|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4603 |
29.7.2024 |
Caingean arna tabhairt an 14 Meitheamh 2024 – Rústicas del Guadalquivir v EUIPO – Fall Creek Farm and Nursery and Fall Creek Farm & Nursery Europe (SEQUOÏA)
(Cás T-301/24)
(C/2024/4603)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Rústicas del Guadalquivir SL (San José de la Rinconada, an Spáinn) (ionadaithe: C. Casas Feu, J. Dorado Lopez-Lozano, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Fall Creek Farm and Nursery, Inc. (Lowell, Massachusetts, na Stáit Aontaithe), Fall Creek Farm & Nursery Europe SRL (Aznalcázar, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘SEQUOÏA’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 5 866 074
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Aibreán i gCás R 1606/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú ag na páirtithe eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4603/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)