|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4618 |
22.7.2024 |
FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN
Treoraíocht maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta
(C/2024/4618)
Sna 3 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (1), bhain na Ballstáit úsáid straitéiseach as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun a gcláir oibre athchóirithe agus infheistíochta a chur chun cinn, i gcomhréir le tosaíochtaí coiteanna an Aontais, agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann le fada agus ar dhúshláin nua araon, mar chuid dá dtéarnamh ó ghéarchéim COVID-19. Amhail ó dheireadh mhí Aibreáin 2024, bhí EUR 232 bhilliún eisíoctha leis na Ballstáit agus bhí sé measta ag an gCoimisiún go raibh thart ar 85 % de na garspriocanna agus na spriocanna a raibh dáta táscach cur i gcrích acu comhlíonta go sásúil faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024, nó bhí tuairiscithe ag na Ballstáit go raibh siad tugtha i gcrích. Ag an bpointe seo agus agus ós rud é go bhfuil an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi cheangal ama, ba cheart na hiarrachtaí comhchoiteanna uile a dhíriú ar chur chun feidhme iomlán agus tráthúil na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna) faoi 2026, más gá trí aghaidh a thabhairt ar bhealach solúbtha ar na scrogaill cur chun feidhme tráth a thiocfaidh siad chun cinn. I gcás inarb ábhartha, agus i gcomhréir le hamlíne dhocht chur chun feidhme na Saoráide, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá fós le hábhar na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a oiriúnú chun freastal ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn agus atá ag athrú.
Tar éis ionsaí míleata gan chúis na Rúise ar an Úcráin a d’athraigh an comhthéacs geopholaitiúil ó bhonn agus a chruthaigh dúshláin ollmhóra d’aontas fuinnimh an Aontais, rud a chuireann le hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta ghéarchéim COVID-19 ar an gcaoi sin, rinneadh formhór na na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a athchoigeartú i dtreo na dtosaíochtaí nua a sainaithníodh sa Phlean REPowerEU. Leasaíodh an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le caibidlí Rialachán REPowerEU sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta (2) chun feabhas a chur ar chumas na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta aghaidh éifeachtach a thabhairt ar an ngéarú díreach agus indíreach ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 atá ann de dheasca imeachtaí geopholaitiúla nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Go háirithe, beartaíodh leis na leasuithe sin ar an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an Phlean REPowerEU agus rannchuidiú le slándáil fuinnimh, le héagsúlú sholáthar fuinnimh an Aontais, le méadú ar ghlacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh agus éifeachtúlachta fuinnimh, le méadú ar acmhainneachtaí stórála fuinnimh agus leis an laghdú is gá a dhéanamh ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise roimh 2030.
I bhfianaise raon feidhme airgeadais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta lena gcuirtear EUR 648 mbilliún ar fáil chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí na mBallstát (3), tá ról lárnach ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag a comhpháirt REPowerEU anois maidir le hiomaíochas thionscal an Aontais a threisiú, le linn boilsciú ard, ganntanas saothair agus scileanna, athrú déimeagrafach, suaite sna slabhraí soláthair tar éis COVID-19, méaduithe tobanna ar chostais fuinnimh agus ar phraghsanna, agus i margadh domhanda ilroinnte. Faoi dheireadh 2023, bhí tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faighte ag 2,8 milliún cuideachta, ar FBManna iad an chuid is mó díobh (4)..
Mar sin féin, tá dúshláin bhreise ann go fóill maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais infheistíochta gheilleagair an Aontais. Tá sé fíorthábhachtach tacú le glacadh agus uas-scálú teicneolaíochtaí criticiúla áirithe agus teicneolaíochtaí áirithe atá ag teacht chun cinn sna hearnálacha straitéiseacha san Aontas chun spleáchais straitéiseacha a laghdú, iomaíochas an Aontais a neartú agus cuspóirí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach. Is é is aidhm don Rialachán lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘Rialachán STEP’), (5) a tháinig i bhfeidhm an 1 Márta 2024 agus lenar leasaíodh an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta freisin, teicneolaíochtaí straitéiseacha criticiúla agus teicneolaíochtaí straitéiseacha atá ag teacht chun cinn a threisiú, agus aird á díriú ar theicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha, ar theicneolaíochtaí glana atá tíosach ar acmhainní, agus ar bhith-theicneolaíochtaí. Féachann sé le tacú le forbairt, monaraíocht agus neartú slabhraí luacha sna réimsí sin, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna. Sa chomhthéacs sin, is féidir leis na Ballstáit cistiú ó chláir de chuid an Aontais atá ann cheana a leithdháileadh, lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chun tacú le cuspóirí STEP. An tráth céanna, ní mór na hinfheistíochtaí sin sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a bheith comhoiriúnach le ceanglais uile an Rialacháin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, lena n-áirítear an dáta a thabharfar chun críche iad.
Is é is aidhm don Treoraíocht seo míniú a thabhairt ar an bpróiseas chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta a mhodhnú, lena n-áirítear acmhainní ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a leithdháileadh i dtreo chuspóirí STEP.
Ina theannta sin, sna Conclúidí ó Chomhairle ECOFIN i mí Aibreáin 2024 maidir le meastóireacht mheántéarma na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, léiríodh an t-ualach riaracháin níos airde ná mar a bhí coinne leis a bhaineann le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon (6). D’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bealaí a shainaithint chun cur chun feidhme pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chuíchóiriú agus feabhas a chur orthu, agus cosaint leordhóthanach leasanna airgeadais an Aontais á háirithiú an tráth céanna. Agus aird á díriú ar dhlús breise a chur leis an gcur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear bearta a fhaigheann tacaíocht ó RRF i gcrích faoi mhí Lúnasa 2026, tugtar isteach leis an Treoraíocht seo freisin roinnt eilimintí simplithe maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta dá bhrí sin. Go háirithe:
|
— |
tugtar níos mó soiléireachta leis maidir leis an bhféidearthacht plean téarnaimh agus athléimneachta a leasú faoi Airteagal 21 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i gcás ina sainaithníonn Ballstát rogha níos fearr chun beart a chur chun feidhme ar bhealach lena laghdaítear an t-ualach riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme an bhirt sin agus gan uaillmhian an phlean a laghdú; |
|
— |
sainítear leis ar bhealach níos soiléire an raon feidhme i dtaca leis na hathruithe eile is féidir a dhéanamh ar phlean téarnaimh agus athléimneachta faoi Airteagal 21 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; |
|
— |
mínítear ann na himthosca faoina bhféadfadh sé nach mbeadh gá le socruithe oibríochtúla a athbhreithniú tar éis leasú a dhéanamh ar phlean téarnaimh agus athléimneachta, chun an t-ualach riaracháin a bhaineann leis na athbhreithnithe sin a laghdú. |
I gcomhthreo leis sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na ceanglais tuairiscithe atá ar na Ballstáit a shimpliú a mhéid is féidir faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Chuige sin, laghdófar an fhaisnéis a iarrfar i gcomhthéacs an tuairiscithe dhébhliantúil ar chur chun feidhme pleananna téarnaimh agus athléimneachta agus, i gcás ina molfaidh Ballstát a Iarscríbhinn II a scriosadh ó na socruithe oibríochtúla, (liostaítear san Iarscríbhinn seo céimeanna faireacháin: is céimeanna breise neamhcheangailteacha iad sin i gcás ina mbeidh ar riaracháin náisiúnta faisnéis bhreise a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na mbeart ábhartha), comhaontóidh an Coimisiún leis an scriosadh sin (7).
De bharr na moltaí ó Pharlaimint na hEorpa mar chuid d’urscaoileadh 2022 le haghaidh treoraíocht bhreise do na Ballstáit chun sineirgí in úsáid chistí an Aontais a éascú, cuirtear ar fáil leis an Treoraíocht seo soiléireacht níos fearr freisin maidir leis na coinníollacha faoinar féidir meascán pro rata de thacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais a bheith ann agus cistiú dúbailte á sheachaint an tráth céanna.
Maidir le hiniúchóireacht agus rialú, tacóidh an Coimisiún freisin le deiseanna simplithe a d’fhéadfadh a bheith ann chun sineirgí agus comhlántacht le hiniúchtaí arna ndéanamh ag údaráis iniúchóireachta náisiúnta agus Eorpacha a áirithiú. Leanfaidh sé de bheith ag obair leis na Ballstáit chun tuilleadh dearbhaithe a fháil gur féidir leis brath ar na hiniúchtaí a dhéanann comhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta. Leagfar amach ann freisin bealaí chun feabhas a chur ar a chomhar le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun iniúchtaí forluiteacha a sheachaint i gcás inar féidir, agus lánurraim á tabhairt do shainchumais an dá institiúid, go háirithe nuair a dhéantar iad sin in am chun dearbhú an Choimisiúin féin a thabhairt i gcrích.
Déantar an Treoraíocht a struchtúrú mar a leanas: Mínítear i gCuid 1 na forais dhlíthiúla atá ar fáil chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta a glacadh a mhodhnú, agus cumhdaítear i gCuid 2 ullmhú agus ábhar na n-aguisíní. Sonraítear ann freisin an fhaisnéis ba cheart do na Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cúiseanna, cuspóirí agus cineál na n-athruithe ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.
Comhlánaíonn an Treoraíocht seo an Treoraíocht maidir le hullmhú pleananna téarnaimh agus athléimneachta a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí Eanáir 2021 (8), arb í príomhthreoraíocht an Choimisiúin do na Ballstáit i gcónaí í maidir lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú agus a chur isteach. Cuirtear an treoraíocht sin in ionad threoraíocht mhí an Mhárta 2023 (9) cé is moite den fhaisnéis a bhaineann le caibidlí REPowerEU is ábhartha i gcónaí do na Ballstáit sin a bhfuil sé beartaithe acu caibidlí REPowerEU a chur isteach nó a athbhreithniú. Go háirithe, léirítear i roinn III nua forais dhlíthiúla nua le haghaidh leasuithe bunaithe ar Rialachán STEP.
Áirítear sa Treoraíocht seo freisin in Iarscríbhinn IV creat chun cistí a laghdú agus a ghnóthú faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ina dtugtar míniú ar an gcaoi a ndéanann an Coimisiún forálacha ábhartha an Rialacháin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in Airteagal 24(8) agus Airteagal 22(5), agus forálacha ábhartha na gComhaontuithe Maoiniúcháin agus Iasachta a chur i bhfeidhm.
Agus athruithe ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta á n-ullmhú, tá sé tábhachtach na prionsabail seo a leanas a chur i dtábhacht:
|
— |
Is é cur chun feidhme pras na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta an chéad tosaíocht go fóill. Ba cheart do na Ballstáit leanúint de gach iarracht is féidir a dhéanamh chun dul chun cinn maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí a áirithiú, iarrataí ar íocaíocht a chur isteach in am, agus an fhianaise ábhartha uile a chur ar fáil don Choimisiún, rud a fhágfaidh go bhféadfar cistí a eisíoc go tráthúil. |
|
— |
Agus bearta nua nó malartacha á moladh ag na Ballstáit, ba cheart dóibh tosaíocht a thabhairt do na bearta a bhfuil a gcur chun feidhme ar siúl cheana féin agus ba cheart dóibh a áirithiú gur féidir bearta a thabhairt i gcrích faoi mhí Lúnasa 2026. |
|
— |
Agus bearta nua nó malartacha á moladh ag na Ballstáit, ba cheart dóibh a mheas gur tosaíocht é úsáid a bhaint as an bhféidearthacht a chuirtear ar fáil le Rialachán STEP ranníocaíocht airgid a chur ar fáil d’urrann an Bhallstáit faoi InvestEU le haghaidh chuspóirí STEP agus ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh ar thionscadail a mbronntar Séala (Ceannasachta) STEP orthu. |
|
— |
Ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt freisin ar an tionchar féideartha ar phróifíl eisíocaíochta na n-athruithe ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta atá acu cheana agus aon siarchoinneáil athchóirithe nó infheistíochtaí a íoslaghdú. Ar an iomlán, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar sceideal cur chun feidhme na mbeart atá ann cheana chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gclár ama a comhaontaíodh. |
|
— |
Níor cheart uaillmhian fhoriomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a laghdú leis na hathruithe a dhéantar orthu faoi Airteagal 21, go háirithe maidir le bearta lena dtugtar aghaidh ar mholtaí tírshonracha agus lena gcuidítear le cuspóirí glasa agus digiteacha a bhaint amach. |
|
— |
Iarrtar ar na Ballstáit freisin a dtaithí ar chur chun feidhme na Saoráide go dtí seo a mheas agus a phlé leis an gCoimisiún, chun a chinneadh an bhféadfaí cuidiú le feabhas a chur ar chur i gcrích athruithe agus infheistíochtaí le hathruithe ar a gcreataí náisiúnta cur chun feidhme. |
Clár Ábhar
|
PART I: |
MODIFICATION OF RECOVERY AND RESILIENCE PLANS | 5 |
|
I. |
Introduction | 5 |
|
II. |
An amendment or replacement of the plan due to the plan or a part of it being no longer achievable because of objective circumstances | 5 |
|
III. |
Amendment linked to the Strategic Technologies for Europe Platform (STEP) | 7 |
|
PART II: |
GUIDANCE ON THE DEVELOPMENT AND PRESENTATION OF ADDENDA | 8 |
|
I. |
Objectives of the modifications | 9 |
|
II. |
Description of the changes | 11 |
|
III. |
Milestones, targets, and timeline | 14 |
|
IV. |
Financing and costs | 15 |
|
V. |
Complementarity and implementation of the RRP | 15 |
|
IARSCRÍBHINN I: |
IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS |
|
IARSCRÍBHINN II: |
TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH AGUISÍN A GHABHANN LEIS AN bPLEAN TÉARNAIMH AGUS ATHLÉIMNEACHTA |
|
IARSCRÍBHINN III: |
TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH CAIBIDIL REPOWEREU |
|
IARSCRÍBHINN IV: |
Laghduithe agus Aisghabhálacha faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta |
CUID I
PLEANANNA TÉARNAIMH AGUS ATHLÉIMNEACHTA A MHODHNÚ
I. Réamhrá
Agus a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta á modhnú ag na Ballstáit, moltar dóibh é sin a dhéanamh i dtaca le leagan comhdhlúite dá bplean, lenar cheart na hathruithe a tugadh isteach le linn chéim an mheasúnaithe a léiriú agus a bheith go hiomlán comhsheasmhach leis na cinntí cur chun feidhme ábhartha ón gComhairle. Na Ballstáit nár chomhdhlúthaigh a bplean, iarrtar orthu é sin a dhéanamh sula ndéanfaidh siad an plean a mhodhnú. Ba cheart do na Ballstáit pleananna modhnaithe a chur isteach i bhfoirm aguisín a ghabhann lena bpleananna comhdhlúite. Tá teimpléad tiomnaithe le haghaidh aguisín den sórt sin in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoraíocht seo.
Chun aon mhodhnú a dhéanamh ar na pleananna, beidh gá le measúnú nua ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Beidh gá le cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena bhformheasfar measúnú dearfach ar an bplean ar thogra ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ina dhiaidh sin, i gcás inar gá, síneofar socruithe oibríochtúla leasaithe. I gcomhaontú leis na mBallstát, agus d’fhonn an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a íoslaghdú, ní bheidh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe oibríochtúla chun an plean a mhodhnú ach amháin má chuirtear líon mór beart nua leis, (e.g. Caibidil REPowerEU) nó más gá sonraíochtaí breise sna socruithe oibríochtúla a chur leis nó a leasú.
Iarrtar ar na Ballstáit dul i mbun idirphlé neamhfhoirmiúil le seirbhísí an Choimisiúin ar dtús sula gcuirfidh siad pleananna téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe isteach. Is é is aidhm don idirphlé sin cabhrú leis na Ballstáit na modhnuithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú.
II. Nach féidir an plean a leasú nó plean eile a chur ina ionad toisc nach féidir an plean nó cuid de a bhaint amach a thuilleadh de bharr imthosca oibiachtúla
Faoi Airteagal 21 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tá an deis ag na Ballstáit leasú ar a bplean a iarraidh mura féidir garsprioc nó sprioc amháin nó níos mó a bhaint amach ina bplean téarnaimh agus athléimneachta a thuilleadh de bharr cúinsí oibiachtúla. Mar sin féin, leis an bplean leasaithe, ní mór aghaidh a thabhairt go fóill ar na moltaí tírshonracha ábhartha uile nó ar fhothacar mór díobh chomh maith leis na critéir mheasúnaithe uile eile dá bhforáiltear sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Mar gheall ar imthosca oibiachtúla, d’fhéadfadh sé nach bhféadfaí beart a bhaint amach a thuilleadh leis an leibhéal measta costais nó éifeachtúlachta nó d’fhéadfadh sé go sainaithneofaí rogha mhalartach níos fearr atá níos fabhraí chun na cuspóirí céanna atá ag an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nó ag an gcritéar measúnaithe a bhaint amach. Sna cásanna sin, beidh ar an mBallstát na heilimintí oibiachtúla atá mar bhonn taca leis na neamhéifeachtúlachtaí gan choinne a eascraíonn as cur chun feidhme an bhirt mar a bhí beartaithe ar dtús a thabhairt chun cinn agus a léiriú go bhfuil an rogha mhalartach atá beartaithe níos oiriúnaí chun cuspóirí beartaithe an bhirt sin a bhaint amach. Mar shampla, d’fhéadfadh an Ballstát fianaise a chur chun cinn go bhfuil an beart malartach níos costéifeachtaí nó níos fabhraí chun cuspóirí beartais an athchóirithe nó na hinfheistíochta a bhaint amach.
