|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4667 |
9.8.2024 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Ár dtodhchaí a dhaingniú
Sprioc aeráide 2040 na hEorpa agus an chonair chun na haeráidneodrachta faoi 2050 lena dtógfar sochaí inbhuanaithe, chóir agus rathúil
(COM(2024) 63 final)
(C/2024/4667)
Rapóirtéir:
Teppo SÄKKINEN|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 27.3.2024 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
An rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
21.5.2024 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
30.5.2024 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
588 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
189/5/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
A bhuí le sprioc aeráide 2040 an Aontais, beidh soiléire ann maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Lena chois sin, beidh an sprioc aeráide sin ina cuid den uaillmhian dhomhanda i leith na haeráide. Tacaíonn CESE leis an sprioc atá molta, is é sin laghdú 90 % faoi 2040, toisc í a bheith ag teacht leis an taighde eolaíoch i dtaobh rannchuidiú cothrom na hEorpa leis an sprioc 1.5°C. Mar sin féin, cuireann CESE i bhfios go láidir a dhúshlánaí atá an sprioc sa chaoi nach bhféadfar í a bhaint amach gan beartais a chur ar bun lena n-áiritheofar iomaíochas thionscail na hEorpa agus an t-aistriú cóir, agus leas á bhaint as gach teicneolaíocht ísealcharbóin agus saor ó charbón atá ann ar bhealach costéifeachtach. |
|
1.2. |
Is mian le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) aird a dhíriú ar laghdú na n-astaíochtaí iarbhír trí dheireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise. Cé go bhfuil ról an aistrithe carbóin maidir le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach ag éirí níos tábhachtaí fós, tá éiginnteachtaí ag baint leis an róspleáchas ar linnte ar talamh agus ar linnte tionsclaíocha agus cruthaíonn sé rioscaí go mbeifear spleách ar bhreoslaí iontaise i gcónaí nó go gcaillfear linnte de dheasca dóiteáin foraoise, lotnaidí agus contúirtí eile. Le go bhféadfar an leas teoranta atá le haistrithe carbóin a bhaint astu, rud is gá a dhéanamh toisc tábhacht a bheith leis an ról atá acu, beidh gá le dreasachtaí. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú eolaíoch agus eacnamaíoch a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir laghduithe agus aistrithe. |
|
1.3. |
Dá uaillmhianaí atá sprioc 2040, is fearr a fhéadfar cur leis an toradh rathúil a bheidh ar an iarracht na glanastaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030. Dar le CESE is gá díriú ar chur chun feidhme an phacáiste reachtaíochta ‘Oiriúnach do 55’ agus ar thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus do theaghlaigh na hEorpa dul in oiriúint don timpeallacht rialála nua. |
|
1.4. |
Meabhraíonn CESE go mbeidh gá le hinfheistíochtaí ollmhóra sa dícharbónú le go bhféadfar na spriocanna aeráide a bhaint amach. Chuirfeadh sé sin le gnéithe éagsúla, e.g. intuarthacht agus comhsheasmhacht na timpeallachta rialála, taighde, forbairt agus nuálaíocht éifeachtach, ceadanna a eisiúint go tapa, rochtain ar mhaoiniú, fórsa saothair oilte a bheith ar fáil agus feidhmíocht fhoriomlán gheilleagar na hEorpa. Ba cheart aidhm eile a leagan síos mar chuid de sprioc 2040, mar atá geilleagar láidir a thógáil trí bhíthin an aistrithe, slándáil an tsoláthair fuinnimh san Eoraip a mhéadú agus poist ardcháilíochta a chur ar fáil. Ionas gur mó fós tionchar aistriú na hEorpa chuig fuinneamh glan ar fud an domhain agus d’fhonn leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis an gceannródaíocht i réimse na haeráide, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna a leagan síos chun cur leis an méid táirgí agus seirbhísí teicneolaíochta glaine a onnmhairítear ón Aontas agus súil a choinneáil ar an méid sin. |
|
1.5. |
Le go bhféadfar dul chun cinn a dhéanamh diaidh ar ndiaidh sna hearnálacha sin inar deacair astaíochtaí a laghdú, beidh gá an dícharbónú a dhéanamh ar ráta níos tapa in earnálacha ina bhfuil na costais a bhaineann le laghdú astaíochtaí réasúnta íseal agus ina bhfuil réitigh inscálaithe ar fáil. Iarrann CESE gur saor ó charbón a bheadh an próiseas giniúna cumhachta san Aontas faoi 2040, agus go ndéanfaí an rud céanna, ina dhiaidh sin, maidir le téamh agus fuarú. Infhaighteacht fuinnimh ghlain agus inacmhainne agus bonneagair fuinnimh a sheasfaidh an aimsir, tá sé sin ina bhunchloch leis an dícharbónú in earnálacha eile, e.g. earnáil na tionsclaíochta, earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair. Molann CESE sprioc tháscach maidir le laghdú astaíochtaí a leagan síos le haghaidh na hearnála agraibhia trí dhul i mbun dlúth-idirphlé leis na feirmeoirí agus le geallsealbhóirí eile, idirphlé a bheidh bunaithe ar an eolaíocht agus a chinnteoidh slándáil an tsoláthair bia san Eoraip, á gcur san áireamh na dálaí éagsúla nádúrtha san Aontas. |
