|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4757 |
2.8.2024 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh le haghaidh a n-úsáide agus/nó iad a úsáid
(Arna foilsiú de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/4757)
Cinneadh lena ndeonaítear údarú
|
Uimhir thagartha an chinnidh (2) |
Dáta an chinnidh |
Ainm na substainte |
Sealbhóir an údaraithe |
Uimhir an údaraithe |
Úsáid údaraithe |
Dáta éaga na tréimhse athbhreithniúcháin |
Na cúiseanna atá leis an gcinneadh |
|
C(2024) 5268 |
29 Iúil 2024 |
trí-ocsaíd chróimiam (CE Uimh. 215-607-8; Uimh. CAS 1333-82-0) |
KYB Suspensions Europe, S.A.U. Ctra. Irurzun, 6, 31171 Ororbia, Navarra, an SpáinnKYB Manufacturing Czech s.r.o. U Panasonicu, 53006 Stare Civice, Poblacht na Seice |
REACH/24/33/0REACH/24/33/1 |
Plátáil cróim fheidhmiúil a dhéanamh ar shlata loine le haghaidh maolairí turrainge a úsáidtear i bhfeithiclí Plátáil cróim fheidhmiúil a dhéanamh ar shlata loine le haghaidh maolairí turrainge a úsáidtear i bhfeithiclí |
An 17 Samhain 2028 |
I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, na sochair shocheacnamaíocha a bhaineann le húsáid na substainte, is mó iad ná an baol do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann leis an úsáid chéanna, agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann a bheadh oiriúnach. |
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu)
ELI: http://data.europa.eu/eli/sum/C/2024/4757/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)