D’fhéadfadh sé go bhfágfadh imthosca oibiachtúla nach féidir beart a bhaint amach a thuilleadh leis an leibhéal measta costais nó éifeachtúlachta i bhfianaise an ualaigh riaracháin a bhaineann lena chur chun feidhme. D’fhéadfadh sé go sainaithneofaí rogha mhalartach níos fearr mar thoradh air sin, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an t-ualach riaracháin a laghdú maidir le beart ar leith a chur chun feidhme, agus cuspóirí an dara beart á gcomhlíonadh an tráth céanna agus, dá réir sin, gan uaillmhian an phlean téarnaimh agus athléimneachta a laghdú. Sna cásanna sin, beidh ar an mBallstát na heilimintí oibiachtúla a thabhairt chun tosaigh lena léirítear nach bhfuil gá le gníomhaíocht shonrach nó próiseas sonrach chun cuspóirí an bhirt sin atá beartaithe a bhaint amach. Go háirithe, is féidir le Ballstát fianaise a chur chun tosaigh go bhfuil ceanglais áirithe maidir le garsprioc, sprioc nó tuairisc ar bheart mionsonraithe gan ghá nó go bhfuil siad ina gcúis le hualach riaracháin gan údar, toisc nach rannchuidíonn siad le cuspóirí an bhirt a bhaint amach.
Agus Airteagal 21 á agairt ag na Ballstáit chun a bplean a leasú, tá siad freagrach as údar leordhóthanach a chur ar fáil chun tacú leis na hathruithe atá beartaithe agus is féidir leo an cineál fianaise agus faisnéise ba mhaith leo a chur chun cinn chun tacú lena réasúnaíocht a roghnú. Is iad cineál agus sórt na n-athruithe, agus na himthosca oibiachtúla atá á agairt, a chinnfidh méid na faisnéise is gá a chur ar fáil. Mar shampla, ní gá do na Ballstáit fianaise a thabhairt maidir le himthosca a bhfuil eolas forleathan orthu (e.g. ganntanais sna slabhraí soláthair) ach ba cheart dóibh faisnéis shonrach a chur ar fáil maidir le tionchar na n-imeachtaí sin ar na bearta ábhartha. I gcás ina sainaithneofar rogha mhalartach níos fearr nó i gcás ina mbeidh ceanglais áirithe maidir le garsprioc, sprioc nó tuairisc ar bheart mionsonraithe gan ghá nó ina mbeidh siad ina gcúis le hualach riaracháin gan údar, ba cheart an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a bheith gonta. Níor cheart díriú ach ar na mínithe a bhaineann leis an rogha mhalartach níos fearr nó ar an gcúis nach rannchuidíonn roinnt ceanglas le cuspóirí an bhirt a bhaint amach.
Is féidir na cásanna seo a leanas a úsáid mar shamplaí de na cineálacha athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi Airteagal 21 agus den chineál faisnéise a bheadh ar na Ballstáit a chur isteach: (10)
|
— |
Molann Ballstát deireadh a chur le hinfheistíocht mhór dhigiteach mar gheall ar ghanntanais sa slabhra soláthair. Tá forbhreathnú gonta ag gabháil leis an iarraidh ar na hiarrachtaí a rinne na húdaráis an táirge ábhartha a fháil agus, i gcás ina mbeidh fáil air, fianaise ar an nós imeachta tairisceana ar theip air. |
|
— |
Aithníonn Ballstát bealach níos costéifeachtúla chun mol iompair a thógáil agus ba mhaith leis na sonraíochtaí teicniúla ábhartha a athrú sa gharsprioc chomhfhreagrach. Tá nóta ag gabháil leis an iarraidh sin ina mínítear an cineál anailíse a rinneadh chun a chinneadh go mbeadh an modh nua níos costéifeachtúla agus go mbainfí na torthaí foriomlána céanna as. |
|
— |
Ba mhaith le Ballstát saintréithe gléasra hidreachumhachta a athrú, ós rud é go bhféadfadh sé aschur fuinnimh i bhfad níos fearr a chur ar fáil, in ainneoin costais beagán níos airde. Cuireann an Ballstát anailís ghairid ar fáil maidir leis an gcaoi a gcuirfeadh saintréithe nua an ghléasra hidreachumhachta feabhas ar a fheidhmíocht fhoriomlán, chomh maith le meastachán costais arna thabhairt cothrom le dáta ar an mbeart. |
|
— |
Beartaíonn Ballstát deireadh a chur leis an gceanglas bratchiste a chruthú nach n-úsáidfí ach amháin chun infheistíochtaí a dhíriú i dtreo dhá chiste atá ann cheana. Molann Ballstát gur féidir an infheistíocht a chur chun feidhme go díreach trí úsáid a bhaint as an dá chiste atá ann cheana gan an t-ualach riaracháin a bhaineann le cruthú an bhratchiste. |
|
— |
Molann Ballstát táscaire eile (e.g. an líon heicteár a cuireadh le dlús áirithe crann) a chur in ionad an táscaire le haghaidh infheistíocht ar leith (e.g. an líon crann a cuireadh) toisc nach raibh sé indéanta nó go raibh ualach rómhór ann, faoin dlí náisiúnta agus faoi nósanna imeachta náisiúnta, fianaise dhíreach a thabhairt ar chomhlíonadh an bhuntáscaire. Tríd an táscaire nua a úsáid, bheadh an Ballstát in ann a léiriú, agus ualach riaracháin níos éadroime aige, gur baineadh amach an gharsprioc/sprioc, gan uaillmhian na hinfheistíochta a athrú. |
|
— |
Molann Ballstát mionsonraí sonracha a luaitear i ngarsprioc nach ábhartha do chuspóir an bhirt a bhaint (mar shampla, toisc gur cuireadh leis é tráth na caibidlíochta mar ghné den chomhthéacs). Sampla amháin (i measc cásanna féideartha eile) a d’fhéadfadh a bheith ann dá ndéanfadh an Ballstát tagairt lena ainm do chomhlacht riaracháin ar leith, nach ann dó a thuilleadh/a ndearnadh a chumasc le struchtúr eile nó a bhféadfadh athrú a bheith tagtha ar a inniúlachtaí ó glacadh an plean téarnaimh agus athléimneachta. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh an Ballstát an gharsprioc a mhodhnú agus gan ach tagairt a dhéanamh don riarachán foriomlán mar an riarachán atá i gceannas ar chur chun feidhme na garsprice. |
|
— |
Molann Ballstát deireadh a chur leis an oibleagáid deontais a shannadh d’infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh bunaithe ar thacar mór critéar mionsonraithe. I bhfianaise chastacht iomarcach an chórais sannta sin a rannchuidíonn le héileamh teoranta ó thairbhithe, cinneann an Ballstát na coinníollacha maidir le sannadh deontas a shimpliú. Ní dhéanann na critéir athbhreithnithe na tograí a rangú ach amháin bunaithe ar leibhéal an choigiltis fuinnimh a bhfuil coinne leis, agus comhlíonadh an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus na rialacha maidir le státchabhair á n-áirithiú (e.g. roinn 2.6 den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe um Státchabhair). Áirithítear leis an gcur chuige níos simplí sin fós go mbainfear amach an cuspóir maidir le gnóthachain shuntasacha éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach. |
Níor cheart uaillmhian fhoriomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a laghdú leis na hathruithe atá beartaithe, ba cheart a áirithiú leo go leanfaidh na pleananna de na moltaí tírshonracha ábhartha uile nó fothacar suntasach díobh a chomhlíonadh agus nach ndéanfar an cur chun feidhme a shiarchoinneáil i dtreo bhlianta deireanacha na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta mar thoradh orthu. I gcás ina mbainfidh Ballstát beart nach féidir a bhaint amach a thuilleadh óna phlean téarnaimh agus athléimneachta laistigh d’amlíne na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, d’fhéadfadh sé gur mhian leis an mBallstát breithniú a dhéanamh ar na tionscadail lena mbaineann a aistriú chuig Cistí Comhtháthaithe fad a thagann siad faoi chuspóirí beartais na gclár oibríochtúil agus go gcomhlíonann siad na rialacha ábhartha.
III. Leasú atá nasctha leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP)
Is é is aidhm don Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) tacú le teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt nó a mhonarú ar fud an Aontais, agus a slabhraí luacha faoi seach a chosaint agus a neartú trí chistí atá ann cheana a ghiaráil agus sineirgí a chothú. Is iad na hearnálacha a chumhdaítear le STEP (i) teicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíocht domhainteicneolaíochta; agus (iii) bith-theicneolaíochtaí, lena n-áirítear táirgí íocshláinte ar liosta an Aontais de tháirgí íocshláinte criticiúla agus a gcomhpháirteanna. Ina theannta sin, rannchuideoidh STEP le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna atá ríthábhachtach do phoist ardcháilíochta chun tacú le cuspóirí STEP.
Le Rialachán STEP5 leasaíodh an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun go bhféadfadh na Ballstáit méid breise suas le 6 % de luach a bplean téarnaimh agus athléimneachta a leithdháileadh go heisiach ar na hinfheistíochtaí a thacaíonn le cuspóirí STEP trí Urrann an Bhallstáit InvestEU. Go nithiúil, is féidir leis na Ballstáit méid na ranníocaíochta a áireamh ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta mar chostais mheasta chun críoch urrann an Bhallstáit InvestEU, go heisiach le haghaidh bearta a thacaíonn le hoibríochtaí airgeadas agus infheistíochta a rannchuidíonn le cuspóirí STEP.
An fhéidearthacht aistrithe tosaigh dá bhforáiltear in Airteagal 7(2) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun an ranníocaíocht chun críoch urrann an Bhallstáit InvestEU suas le 4 % de luach a bplean téarnaimh agus athléimneachta a áireamh sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, mar chostais mheasta, is féidir leanúint dá húsáid, lena n-áirítear le haghaidh bearta nach mbaineann le cuspóirí STEP. Dá bhrí sin, is féidir suas le 10 % de leithdháileadh airgeadais iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta a bheith sa ranníocaíocht iomlán. Ní mór do na bearta ábhartha ceanglais an Rialacháin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a urramú.
Maidir le haon bheart eile sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, ní mór garspriocanna agus spriocanna deiridh na mbeart a chuirtear chun feidhme trí InvestEU a bheith tugtha i gcrích faoin 31 Lúnasa 2026 . Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit ar mian leo úsáid a bhaint as an bhféidearthacht mhéadaithe aistrithe sin chun críoch urrann an Bhallstáit faoi InvestEU tús a chur leis an bplé leis an gComhpháirtí Cur Chun Feidhme ábhartha agus leis an gCoimisiún a luaithe is féidir. Tá sé fíor-riachtanach go gcomhaontóidh an Comhpháirtí Cur Chun Feidhme an leithdháileadh ar an mBallstát sonrach a chur chun feidhme agus moltar go láidir, ar mhaithe le cur chun feidhme tráthúil, táirge airgeadais atá ann cheana agus a chuirtear chun feidhme faoi Urrann an Aontais a roghnú. Chun a áirithiú gur féidir a mheas go bhfuil bearta InvestEU curtha chun feidhme faoin 31 Lúnasa 2026, ní mór an comhaontú ranníocaíochta is gá idir an Coimisiún agus an Ballstát agus na comhaontuithe ráthaíochta idir an Coimisiún agus an Comhpháirtí Cur Chun Feidhme a chaibidliú agus a shíniú a luaithe is féidir (11). I bhfianaise an ama is gá chun na comhaontuithe sin a shíniú agus na hoibríochtaí infheistíochta a dtabharfar tacaíocht dóibh a shainaithint, ba cheart do na Ballstáit a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta leasaithe a chur isteach faoi dheireadh 2024 agus úsáid á baint acu as an bhféidearthacht mhéadaithe aistrithe sin chun críoch urrann an Bhallstáit faoi InvestEU. I bhfianaise spriocdháta an 31 Lúnasa 2026, moltar go láidir do na Ballstáit úsáid a bhaint as an bhféidearthacht mhéadaithe cistí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a aistriú chuig urrann Bhallstáit InvestEU, go háirithe, má bhíonn deacrachtaí acu maidir le seachadadh tráthúil roinnt beart ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.
Le Rialachán STEP, tugadh isteach bunús dlí nua faoi Airteagal 21(1a) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i gcomhar le hAirteagal 7(3) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus Airteagal 4(4) de Rialachán STEP, chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta a leasú. Cuireann sé sin ar a gcumas do na Ballstáit leasú ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a iarraidh chun leas a bhaint as an bhféidearthacht suas le 6 % de leithdháileadh airgeadais a bplean a aistriú chuig urrann an Bhallstáit faoi InvestEU, agus chun na críche sin amháin. Leis an mbunús dlí nua sin chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta a leasú, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit (i) na bearta atá ann cheana a chuireann le cuspóirí STEP a athdhearadh ar bhealach inar féidir iad a threorú trí InvestEU (i.e. iad a thiontú ina dtáirgí airgeadais), nó (ii) na bearta atá ann cheana a bhaint agus na hacmhainní saortha a úsáid chun tacú le bearta nua STEP ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta trí InvestEU. I gceachtar cás, leanfaidh na critéir mheasúnaithe uile atá ann cheana faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta d’fheidhm a bheith acu maidir leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe.
Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 19(3) de Rialachán STEP gur cheart do na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil ar Thairseach (Cheannasachta) STEP sula seolfar aon ghlao ar thograí nó aon nós imeachta tairisceana a bhaineann le cuspóirí STEP:
|
(a) |
an limistéar geografach a chumhdaítear leis an nglao ar thograí; |
|
(b) |
an infheistíocht lena mbaineann; |
|
(c) |
cineál na n-iarratasóirí incháilithe; |
|
(d) |
méid iomlán na tacaíochta don ghlao; |
|
(e) |
dáta tosaigh agus dáta deiridh an ghlao; |
|
(f) |
nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfoilseofar an glao. |
Dá bhrí sin, tá coinne leis go gcuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin faoi bhráid a gcontrapháirtithe ón gCoimisiún Eorpach lena foilsiú ar Thairseach STEP.
Ar deireadh, leagtar amach in Airteagal 4(4) de Rialachán STEP go déanfaidh na Ballstáit, agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, gan dochar d’fhorálacha an Rialacháin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a mheas gur tionscadail tosaíochta iad na tionscadail sin ar bronnadh Séala (Ceannasachta) STEP orthu. Agus iarraidh ar leasuithe ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta á cur isteach ag na Ballstáit, lena mbaineann bearta nua a chur isteach, ba cheart dóibh míniú gairid a thabhairt ar an gcaoi a measann siad gur tionscadail tosaíochta iad na tionscadail sin ar bronnadh Séala STEP orthu (féach Iarscríbhinn II freisin). Is lipéad é Séala STEP atá ceaptha infheictheacht infheistíochtaí na dtionscadal ardcháilíochta atá ar fáil lena gcistiú a mhéadú. Rud atá tábhachtach, is féidir leis na Ballstáit tacú le tionscadail a thagann faoi raon feidhme STEP gan beann ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil Séala STEP acu.
I gcás inar chuir Ballstát ranníocaíocht, mar chostais mheasta, san áireamh ina phlean téarnaimh agus athléimneachta cheana féin, chun críoch urrann an Bhallstáit faoi InvestEU, agus ina meastar go rannchuidíonn bearta an phlean téarnaimh agus athléimneachta sin le cuspóirí Rialachán STEP, féadfaidh na Ballstáit a roghnú freisin na ranníocaíochtaí sin atá ann cheana le hurrann an Bhallstáit faoi InvestEU a bhreisiú le haghaidh beart den chineál céanna. Chuige sin, bheadh gá le leasuithe ar na comhaontuithe ranníocaíochta agus ráthaíochta atá ann cheana.
Chun treoraíocht bhreise a fháil maidir le raon feidhme na mbeart a rannchuidíonn le cuspóirí STEP agus le haghaidh ceanglais bhreise faoi Rialachán STEP, tá Treoraíocht STEP (12) ar leithligh infheidhme agus ba cheart dul i gcomhairle léi.
Liosta de na bunúis dlí atá ar fáil le haghaidh iarrataí ar leasú ó na Ballstáit
|
Cásanna atá ar fáil |
Bunús dlí |
|
Caibidil REPowerEU a chur leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta |
Airteagal 21c |
|
Leasú ar bhearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta mar gheall ar imthosca oibiachtúla a fhágann nach bhféadfar na bearta sin a bhaint amach a thuilleadh |
Airteagal 21 |
|
Leasú ar bhearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcás ina sainaithnítear rogha mhalartach níos fearr nó i gcás ina bhfuil ceanglais áirithe maidir le garsprioc, sprioc nó tuairisc ar bheart mionsonraithe gan ghá nó go bhfuil siad ina gcúis le hualach riaracháin gan údar, toisc nach rannchuidíonn siad le cuspóirí an bhirt a bhaint amach. |
Airteagal 21 |
|
Leasú lena mbaintear úsáid as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 7(3) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus in Airteagal 4(4) de Rialachán STEP chun bearta a áireamh sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a thacaíonn le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) |
Airteagal 21(1a) |
|
Meascán d’aon cheann de na cásanna thuas |
Airteagail 21, 21(1a) nó 21c |
CUID II
TREORAÍOCHT MAIDIR LE FORBAIRT AGUS CUR I LÁTHAIR AGUISÍNÍ
Tugtar treoraíocht fhoriomlán sa roinn seo maidir le forbairt agus cur i láthair an aguisín a ghabhann le plean téarnaimh agus athléimneachta. Ar fud na Coda seo, úsáidtear an téarma ‘modhnú’ chun na hathruithe uile ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chumhdach, gan beann ar an mbunús dlí. Agus a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta á modhnú ag na Ballstáit, ba cheart dóibh fianaise a thabhairt a bhaineann leis na critéir mheasúnaithe a leagtar amach sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Ba cheart méid na faisnéise nua a chuirfear ar fáil a bheith comhréireach leis na hathruithe a mholtar san aguisín. Mura bhfuil aon tionchar ag na hathruithe atá beartaithe ar roinn ar leith, ní gá an chuid ghaolmhar den teimpléad a líonadh isteach. Níl aon ghá athstruchtúrú a dhéanamh ar an bplean a glacadh cheana féin agus ba cheart aon athrá a sheachaint.