|
1.6. |
Le nach dtiocfaidh aon laghdú ar an tacaíocht a thugann an pobal do bheartas aeráide na hEorpa agus le go gcuirfear gach leibhéal den tsochaí san áireamh, cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé plé leathan a dhéanamh leis na geallsealbhóirí, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, agus leis na saoránaigh freisin maidir le sprioc 2040 a leagan síos agus na beartais a ghabhann leis an sprioc sin a fhorbairt. Ba cheart leas a bhaint as an idirphlé struchtúrtha sin agus as na buanchomhlachtaí comhairleacha i mbeartais náisiúnta aeráide chomh maith. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go mb’fhéidir go bhféadfaí laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar an éileamh ar ábhar agus ar fhuinneamh a thuilleadh fós dá gcuirfí ar chumas na dtomhaltóirí roghanna a dhéanamh a thacódh le stíl mhaireachtála inbhuanaithe. |
|
1.7. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún, le linn dó an togra reachtach le haghaidh sprioc 2040 a ullmhú, an tseiceáil ar iomaíochas a leathnú chun mórgheilleagair eile a thabhairt faoina scáth, lena n-áirítear beartais aeráide, fuinnimh agus thionsclaíocha na ngeilleagar sin chomh maith lena dtáscairí eacnamaíocha, d’fhonn tograí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi le hiomaíochas domhanda agus bonn tionsclaíoch na hEorpa a neartú agus an tsamhail Eorpach geilleagair margaidh oscailte a chosaint le caighdeáin arda chomhshaoil agus shóisialta. |
2. Réamhrá
|
2.1. |
Leag an tAontas Eorpach síos spriocanna ceangailteacha maidir le hastaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Faoin Dlí Aeráide Eorpach, ceanglaítear ar an gCoimisiún sprioc eile, sprioc leath bealaigh, a leagan síos do 2040. |
|
2.2. |
Moltar sa Teachtaireacht ón gCoimisiún (1) astaíochtaí a laghdú 90 % i gcomparáid le leibhéil 1990. Tugtar trí rogha fhéideartha sa Teachtaireacht agus sa mheasúnú tionchair a ghabhann léi: Rogha 1: laghdú suas le 80 %, i gcomhréir le conair líneach idir 2030 agus 2050; Rogha 2: laghdú 85-90 %; agus Rogha 3: laghdú 90-95 %. Tugtar le fios sa Teachtaireacht freisin go bhféadfaí buiséad táscach réamh-mheasta AE de 16 Gt CO2-eq a leagan síos maidir le gáis ceaptha teasa sa tréimhse 2030-2050. |
|
2.3. |
I dtuarascáil a d’fhoilsigh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide (ESABCC) i mí an Mheithimh 2023, moladh laghdú 90-95 % a leagan síos mar sprioc do 2040, sin agus buiséad 11-14 Gt CO2-eq maidir le gáis ceaptha teasa sa tréimhse 2030-2050 (2). Tá an sprioc a mhol an Coimisiún do 2040 i gcomhréir leis an sprioc-raon a mhol ESABCC agus is don sprioc-raon sin a tugadh an tacaíocht is mó sa chomhairliúchán poiblí a reáchtáil an Coimisiún in 2023. |
|
2.4. |
Is túsphointe í an Teachtaireacht, túsphointe don idirphlé i dtaobh sprioc 2040 agus na conaire chun í a bhaint amach. Is é is aidhm don tuairim seo ó CESE cur leis an bplé sin. Ullmhóidh an Coimisiún togra reachtach maidir le sprioc 2040 sa chéad téarma oifige eile, chomh maith leis an gcreat beartais a theastóidh tar éis 2030 chun an sprioc a bhaint amach. |
3. Sprioc 2040 agus an comhthéacs domhanda
|
3.1. |
I gComhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP28) a tionóladh in 2023, iarradh ar na páirtithe aistriú ó gach cineál breosla iontaise, rannchuidiú leis an bhfuinneamh in-athnuaite a mhéadú faoi thrí, na bearta éifeachtúlachta fuinnimh a dhúbailt faoi 2030 agus dlús a chur le húsáid teicneolaíochtaí glana. Ina theannta sin, d’iarr COP28 ar na páirtithe a gcéad rannchuidiú eile arna chinneadh go náisiúnta (NDC) a chur i gcomhréir leis an gconair 1.5°C de réir an taighde eolaíoch. |
|
3.2. |
Mar a luaitear sa Teachtaireacht, is í sprioc 2040 a bheidh mar bhonn le NDC nua an Aontais faoi Chomhaontú Pháras, lena gceanglaítear ar an Aontas sprioc a chur faoi bhráid an Choinbhinsiúin ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) faoi thús 2025 lena léireofar an uaillmhian is airde is féidir do 2035. Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór, dá bhrí sin, do sprioc aeráide 2040 agus don sprioc chomhfhreagrach do 2035 na gealltanais a thug na páirtithe uile in COP28 a urramú agus go gcaithfear na spriocanna sin a ghlacadh gan mhoill. |
