European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4608

29.7.2024

Caingean arna tabhairt an 14 Meitheamh 2024 – sprd.net v EUIPO (Suíomh na ceannlitreach ‘I’ agus croí ar bhall éadaigh)

(Cás T-306/24)

(C/2024/4608)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: sprd.net (Leipzig, an Ghearmáin) (Ionadaí: J. Hellenbrand, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú shuíomh-mhairc de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil an ceannlitir ‘I’ agus croí ar bhall éadaigh – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 705 046

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 15 Aibreán 2024 i gCás R 1775/2023-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1) pointe (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar phrionsabal an neamhthreallachais.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4608/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)