Tugtar forléargas sna ranna thíos ar na heilimintí ba cheart do na Ballstáit a léiriú ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe. Tugtar aghaidh sa Treoraíocht seo ar na ceisteanna is minice a tharraing na Ballstáit anuas agus cuirtear treoirlínte praiticiúla ar fáil maidir leis an gcaoi leis aguisín a ghabhann leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a struchtúrú. Chun comhsheasmhacht a áirithiú i gcur i láthair an aguisín agus sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, leanann an struchtúr seo thíos an Treoraíocht maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta ó mhí Eanáir 2021. Moltar do na Ballstáit leanúint d’úsáid a bhaint as an struchtúr céanna dá bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus na hathruithe ar na codanna de na pleananna téarnaimh agus athléimneachta atá ann cheana a theorannú.
Chun an treoraíocht agus an fhaisnéis a bhaineann leis na bearta faoi REPowerEU a fháil, iarrtar ar na Ballstáit tagairt a dhéanamh do Chuid II, Roinn 1, den treoraíocht thiomnaithe a foilsíodh i mí an Mhárta 2023 (13).
I. Cuspóirí na modhnuithe
Freagairt chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta/an rannchuidiú leis na 6 cholún
Ba cheart an plean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe a bheith ina fhreagairt chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith i gcónaí ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta, agus de rannchuidiú ar bhealach iomchuí le gach ceann de na sé cholún in Airteagal 3 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba cheart an chothromaíocht sin a choinneáil leis na hathruithe ar an bplean, nó, i gcás ina modhnófaí é, ba cheart údar cuí a bheith leo trína léiriú go bhfuil sé sin i gcomhréir leis na dúshláin nua atá ann. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil an plean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe fós ina fhreagairt chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith ar staid eacnamaíoch agus shóisialta an Bhallstáit lena mbaineann. Más athruithe imeallacha iad na hathruithe ar an bplean, is féidir leis na Ballstáit glacadh leis go leanfaidh rannchuidiú leis na sé cholún de bheith cothromaithe, gan an gá le mínithe breise mionsonraithe a thabhairt.
Ba cheart do na Ballstáit na bearta nua a nascadh leis na colúin ábhartha, trí mhíniú a thabhairt ar an gcaoi a rannchuideoidh siad leo. Má bhaintear bearta áirithe ón bplean modhnaithe nó má laghdaítear iad, ba cheart míniú a thabhairt maidir leis an gcaoi a leanfaidh rannchuidiú foriomlán an phlean leis na colúin lena mbaineann de bheith leordhóthanach. I gcás inarb ábhartha, ba cheart nasc a tharraingt leis an míniú sin idir na bearta a baineadh agus aon bheart nua atá beartaithe mar ionadú ar an gcéad bheart eile, agus tagairt á déanamh do na colúin a ndéantar difear dóibh.
Ba cheart aird chuí a thabhairt sna mínithe a thugtar ar aon fhorbairt nua i mbeartais an Bhallstáit nó i mbeartais an Aontais a dhéanann difear do na sé cholún. Na haguisíní ina bhfuil bearta breise nach gcumhdaítear ach ceann amháin nó dhá cheann de na colúin leo, tá siad inghlactha a mhéid a bhfuil údar cuí leis sin i ngeall ar na dúshláin nua atá os comhair na mBallstát.
Nasc le moltaí tírshonracha agus leis an Seimeastar Eorpach
Agus athbhreithniú á dhéanamh ag na Ballstáit ar a bpleananna, ní mór dóibh leanúint d’aghaidh éifeachtach a thabhairt ar na dúshláin uile nó ar fhothacar suntasach de na dúshláin a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, ina gcuimsítear na dúshláin a ghlac an Chomhairle i dtimthriallta Sheimeastar Eorpach 2019, 2020, 2022 agus 2023 agus i dtimthriallta an tSeimeastair ina dhiaidh sin suas go dtí dáta an mheasúnaithe ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe (14). Déantar breithniú sna tuarascálacha bliantúla de réir tíre ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na mbeart a áirítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, agus béim á leagan ar shamplaí d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí tábhachtacha, agus sainaithnítear iontu príomhdhúshláin atá fós gan réiteach nó atá ag teacht chun cinn nach gcumhdaítear go leordhóthanach sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta.
Níor mhór an leibhéal céanna uaillmhéine a choinneáil i gcás plean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe agus a bhí sa phlean a glacadh roimhe seo, go háirithe maidir le hathchóirithe lena dtugtar aghaidh ar mholtaí tírshonracha. Go háirithe agus a n-aguisíní á n-ullmhú ag na Ballstáit, ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh tionchar na n-athruithe atá beartaithe ar inbhuanaitheacht fhioscach i gcomhréir le moltaí tírshonracha 2022 a bhaineann le hábhair fhioscacha agus bhuiséadacha, mar a d’fhormheas an Chomhairle. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit ón limistéar euro a áirithiú go bhfuil na bearta arna dtabhairt cothrom le dáta comhsheasmhach leis na tosaíochtaí a sainaithníodh sa mholadh is déanaí maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro arna ghlacadh ag an gComhairle.
An tráth céanna, i gcreat nua an Aontais um fhaireachas fioscach a chuirtear i bhfeidhm den chéad uair in 2024 le haghaidh pleanáil bhuiséadach ó 2025 ar aghaidh, is féidir leis na Ballstáit síneadh ar a dtréimhse coigeartaithe fhioscaigh a iarraidh, ar choinníoll go n-áirítear ina bPlean Struchtúrach Fioscach Meántéarmach tacar athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a chomhlíonann critéir Rialachán 2024/1263, a bhaineann, i measc nithe eile, leis an inbhuanaitheacht fhioscach agus leis an rannchuidiú le fás. Is féidir gealltanais athchóirithe agus infheistíochta atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur san áireamh chun na críche sin freisin. D’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag leasuithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta lena mbaineann gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a thug údar le síneadh a chur leis an gconair coigeartaithe fhioscaigh ar an bplean struchtúrach fioscach meántéarmach a d’fhormhuinigh an Chomhairle.
Tionchar foriomlán an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta
I gcomhréir le Treoraíocht 2021 agus 2023 maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar a mhéid a mheastar go n-athróidh na hathruithe atá beartaithe tionchar foriomlán a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ba cheart a léiriú sa mhíniú sin an tionchar a mheastar a bheidh ag an bplean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe ina iomláine, agus na bearta a cuireadh leis nó a baineadh de á gcur san áireamh.
Ba cheart na heilimintí seo a leanas a léiriú:
|
— |
Ionchas maicreacnamaíoch agus sóisialta; |
|
— |
Míniú ar thionchar maicreacnamaíoch agus sóisialta an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; |
|
— |
Inbhuanaitheacht; |
|
— |
Comhtháthú. |
I gcás ina bhfuil modhnuithe ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta suntasach ó thaobh substainte agus/nó méide de, iarrtar ar na Ballstáit figiúirí a tugadh cothrom le dáta a chur ar fáil maidir le tionchar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe. Agus é sin á dhéanamh ag na Ballstáit, is féidir leo a bheith ag brath ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ina gCláir Náisiúnta um Athchóiriú nó ina bPleananna Struchtúracha Fioscacha Meántéarmacha, agus is féidir leo crostagairtí a úsáid más gá. Ba cheart méid na faisnéise nua a chuirfear ar fáil a bheith comhréireach leis na hathruithe a mholtar sna haguisíní.
Comhleanúnachas
Ba cheart tionchar na n-athruithe atá beartaithe maidir le comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe a chur in iúl trí mhíniú a thabhairt ar na hidirghníomhaíochtaí idir bearta nua agus iad siúd a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a glacadh roimhe sin, trí thagairt a dhéanamh do na bearta a choinnítear ar bun agus do na bearta a tarraingíodh siar sa phlean modhnaithe. Iarrtar ar na Ballstáit míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a gcoinnítear ar bun an chothromaíocht fhoriomlán idir athchóirithe agus infheistíochtaí. Níor cheart neamhréireachtaí a chruthú le bearta nua nó modhnaithe, agus níor cheart comhleanúnachas foriomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta a dhéanamh níos measa mar thoradh orthu.
Ní mór comhsheasmhacht le comhaontuithe agus cláir chomhpháirtíochta an bheartais chomhtháthaithe atá formheasta a leagan amach freisin, i gcomhréir le hAirteagail 17(3) agus 18(4)(n), agus aithris 62 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (féach thíos freisin).
Comhionannas inscne agus comhdheiseanna do chách
Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a ndéanann na hathruithe difear do rannchuidiú a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe le cuspóirí an chomhionannais inscne agus comhdheiseanna do chách.
Ba cheart do na Ballstáit Treoraíocht 2021 maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a leanúint chun na críche sin agus, an tráth céanna, na forbairtí is déanaí a léiriú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh, mar shampla:
|
— |
Breithniú a dhéanamh faoin mbealach is fearr chun na cuspóirí maidir le comhionannas inscne agus comhdheiseanna a chur san áireamh sa phróiseas cur chun feidhme agus faireacháin, agus an taithí a fuarthas go dtí seo maidir le cur chun feidhme a bpleananna á cur san áireamh; |
|
— |
Foráil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht comhlachtaí comhionannais agus neamh-idirdhealaithe i gcur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, mar shampla mar chuid de na comhlachtaí ábhartha faireacháin; |
|
— |
Na cuspóirí sin a léiriú ar bhealach níos fearr sna garspriocanna agus sna spriocanna athbhreithnithe, mar shampla trí iad a dhí-chomhiomlánú de réir inscne, aoise, míchumais, nó de réir bunadh ciníoch nó eitneach, i gcás inar féidir. |
Ba cheart méid na faisnéise nua a chuirfear ar fáil a bheith comhréireach leis na hathruithe a mholtar sna haguisíní.
Státchabhair
Tá feidhm iomlán ag na rialacha a bhaineann le státchabhair maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí breise nó athbhreithnithe. Tá sé de fhreagracht ar gach Ballstát a áirithiú go gcomhlíonann na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí uile ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta rialacha an Aontais maidir le státchabhair agus go leanfaidh siad na nósanna imeachta státchabhrach is infheidhme.
Sa chomhthéacs sin, tugtar treoir i dTreoirlínte 2022 an Choimisiúin maidir leis an Aeráid, Cosaint an Chomhshaoil agus Cúnamh Fuinnimh (‘CEEAG’) (15) maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhoiriúnacht an bhirt cabhrach le haghaidh chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cosaint an chomhshaoil agus fuinneamh atá faoi réir an cheanglais fógra a thabhairt faoi Airteagal 108(3) CFAE. Thairis sin, dearbhaítear i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (‘GBER’) catagóirí sonracha státchabhrach atá comhoiriúnach leis an gConradh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha soiléire, agus díolmhaítear ann na catagóirí sin ón gceanglas fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún agus formheas a fháil ón gCoimisiún. Ba cheart a thabhairt faoi deara go ndearna an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine an 23 Meitheamh 2023 agus gur mhéadaigh sé a raon feidhme chomh maith leis na tairseacha fógartha, rud ar cheart dó imréiteach na mbeart faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a éascú. Mar shampla, maidir le bearta a chuireann le cuspóirí REPowerEU, moltar do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar fhorálacha Roinn 4 den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine maidir le cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus na nuálaíochta agus Roinn 7 maidir le cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil.
An Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe um Státchabhair a ghlac an Coimisiún an 9 Márta 2023 agus a athbhreithníodh an 20 Samhain 2023 agus an 2 Bealtaine 2024 chun tacú le geilleagar an Aontais i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin agus chun tacú le hearnálacha atá ríthábhachtach don aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach, d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha freisin maidir leis an measúnú státchabhrach ar bhearta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a mhéid a d’fhéadfadh siad teacht faoi raon feidhme ranna 2.5, 2.6 nó 2.8 den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe um Státchabhair atá fós infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2025. Chomh maith leis sin, na tionscadail a thagann faoi raon feidhme Rialachán STEP nó a mbronntar Séala (Ceannasachta) STEP orthu, ní mór dóibh na rialacha maidir leis an státchabhair a chomhlíonadh a mhéid atá maoiniú ó na Ballstáit i gceist.
De réir Threoraíocht agus theimpléad 2021 maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, ba cheart do na Ballstáit a shonrú ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe le haghaidh gach athchóiriú agus infheistíocht nua nó athbhreithnithe cé acu a mheasann nó nach measann siad go bhfuil gá le fógra maidir le státchabhair de réir an bhirt, agus más amhlaidh go bhfuil, iarrtar orthu léiriú a thabhairt ar uainiú an réamhfhógra agus an fhógra. Má mheasann an Ballstát nach bhfuil gá le fógra a thabhairt faoin mbeart, ba cheart don Bhallstát tagairt a áireamh don chinneadh reatha um údarú státchabhrach nó d’fhorálacha sa Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine nó i rialacháin eile maidir le blocdhíolúine a mheastar a bheith infheidhme maidir leis an mbeart, mar aon leis na húdair bhunúsacha, nó tuairisc ar na cúiseanna nach gcáilíonn an beart mar státchabhair. Agus an amlíne á réamh-mheas ag na Ballstáit chun na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a chomhlíonadh, ní mór dóibh a áirithiú go mbeidh dóthain ama ag an gCoimisiún aon státchabhair a d’fhéadfadh a bheith sna bearta infheistíochta ábhartha agus a mbeadh fógra státchabhrach de dhíth ina leith a imréiteach. Tá treoraíocht mhionsonraithe maidir le státchabhair curtha ar fáil ag an gCoimisiún do na Ballstáit cheana féin (16) agus tá sé réidh chun réamhthreoraíocht a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le comhlíonadh gach infheistíochta a áirítear ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe leis an gcreat rialála maidir le státchabhair más gá. Moltar do na Ballstáit a sceideal (réamh)fhógra a chomhroinnt leis an gCoimisiún, mar aon leis an iarraidh ar leasú chun dóthain ama a áirithiú agus chun aon deacracht cur chun feidhme a sheachaint de dhroim míthuiscint ar na rialacha is infheidhme maidir le státchabhair.
Bunaithe ar an taithí a fuarthas roimhe seo maidir le bearta a áirítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta agus a ndearnadh athbhreithniú orthu ó thaobh na státchabhrach de, tá sé ríthábhachtach cumarsáid a dhéanamh go luath le seirbhísí an Choimisiúin agus pleananna téarnaimh agus athléimneachta á n-athbhreithniú, chun measúnú pras a dhéanamh ar státchabhair ar na bearta ar tugadh fógra ina leith. Iarrtar ar na Ballstáit dul i mbun plé le seirbhísí an Choimisiúin chun lántairbhe a bhaint as na deiseanna a thugtar leis na creataí éagsúla státchabhrach d’fhonn bearta a dhearadh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.
Cé go bhféadfadh athrú teacht ar na rialacha maidir le státchabhair go dtí 2026, ba cheart a mheabhrú, faoi na rialacha maidir le státchabhair, gurb é an tráth ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar bheart tráth a dheonaítear an státchabhair, i.e. tráth a thugtar ceart atá in-fhorfheidhmithe le dlí don tairbhí an chabhair a fháil.
II. Tuairisc ar na hathruithe
De réir Threoraíocht agus theimpléad 2021 maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta ba cheart an chuid seo a struchtúrú in aghaidh na comhpháirte. Níor cheart an roinn a chur ar fáil ach amháin i gcás na gcomhpháirteanna sin a ndéantar athruithe ina leith. Níor cheart an fhaisnéis a chuirtear ar fáil i ranna eile a thabhairt athuair ach a léiriú cé na hathruithe a rinneadh i gcomparáid leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a glacadh roimhe seo (le tagairtí beachta do na ranna agus na bearta ábhartha). Is féidir leis na Ballstáit brath ar na comhpháirteanna atá ann cheana chun roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí den ábhar céanna a chur leis (e.g. féadfar beart nua athchóirithe foirgneamh a chur le comhpháirt atá ann cheana maidir le hathchóiriú fuinnimh). Is féidir leis na Ballstáit gnéithe nua ar fad a chur leis i gcás infheistíochtaí agus athchóirithe nua a bhfuil tosaíochtaí éagsúla acu.
Tuairisc ar leasuithe agus infheistíochtaí
I gcás gach comhpháirte ina bhfuil athruithe ar na bearta bunúsacha, ba cheart do na Ballstáit a léiriú cé na hinfheistíochtaí nó na hathchóirithe atá ‘curtha leo’, ‘bainte’ nó ‘modhnaithe’ i gcomparáid leis na pleananna roimhe seo.