|
3.3. |
Tugann CESE dá aire gurb í an Eoraip is cúis le 7 % de na hastaíochtaí domhanda faoi láthair, céatadán atá ag laghdú de réir mar a dhéanann an tAontas dul chun cinn i dtreo na haeráidneodrachta in 2050. Ainneoin an laghdaithe sin, tá an tAontas sásta freagracht a ghlacadh freisin as bheith i measc na réigiún is airde astaíochtaí go stairiúil. D’éirigh leis an Aontas na hastaíochtaí ar a chríoch a laghdú 32 % ó 1990 agus an fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó astaíochtaí gás ceaptha teasa ainneoin geilleagar na hEorpa a bheith ar cheann de na geilleagair is mó ar domhan. Léiríonn an scéal sin go bhfuil freagracht ar an Eoraip, agus go bhfuil an deis aici, a bheith ina ceannródaí maidir leis an ngníomhú domhanda ar son na haeráide agus a riachtanaí atá sé dul i dteagmháil le mórgheilleagair eile chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Meabhraíonn CESE an togra uaidh chun stádas na taidhleoireachta aeráide a ardú le go mbeadh sí ina beartas suaitheanta i gcaidreamh seachtrach an Aontais (3). |
|
3.4. |
Ní mór don Eoraip beartais a chur ar bun chun tacú leis an seasamh atá aici mar cheannródaí domhanda maidir leis an maolú ar an athrú aeráide chun iomaíochas thionscail na hEorpa a áirithiú, an sceitheadh carbóin a chosc agus an cothrom iomaíochta a chur chun cinn, agus rannchuidiú a dhéanamh san am céanna leis an gcomhar domhanda chun an t-athrú aeráide a chomhrac trí bhíthin maoiniú, aistriú teicneolaíochta, cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta. Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún tascfhórsa a chur ar bun maidir le margaí carbóin. Trí thacú le córais praghsála carbóin a bhunú i dtríú tíortha, sin agus an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) a chur chun cinn, is féidir leis an Aontas scaipeadh an chórais praghsála carbóin a chur chun cinn toisc nach bhfuil ach beagán faoi bhun an ceathrú cuid de na hastaíochtaí domhanda CO2 cuimsithe faoin gcóras sin faoi láthair (4). |
|
3.5. |
De thoradh an teannais gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, is léir gur gá aistriú ó bhreoslaí iontaise agus spleáchais nua ar theicneolaíochtaí agus ar amhábhair chriticiúla a sheachaint freisin. Trí dheireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe, táthar ag tacú le huathriail straitéiseach oscailte agus iomaíochas na hEorpa. Dá uaillmhianaí a bheidh sprioc 2040, is fearr a fhéadfar rannchuidiú le méadú suntasach ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas, rud a d’fhéadfadh an spleáchas ar allmhairí fuinnimh a laghdú faoina leath ó hos cionn 55 % mar a bhí in 2021 (5) go 26 % in 2040. In 2023, bhí glanchostais na n-allmhairí breoslaí iontaise cothrom le 2.4 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais. Mar gheall ar na géarchéimeanna a bhí ann le deireanas, e.g. paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim fuinnimh arbh é cogadh foghach na Rúise ba cúis léi, is léir nach mór slándáil an tsoláthair fuinnimh agus an tsoláthair ábhar a áirithiú ag gach céim den aistriú. Is den ríthábhacht stop a chur gan mhoill leis na hallmhairí fuinnimh ón Rúis isteach san Aontas chun go ngearrfar na sreafaí ioncaim a mhaoiníonn ionradh na Rúise ar an Úcráin. |
|
3.6. |
Tá an comhthéacs eacnamaíoch domhanda tar éis éirí níos dúshlánaí de dheasca Inflation Reduction Act na Stát Aontaithe agus cheannas méadaitheach na Síne i slabhraí soláthair na dteicneolaíochtaí glana. Is mian le CESE béim a leagan athuair ar an ngá atá ann go mbeidh bonn tionsclaíoch láidir san Eoraip, go bhfeabhsófar acmhainneacht taighde, forbartha, nuálaíochta agus táirgthe teicneolaíochtaí glan-nialasacha agus amhábhar criticiúil na hEorpa agus go ndéanfar foinsí soláthair inbhuanaithe a éagsúlú chun cur ar chumas na hEorpa an geilleagar a dhícharbónú agus dul san iomaíocht leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín ar bhonn cothrom (6). Is é an chaoi ar cheart don Eoraip dul i ngleic le rás domhanda na bhfóirdheontas tógáil ar láidreachtaí na hEorpa, e.g. an margadh aonair a chosaint agus a fhorbairt. Mar a cuireadh i bhfios go láidir i nDearbhú Antuairp (7), más uainn an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích go rathúil, tá sé an-tábhachtach bonn tionsclaíoch láidir a bheith ann chomh maith le hidirphlé sóisialta neartaithe. |
|
3.7. |
