2024/4821)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Lupin Ltd (ionadaithe: ar dtús M. Hoskins, KC, V. Wakefield, KC, S. Smith agus A. White, solicitors, ansin B. Bär-Bouyssière, avocat, M. Hoskins, KC, V. Wakefield, KC, A. Politis, avocat, S. Smith agus A. White, solicitors)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ar dtús F. Castilla Contreras, B. Mongin agus C. Vollrath, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Rayment, BL, ansin F. Castilla Contreras agus C. Vollrath, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Rayment, BL)

Idiragraí ag tacú leis an bpáirtí eile: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaisceart Éireann (ionadaithe: ar dtús D. Guðmundsdóttir, Gníomhaire, ansin S. Fuller, Gníomhaire)

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an t-achomharc.

2)

Ordaítear do Lupin Ltd a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

3)

Ordaítear do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaisceart Éireann a costais féin a íoc.


(1)   IO C 148, 29.4.2019.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4821/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)