Úsáid ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha
Is féidir le bearta i bhfoirm ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a bheith ina réiteach tarraingteach chun na hinfheistíochtaí a áirítear i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a sholáthar ar roinnt cúiseanna:
|
— |
Is féidir le hionstraimí airgeadais aisíocaíocht an bhunairgid a fhaigheann na tairbhithe a leabú ar ais chuig an mBallstát, rud a chuireann srian ar chruthú an fhiachais phoiblí san fhadtéarma. |
|
— |
Ní mór dóibh athúsáid na sreafaí a cheadú, lena n-áirítear aisíoc an bhunairgid i gcás inarb iomchuí (amhail i gcás cistí iasachta agus scéimeanna cothromais), le haghaidh na gcuspóirí beartais céanna lena n-áirítear an tréimhse tar éis 2026 agus/nó iasachtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a aisíoc. |
|
— |
Is féidir leo go leor infheistíochtaí beaga a mhaoiniú laistigh de chreat comhleanúnach, amhail ráthaíochtaí poiblí agus iasachtaí fabhracha le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus an fhor-rochtain a éascú do thairbhithe féideartha trí struchtúir chomhpháirtíochta dhíláraithe. |
|
— |
Is féidir leo cabhrú le leas a bhaint as acmhainní airgeadais breise nó as comhinfheistíocht, go háirithe ó chuideachtaí príobháideacha agus ó institiúidí airgeadais príobháideacha. |
Ag foghlaim ón taithí a fuarthas ó na pleananna téarnaimh agus athléimneachta atá ann cheana, is iad na hionstraimí airgeadais seo a leanas na hionstraimí is coitianta a úsáidtear go dtí seo:
|
— |
Ionstraimí ráthaíochta agus iasachtaí fabhracha chun costais an chaipitil a fhaightear ar iasacht le haghaidh scéimeanna athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh a laghdú; |
|
— |
Comhaontuithe Poiblí Príobháideacha le haghaidh infheistíochtaí ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh; |
|
— |
Saoráidí Iasachta chun tacú le FBManna i réimsí beartais áirithe chun feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú; |
|
— |
Infheistíochtaí cothromais i gcuideachtaí nó i gcistí cothromais a thacaíonn leis an aistriú glas (17). |
In Iarscríbhinn I, cuirtear tuilleadh faisnéise ar fáil maidir le húsáid ionstraimí airgeadais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus maidir leis an bhféidearthacht rannchuidiú le ráthaíocht InvestEU trí urrann an Bhallstáit bunaithe ar an taithí a fuarthas le linn ullmhú agus chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta tosaigh.
Gnéithe glasa agus digiteacha
Ba cheart do na Ballstáit a mhíniú a mhéid a rannchuideoidh a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe leis an aistriú glas agus le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, chomh maith le haistriú digiteach a sheasfaidh an aimsir agus Margadh Aonair Digiteach láidir a bhaint amach nó aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as. D’fhéadfadh bearta taighde agus nuálaíochta agus amlíne ábhartha a bheith i gceist leis sin. Measfar go bhfuil an dá aistriú ag treisiú a chéile, i gcomhréir le coincheap na n-athruithe cúplacha, agus breathnóidh an Coimisiún orthu gan stad.
Leanfar de mheasúnú a dhéanamh ar an ngné ghlas de bhearta an phlean téarnaimh agus athléimneachta faoi chur chuige cáilíochtúil (an nasc idir na bearta sin agus dúshláin fuinnimh, aeráide agus chomhshaoil gach Ballstáit) agus faoi chur chuige cainníochtúil (an rannchuidiú iomlán le cuspóirí aeráide an phlean téarnaimh agus athléimneachta mhodhnaithe – lena n-áirítear caibidil REPowerEU – chomh maith le caibidil REPowerEU ina n-aonar, ní mór 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean a bheith mar thoradh orthu araon).
Iarrtar ar na Ballstáit míniú a thabhairt ar an gcaoi a rannchuideoidh a bplean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe le spriocanna aeráide an Aontais a chumhdaítear sa Dlí Aeráide a bhaint amach agus an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a comhaontaíodh chun na spriocanna sin a chur chun feidhme a chur san áireamh. Leagtar amach sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ spriocanna aeráide an Aontais agus spriocanna aeráide náisiúnta suas go dtí 2030 mar aon le gníomhaíochtaí reachtacha eile chun beartais i réimse na haeráide, an fhuinnimh, na húsáide talún, an iompair agus an chánachais a chur in oiriúint chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
Leanfar de mheasúnú a dhéanamh ar an ngné dhigiteach de bhearta plean téarnaimh agus athléimneachta faoi chur chuige cáilíochtúil agus faoi chur chuige cainníochtúil araon. An 9 Márta 2021 rinne an Coimisiún Eorpach ‘Digital Compass 2030: The European way for digital decade [Compás Digiteach 2030: Bealach chuig Deacáid Dhigiteach na hEorpa]’, a chur i láthair bunaithe ar cheithre phríomhphointe: scileanna, bonneagair dhigiteacha slán agus inbhuanaithe, claochlú digiteach gnóthas, agus digitiú na seirbhísí poiblí. Sainítear ann spriocanna uaillmhianacha ar leibhéal an Aontais do gach ceann de na pointí sin, agus gabhann sprioc 2030 leo. Ina dhiaidh sin, bhí togra le haghaidh Cinnidh maidir le Clár Beartais 2030 ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’, a tháinig i bhfeidhm an 9 Eanáir 2023. Bhunófaí leis an gClár struchtúr rialachais faoina gcomhoibreodh na Ballstáit agus an Coimisiún ar bhealach struchtúrtha chun na spriocanna a bhaint amach agus ina n-éascófaí cur chun feidhme tionscadal iltíre. Iarrtar ar na Ballstáit míniú a thabhairt maidir leis an gcaoi a rannchuideodh aon bhearta breise nó modhnaithe lena dtabharfaí aghaidh ar an aistriú digiteach, nó ar na dúshláin a eascraíonn as, leis na ceithre phríomhphointe agus le spriocanna 2030 a bhaint amach.
Maidir leis an gcur chuige cainníochtúil, ní mór 20 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean a bheith i rannchuidiú iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta mhodhnaithe, cé is moite de na bearta a áirítear i gcaibidil REPowerEU.
Rianú aeráide agus clibeáil dhigiteach
Tá an sprioc aeráide 37 % agus an sprioc dhigiteach 20 % a leagtar amach in Airteagal 19(3), pointí (e) agus (f), den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta fós éigeantach i gcás athruithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta, gan beann ar an bhforas as a dtagann na hathruithe sin (cé is moite de chostas na mbeart a áirítear i gcaibidil REPowerEU i ndáil le clib dhigiteach; ní chuirtear bearta a áirítear i gcaibidlí REPowerEU san áireamh chun an sprioc dhigiteach a ríomh). Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach do na Ballstáit leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur san áireamh agus athruithe á dtabhairt isteach acu dá bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.
Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt, i gcás gach birt nua nó modhnaithe, ar an rannchuidiú leis na spriocanna aeráide agus digiteacha, de réir Threoraíocht 2021 maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta. Beidh gá le measúnú nua ar an gclibeáil chun a fhíorú go bhfuil an dá sprioc á mbaint amach go leanúnach i gcás athruithe ar chostas measta iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta nó ar chostas measta aon bheart a bhfuil clib aeráide nó chlib dhigiteach ag gabháil leo. Ní mór measúnú clibeála a dhéanamh freisin i gcás aon athrú ar raon feidhme tosaigh, ar chineál tosaigh nó ar dhearadh tosaigh birt atá ann cheana.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go ndéantar an dá sprioc a ríomh don phlean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe ina n-iomláine, ina bhfuil an plean téarnaimh agus athléimneachta a glacadh roimhe seo agus an t-aguisín araon, cé is moite de chostais na mbeart a áirítear i gcaibidil REPowerEU i leith na sprice digití a áireamh. Déanfar na ranníocaíochtaí aeráide agus digiteach a athríomh don phlean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe, lena gcuirfear san áireamh na hathruithe arna ndéanamh ar na bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus na costais mheasta a mhodhnú.
Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó na 27 bplean a glacadh, maidir le bearta lena gcumhdaítear réimsí éagsúla amhail i gcás beart cothrománach, is gá rianú aeráide agus clibeáil dhigiteach a chur i bhfeidhm i gcás inarb ábhartha ar fhobheart (cuid ar leith de bheart a bhaineann le réimse sonrach idirghabhála) agus úsáid á baint as réimsí idirghabhála éagsúla (faoi Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta).
Thairis sin, is fiú a mheabhrú go ndéantar, le hAirteagal 19(3) pointe (e) agus pointe (f) de Rialachán RRF agus Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn VII, comhéifeachtaí infheidhme a leagan amach chun an tacaíocht do na spriocanna aeráide agus digiteacha a ríomh. De réir na bhforálacha sin, féadfar na comhéifeachtaí chun tacaíocht a thabhairt do na cuspóirí aeráide a mhéadú (suas le 3 % ar an iomlán le haghaidh na clibeála aeráide), ar choinníoll go bhfuil bearta a mhéadaíonn a dtionchar ag gabháil leo. Ba cheart do na Ballstáit údar leordhóthanach a thabhairt le húsáid na bhforálacha sin i gcás inarb ábhartha.
Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar an gcur chuige sonrach a mholann siad chun na bearta sin a chlibeáil. Is féidir leis an gCoimisiún cabhrú leis na Ballstáit samplaí den chaoi a ndearnadh bearta comhchosúla a chlibeáil sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ghlac an Chomhairle roimhe seo a aisghabháil.
Gan dochar suntasach a dhéanamh
Leanann an Treoraíocht Theicniúil maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (2021/C 58/01) ina leagtar amach na treoirphrionsabail agus na modúlachtaí le haghaidh chur i bhfeidhm an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ i gcomhthéacs an phlean téarnaimh agus athléimneachta de bheith infheidhme go hiomlán, agus a saintréithe sonracha á gcur san áireamh. Maidir le haistrithe ón bplean téarnaimh agus athléimneachta chuig urrann an Bhallstáit InvestEU, tá feidhm ag forálacha simplithe de réir roinn 2.4 den treoraíocht theicniúil leasaithe maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. Cuirtear ar fáil leis freisin ‘seicliosta’ lena leanúint sa féinmheasúnú ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a bheidh le cur san áireamh sa phlean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe maidir le gach beart. Sa roinn seo déantar achoimre ar phríomheilimintí na Treoraíochta agus tugtar míniú ar a gcur i bhfeidhm maidir le bearta nua nó leasaithe. Tugtar soiléiriú breise ann freisin bunaithe ar an taithí a fuarthas ó na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a glacadh roimhe seo.
An prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs athbhreithnithe ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta
Ní mór do na Ballstáit féinmheasúnú ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur ar fáil le haghaidh gach beart nua nó modhnaithe a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe (féach freisin Roinn 2.1 agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoraíocht Theicniúil ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’), cé is moite den chás dá bhforáiltear in Airteagal 21c(6) de Rialachán RRF. I gcás nach n-athróidh modhnú an bhirt tionchar an bhirt ar an gcomhshaol, féadfaidh na Ballstáit brath ar a bhféinmheasúnú bunaidh. Iarrtar ar na Ballstáit freisin measúnú cainníochtúil ar thionchar an athchóirithe nó na hinfheistíochta ar an gcomhshaol a chur ar fáil mar chuid den fhéinmheasúnú ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, nuair is ábhartha agus nuair is féidir. Ba cheart na breithnithe trasghearrtha seo a leanas a chur san áireamh:
|
— |
Roghanna malartacha ísiltionchair nua atá ar fáil: Tá na prionsabail i Roinn 2.4, lena n-áirítear Fonóta 25 den Treoraíocht Theicniúil ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ fós infheidhme maidir le measúnú a dhéanamh ar bhearta nua nó leasaithe. Ba cheart an fhaisnéis maidir le roghanna eile ísealtionchair atá ar fáil tráth a chuirtear isteach an plean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe a léiriú sa mheasúnú ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ le haghaidh na mbeart sin |
|
— |
Athruithe ar na tionchair ar an gcomhshaol a bhíonn ag beart modhnaithe: I gcás modhnú ar bheart atá ann cheana, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit aon mhéadú ar thionchair an bhirt mhodhnaithe ar an gcomhshaol a sheachaint. I gcás ina ndéanfaidh beart modhnaithe difear do thionchair ar an gcomhshaol (e.g. méid, cineál nó fairsinge spásúil an tionchair), ba cheart don Bhallstát a léiriú go gcomhlíonann an beart an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ go fóill. |
A léiriú sna phleananna téarnaimh agus athléimneachta go gcomhlíonann na bearta an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’
I gcás athruithe, d’fhéadfaí dhá phríomhchás a bheartú a mbeadh tionchar éagsúil acu ar an bpróiseas measúnaithe ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’:
|
— |
Beart nua a thabhairt isteach: Má roghnaíonn Ballstát beart nua a chur lena phlean téarnaimh agus athléimneachta, ba cheart an próiseas céanna a leanúint maidir leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur isteach den chéad uair. Ba cheart don Bhallstát an seicliosta atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoraíocht Theicniúil maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a líonadh isteach chun tacú lena chuid anailíse i dtaobh an bhfuil tionchar ag an mbeart nua ar chuspóirí comhshaoil agus a mhéid a imríonn sé sin. |
|
— |
Athrú ar bheart atá ann cheana: D’fhéadfadh sé gur mhian leis na Ballstáit dearadh, cineál nó raon feidhme birt atá ann cheana a athrú. Ba cheart do na Ballstáit an measúnú ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ comhfhreagrach a chur isteach, agus é á leasú de réir mar is gá chun na hathruithe sa bheart a léiriú. Ba cheart don Bhallstát an tagairt don roinn den phlean téarnaimh agus athléimneachta a glacadh roimhe seo a chur in iúl, áit a bhfuil an measúnú tosaigh ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ le feiceáil. |
III. Garspriocanna, spriocanna agus amlíne
Agus a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta á modhnú ag na Ballstáit, ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh tacar comhfhreagrach garspriocanna agus spriocanna ag gabháil le gach beart nua nó modhnaithe a fhaigheann tacaíocht faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Agus garspriocanna agus spriocanna nua á sainiú ag na Ballstáit, nó nuair a bheidh aon mhodhnú ar na cinn atá ann cheana á moladh acu, ba cheart dóibh na prionsabail a leagtar amach i dTreoraíocht 2021 maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a leanúint, lena n-áirítear maidir lena sainiúlacht agus a stóinseacht.
Ós rud é go spreagtar na Ballstáit chun páirt a ghlacadh i dtionscadail trasteorann nó ilnaisiúnta a thacaíonn le cuspóirí REPowerEU agus STEP go háirithe, ba cheart cúram sonrach a ghlacadh chun dearadh fónta garspriocanna agus spriocanna gaolmhara a áirithiú. Ar thaobh amháin, ba cheart iad sin a roinnt go soiléir idir na Ballstáit éagsúla atá rannpháirteach sna tionscadail sin chun forluí agus moilleanna maidir le measúnú agus cur chun feidhme a sheachaint. Ba cheart cur i gcrích rathúil plean téarnaimh agus athléimneachta amháin a bheith neamhspleách ar phlean Ballstáit eile. Ar an taobh eile, ba cheart na garspriocanna agus na spriocanna a cheapadh ar bhealach dea-chomhordaithe chun a áirithiú go ndéanfar idirspleáchas dosheachanta idir na Ballstáit a mheasúnú i gceart agus amlínte stuama cur chun feidhme a leagan síos. Tá an Coimisiún réidh chun cúnamh a thabhairt do ghrúpaí Ballstát a bhfuil baint acu le tionscadail trasteorann nó iltíortha chun a áirithiú go ndéanfar a ngarspriocanna agus a spriocanna a dhearadh ar bhealach leormhaith.
D’fhéadfadh tréimhse cur chun feidhme roinnt infheistíochtaí náisiúnta dul thar 2026. I gcásanna den sórt sin, ba cheart na garspriocanna agus na spriocanna gaolmhara a cheapadh ar bhealach nach n-áireofar iontu ach gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta laistigh de shaolré na Saoráide, agus ba cheart a shainaithint go soiléir i ndearadh na mbeart cé na céimeanna cur chun feidhme a dtacófar leo le cistí náisiúnta nó cistí eile de chuid an Aontais tar éis 2026.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát beart ina phlean téarnaimh agus athléimneachta a leasú bunaithe ar Airteagal 21 agus ina dtugann sé údar leormhaith chun bunús a thabhairt leis an iarraidh sin (lena n-áirítear trína léiriú nach féidir an nasc cúisíoch idir na himthosca oibiachtúla agus an beart a bhaint amach a thuilleadh/an gá atá leis an ualach riaracháin a laghdú (18)), is féidir athruithe a mholadh ar na garspriocanna agus na spriocanna uile atá ann cheana a bhaineann leis an mbeart athbhreithnithe.
Ba cheart garspriocanna agus spriocanna a cheapadh chun na céimeanna bunriachtanacha maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a léiriú. Ba cheart cuimsiú ceanglas neamhcheangailteach, atá ró-mhionsonraithe nó nach bhfuil gá leo a sheachaint sna cásanna uile. Dá bhrí sin, breathnóidh an Coimisiún go fabhrach freisin ar iarrataí chun na ceanglais sin a bhaint de na garspriocanna agus na spriocanna atá ann cheana, i gcomhréir le Roinn II den treoirdhoiciméad seo.
Is féidir earráidí cléireachais atá sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a lua leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle tráth ar bith le linn chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. Cuirfear san áireamh iad sa togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh cur chun feidhme nua/leasaithe ón gComhairle nó i gceartúchán tiomnaithe.
IV. Maoiniú agus costais
Bearta nua: Cuirfidh na Ballstáit costais mheasta iomlána na n-athchóirithe nua agus na n-infheistíochtaí nua arna gcur ar aghaidh ar fáil in aguisín.