Is cúis imní do CESE an t-eolas a thug an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO) le fios le deireanas, is é sin gurbh í 2023 an bhliain ba theo riamh agus go bhfuil an Eoraip ag téamh dhá uair níos tapa ná an meán domhanda. Tugadh le fios sa chéad Mheasúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide (EUCRA, 2024) (8) go bhfuil roinnt réigiún san Eoraip i measc na n-áiteanna is measa ina bhfuil il-rioscaí aeráide, e.g. falscaithe, éifeachtaí an teasa agus an ghanntanais uisce, tuilte, creimeadh agus ionsá sáile. Dá ndéanfaí beart cinntitheach domhanda chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, d’fhéadfaí líon mór básanna, éifeachtaí sláinte agus caillteanais eacnamaíocha a chosc. Is mó ar fad costas na neamhghníomhaíochta aeráide le hais chostas na gníomhaíochta. Dá réir sin, leagann CESE béim ar na tairbhí socheacnamaíocha a bhaineann le beart dea-cheaptha práinneach a dhéanamh ar son na haeráide, lena n-áirítear méadú ar cháilíocht an tsaoil agus laghdú ar chostais an chúraim sláinte, agus sin uile gan dochar a dhéanamh don gheilleagar. |
|
3.8. |
Meabhraíonn CESE tiomantas an Aontais do Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal agus a spleáiche atá an aeráid agus an bhithéagsúlacht ar a chéile, toisc go gcuireann an t-athrú aeráide dlús leis an mbaol don dúlra, agus gur uirlisí an-éifeachtach maidir leis an maolú agus an t-oiriúnú iad na réitigh dhúlrabhunaithe a chuireann éiceachórais bhríomhara ar fáil. Má dhéantar bogaigh a athbhunú, mar shampla, is fearr a bheifear in ann tuilte agus múnlach stoirme a bhainistiú nó, má dhéantar foraoisí seanfháis a chaomhnú, beifear in ann stórais ollmhóra carbóin a chosaint. |
4. Sprioc aeráide 2040
|
4.1. |
A bhuí le sprioc aeráide 2040 an Aontais, beidh soiléire ann maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Lena chois sin, beidh an sprioc aeráide sin ina cuid den uaillmhian dhomhanda i leith na haeráide. Tacaíonn CESE leis an sprioc atá molta, is é sin laghdú 90 % a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí faoi 2040, toisc go bhfuil an sprioc sin ag teacht leis an taighde eolaíoch i dtaobh rannchuidiú cothrom na hEorpa leis an sprioc 1.5°C (9). Mar sin féin, cuireann CESE i bhfios go láidir a dhúshlánaí atá an sprioc sa chaoi nach bhféadfar í a bhaint amach gan beartais a bheith ann lena n-áiritheofar iomaíochas thionscail na hEorpa agus an t-aistriú cóir, agus leas á bhaint as gach teicneolaíocht ísealcharbóin agus saor ó charbón atá ann ar bhealach costéifeachtach. |
|
4.2. |
Is sprioc ghlan í an sprioc 90 %, sprioc ina gcuirtear san áireamh an laghdú astaíochtaí agus an t-aistriú carbóin trí linnte bitheolaíocha agus teicneolaíocha. Cuireann CESE i bhfáth nach mór tosaíocht a thabhairt don laghdú ar na hastaíochtaí iarbhír agus gur ról comhlántach ba cheart a bheith ag an aistriú carbóin. Iarrann CESE ar an gCoimisiún meastóireacht chúramach eolaíoch agus eacnamaíoch a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir an laghdú astaíochtaí agus an t-aistriú carbóin d’fhonn an róspleáchas ar linnte ar talamh nó ar linnte tionsclaíocha a sheachaint toisc go mbaineann éiginnteachtaí agus rioscaí leis sin. Ag an am céanna, le go bhféadfar an leas teoranta atá le haistrithe carbóin a bhaint astu, rud is gá a dhéanamh toisc go bhfuil tábhacht leis an ról atá acu, beidh gá le dreasachtaí, agus tógáil ar an gcreat deimhniúcháin a glacadh le deireanas maidir le haistrithe carbóin. |
|
4.3. |
Cuid riachtanach de sprioc uaillmhianach 2040 agus den chonair ghlan-nialasach is ea an ghabháil carbóin ar scála tionsclaíoch ó phróisis thionsclaíocha, mar a d’aithin an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), ESABCC agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA). Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór an ghabháil carbóin a dhíriú ar astaíochtaí iarmharacha sna hearnálacha sin inar deacair astaíochtaí a laghdú, d’fhonn a sheachaint go mbeidís spleách ar bhreoslaí iontaise go fadtéarmach i gcásanna inarb ann cheana féin do roghanna malartacha maidir leis an dícharbónú a dhéanamh. Le gur féidir carbón a ghabháil, tá gá le hinfheistíochtaí móra sa ghabháil, sa lóistíocht agus sa stóráil agus bíonn méadú ar an éileamh ar fhuinneamh. Dá bhrí sin, níor cheart an ghabháil carbóin a bheith ar rogha na tosaíochta a fhad a bhaineann sé le dícharbónú a dhéanamh in earnálacha ina bhféadfaí deireadh a chur le breoslaí iontaise de réir a chéile agus ar chostas réasúnta. Tríd an dé-ocsaíd charbóin bhithghineach a ghabháil, is féidir aistrithe buana a ghiniúint agus foinsí inbhuanaithe CO2 a chur ar fáil le haghaidh úsáid thionsclaíoch. |
