Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/4626 |
2.8.2024 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh le haghaidh a n-úsáide agus/nó iad a úsáid
(Arna foilsiú de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/4626)
Cinneadh lena ndeonaítear údarú
Uimhir thagartha an Chinnidh (2) |
Dáta an chinnidh |
Ainm na substainte |
Sealbhóir an údaraithe |
Uimhir an údaraithe |
Úsáid údaraithe |
Dáta éaga na tréimhse athbhreithniúcháin |
Na cúiseanna atá leis an gcinneadh |
C(2024) 5109 |
26 Iúil 2024 |
fosfáit tríxilile (TXP) (Uimh. EC 246-677-8; Uimh. CAS 25155-23-1) |
EDF S.A., 22 Avenue de Wagram, 75008 Páras, an Fhrainc |
REACH/24/30/0 |
Mar leacht hiodrálach i gcórais iata chun comhlaí ionraoin gaile tuirbíní a thiomáint agus a rialú i stáisiúin chumhachta núicléiche |
An 31 Bealtaine 2030 |
Déantar rialú leormhaith ar an riosca i gcomhréir le hAirteagal 60(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. |
REACH/24/30/1 |
Mar leacht hiodrálach i gcórais iata chun príomhchomhlaí leithlisithe gaile a thiomáint agus a rialú i stáisiúin chumhachta núicléiche |
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4626/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)