Bearta athbhreithnithe: I gcás gach birt athbhreithnithe, i gcás ina ndéanfaidh na hathruithe difear do na meastacháin chostála, cuirfidh an Ballstát meastacháin chostála arna dtabhairt cothrom le dáta ar fáil. Mura mbaineann an t-athrú ach le scála an bhirt, ba cheart an t-athbhreithniú ar na costais mheasta a dhéanamh ar bhonn comhréireach.
Modheolaíocht: Agus na meastacháin costais seo á n-ullmhú ag na Ballstáit, ba cheart dóibh na treoracha sonracha a chuirtear ar fáil i dTreoraíocht 2021 maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a leanúint. De ghnáth, ní mheastar go gcuirfidh na Ballstáit meastacháin costais athbhreithnithe ar fáil le haghaidh beart nach bhfuil nua ná modhnaithe. Féadfaidh na Ballstáit bailíochtú a dhéanamh ar mheastacháin chostála arna ndéanamh ag comhlacht poiblí neamhspleách, a d’fhéadfadh cur le hinchreidteacht na meastachán a neartú.
V. Comhlántacht agus cur chun feidhmean Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta
Comhsheasmhacht le tionscnaimh eile
I gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beidh na pleananna téarnaimh agus athléimneachta uile, lena n-áirítear na haguisíní, comhsheasmhach leis na moltaí tírshonracha ábhartha chomh maith leis an bhfaisnéis a áirítear sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú, sna Pleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid (PNFAnna) agus sna nuashonruithe orthu faoi Rialachán (AE) 2018/1999, pleananna aistrithe córa críochacha dá bhforáiltear faoin Rialachán maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir, pleananna maidir leis an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme, comhaontuithe comhpháirtíochta agus cláir oibríochtúla.
|
— |
Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na moltaí tírshonracha agus leis na Cláir Náisiúnta um Athchóiriú/Pleananna Struchtúracha Fioscacha Meántéarmacha, féach cuid II, roinn I, den Treoraíocht seo i dtaca leis an Seimeastar Eorpach. |
|
— |
Ní mór na haguisíní a bheith comhsheasmhach freisin leis na gníomhaíochtaí i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus a bheidh ceaptha sna pleananna idirthréimhseacha córa críochacha. |
|
— |
Ar deireadh, ní mór na haguisíní a bheith i gcomhréir leis na comhaontuithe comhpháirtíochta agus leis na cláir oibríochtúla a glacadh faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna 2021-2021 ó glacadh na pleananna téarnaimh agus athléimneachta tosaigh. Ós rud é go bhfuil a gcomhaontuithe comhpháirtíochta agus beagnach gach clár beartais comhtháthaithe glactha ag na Ballstáit uile, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt maidir leis an gcaoi a bhfuil bearta nua nó modhnaithe de phlean téarnaimh agus athléimneachta comhlántach le cur chun feidhme na gclár faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna 2021-2027. |
Comhlántacht an chistithe agus cistiú dúbailte aa sheachaint
Is ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht cistiú dúbailte idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais a sheachaint, agus dá réir sin, tá oibleagáid orthu a fhíorú nach bhfuil cistiú dúbailte ann sula gcuirtear aon iarraidh ar íocaíocht isteach (bunaithe ar Airteagail 9 agus 22 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta). Ba cheart dóibh a shonrú ina phlean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe an bhfuil athrú tagtha ar na módúlachtaí a cuireadh ar bun chun comhlántacht cistiúcháin agus comhlíonadh Airteagal 9 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a áirithiú.
Leagtar síos go soiléir in Airteagal 9 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta gur féidir cistiú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chomhcheangal le cistí eile de chuid an Aontais ‘...ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna.’ Mar gheall ar chineál feidhmíochtbhunaithe chistiú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, is gá críochú ex-ante soiléir a dhéanamh idir na gníomhaíochtaí agus na tionscadail a chistítear faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus iad siúd a chistítear faoi chistí eile de chuid an Aontais, mar a shoiléirítear freisin i dTreoraíocht 2021 maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta. Is é an críochú ex ante sin an cur chuige réamhshocraithe faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcónaí.
Leis an gcuspóir comhpháirteach cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a shimpliú, an t-ualach riaracháin gaolmhar a laghdú, comhlántacht a chothú idir cistí an Aontais agus cosc a chur ar chistiú dúbailte, i gcás ina suitear nach bhfuil dealú costais ex-ante indéanta nó go bhfuil ualach róthrom ag baint leis, is féidir tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais a chomhcheangal ar bhonn pro rata mar rogha dheireanach agus i gcásanna eisceachtúla, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(i) |
léirítear go soiléir sa tuairisc ar an mbeart sa chinneadh cur chun feidhme ábhartha ón gComhairle nach bhfuil maoiniú á chur ar fáil ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ach do chuid den tionscadal i gcomhar le cláir nó ionstraimí eile de chuid an Aontais; |
|
(ii) |
leagtar amach sna meastacháin chostais ex ante arna gcur ar fáil ag an mBallstát don tionscadal iomlán an méid a mhaoinítear leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus a chuirtear san áireamh le haghaidh chostáil an phlean téarnaimh agus athléimneachta, agus tugtar ar aird an tráth céanna go bhféadfaí tacú le costais eile le cláir nó le hionstraimí eile de chuid an Aontais (le méid táscach le haghaidh na gclár nó na n-ionstraimí sin, más féidir); |
|
(iii) |
déantar na garspriocanna/spriocanna ábhartha lena mbaineann a dhréachtú ar bhealach nach ndéanann ach ranníocaíocht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a thomhas, b’fhéidir trí sprioc forghníomhaithe buiséid; |
|
(iv) |
tugann an Ballstát fógra don fhaighteoir deiridh faoi mhéid ranníocaíocht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, nach mór don fhaighteoir deiridh a dhearbhú don eintiteas a chuireann clár nó ionstraim an Aontais lena gcomhlánaítear tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun feidhme; |
|
(v) |
tá an t-eintiteas a chuireann aon chlár nó ionstraim eile de chuid an Aontais lena gcomhlánaítear tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun feidhme in ann a fhíorú, ar leibhéal an tionscadail, nach bhfaigheann faighteoirí deiridh cistithe faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta tacaíocht ón Aontas le haghaidh níos mó ná 100 % den chostas incháilithe iomlán (19). |
I dteannta na gcoinníollacha a leagtar amach thuas, ní mór an cur chuige sin a bheith i gcomhréir le forálacha na hionstraime cistiúcháin eile lena mbaineann den Aontas agus ní mór é a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le státchabhair, lena n-áirítear forálacha maidir le carnadh. Níl feidhm ag an gcur chuige sin maidir leis na cistí a rialaítear le Rialachán na bhForálacha Coiteanna ós rud é gur deacair coinníoll (v) a chur i bhfeidhm ina gcomhthéacs.
Cur chun feidhme
Rinneadh measúnú ar an gcreat cur chun feidhme mar chuid de na pleananna téarnaimh agus athléimneachta tosaigh agus glactar leis go leanfaidh na Ballstáit de bheith ag brath ar na socruithe céanna chun a bplean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe a chur chun feidhme. Mar sin féin, ba cheart míniú a thabhairt ar aon athrú atá beartaithe ar an gcreat cur chun feidhme.
Sa chás go raibh deacrachtaí ag na Ballstáit i gcur chun feidhme a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta go dtí seo (mar shampla, deacrachtaí a bhaineann le heaspa cumais riaracháin, córas TF neamhfhorbartha nó sainordú nach bhfuil soiléir go leor do na húdaráis atá i gceannas), spreagtar iad chun na socruithe atá acu faoi láthair a athmhachnamh go réamhghníomhach chun iad a dhéanamh níos éifeachtúla. Iarrtar ar na Ballstáit freisin plé a dhéanamh leis an gCoimisiún ar an taithí a fuarthas go dtí seo chun a chinneadh an bhféadfadh aon athrú ar an gcreat cur chun feidhme cuidiú le feabhas a chur ar sheachadadh na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh acmhainneacht riaracháin leordhóthanach acu chun athchóirithe agus infheistíochtaí plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme agus, dá réir sin, go mbeadh an deis acu costais riaracháin theoranta de chineál sealadach a chur san áireamh i gcostáil a n-infheistíochtaí nó a n-athchóirithe faoi seach fad a bhaineann na costais sin le cur chun feidhme na hinfheistíochta sonraí nó an athchóirithe shonraigh sin.
I gcás inar iarr an Ballstát tacaíocht chothrománach faoin ionstraim um thacaíocht theicniúil maidir le plean téarnaimh agus athléimneacht a chur chun feidhme, nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe aige an tacaíocht sin a iarraidh, e.g. maidir le bearta cumarsáide, iarrtar air an tacaíocht sin a chur in iúl sa roinn seo.
An próiseas comhairliúcháin
Ba cheart do na Ballstáit achoimre a thabhairt ar an bpróiseas comhairliúcháin a rinneadh i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta, as a dtiocfaidh cur isteach an phlean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe. Ba cheart an próiseas comhairliúcháin a bheith i gcomhréir le méid na n-athruithe a thugtar isteach sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ós rud é go raibh méid éagsúlachtaí idir na comhairliúcháin agus na pleananna téarnaimh agus athléimneachta tosaigh á n-ullmhú, i bhfianaise éigeandáil COVID-19 go háirithe, moltar i gcoitinne do na Ballstáit feabhas a chur ar an bpróiseas sin má mhodhnaíonn siad a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh baint ag páirtithe leasmhara, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmhara ón earnáil talmhaíochta, le dearadh, cur chun feidhme agus faireachán aon bheart nua nó leasaithe, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta, ar bhealach tráthúil fóinteach.
Chun bearta ábhartha a chur chun feidhme, d’fhéadfadh sé gurb iomchuí do na Ballstáit coinníollacha atá nasctha le cúinsí réigiúnacha nó áitiúla a chur san áireamh i ngarspriocanna nó i spriocanna a bhfuil gné gheografach ag baint leo (mar shampla trí choinníollacha sonracha a chur leis a bhaineann le comhairliúchán le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha). Féadfaidh coinníollacha comhchosúla a bheith ar áireamh iontu freisin maidir le dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, le páirtithe leasmhara ón earnáil talmhaíochta, ar coinníollacha iad a bhaineann le hathchóirithe nó infheistíochtaí ábhartha a chur chun feidhme.
Ina theannta sin, beidh an Seimeastar Eorpach ina chreat tábhachtach chun plé a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir le cleachtais agus traidisiúin gach Ballstáit. Ní éireoidh le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta ach amháin le húinéireacht láidir réigiúnach agus áitiúil, chomh maith le tacaíocht ó na comhpháirtithe sóisialta agus ón tsochaí shibhialta.
Rialú agus iniúchóireacht
Tá córais rialaithe inmheánaigh riachtanach sna Ballstáit chun a áirithiú go gcomhlíonann pleananna téarnaimh agus athléimneachta go hiomlán Airteagal 22 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá stóinseacht na gcóras sin ríthábhachtach chun a áirithiú go gcosnaítear leasa airgeadais an Aontais agus go gcomhlíonann úsáid chistí an Aontais dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme, go háirithe maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte a chosc, a bhrath agus a cheartú. Sa chomhthéacs sin agus i bhfianaise na n-athruithe a eascraíonn as an athbhreithniú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá sé riachtanach go dtabharfaidh na Ballstáit údar beacht leis an gcaoi a bhfuil na struchtúir rialaithe a chuirtear ar bun fós iomchuí agus, i gcás inarb infheidhme, an chaoi a ndéanfar iad a atreisiú chun acmhainní agus struchtúir iomchuí a áirithiú. Déantar príomhcheanglais chórais rialaithe an Bhallstáit a fhorbairt a thuilleadh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú Maoinithe agus (i gcás inarb infheidhme) Iasachta arna shíniú idir an Coimisiún agus an Ballstát. Go háirithe, i gcás ina mbeidh bearta nua nó athbhreithnithe sa phlean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe, ba cheart don Bhallstát míniú agus léiriú a thabhairt go bhfuil na struchtúir rialaithe fós leormhaith nó, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an gcaoi a gcuirfear feabhas ar a n-acmhainneacht, lena n-áirítear soláthar foirne agus próisis, i gcomhréir leis an méadú ar mhéid an phlean téarnaimh agus athléimneachta. Má éilíonn an Coimisiún tuilleadh dearbhaithe maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 22 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirfear garspriocanna iniúchóireachta agus rialaithe san áireamh sa togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena bhformheasfar an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe.
Agus modhnú ar a bpleananna á iarraidh ag na Ballstáit, iarrtar orthu míniú cothrom le dáta a thabhairt ar na socruithe agus ar na córais rialaithe, lena n-áirítear an córas stórais maidir le sonraí faighteoirí deiridh.
Cumarsáid
Ba cheart do na Ballstáit leanúint dá straitéis cumarsáide a chur chun feidhme, í a thabhairt cothrom le dáta más gá na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí nua-tugtha a chur san áireamh, d’fhonn feasacht an phobail ar chistiú an Aontais a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Airteagal 10 de na Comhaontuithe Maoinithe agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 19 de na Comhaontuithe Iasachta. Agus pleananna téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe á gcur isteach ag na Ballstáit, iarrtar orthu tuairisc a thabhairt maidir leis na bearta atá déanta acu chun na hoibleagáidí sin a chur chun feidhme, chun faireachán an Choimisiúin ar chomhlíonadh na bhforálacha atá luaite a éascú.
Ba cheart go ndíreodh feachtais chumarsáide ar fheasacht a mhúscailt maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí lárnacha mar chuid d’fhreagairt Eorpach, go háirithe i gcomhthéacs REPowerEU; agus feabhas a chur ar an eolas ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta agus ar a gcuspóir don phobal i gcoitinne. Moltar do na Ballstáit a ngníomhaíochtaí cumarsáide maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a dhíriú ar na réimsí seo a leanas:
|
— |
Spriocanna a phlean téarnaimh agus athléimneachta agus na buntáistí a bhaineann leis don Bhallstát a mhíniú agus a mheabhrú. |
|
— |
Léiriú a thabhairt le fianaise phraiticiúil ar an gcúis a dtéann athchóirithe agus infheistíochtaí chun tairbhe don tsochaí, do théarnamh na hEorpa, don aistriú glas agus digiteach, agus don tslándáil fuinnimh. |
|
— |
A áirithiú go mbeidh formhuiniú polaitiúil ardleibhéil an phlean téarnaimh agus athléimneachta le feiceáil go leordhóthanach. |
|
— |
Cumarsáid a dhéanamh faoi thionscadail sainchomharthaí agus réadú na dtionscadal sin a shannadh don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. |
|
— |
Tairbhithe féideartha a spreagadh chun cur isteach ar chistiú faoi chuimsiú an phlean téarnaimh agus athléimneachta. |
|
— |
An dul chun cinn foriomlán a léiriú maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí araon, go háirithe i gcomhthéacs REPowerEU, lena n-áirítear an dul chun cinn i malartuithe rialta leis na comhpháirtithe sóisialta, leis na pobail lena mbaineann agus leis an tsochaí shibhialta i gcoitinne. |
Tá an Coimisiún ar fáil freisin trí líonra an Aontais a chur ar an eolas chun cabhrú leis na Ballstáit a gcuid straitéisí cumarsáide náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear é sin a dhéanamh dá bpleananna téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe.
Trédhearcacht maidir le faighteoirí deiridh
Méadaíodh an trédhearcacht maidir le húsáid cistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta trí oibleagáid trédhearcachta nua a chur san áireamh i Rialachán REPowerEU. Ceanglaítear ar na Ballstáit tairseach atá ar fáil go poiblí agus atá éasca le húsáid a chur ar bun ina bhfoilseoidh siad sonraí maidir leis an 100 faighteoir deiridh a fhaigheann an méid is airde cistithe chun bearta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme.
Ba cheart a thuiscint gurb é is faighteoir deiridh ann an t-eintiteas deireanach a fhaigheann cistí le haghaidh beart faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nach conraitheoir ná fochonraitheoir é. An chúis leis sin ná an faighteoir deiridh a idirdhealú ó na tairbhithe, arb iadsan na Ballstáit iad faoi leagan amach bhainistíocht dhíreach na Saoráide. Eascraíonn an sainmhíniú ar fhaighteoirí deiridh go díreach ó Airteagal 22(2)(d) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Is féidir le faighteoir deiridh a bheith ina dhuine nádúrtha (e.g. saoránaigh) nó ina dhuine dlítheanach (e.g. aireachtaí, gníomhaireachtaí poiblí, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachais, carthanais, nó gnólachtaí). Níor cheart a mheas gurb iad na faighteoirí tosaigh nó idirmheánacha cistithe (e.g. aireachtaí nó gníomhaireachtaí nach iad an t-údarás conarthach iad ach nach ndéanann ach cistí a dháileadh ar aghaidh ar eintitis eile) an t-eintiteas deireanach. Chun a mheas gur faighteoir deiridh atá ann, ba cheart aistriú airgeadaíochta a bheith faighte ag an eintiteas nó ba cheart creidmheasanna íocaíochta buiséadaí a bheith leithdháilte air chun na críche a léirítear sa bheart faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta mar a thuairiscítear sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle. Ba cheart a áireamh sna sonraí sin ainm dlíthiúil an fhaighteora deiridh, lena n-áirítear an chéad ainm agus an sloinne más duine nádúrtha é an faighteoir deiridh, méid na gcistí a fuarthas mar aon leis an mbeart gaolmhar nó na bearta gaolmhara faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bhfuarthas an cistiú ina leith. Chun an 100 faighteoir deiridh is mó a chinneadh, ba cheart an cistiú uile a chuirtear ar fáil d’fhaighteoirí deiridh chun bearta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme a chur san áireamh toisc go bhféadfaí roinnt infheistíochtaí a mhaoiniú i bpáirt trí mhaoiniú poiblí eile.
