|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4712 |
5.8.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 25 Aibreán 2024 – AD v Iberia, Líneas Aéreas de España, SA Operadora Unipersonal
(Cás C-292/24, Iberia)
(C/2024/4712)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Frankfurt am Main
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: AD
Cosantóirí: Iberia, Líneas Aéreas de España, SA Operadora Unipersonal
An cheist a tharchuirtear
An teorainn ama daingean í an dara fhomhír d’Airteagal 31(2) de Choinbhinsiún Montréal (1) agus an bhfuil sé le léiriú sa chaoi nach mór an fógra a thabhairt laistigh de 21 lá tar éis an bagáiste a thabhairt ar ais, nó an féidir an fógra a thabhairt fiú sula dtabharfar an bagáiste ar ais?
(1) an Coinbhinsiún maidir le haontú rialacha áirithe i dtaca le hiompar idirnáisiúnta d'aer, arna thabhairt i gcrích in Montréal an 28 Bealtaine 1999 (Coinbhinsiún Montréal) (IO 2001 L 194, lch. 39).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4712/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)