Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/4709 |
5.8.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 19 Aibreán 2024 – KONREO, v o. s., insolvenční správce úpadce FAU s.r.o. v Odvolací finanční ředitelství
(Cás C-276/24, KONREO)
(C/2024/4709)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Nejvyšší správní soud
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: KONREO, v o. s., insolvenční správce úpadce FAU s.r.o.
Cosantóir: Odvolací finanční ředitelství
An cheist a tharchuirtear
An gcuirtear cosc le hAirteagal 205 de Threoir 2006/112/CE (1) ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna léamh i gcomhar le prionsabal na comhréireachta, ar chleachtas náisiúnta ar dá réir a bhféadfaí faighteoir seirbhíse inchánaí a chur faoi dhliteanas an cháin bhreisluacha ag soláthróir na seirbhíse sin a íoc, bíodh is gur ceileadh an ceart asbhainte ar fhaighteoir na seirbhíse inchánaí cheana féin de dheasca baint a bheith ag an bhfaighteoir sin le calaois chánach?
(1) an 28 Samhain 2006 (IO 2006 L 347, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4709/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)