Chun comhréireacht a áirithiú agus príobháideachas a urramú, i gcás inar daoine nádúrtha iad na faighteoirí deiridh, ba cheart aon sonraí pearsanta a scriosadh 2 bhliain tar éis dheireadh na bliana airgeadais inar íocadh cistiú deiridh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta leis an bhfaighteoir deiridh sin. Ar an gcaoi chéanna, de réir analaí, tá roinnt eisceachtaí ó fhoilsiú sonraí, dá bhforáiltear in Airteagal 38(3) den Rialachán Airgeadais, infheidhme maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Baineann siad sin leis na cásanna seo a leanas:
|
— |
tacaíochtaí oideachais a íoctar le daoine nádúrtha agus aon tacaíocht dhíreach eile a íoctar leis na daoine nádúrtha is mó atá i ngátar amhail daoine dífhostaithe agus dídeanaithe (Airteagal 191(4)(b) Rialachán Airgeadais). |
|
— |
conarthaí ar luach an-íseal arna ndámhachtain do shaineolaithe a roghnaítear ar bhonn a n-acmhainneachta gairmiúla (Airteagal 237(2) den Rialachán Airgeadais) chomh maith le conarthaí ar luach an-íseal faoi bhun EUR 15 000 (an méid dá dtagraítear i bpointe 14.4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais). |
|
— |
tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil trí ionstraimí airgeadais, i gcás méid níos ísle ná EUR 500 000 |
|
— |
i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus saoirsí na ndaoine nó na n-eintiteas lena mbaineann, mar a chosnaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nó i gcás ina ndéanann sé dochar do leasa tráchtála na bhfaighteoirí. |
I bhfianaise na méideanna atá i gceist faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ní dócha go mbeidh feidhm ag na heisceachtaí a leagtar amach sa chéad trí mhír maidir leis an 100 faighteoir is mó. Níl coinne leis ach oiread go mbeidh feidhm fhorleathan ag an gceathrú eisceacht. Ós rud é nach mbaineann foilsiú sonraí ach le faighteoirí mórscála, a bhfuil coinne leis go mbeidh a bhformhór ina n-eintitis dhlíthiúla, ba cheart aon ábhar imní príobháideachais maidir le daoine nádúrtha a mheas i bhfianaise an ghá atá le trédhearcacht maidir le cistí an Aontais a chaitheamh. Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go léireofar leis an tagairt d’Airteagal 38(3) den Rialachán Airgeadais aon leasú a dhéanfar amach anseo ar an bhforáil sin.
Chomh maith leis na sonraí sin atá á bhfoilsiú ar thairseacha na mBallstát, déanann an Coimisiún na sonraí sin a lárú mar aon leis na naisc chuig tairseacha na mBallstát ar an Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta. Ní mór na sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta faoi dhó sa bhliain, agus féachfaidh an Coimisiún le huainiú na nuashonruithe a ailíniú leis an tuairisciú débhliantúil atá ann cheana i mí Aibreáin agus i mí Dheireadh Fómhair. Ina theannta sin, foilseoidh an Coimisiún léarscáil idirghníomhach ar a mbeidh na bearta éagsúla agus an áit a bhfuil siad lonnaithe sna Ballstáit.
(1) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(2) Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
(3) Ar phraghsanna 2022.
(4) Tacaíocht airgeadaíochta nó chomhchineáil.
(5) Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) (IO L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj ).
(6) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-8868-2024-INIT/en/pdf
(7) I bhfianaise an ghrinnscrúdaithe ar mheasúnú an Choimisiúin atá nasctha leis na hiarrataí rialta ar íocaíocht (iarrataí is féidir a dhéanamh suas le dhá uair sa bhliain), níor cruthaíodh gur ábhartha na céimeanna faireacháin breise dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II chun feabhas a chur ar rialú an Choimisiúin ar chur chun feidhme na hionstraime. I gcásanna ina bhfuil céimeanna faireacháin a bhaineann le tuairisciú ar chur chun feidhme ionstraimí airgeadais (a thairbhíonn den réimse idirghabhála aeráide) in Iarscríbhinn II a ghabhann leis na socruithe oibríochtúla, léireofar na céimeanna sin i gClásal nua sna socruithe oibríochtúla.
(8) SWD(2021)12final Treoraíocht do na Ballstáit, Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta ar fáil ag: https://commission.europa.eu/system/files/2021-01/document_travail_service_part1_v2_en.pdf
(9) Fógra ón gCoimisiún ‘Treoraíocht maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhthéacs REPowerEU’ 2023/C 80/01 (IO C 80, 3.3.2023, lch. 1).
(10) Is chun críoch léiriúcháin amháin na samplaí seo agus ní dhéantar réamhbhreith leo ar aon bhealach ar mheasúnú an Choimisiúin ar an údar a chuir an Ballstát chun cinn.
(11) I gcás ina síníonn Ballstát comhaontú ranníocaíochta chun cistí a aistriú óna phlean téarnaimh agus athléimneachta chuig urrann an Bhallstáit de InvestEU, sa bhreis ar na ceanglais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tá feidhm ag rialacha InvestEU maidir leis an ráthaíocht bhreise sin. Go háirithe, leagtar amach in Airteagal 13(7) de Rialachán InvestEU (Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017) an spriocdháta chun na hoibríochtaí foluiteacha a shíniú faoi dheireadh 2028.
(12) C(2024) 3148 final.
(13) Fógra ón gCoimisiún Treoraíocht maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhthéacs REPowerEU 2023/C 80/01 (IO C 80, 3.3.2023, lch. 1).
(14) Mar chuid de thimthriall rialta an tSeimeastair Eorpaigh, is iondúil gurb é an Coimisiún a mholann moltaí tírshonracha i dtreo dheireadh mhí na Bealtaine/tús mhí an Mheithimh, arna bhformhuiniú ag an gComhairle Eorpach agus arna nglacadh faoi dheireadh ag an gComhairle go luath i mí Iúil.
(15) SEC(2022) 70 final - SWD(2022) 19 final - SWD(2022) 20 final.
(16) Ar fáil anseo: https://competition-policy.ec.europa.eu/state-aid/legislation/rrf-guiding-templates_en(a tugadh cothrom le dáta in 2023 chun na hathbhreithnithe ar an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, ar an gCoimisiúin maidir leis an Aeráid, Cosaint an Chomhshaoil agus Cúnamh Fuinnimh agus ar an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe um Státchabhair a chur san áireamh).
(17) Go háirithe i gcás FMBanna.
(18) I gcomhréir leis an treoraíocht i gcuid I, roinn II, Déantar tagairt leis sin do ‘ rogha mhalartach níos fearr a shainaithint nó cásanna ina bhfuil ceanglais áirithe maidir le garsprioc, sprioc nó tuairisc ar bheart mionsonraithe gan ghá nó ina bhfuil siad ina gcúis le hualach riaracháin gan údar, toisc nach rannchuidíonn siad le cuspóirí an bhirt a bhaint amach’.
(19) I gcásanna nach n-aisíocfaidh an cistiú eile ón Aontas costas (an Ciste don Nuálaíocht) ach go n-oibreoidh sé freisin ar bhonn meastachán costais ex-ante, cuirtear comparáid idir an dá mheastachán costais ex-ante ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chiste eile de chuid an Aontais in ionad na seiceála sin chun a áirithiú nár leithdháileadh níos mó ná 100 % den mheastachán costais ex-ante iomlán.
IARSCRÍBHINN I
IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS
De réir Airteagal 17(1) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, féadfar scéimeanna poiblí a áireamh ‘arb é is aidhm dóibh infheistíocht phríobháideach a dhreasú’. De réir na loighce sin, is féidir aistriú cistí chuig scéim airgeadais, a úsáideann an t-airgead ansin chun infheistíochtaí ó eintitis phríobháideacha a dhreasú, a mheas mar infheistíocht incháilithe RRF faoi choinníollacha áirithe.
Meastar gurb ionann ionstraim airgeadais den sórt sin a chruthú agus infheistíocht de chuid na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta féin. Áirithítear leis sin go mbeidh an infheistíocht curtha i gcrích faoi dheireadh 2026, i gcomhréir leis an sprioc-am a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcineál ionstraime airgeadais, lena leagan amach agus maidir le roghnú na n-eintiteas cur chun feidhme/na n-eintiteas ar cuireadh cúram orthu agus moltar dóibh an modh seachadta is fearr le haghaidh úsáid bheartaithe na n-ionstraimí airgeadais a phlé le seirbhísí an Choimisiúin, agus cuspóirí na mbeart, na struchtúir atá ann cheana agus na naisc le hobair na gcomhpháirtithe á gcur san áireamh.
I dtéarmaí ginearálta, tá dhá phríomhrogha ag na Ballstáit ionstraimí airgeadais a úsáid, trí airgead a aistriú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go hurrann an Bhallstáit InvestEU (mar ráthaíocht bhuiséadach) nó trí struchtúir eile a úsáid, mar shampla struchtúir náisiúnta. Tugtar tuairisc ar na coinníollacha a ghabhann leis an dá rogha sa Treoraíocht maidir le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta ó mhí Eanáir 2021, agus déantar iad a mhionsaothrú a thuilleadh thíos.
Beidh síniú an Chomhaontaithe Ranníocaíochta idir Ballstát agus an Coimisiún ag teastáil don ranníocaíocht le hurrann an Bhallstáit faoi InvestEU. Is é an Coimisiún a chuireann ráthaíocht InvestEU chun feidhme trí chomhpháirtithe cur chun feidhme roghnaithe.
Moltar do na Ballstáit plé a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir leis an mbealach is fearr chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe faoina bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a chur i gcrích. Is féidir leis an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit ionstraimí airgeadais a dhearadh, a dhréachtú agus a chur ar bun chun cóir chomhionann a áirithiú ar fud na bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
Maidir le hionstraimí airgeadais náisiúnta, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna seo a leanas:
An chéad chéim: an beart a ullmhú: A áirithiú go rannchuideoidh na hionstraimí airgeadais le cuspóirí an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta, is é sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
Cur síos a dhéanamh ar an mbeartas infheistíochta a bhfuil tacaíocht le tabhairt dó (e.g. éifeachtúlacht fuinnimh, leathanbhanda, digiteáil FBManna), lena gcinntear conas a úsáidfear cistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta san ionstraim airgeadais agus an chaoi a bhfuil sé sin i gcomhréir le raon feidhme agus critéir mheasúnaithe na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, lena n-áirítear cur síos a dhéanamh ar an gcliseadh margaidh bunúsach a fhágann gur gá cistí poiblí a úsáid le haghaidh infheistíochtaí príobháideacha. |
|
— |
An ionstraim airgeadais a shainiú (agus an beartas maidir le riosca/toraidh idir an Plean Téarnaimh agus Athléimneachta agus foinsí eile cistí laistigh den ionstraim airgeadais a shainiú go háirithe) agus an chaoi a rannchuideoidh sé le cuspóirí an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta a bhaint amach a shainiú. |
|
— |
Féinmheasúnú mionsonraithe i ndáil leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’(DNSH) a sholáthar chomh maith leis na cosaintí is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabal DNSH le linn chur chun feidhme an bhirt. |
|
— |
Na forálacha ábhartha maidir le státchabhair agus cur i bhfeidhm féideartha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Blocdhíolúine agus na gcritéar gaolmhar atá le comhlíonadh ag na táirgí maoinithe a shainaithint. |
|
— |
Clocha míle soiléire (nasctha le bunú agus cur chun feidhme na hionstraime) agus spriocanna soiléire (nasctha le haschur/torthaí na dtionscadal bunúsach arna maoiniú ag an ionstraim) a shainiú. |
|
— |
Sainiú a dhéanamh ar an gcineál tacaíochta atá le húsáid (e.g. iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromas), na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu (e.g. FBManna, corparáidí móra, PPPanna) agus infheistíochtaí (e.g. nuálaíocht, leathanbhanda, bonneagar) chun na sócmhainní in-infheistithe a chinneadh. |
|
— |
An tráthchlár a leagan amach d’úsáid na hionstraime airgeadais (is féidir suas le 2 bhliain ar an meán a bheith i gceist chun ionstraim airgeadais a bhunú), lena n-áirítear infheistíochtaí san fhíorgheilleagar agus tionchar gaolmhar. |
|
— |
Cur síos a dhéanamh ar an gcóras faireacháin chun tuairisciú a dhéanamh ar spriocanna agus ar chlocha míle i gcomhréir leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta. |
An dara céim: Comhaontú cur chun feidhme leis an eintiteas ar cuireadh cúram air atá i bhfeighil na hionstraime airgeadais.
|
— |
Chun an ionstraim airgeadais a chur chun feidhme, ní mór comhaontú leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme/an t-eintiteas ar cuireadh cúram air (i gcás cistí, an bainisteoir ciste thar ceann na gcomhpháirtithe a bheadh ann) a thabhairt chun críche agus na hoibleagáidí ón bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta á n-aistriú. Ba cheart go n-aistreofaí leis an gcreat-chomhaontú idir an Ballstát agus na heintitis cur chun feidhme/na heintitis ar cuireadh cúram orthu na hoibleagáidí uile faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus faoin gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle maidir le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta an Bhallstáit – agus aird ar leith á tabhairt ar na hoibleagáidí atá ar na tairbhithe maidir le státchabhair, DNSH, iniúchóireacht agus rialú, clibeáil aeráide agus digiteach, agus ar na srianta a d’fhéadfadh a bheith ar na tairbhithe. |
|
— |
Ní mór na rialacha ábhartha maidir le státchabhair agus soláthar poiblí a urramú. |
|
— |
Is féidir ceann de na chéad chlocha míle sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta a nascadh le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe cur chun feidhme lena mbunaítear an ionstraim airgeadais nó lena gcoigeartaítear ionstraim atá ann cheana (i gcomhréir leis an mbeartas infheistíochta arna chomhaontú sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta) idir an Ballstát agus an t-eintiteas a gcuirfear cúram air. |
|
— |
Mar chuid den chéad chloch mhíle sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta, agus an chéad iarraidh ar eisíoc á cur isteach aige, cuirfidh an Ballstát rialacha agus beartas infheistíochta na hionstraime airgeadais ar fáil don Choimisiún ionas gur féidir a fhíorú go gcomhlíonann sí an Plean Téarnaimh agus Athléimneachta. |
|
— |
Infheistíochtaí a imlonnú san fhíorgheilleagar ag an eintiteas ar cuireadh cúram air nó ag idirghabhálaithe airgeadais (e.g. bainc thráchtála, cistí infheistíochta): |
|
— |
Beidh na clocha míle uile ina dhiaidh sin nasctha le himlonnú infheistíochtaí chuig an bhfíorgheilleagar ag an eintiteas a gcuirfear cúram air nó ag na hidirghabhálaithe airgeadais. |
|
— |
Nuair a bheidh an ionstraim airgeadais curtha i gcrích, fillfidh soláthairtí agus athshreabha nár ídíodh i gcomhair caillteanas ar an mBallstát i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach sa bheartas infheistíochta agus i straitéis scoir na hionstraime. Freastalóidh oibleagáid ar an bhfíric gur cheart fáltais agus athshreabha a úsáid chun críoch coibhéiseach. |
IARSCRÍBHINN II
TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH AGUISÍN A GHABHANN LEIS AN bPLEAN TÉARNAIMH AGUS ATHLÉIMNEACHTA
TEIMPLÉAD: AGUISÍN A GHABHANN LEIS AN bPLEAN TÉARNAIMH AGUS ATHLÉIMNEACHTA
Clár Ábhar
|
PART 1: |
INTRODUCTION TO THE ADDENDUM | 23 |
|
1. |
General objective | 23 |
|
2. |
Justification for the addendum | 23 |
|
PART 2: |
DESCRIPTION OF ADDITIONAL AND MODIFIED REFORMS AND INVESTMENTS | 24 |
|
— |
Modified components | 4 |
|
— |
Entirely new components | 4 |
|
PART 3: |
COMPLEMENTARITY AND IMPLEMENTATION OF THE PLAN | 25 |
|
1. |
Consistency with other initiatives | 6 |
|
2. |
Complementarity of funding | 6 |
|
3. |
Effective implementation | 6 |
|
4. |
Consultation process of stakeholders | 6 |
|
5. |
Control and audit | 6 |
|
6. |
Communication | 6 |
|
PART 4: |
OVERALL COHERENCE AND IMPACT OF THE PLAN | 26 |
|
1. |
Coherence: | 7 |
|
2. |
Gender equality and equal opportunities for all | 7 |
|
3. |
Strengthening economic, social and institutional resilience | 7 |
|
4. |
Comparison with the investment baseline | 7 |
SÉANADH
Ba cheart do na Ballstáit an teimpléad seo a úsáid chun na haguisíní a ghabhann lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a dhréachtú. Iarrtar ar na Ballstáit gan faisnéis a sholáthar ach amháin faisnéis atá ábhartha maidir leis na hathruithe atá beartaithe i gcomparáid lena bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta is déanaí a glacadh. Ní fhéadtar an teimpléad a léamh ar leithligh ón treoraíocht nuashonraithe maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhthéacs REPowerEU. Leis an doiciméad seo, ní thugtar ach teimpléad maidir le conas an fhaisnéis a chur i láthair san aguisín agus tugtar na tásca riachtanacha sna treoirdhoiciméid maidir le conas gach roinn a líonadh. Mar a fhoráiltear sa treoirdhoiciméad, moltar do na Ballstáit a bplean a mhodhnú ar bhonn leagan comhdhlúite dá bplean is déanaí a glacadh, leagan inar cheart na hathruithe a tugadh isteach le linn an leasaithe dheireanaigh/na leasuithe deireanacha ar an bplean a léiriú agus ar cheart é a bheith go hiomlán comhsheasmhach leis na Cinntí Cur Chun Feidhme ábhartha ón gComhairle. Mar sin, le húsáid an teimpléid seo le haghaidh an aguisín, tugtar le tuiscint go ndearna na Ballstáit a bplean téarnaimh agus athléimneachta a ailíniú roimhe sin leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle.