|
4.4. |
Le go bhféadfar an meath ar linnte carbóin an Aontais a aisiompú, tá gá le cleachtais amhail an foraoisiú, an agrafhoraoiseacht, deireadh a chur leis an dífhoraoisiú, bainistiú inbhuanaithe foraoisí, bainistiú iomchuí agus athbhunú portach agus an ceapadh carbóin san fheirmeoireacht. Cabhraíonn foraoisí agus páirceanna na hEorpa leis an ngníomhú ar son na haeráide freisin trí ábhair bhithbhunaithe a chur ar fáil, ábhair ar féidir iad a chur in ionad acmhainní iontaise agus is féidir carbón a stóráil, mar shampla i dtáirgí tógála adhmaid agus i dtáirgí fadtéarmacha eile. Meabhraíonn CESE an éiginnteacht a bhaineann le bheith ag brath ar linnte móra bitheolaíocha toisc míthuiscintí a bheith ann maidir leis an tuairisciú a dhéantar ar na próisis nádúrtha agus, rud is imníche fós, toisc méadú a bheith ag teacht ar na rioscaí, e.g. dóiteáin foraoise, lotnaidí, galair agus teagmhais aimsire atá ag éirí níos measa de thoradh an athraithe aeráide. Dá bhrí sin, ba cheart díriú níos mó ar an oiriúnú agus ba cheart a bheith cúramach agus an sciar den sprioc ghlan a bheadh le baint amach ó thaobh LULUCF de (úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht) á leagan síos. Teastaíonn córais fhónta faireacháin chun faisnéis rialta thráthúil a chur ar fáil faoi staid na stoc carbóin. |
|
4.5. |
Fágann sprioc 2040 gur fearr a fhéadfar cur leis an toradh rathúil a bheidh ar an iarracht na glanastaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030. Is cúis imní do CESE nach leor na gealltanais atá tugtha sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide reatha le go bhféadfar an sprioc do 2030 a bhaint amach (10). Iarrann sé ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin sna leaganacha nuashonraithe de na pleananna agus iarrann sé ar an gCoimisiún díriú ar chur chun feidhme an chreata beartais le haghaidh 2030. Tá a lán gnéithe den phacáiste reachtaíochta ‘Oiriúnach do 55’ nach bhfuil ach ag teacht i bhfeidhm faoi láthair, e.g. córas trádála astaíochtaí Uimh. 2 nó SCCT. Beidh spás agus tacaíocht ag teastáil ó ghnólachtaí, go háirithe FBManna, agus ó theaghlaigh na hEorpa chun iad féin a chur in oiriúint don timpeallacht rialála nua, lena n-áirítear cinnteacht infheistíochta do thionscail. |
|
4.6. |
Réiteoidh an sprioc do 2040 an bealach i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Tiocfaidh idir dheiseanna agus dúshláin chun cinn ar an gconair neamhlíneach sin a mbeidh tionchar acu ar sheasamh na hEorpa le hais mórgheilleagair eile, ina measc sin an gá le tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí agus don teicneolaíocht a chur in úsáid, an laghdú a thiocfaidh, b’fhéidir, ar an spleáchas ar allmhairí fuinnimh agus ceannródaíocht i réimse na teicneolaíochta glaine. Iarrann CESE ar an gCoimisiún, le linn dó a bheith ag réiteach an togra reachtaigh le haghaidh sprioc 2040, an tseiceáil ar iomaíochas a leathnú chun mórgheilleagair eile a thabhairt faoina scáth, lena n-áirítear beartais aeráide, fuinnimh agus thionsclaíocha na ngeilleagar sin mar aon leis na táscairí eacnamaíocha atá ag gabháil leo, agus tograí a chur ar fáil maidir leis an gcaoi leis an gconair i dtreo dícharbónú a dhearadh, conair a bheadh ní ba thapa, a neartódh iomaíochas domhanda agus bonn tionsclaíoch na hEorpa agus a chosnódh an tsamhail Eorpach geilleagair margaidh oscailte le caighdeáin arda chomhshaoil agus shóisialta (11). |
|
4.7. |
Le nach dtiocfaidh aon laghdú ar an tacaíocht a thugann an pobal do bheartas aeráide na hEorpa agus le go gcuirfear gach leibhéal den tsochaí san áireamh, cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé plé leathan a dhéanamh leis na geallsealbhóirí agus leis na saoránaigh freisin maidir le sprioc 2040 a leagan síos agus na beartais a ghabhann leis an sprioc sin a fhorbairt. Molann CESE go leanfaí leis an Idirphlé maidir le hAistriú Glan agus tacaíonn sé leis an aitheantas a thugtar sa Teachtaireacht don ghá atá le hidirphlé struchtúrtha córasach leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta, agus gníomhaithe réigiúnacha san áireamh ann. Iarrann CESE ar na Ballstáit uile idirphlé a chur ar bun i réimse an fhuinnimh agus na haeráide agus comhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta a bhunú. |
5. An chonair i dtreo sprioc 2040
|
5.1. |
Ní mór beartais chumasúcháin a chur i bhfeidhm i gcomhthráth le sprioc aeráide 2040, e.g. béim ar an aistriú cóir agus ar iomaíochas thionscail na hEorpa. Molann CESE don Choimisiún tús a chur, a luaithe is féidir, le hidirphlé maidir leis an gcreat beartais aeráide agus fuinnimh a bheidh ann tar éis 2030. |