Iarrtar ar na Ballstáit teagmháil a dhéanamh le Ranna an Choimisiúin má bhíonn aon cheist eile acu.
CUID 1
RÉAMHRÁ LEIS AN AGUISÍN
1. An cuspóir ginearálta
Ba cheart do na Ballstáit tuairisc ghairid a thabhairt sa roinn seo ar an gcúlra ginearálta atá mar bhonn taca leis an iarraidh ar a bplean a leasú agus, más ábhartha, ar athruithe suntasacha ar na príomhdhúshláin atá rompu ó cuireadh isteach a bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta is déanaí a glacadh. Ba cheart dóibh, go háirithe, a mhíniú go gairid conas a leanann an Plean Téarnaimh agus Athléimneachta modhnaithe de bheith ina fhreagairt atá cuimsitheach agus cothromaithe go leordhóthanach ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta agus de rannchuidiú go hiomchuí le gach ceann de na sé cholún.
2. Údar cuí leis an aguisín
Ba cheart do na Ballstáit léiriú a thabhairt ar an mbunús dlí nó na bunúis dlí atá leis na hathruithe atá beartaithe ar a bplean, agus ar an údar cuí leis an mbunús dlí ábhartha nó na bunúis dlí ábhartha a agairt mar a cheanglaítear leis an airteagal comhfhreagrach nó na hairteagail chomhfhreagracha den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta1. Ba cheart an bunús dlí nó na bunúis dlí agus an t-údar cuí a thabhairt ón liosta thíos, i gcás gach birt bhreise, mhodhnaithe nó bhainte.
I gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, is féidir leis na Ballstáit athruithe a mholadh ar Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta a glacadh roimhe seo chun na gcríoch seo a leanas:
|
— |
Airteagail [21a] a bhaineann le caibidil REPowerEU: Le haghaidh chaibidil REPowerEU, féach ar an teimpléad tiomnaithe, |
|
— |
Airteagal [7]: athbhreithniú ar an bplean a ghabhann le haistriú nua nó breise de 5 % d’acmhainní ó chláir faoi bhainistíocht chomhroinnte |
|
— |
Airteagal [21(1)]: leasú nó plean nua a chur isteach i ngeall nach féidir an plean, lena n-áirítear clocha míle agus spriocanna ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, mar gheall ar imthosca oibiachtúla. Áirítear leis sin rogha mhalartach níos fearr a shainaithint nó cásanna a shainaithint ina bhfuil ceanglais áirithe maidir le cloch mhíle, sprioc nó tuairisc ar bheart mionsonraithe gan ghá nó go bhfuil siad ina gcúis le hualach riaracháin gan údar, toisc nach rannchuidíonn siad le cuspóirí an bhirt a bhaint amach. |
|
— |
Airteagal [21(1a)]: leasú chun leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 7(3) chun bearta a áireamh sa phlean a thacaíonn le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) |
I gcomhréir le Rialachán STEP (Airteagal 4), agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, ba cheart do na Ballstáit na tionscadail sin ar bronnadh Séala Ceannasachta orthu a mheas mar thionscadail tosaíochta. Sa roinn seo, ba cheart do na Ballstáit míniú gairid a chur san áireamh freisin ar an gcaoi ar chomhlíon siad an fhoráil. Go sonrach, i gcás nár chuir na Ballstáit tionscadail ar bronnadh Séala (Ceannasachta) STEP orthu san áireamh, ba cheart réasúnú gairid a chur ar fáil ina leith sin.
CUID 2
TUAIRISC AR ATHCHÓIRITHE AGUS INFHEISTÍOCHTAÍ BREISE AGUS MODHNAITHE
Sa roinn seo, cumhdaítear athruithe ar chomhpháirteanna a chuirtear isteach nó a mhodhnaítear i gcomparáid leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta is bonn leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle atá i bhfeidhm faoi láthair. Laistigh de na comhchodanna sin, ní gá aghaidh a thabhairt ach ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a chuirtear isteach, a bhaintear, nó a mhodhnaítear. Na comhchodanna uile den phlean is déanaí a glacadh nach n-áirítear sa roinn seo, tuigtear go bhfuil siad gan athrú.
|
— |
Comhchodanna modhnaithe: I gcás gach comhchoda modhnaithe, ná tabhair faisnéis maidir leis na foranna den teimpléad thuasluaite ach amháin i gcás ina ndéantar faisnéis a mhodhnú, a bhaint nó a chur isteach i gcomparáid leis an bplean arna fhormheas leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle. Seachas sin, tuigtear go bhfuil na foranna eile go léir gan athrú. Cuir isteach freisin an tagairt FENIX le haghaidh gach comhchoda modhnaithe a liostaítear san aguisín seo. Léirigh go soiléir más rud é gur modhnaíodh an tuairisc ar an gcomhchuid. |
|
— |
Comhchodanna úrnua: I gcás comhchuid úrnua, lean an struchtúr a leagtar amach i gCuid 2 den teimpléad a chuir an Coimisiún ar fáil i mí Eanáir 2021 agus an Treoraíocht ón gCoimisiún maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhthéacs REPowerEU á cur san áireamh. Le haghaidh na caibide REPowerEU, féach ar an teimpléad tiomnaithe agus cuir isteach anseo é nuair a bheidh sé comhlánaithe. |
Tábla 1
Iarrtar ar na Ballstáit an tábla achomair thíos a líonadh isteach le haghaidh gach comhchoda modhnaithe.
|
Ainm na comhchoda modhnaithe |
|||||||||||
|
Tagairt Chinnidh Cur Chun Feidhme na hinfheistíochta/ an athchóirithe |
|
||||||||||
|
Ainm na hinfheistíochta/ an athchóirithe |
|
||||||||||
|
Cineál athraithe i gcomparáid leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme |
[Curtha isteach/ bainte/ modhnaithe] |
||||||||||
|
Bunús dlí an athraithe (roghnaigh ceann amháin ar a laghad) |
|
||||||||||
|
Na gnéithe a modhnaíodh (le haghaidh bearta modhnaithe amháin) |
|
||||||||||
Na hathruithe atá beartaithe:
I gcás gach athchóiriú agus infheistíocht nua, lean na treoracha i dteimpléad tosaigh an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta ó mhí Eanáir 2021.
I gcás gach athchóiriú agus infheistíocht a baineadh, tabhair údar maith leo le nasc díreach le bunús dlí an athraithe. chomh maith le mínithe ar an gcaoi a gcoinneofar tionchar agus comhleanúnachas foriomlán na comhchoda ar bun.
I gcás gach athchóiriú agus infheistíocht a modhnaíodh, léirigh iad sin trí Thábla 2 thíos a líonadh isteach:
|
— |
Tuairisc ar an athrú nó na hathruithe ar an mbeart agus an bonn cirt atá leis nó leo, de réir mar is ábhartha, a bhaineann, mar shampla, le cineál, cuspóir agus méid an bhirt, chomh maith leis an tionchar a mheastar a bheidh ag an athrú nó na hathruithe ar raon feidhme, amlíne agus príomhspriocanna insoláthartha an bhirt. |
|
— |
Leagan leasaithe de na tuairiscí ar an gcomhchuid (más infheidhme) agus ar an mbeart i gcomparáid leis na tuairiscí a sholáthraítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle is déanaí a glacadh. |
|
— |
An t-athrú nó na hathruithe atá beartaithe ar na clocha míle agus/nó ar na spriocanna i gcomparáid leis an bhfaisnéis a sholáthraítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle is déanaí a glacadh. |
|
— |
Na hathruithe atá beartaithe ar an gcostas measta, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis na treoracha a sholáthraítear i dteimpléad an Choimisiúin ó mhí Eanáir 2021 agus sa Treoraíocht ón gCoimisiún ó mhí Bealtaine 2024. |
|
— |
Na hathruithe atá beartaithe ar an gclibeáil ghlas agus/nó dhigiteach i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis na treoracha a sholáthraítear sa treoraíocht ón gCoimisiún ó mhí Eanáir 20215. |
|
— |
Na hathruithe atá beartaithe ar an bhféinmheasúnú maidir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ i gcomhréir leis na treoracha a sholáthraítear san fhógra ón gCoimisiún ó mhí Feabhra 2023 agus lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, meastachán cainníochtúil ar thionchar na mbeart ar an gcomhshaol6. |
Ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt freisin ar na gnéithe seo a leanas i dTábla 2 thíos a mhéid a ndéantar difear dóibh leis na hathruithe ar an mbeart:
|
— |
Tionscadail trasteorann agus ilnáisiúnta |
|
— |
Státchabhair |
|
— |
Neamhspleáchas straitéiseach oscailte |
Tábla 2
Iarrtar ar na Ballstáit an tábla seo a úsáid chun struchtúr a chur ar an tuairisc ar bhearta modhnaithe sa roinn seo de réir na dtreoracha thuasluaite. I gcás bearta nua, iarrtar ar na Ballstáit formáid theimpléad tosaigh 2021 a leanúint7.
|
Ainm agus uimhir thagartha Chinnidh Cur Chun Feidhme an bhirt |
||
|
Tuairisc ar an athrú agus an t-údar cuí atá leis |
||
|
Gnéithe modhnaithe |
An leagan reatha |
An leagan leasaithe |
|
Tuairisc ar an gcomhchuid agus/nó ar an mbeart |
|
|
|
Clocha míle agus spriocanna |
|
|
|
Costas measta |
|
|
|
Clibeáil ghlas agus dhigiteach |
|
|
|
Féinmheasúnú maidir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ |
|
|
CUID 3
COMHLÁNTACHT AGUS CUR CHUN FEIDHME AN PHLEAN
Ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar an gcaoi a n-áirithítear na gnéithe seo a leanas leis an aguisín, i gcomhréir leis na ranna céanna dá bhforáiltear i dteimpléad tosaigh an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta8:
|
1. |
Comhsheasmhacht le tionscnaimh eile |
|
2. |
Comhlántacht an chistithe |
|
3. |
Cur chun feidhme éifeachtach |
|
4. |
Próiseas comhairliúcháin na bpáirtithe leasmhara |
|
5. |
Rialú agus iniúchóireacht |
|
6. |
Cumarsáid |
I gcás nach gá aon athrú i gcomparáid leis an bplean is déanaí a glacadh, féadfaidh na Ballstáit, go simplí, a léiriú go bhfuil na tásca roimhe sin gan athrú.
CUID 4
COMHLEANÚNACHAS AGUS TIONCHAR FORIOMLÁN AN PHLEAN
Ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar an gcaoi a n-áirithítear na gnéithe seo a leanas leis an aguisín, i gcomhréir leis na ranna céanna dá bhforáiltear i dteimpléad tosaigh an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta9. I gcás nach bhfuil aon athrú suntasach ar cheann amháin nó níos mó de na gnéithe thíos i gcomparáid leis an bplean tosaigh/is déanaí a glacadh, féadfaidh na Ballstáit, go simplí, a léiriú nach bhfuil aon athrú ar na tásca roimhe sin agus tagairt a dhéanamh don roinn ábhartha/do na ranna ábhartha sa phlean tosaigh/is déanaí a glacadh.
|
1. |
Comhleanúnachas: Ba cheart do na Ballstáit a léiriú an chaoi a gcoinnítear ar bun agus a méadaítear, trí na hathruithe, comhleanúnachas agus naisc laistigh de chomhchodanna an phlean agus eatarthu, comhleanúnachas an phlean fhoriomláin, agus go háirithe an comhleanúnachas idir gnéithe athchóirithe agus infheistíochta. |
|
2. |
Comhionannas inscne agus comhdheiseanna do chách: Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a rannchuidíonn na hathruithe ar a bplean leis na dúshláin náisiúnta atá ann cheana a shárú, i dtéarmaí an chomhionannais inscne agus comhdheiseanna do chách, gan beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, i gcomhréir le prionsabail 2 agus 3 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus leas á bhaint as an Scórchlár Sóisialta |
|
3. |
Athléimneacht eacnamaíoch, athléimneacht shóisialta agus athléimneacht institiúideach a neartú: I gcomhréir leis an roinn chéanna dá bhforáiltear sa teimpléad le haghaidh na chéad taiscthe, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar thionchar maicreacnamaíoch, sóisialta agus institiúideach an phlean mhodhnaithe, a mhéid atá na modhnuithe ar an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta suntasach i gcomparáid leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta a glacadh roimhe sin (ionchas agus tionchar macraeacnamaíoch agus sóisialta, modheolaíocht, inbhuanaitheacht, comhtháthú sóisialta agus críochach). An teimpléad Excel comhfhreagrach a sholáthar an Coimisiún, ba cheart do na Ballstáit é a líonadh. |
|
4. |
Comparáid leis an mbonnlíne infheistíochta: Iarradh ar na Ballstáit an fhaisnéis seo a sholáthar mar chuid den chéad uair a cuireadh isteach a bplean. Ní bheadh gá le roinn mar sin a thabhairt cothrom le dáta ach amháin a mhéid atá an t-aguisín suntasach, mar shampla i gcás caibidil REPowerEU a chur san áireamh. |
IARSCRÍBHINN III
TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH CAIBIDIL REPOWEREU
Níl aon athrú ar an teimpléad don chaibidil REPowerEU: féach an Fógra ón gCoimisiún ‘Treoraíocht maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhthéacs REPowerEU’ 2023/C 80/01.
IARSCRÍBHINN IV
LAGHDUITHE AGUS AISGHABHÁLACHA FAOIN tSAORÁID TÉARNAIMH AGUS ATHLÉIMNEACHTA
1. Réamhrá
Tá roinnt forálacha éagsúla i Rialachán (AE) 2021/241 (‘an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta’) a bhaineann le cistí a laghdú agus/nó a aisghabháil. I gcomhréir le hAirteagal 24(8) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, laghdóidh an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais nó an iasacht i gcásanna, tar éis cinneadh fionraíochta a ghlacadh faoi Airteagal 24(6) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena suitear nár comhlíonadh go sásúil na clocha míle agus na spriocanna a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, nach ndearna an Ballstát na bearta is gá laistigh de thréimhse 6 mhí ón gcinneadh sin. Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 22(5) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go ndéanfar foráil sa Chomhaontú Maoiniúcháin agus sa Chomhaontú Iasachta maidir le ceart an Choimisiúin ‘ an tacaíocht faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon suim atá dlite do bhuiséad an Aontais a aisghabháil nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as na comhaontuithe sin.’ (1) Anuas ar an gceart sin, foráiltear go sonrach leis an gComhaontú Maoiniúcháin go bhféadfar laghdú agus, más gá, aisghabháil a dhéanamh i gcás ‘ ina bhfaightear amach go bhfuil an fhaisnéis agus an réasúnú is bun le hiarratas ar íocaíocht mícheart ’ (2). Dá réir sin, foráiltear go sonrach leis an gComhaontú Iasachta go bhféadfaidh an Coimisiún, sna himthosca sin, a dhearbhú go bhfuil méideanna gan íoc dlite agus iníoctha láithreach nó méideanna neamhtharraingthe a chealú (3).
Leis an nóta seo, tugtar creat do chur i bhfeidhm na bhforálacha sin (4). Féadfar an creat sin a leasú ar bhonn na taithí a gheofar agus é á chur i bhfeidhm.
2. Na forais le haghaidh laghduithe agus aisghabhálacha
Le creat dlíthiúil na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta déantar foráil maidir le trí fhoras ar leith faoina bhféadfaidh an Coimisiún dul i mbun laghduithe agus aisghabhálacha (5):
|
1) |
I gcásanna calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát. |
|
2) |
I gcásanna ina ndéanfar sárú tromchúiseach ar oibleagáid de chuid an Chomhaontaithe Maoiniúcháin nó an Chomhaontaithe Iasachta (6). Is é atá i gceist leis sin sárú a bheith déanta ag Ballstát ar oibleagáidí sonracha de chuid an Chomhaontaithe Maoiniúcháin nó an Chomhaontaithe Iasachta lena ndéantar dochar, ar bhealach ábhartha nó substaintiúil, do chearta an Choimisiúin nó do chur chun feidhme cuí chistí an Aontais (7). Go sonrach, tá sé sin teoranta do na hoibleagáidí atá in Airteagail a bhaineann leis an méid seo a leanas: (i) freagracht an Bhallstáit, lena n-áirítear a áirithiú nach ndéanfar aon chistiú dúbailte (8); (ii) réamh-mhaoiniú (9); (iii) foilsiú faisnéise, infheictheacht chistiú an Aontais agus an ceart úsáide (10); (iv) leasanna airgeadais an Aontais a chosaint (11) agus (v) fíoruithe agus seiceálacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún, ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (12). |
|
3) |
I gcásanna ina bhfaighfear amach go bhfuil an fhaisnéis agus an réasúnú is bonn le hiarratas ar íocaíocht mícheart. |
Tugtar míniú ar na breithnithe i dtaca leis na trí fhoras sin le haghaidh laghduithe agus aisghabhálacha i ranna 3, 4 agus 5.
Thairis sin, le creat dlíthiúil na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, soláthraítear foras breise faoina nglacfaidh an Coimisiún páirt i laghdú go sonrach (i.e. ní in aisghabháil) i gcásanna nach ndearna Ballstát na bearta is gá laistigh de thréimhse 6 mhí ó chinneadh fionraíochta chun go measfaidh an Coimisiún go bhfuil na clocha míle agus/nó na spriocanna ábhartha comhlíonta go sásúil. Tugtar míniú ar na breithnithe i dtaca leis an bhforas sin le haghaidh laghdaithe i roinn 6.
3. Próiseas chun an gá atá le laghdú agus/nó aisghabháil a shainaithint
Faoi théarmaí an Chomhaontaithe Maoiniúcháin agus an Chomhaontaithe Iasachta, féadfar aisghabháil agus/nó laghdú a dhéanamh tar éis fíorú, athbhreithniú, seiceáil nó iniúchadh arna dhéanamh ag an gCoimisiún (13).
|
— |
Má thagann an Coimisiún ar an eolas faoi fhoras le haghaidh laghdaithe agus/nó aisghabhála le linn fíorú, athbhreithniú, seiceáil nó iniúchadh atá fós ag dul ar aghaidh, breithneofar an tsaincheist sin agus cuirfear san áireamh í in aon tuarascáil a eascraíonn as an bpróiseas sin. |
|
— |
Má thagann an Coimisiún ar an eolas faoi fhoras le haghaidh laghdaithe agus/nó aisghabhála lasmuigh d’aon fhíorú, athbhreithniú, seiceáil nó iniúchadh atá fós ag dul ar aghaidh, seolfaidh an Coimisiún athbhreithniú nó iniúchadh chun na forais a mheas. D’fhéadfadh an Coimisiún teacht ar an eolas faoi fhorais den sórt sin trí fhoinsí malartacha (mar shampla, an Seimeastar Eorpach, comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta nó faisnéis páirtithe leasmhara). |
I gcomhréir le hAirteagal 12(7) den Chomhaontú Maoiniúcháin agus le hAirteagal 21(7) den Chomhaontú Iasachta, i gcás iniúchtaí nó athbhreithnithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún (14), tarraingeofar suas tuarascáil shealadach ar bhonn na dtorthaí a fhaightear le linn an iniúchta nó an athbhreithnithe. Tar éis fógra foirmiúil a thabhairt don Bhallstát maidir leis an tuarascáil, beidh mí amháin ag an mBallstát chun aon bharúil a chur ar fáil (15).
Laistigh de 60 lá féilire ó dhul in éag na teorann ama chun barúlacha a chur isteach, seolfaidh an Coimisiún tuarascáil chríochnaitheach chuig an mBallstát maidir leis na forais atá leis an laghdú agus/nó leis an aisghabháil (16). Ar bhonn na dtorthaí críochnaitheacha sin, féadfaidh an Coimisiún na bearta a mheasann sé a bheith riachtanach a dhéanamh, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil forais ann, laghdú nó aisghabháil (17).
4. An méid atá le laghdú agus/nó le haisghabháil a chinneadh
Má bhreithnítear i dtoradh críochnaitheach ón gCoimisiún gur ann d’fhorais le haghaidh laghdaithe agus/nó le haghaidh aisghabhála, ní mór an méid atá le laghdú agus/nó le haisghabháil a chinneadh.
Sonraítear an méid seo a leanas sa dara mír d’Airteagal 22(5) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: ‘ Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe nó leis an méid a bheidh le haisíoc go luath, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh a thromchúisí atá an chalaois, an t-éilliú agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó do shárú ar oibleagáid.’. Tá sé sonraithe sa Chomhaontú Maoiniúcháin agus sa Chomhaontú Iasachta maidir leis na forais éagsúla le haghaidh laghduithe agus aisghabhálacha conas a ríomhfar é sin.
4.1. I gcásanna calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát
I gcomhréir le hAirteagal 19(2)(a) den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 22(2)(a) den Chomhaontú Iasachta, i gcásanna calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát, beidh méid an laghdaithe i gcomhréir leis an méid dá ndéantar difear. Faoi réir na mbreithnithe a leagtar amach thíos i roinn 4.4, is é sin méid an chonartha/na gconarthaí nó na dámhachtana/na ndámhachtainí ar tharla calaois, éilliú nó coinbhleacht leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais ina leith.
4.2. I gcásanna ina ndéanfar sárú tromchúiseach ar oibleagáid de chuid an Chomhaontaithe Maoiniúcháin nó an Chomhaontaithe Iasachta
I gcomhréir le hAirteagal 19(2)(b) den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 22(2)(b) den Chomhaontú Iasachta:
|
— |
I gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáidí seachas ar Airteagail 4(2) nó 11(1) den Chomhaontú Maoiniúcháin, suitear an méid a bheidh le laghdú agus, más infheidhme, le haisghabháil i gcomhréir leis an gComhaontú Maoiniúcháin agus/nó an Comhaontú Iasachta, agus minicíocht agus méid an tsáraithe thromchúisigh ar oibleagáidí á gcur san áireamh. |
|
— |
I gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáidí Airteagal 4(2) den Chomhaontú Maoiniúcháin agus/nó Airteagal 5(2) den Chomhaontú Iasachta, a bhaineann le hoibleagáid an Bhallstáit a áirithiú nach ndéanfar aon mhaoiniú dúbailte, beidh an méid a bheidh le laghdú agus, más infheidhme, le haisghabháil, ag freagairt don mhéid dá ndéantar difear. Is é sin méid an chonartha/na gconarthaí nó na dámhachtana/na ndámhachtainí a bhfuil cistiú dúbailte déanta ina leith. |
|
— |
I gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáidí Airteagal 11(1) den Chomhaontú Maoiniúcháin agus/nó Airteagal 20(1) den Chomhaontú Iasachta, a bhaineann leis na hoibleagáidí maidir le córas rialúcháin an Bhallstáit, déanfar an méid a bheidh le laghdú agus, más infheidhme, le haisghabháil, a shuí mar seo a leanas:
|
Tugtar faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 22(5) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le hAirteagal 19(1) den Chomhaontú Maoiniúcháin agus le hAirteagal 22(1) den Chomhaontú Iasachta do cheart an Choimisiúin an tacaíocht airgeadais a laghdú. I gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáidí, feidhmeoidh an Coimisiún an ceart sin, fad is a bheidh rioscaí ann fós do leasanna airgeadais an Aontais. I gcás ina mbeidh an sárú tromchúiseach sin leigheasta ag an mBallstát faoin tráth a ríomhtar an méid atá le laghdú agus/nó le haisghabháil, agus ina mbeidh an méid sin déanta ar chaoi nach ndéantar dochar a thuilleadh, ar mhodh ábhartha nó substaintiúil, do chearta an Choimisiúin ná do chur chun feidhme cuí chistí an Aontais de bhun fhorálacha iomchuí an Chomhaontaithe Maoiniúcháin agus/nó an Chomhaontaithe Iasachta, agus i gcás ina mbeidh aon éifeacht ábhartha de toradh ar an sárú tromchúiseach sin leigheasta go hiomchuí, ní dhéanfar aon laghdú agus/nó aon aisghabháil. I gcásanna den sórt sin inar glacadh le torthaí iniúchóireachta agus inar comhaontaíodh amlíne réasúnta chun an sárú a leigheas, féadfaidh an Coimisiún moill a chur ar aon chinneadh maidir le leanúint ar aghaidh le laghduithe agus/nó aisghabhálacha.
4.3. I gcásanna ina bhfaighfear amach go bhfuil an fhaisnéis agus an réasúnú is bonn le hiarratas ar íocaíocht mícheart
I gcomhréir le hAirteagal 19(2)(a) den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 22(2)(a) den Chomhaontú Iasachta, i gcás ina bhfaighfear amach go bhfuil an fhaisnéis agus an réasúnú is bonn le hiarratas ar íocaíocht mícheart, beidh méid an laghdaithe i gcomhréir leis an méid dá ndéantar difear. Is é sin an méid a fuair an Ballstát ‘go mícheart’ agus, faoi réir na mbreithnithe a leagtar amach thíos faoi roinn 4.4, ríomhtar é ar bhonn na modheolaíochta chun fionraí íocaíochta a chinneadh faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta mar a shonraítear in Iarscríbhinn II de Theachtaireacht an 21 Feabhra 2023 ‘ An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: Dhá bhliain ar an bhfód – Ionstraim uathúil atá i gcroílár chlaochlú glas agus digiteach an Aontais ’ (18). I ndáil leis sin, maidir le faisnéis nó réasúnú mícheart is bonn le hiarratas ar íocaíocht nach bhfuil tionchar acu ar chomhlíonadh sásúil na cloiche míle nó na sprice ábhartha, ciallaíonn sé nach bhfuil aon mhéid ann dá ndéanfar difear.
4.4. Breithnithe maidir leis ‘an méid dá ndéantar difear’
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ríomhfaidh an Coimisiún an méid dá ndéantar difear tráth an mheasúnaithe ar an méid atá le laghdú agus/nó le haisghabháil. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin:
|
— |
I gcás ina bhfuil calaois, éilliú, agus coinbhleacht leasa lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais ceartaithe go páirteach ag Ballstát, is é an méid dá ndéantar difear an méid atá fágtha den chonradh/de na conarthaí nó den dámhachtain/de na dámhachtainí ar tharla calaois, éilliú nó coinbhleacht leasa lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais ina leith agus nár cheartaigh an Ballstát. |
|
— |
D’ainneoin gur sainaithníodh faisnéis nó réasúnú mícheart is bonn le hiarratas ar íocaíocht a mbeadh tionchar acu ar chomhlíonadh sásúil na cloiche míle nó na sprice ábhartha tráth a ndearnadh measúnú uirthi, i gcás ina gcomhlíonfaí an chloch mhíle nó an sprioc atá i gceist go sásúil tráth a dhéanfaí measúnú ar an méid atá le laghdú agus/nó le haisghabháil, ní bheadh aon mhéid ann dá ndéanfar difear. |
5. Impleachtaí an chinnidh maidir le haisghabháil ón mBallstát
Ar bhonn torthaí críochnaitheacha ó fhíorú, athbhreithniú, seiceáil nó iniúchadh arna dhéanamh ag an gCoimisiún, a luaithe a shuífear gur gá laghdú agus/nó aisghabháil a dhéanamh agus nuair a chinnfear an méid ábhartha, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas le litir agus iarrfaidh sé barúlacha. Tar éis an litir a thabhairt go foirmiúil don Bhallstát, beidh 2 mhí ag an mBallstát chun aon bharúil a chur ar fáil (19).
Tar éis aon bharúil ón mBallstát, má mheasann an Coimisiún fós go bhfuil gá le laghdú agus/nó aisghabháil, déanfar laghdú agus/nó aisghabháil. Déanfar an méid a bheidh le laghdú agus/nó le haisghabháil a athríomh i gcomhréir le roinn 4, agus aon bharúil ón mBallstát a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an méid sin á chur san áireamh. Shonrófaí an laghdú agus/nó an aisghabháil i gcinneadh sonrach ón gCoimisiún a dhíreofaí chuig an mBallstát, rud a d’éileodh comhairliúchán idirsheirbhíse agus nós imeachta an Choláiste.
I bprionsabal, laghdóidh an Coimisiún tráthchodanna amach anseo (‘fritháireamh’), agus beidh feidhm ag an laghdú maidir le híocaíocht na chéad tráthchoda eile. Mura mbeidh aon tráthchuid fágtha nó mura gcuirfidh an Ballstát aon iarratais eile ar íocaíocht isteach, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 20(2) den Chomhaontú Maoiniúcháin, nóta dochair a eisiúint chun méideanna gan íoc a aisghabháil, nó, i gcomhréir le hAirteagal 22 den Chomhaontú Iasachta, déanfaidh sé méid den iasacht eisíoctha a dhearbhú mar mhéid atá dlite agus iníoctha láithreach. Faoi Airteagal 22(3) den Chomhaontú Iasachta, i gcás ina ndearbhófar méid na dtráthchodanna iasachta atá gan íoc a bheith dlite agus iníoctha faoi Airteagal 22 den Chomhaontú Iasachta, tá oibleagáid ar an mBallstát freisin na costais, na caiteachais agus na táillí go léir is iníoctha ag an gCoimisiún a aisíoc agus ús mainneachtana a íoc i gcomhréir le hAirteagal 11(4) den Chomhaontú Iasachta.
6. Laghduithe i gcomhréir le hAirteagal 24(8) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
I gcás nach bhfuil na bearta is gá déanta ag an mBallstát laistigh de thréimhse 6 mhí ón gcinneadh fionraíochta chun go measfaidh an Coimisiún go bhfuil na clocha míle agus/nó na spriocanna ábhartha comhlíonta go sásúil, rachaidh an Coimisiún ar aghaidh le laghdú i gcomhréir le hAirteagal 24(8) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ríomhtar an méid atá le laghdú ar bhonn na modheolaíochta chun fionraí íocaíochta a chinneadh faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta mar a shonraítear in iarscríbhinn II de Theachtaireacht an 21 Feabhra 2023 ‘ An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: Dhá bhliain ar an bhfód – Ionstraim uathúil atá i gcroílár chlaochlú glas agus digiteach an Aontais ’. Chun ailíniú leis an gcinneadh fionraíochta a áirithiú, i gcás inarb ábhartha, úsáidtear na luachanna aonaid a leagtar amach sa chinneadh fionraíochta mar bhonn le cur i bhfeidhm na modheolaíochta sin.
(1) Léirítear an ceart sin in Airteagal 19 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus in Airteagal 22 den Chomhaontú Iasachta.
(2) Airteagal 19(2)(a) den Chomhaontú Maoiniúcháin.
(3) Airteagal 22(2)(a) den Chomhaontú Iasachta.
(4) De réir Airteagal 13 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 23 den Chomhaontú Iasachta, ní fhéadfar aon ní sa chreat seo, atá bunaithe ar fhorálacha eile den Chomhaontú Maoiniúcháin agus den Chomhaontú Iasachta, ‘ a fhorléiriú mar ní lena gcuirtear cosc smachtbhannaí riaracháin (amhail pionóis airgid) nó bearta eile dlí phoiblí a ghlacadh, i dteannta na mbeart dá bhforáiltear faoin gComhaontú seo nó mar mhalairt ar na bearta sin (féach, mar shampla, Airteagail 135 go 145 den Rialachán Airgeadais agus Airteagail 4 agus 7 de Rialachán 2988/95 ). ’ Áirítear leis sin cur i bhfeidhm Airteagal 131(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (an ‘Rialachán Airgeadais’).
(5) Ar mhaithe le hinléiteacht, úsáidtear an téarma ‘laghduithe agus aisghabhálacha’, téarmaíocht atá i gcomhréir leis an gComhaontú Maoiniúcháin. Mura luaitear a mhalairt, ba cheart a mheas go bhfuil feidhm aige sin freisin maidir le dearbhú méideanna atá gan íoc atá dlite agus iníoctha láithreach nó maidir le cealú méideanna neamhtharraingthe faoin gComhaontú Iasachta.
(6) Tá an ráiteas seo gan dochar do chearta an Choimisiúin i gcás nach ndéantar ach ‘sárú’ ar an gComhaontú Maoiniúcháin nó ar an gComhaontú Iasachta, lena n-áirítear ceart an Choimisiúin faoin gComhaontú Iasachta (i) tráthchodanna neamhtharraingthe a fhionraí sna himthosca sin de réir Airteagal 13 nó (ii) a dhearbhú go bhfuil príomhshuim na hIasachta atá gan íoc dlite agus iníoctha láithreach, mar aon le hús fabhraithe, agus/nó aon tráthchuid iasachta neamhtharraingthe a chealú i gcás mainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 15. Ina theannta sin, ní dochar an ráiteas do chearta an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 13 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 23 den Chomhaontú Iasachta maidir le smachtbhannaí riaracháin (amhail pionóis airgid) nó bearta eile dlí phoiblí a ghlacadh, i dteannta laghdaithe agus/nó aisghabhála nó mar mhalairt orthu.
(7) Airteagal 3(15) den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 4(45) den Chomhaontú Iasachta.
(8) Airteagal 4 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 5 den Chomhaontú Iasachta.
(9) Airteagal 5 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 6 den Chomhaontú Iasachta.
(10) Airteagal 10 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 19 den Chomhaontú Iasachta.
(11) Airteagal 11 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 20 den Chomhaontú Iasachta.
(12) Airteagal 12 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 21 den Chomhaontú Iasachta.
(13) Airteagal 12(8)agus Airteagail 19 agus 20 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagail 21 agus 22 den Chomhaontú Iasachta.
(14) Níl feidhm ag an bpróiseas sin i gcás fíoruithe nó seiceálacha.
(15) Airteagal 15 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 25 den Chomhaontú Iasachta.
(16) Airteagal 12(7) den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 21(7) den Chomhaontú Iasachta.
(17) Airteagal 12(8) den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 21(8) den Chomhaontú Iasachta.
(18) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52023DC0099. Chun a áirithiú go gceartófar an méid a fuarthas ‘go mícheart’, cinntear an luach aonaid a úsáideadh mar bhonn do chur i bhfeidhm na modheolaíochta sin ar bhonn an Chinnidh Cur Chun Feidhme ón gComhairle a bhí i bhfeidhm tráth a íocadh na tráthchoda féin.
(19) Airteagal 15 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 25 den Chomhaontú Iasachta.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4618/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)