|
5.2. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil gach teicneolaíocht ísealcharbóin agus saor ó charbón curtha san áireamh sa Teachtaireacht. De réir IEA, tá formhór na dteicneolaíochtaí a theastaíonn chun dlús a chur leis an ngníomhú ar son na haeráide faoi 2030 le fáil ar an margadh cheana féin, ach, le sprioc na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050, beidh gá le teicneolaíochtaí breise atá fós á bhforbairt (12). Dá bhrí sin, beidh sprioc uaillmhianach 2040 ag brath ar theicneolaíochtaí costéifeachtacha seanbhunaithe a úsáid ar mórscala, e.g. an fuinneamh in-athnuaite, teaschaidéil agus feithiclí leictreacha, agus ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a fhorbairt agus a uas-scálú, e.g. bithbhreoslaí ardfhorbartha, hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin, ceallraí, breoslaí sintéiseacha agus ábhair shintéiseacha, imoibreoirí núicléacha beaga agus modúlacha agus gabháil, úsáid agus stóráil carbóin go háirithe sna hearnálacha sin inar deacair astaíochtaí a laghdú. |
|
5.3. |
Chun leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis an gceannródaíocht i réimse na haeráide, ba cheart don Aontas díriú ar a bheith ina thimpeallacht tharraingteach rialála agus oibriúcháin chun teicneolaíochtaí glana agus ábhair ghlana a fhorbairt, a thástáil, a uas-scálú agus a tháirgeadh. Leagtar spriocanna síos sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta le haghaidh neamhthuilleamaíocht na hEorpa i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha. San am céanna, áfach, ba cheart don Aontas iarracht a dhéanamh cur leis an méid táirgí agus seirbhísí teicneolaíochta glaine a onnmhairítear ón Aontas agus súil a choinneáil ar an méid sin. Tá gá le digitiú agus ardmhonaraíocht chun dlús a chur leis an ationsclú san Eoraip. Ba cheart go bhfágfadh a leithéid sin de thimpeallacht go gcruthófaí poist ardcháilíochta lena ngabhann dálaí oibre cothroma agus pá maith. Ba cheart do na beartais tar éis 2030 a bheith dírithe ar shimpliú agus ar chuíchóiriú a dhéanamh ar an rialáil ghlas san Eoraip, go háirithe chun dul i ngleic leis an ualach riaracháin a bhíonn ar FBManna. |
|
5.4. |
Le go bhféadfar dul chun cinn a dhéanamh diaidh ar ndiaidh sna hearnálacha sin inar deacair astaíochtaí a laghdú, beidh gá an dícharbónú a dhéanamh ar ráta níos tapa in earnálacha ina bhfuil na costais a bhaineann le laghdú astaíochtaí réasúnta íseal agus ina bhfuil réitigh inscálaithe ar fáil. Is í earnáil an fhuinnimh a bheidh ar thús cadhnaíochta san aistriú chun na haeráidneodrachta san Eoraip. Is próiseas saor ó charbón a chaithfidh a bheith sa phróiseas giniúna cumhachta san Aontas faoi 2040, agus caithfear an rud céanna a dhéanamh, ina dhiaidh sin, maidir le téamh agus fuarú. Tá an leictriú ar cheann de na straitéisí is tábhachtaí maidir leis an dícharbónú. Le go bhféadfar an sciar d’úsáid an leictreachais a mhéadú ó 23 % in 2021 (13) go hos cionn 50 % faoi 2040, caithfear an méid cumhachta a ghintear a mhéadú faoi dhó beagnach, agus, ag an am céanna, laghdú a theacht ar an tomhaltas fuinnimh ina iomláine, sin a bhuí le méadú ar an éifeachtúlacht fuinnimh. |
|
5.5. |
Is ón bhfuinneamh in-athnuaite, cumhacht na gréine agus na gaoithe go háirithe, a thiocfaidh an chuid is mó den fhás ar an nginiúint cumhachta. Beidh an fuinneamh núicléach ina bhonnualach tábhachtach freisin sna Ballstáit sin a roghnóidh é mar fhoinse. Tá infhaighteacht fuinnimh ghlain chobhsaí inacmhainne ina bunchloch leis an dícharbónú in earnálacha eile, e.g. earnáil na tionsclaíochta, earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair. Meabhraíonn CESE a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i gcórais fuinnimh amhail eangacha, roghanna solúbthachta agus an stóráil, agus cur le hidirnascthacht mhargadh fuinnimh na hEorpa trí bhíthin bonneagar fuinnimh trasteorann (eangacha, píblínte hidrigine etc. (14)). Seo rud a chuirtear i bhfáth freisin sa tuarascáil le Enrico Letta maidir leis an margadh aonair. D’fhonn sreafaí airgeadais a chur i dtreo táirgeadh fuinnimh ghlain agus an bhonneagair lena mbaineann, tá CESE ag iarraidh go gcuirfí deireadh de réir a chéile leis na fóirdheontais dhochracha atá ann do bhreoslaí iontaise. |
|
5.6. |
Meabhraíonn CESE go mbeidh gá le hinfheistíochtaí ollmhóra sa dícharbónú le go bhféadfar na spriocanna aeráide a bhaint amach, e.g dícharbónú sna próisis thionsclaíocha atá ann cheana agus san iompar, infheistíocht i dteicneolaíochtaí agus ábhair ghlan-nialasacha a mhonarú agus infheistíocht i soláthar glan cumhachta agus teasa chun an dícharbónú thuasluaite a dhéanamh. Chuirfeadh sé sin le gnéithe éagsúla, e.g. intuarthacht agus comhsheasmhacht na timpeallachta rialála, ceadanna a eisiúint go tapa, rochtain ar mhaoiniú agus fórsa saothair oilte a bheith ar fáil. Le go bhféadfar sprioc uaillmhianach 2040 a bhaint amach, beidh gá le tús áite a thabhairt do na hinfheistíochtaí bliantúla sa dícharbónú, infheistíocht a mheastar a bheith suas le EUR 710 billiún in aghaidh na bliana idir 2030 agus 2040. Is ó mhaoiniú príobháideach a dhéanfar a shlógadh agus ó ranníocaíochtaí na mBallstát den chuid is mó a mhaoineofar na hinfheistíochtaí sin. Ba cheart ról ionstraimí maoinithe an Aontais chun freagairt don éileamh a chur san áireamh agus an chéad leagan eile den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) a bheith á ullmhú. |
|
5.7. |
Is é an Córas Trádála Astaíochtaí an uirlis is mó tionchar ar an laghdú astaíochtaí agus beidh sé ar an uirlis is tábhachtaí chun spriocanna aeráide 2030 agus 2040 a bhaint amach. De réir mar atá tuartha sa chonair líneach, ídeofar lamháltais an Chórais Trádála Astaíochtaí faoi dheireadh na 2030idí, tráth a bheidh roinnt earnálacha inar deacair astaíochtaí a laghdú, lena n-áirítear tionscal na gceimiceán agus an t-iompar muirí, fós ag brath ar bhreoslaí iontaise fiú sna cásanna is uaillmhianaí. Déanfar an Córas Trádála Astaíochtaí a athbhreithniú in 2026. Meabhraíonn CESE a thábhachtaí atá sé infheictheacht agus intuarthacht a áirithiú agus an Córas Trádála Astaíochtaí ag druidim chun críche agus sláine an chórais a chosaint freisin. Rogha amháin trínar féidir lamháltais theoranta a ghiniúint le haghaidh astaíochtaí iarmharacha gan cur isteach ar an uasteorainn astaíochtaí is ea tréanaistriú carbóin a nascadh leis an gCóras Trádála Astaíochtaí. |
|
5.8. |
Níor tháinig aon athrú den chuid is mó ar na hastaíochtaí ó earnáil na talmhaíochta le linn na 2000idí. Tá próisis áirithe talmhaíochta ann, e.g. saothrú na hithreach agus díleá an bheostoic, as a dtagann astaíochtaí dosheachanta agus bíonn tionchar mór ag an athrú aeráide ar an talmhaíocht féin. Is féidir leas a bhaint as cleachtais iomchuí, áfach, chun na hastaíochtaí sin a mhaolú, agus is féidir leis na feirmeoirí aistriú carbóin a dhéanamh freisin tríd an gceapadh carbóin san fheirmeoireacht. Molann CESE sprioc tháscach maidir le laghdú astaíochtaí a leagan síos le haghaidh na hearnála agraibhia trí dhul i mbun dlúth-idirphlé leis na feirmeoirí agus le geallsealbhóirí eile, idirphlé lena gcuirtear leis an bplé straitéiseach faoi thodhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach agus atá bunaithe ar an eolaíocht agus ar an taighde. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an sprioc sin córais inbhuanaithe bhia, slándáil an tsoláthair bia agus iomaíochas earnáil an táirgthe bia san Eoraip (15), agus na dálaí éagsúla nádúrtha san Aontas á gcur san áireamh. Meabhraíonn CESE an ról atá ag na feirmeoirí agus na foraoiseoirí sa bhithgheilleagar ciorclach. Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt don taighde agus don fhorbairt a d’fhéadfadh tacú le hearnáil talmhaíochta na hEorpa a aistriú go córas táirgthe níos inbhuanaithe le go laghdófar líon na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa (an t-aistriú glas). Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún freisin tosaíocht a thabhairt do na cistí a thacaíonn leis an aistriú glas ar fheirmeacha na hEorpa. |
|
5.9. |
Tugann CESE dá aire go bhfágann patrúin tomhaltais níos inbhuanaithe, e.g. athrú go haistí bia sláintiúla, úsáid fuinnimh agus ábhair a laghdú agus tús áite a thabhairt don iompar poiblí, don rothaíocht agus don choisíocht i gcás inar féidir, go gcuirtear go mór leis an laghdú astaíochtaí laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha, agus leis an laghdú ar an tomhaltas amhábhar agus leis na hinfheistíochtaí is gá chun na spriocanna aeráide a bhaint amach. Tá CESE den tuairim gur cuid thábhachtach den aistriú é tomhaltóirí agus teaghlaigh a chumhachtú, mar shampla trí fhaisnéis atá bunaithe ar fhíricí a chur ar fáil, agus sin trí mhaímh ghlasa ard-sláine a áirithiú agus pasanna táirge digiteacha a úsáid, an ceart chun deisiúcháin agus prionsabail éicidhearthóireachta a chur chun feidhme, agus dreasachtaí a chur ar fáil le go bhféadfar roghanna inacmhainne inbhuanaithe a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart daoine a spreagadh le haistriú i dtreo stíl maireachtála inbhuanaithe trí bhíthin an chórais oideachais agus trí fheasacht a mhúscailt. |
|
5.10. |
San aistriú chuig geilleagar glas ar an mbealach le sprioc aeráide 2040 a bhaint amach, teastóidh lucht saothair a bheidh oilte sna teicneolaíochtaí nua agus i gcleachtais inbhuanaithe. Deis atá san aistriú sin do dhaoine óga páirt a ghlacadh i gcláir nua oideachais agus tabhairt faoi oiliúint nua i scileanna glasa agus, ar an gcaoi sin, gairm bheatha a shaothrú a bheidh ag teacht le riachtanais geilleagair dhícharbónaithe. Ba cheart a aithint freisin gur gá an lucht saothair atá ann cheana a athsciliú agus a uas-sciliú. Agus béim á leagan sa straitéis ar an nuálaíocht agus ar an taighde, ba cheart go dtiocfadh feabhas ar na deiseanna oideachais i réimsí ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) a bhaineann leis an eolaíocht aeráide agus leis an teicneolaíocht ghlas. |
|
5.11. |
Mar fhocal scoir, is mian le CESE a dhearbhú athuair go bhfuil gá le creat beartais láidir um an Aistriú Cóir, creat a bheidh dírithe ar dhaoine, a fhreagróidh do na dálaí áitiúla, a chosnóidh an dúlra agus an comhshaol agus trína dtapófar na deiseanna a bheidh ann (16). |
An Bhruiséil, 30 Bealtaine 2024.
An tUachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Ár dtodhchaí a dhaingniú – sprioc aeráide 2040 na hEorpa agus an chonair chun na haeráidneodrachta faoi 2050 lena dtógfar sochaí inbhuanaithe, chóir agus rathúil, COM(2024) 63 final.
(2) https://climate-advisory-board.europa.eu/news/eu-climate-advisory-board-recommends-ambitious-2040-climate-target-and-urgent-transitions-for-the-european-union.
(3) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Taidhleoireacht Aeráide an Aontais (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2024/1575, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1575/oj).
(4) https://www.worldbank.org/en/news/press-release/2023/05/23/record-high-revenues-from-global-carbon-pricing-near-100-billion.
(5) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Energy_statistics_-_an_overview.
(6) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — a) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún – Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach (COM(2023) 62 final) – b) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (An Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta) (COM(2023) 161 final – 2023/0081 (COD)) ( IO C 349, 29.9.2023, lch. 179).
(7) https://antwerp-declaration.eu/pdf/declaration.pdf.
(8) https://www.eea.europa.eu/en/newsroom/news/europe-is-not-prepared-for.
(9) Molann Bord Comhairleach an Aontais Eorpaigh maidir leis an Aeráid go mbeadh sprioc uaillmhianach aeráide ann i gcomhair 2040 agus aistrithe práinneacha don Aontas Eorpach, https://climate-advisory-board.europa.eu/news/eu-climate-advisory-board-recommends-ambitious-2040-climate-target-and-urgent-transitions-for-the-european-union.
(10) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_23_6622.
(11) Rinneadh tuilleadh plé ar an iomaíochas agus ar an mbaint atá aige le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta sa ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: ‘Fit for 55’: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality [An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach] [COM(2021) 550 final] (níl leagan Gaeilge ann) ( IO C 275, 18.7.2022, lch. 101), ‘Níor cheart do ghnólachtaí an t-iomaíochas a úsáid mar leithscéal chun na ceanglais is íosta maidir le caighdeáin ghlasa a chomhlíonadh ar an margadh domhanda’.
(12) https://www.iea.org/reports/net-zero-by-2050.
(13) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Energy_statistics_-_an_overview.
(14) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe (COM(2022) 108 final) ( IO C 323, 26.8.2022, lch 123).
(15) Tá tuilleadh sonraí faoi iomaíochas na hearnála agraibhia sa tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Slándáil an tsoláthair bia agus córais bhia inbhuanaithe (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Fraince) ( IO C 194, 12.5.2022, lch. 72).
(16) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Creat beartais an Aontais um aistriú cóir a chur chun cinn: cad iad na bearta atá riachtanach? (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Beilge) (IO C, C/2024/1576, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1576/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4667/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)