European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4569

29.7.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 13 Meitheamh 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie – an Pholainn) – D.S. v P. S.A.

(Cás C-411/23  (1) , D. (Locht i ndearadh innill ))

(Tarchur chun réamhrialú - Aeriompar - Rialachán (CE)Uimh. 261/2004 - Airteagal 5(3) - Cúiteamh do phaisinéirí i gcás moill fhada nó cealú eitilte - Díolúine ón oibleagáid cúiteamh a íoc - Imthosca urghnácha - Bearta coisctheacha réasúnacha - Easnaimh theicniúla mar gheall ar locht sa dearadh ceilte - Locht i ndearadh innill aerárthaigh– Oibleagáid ar an aeriompróir chun aerárthaí ionaid a bheith aige)

(C/2024/4569)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: D. S.A.

Cosantóir: P.S.A.

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tagann brath locht i ndearadh innill ceilte aerárthaigh a bhfuil gá leis chun eitilt a oibriú faoin gcoincheap ‘imthosca urghnácha’, de réir bhrí na forála sin, fiú i gcás inar chuir monaróir an innill an t-aeriompróir ar an eolas go raibh locht den sórt sin ann roinnt míonna roimh an eitilt lena mbaineann.

2)

Maidir le hAirteagal 5(3) de Rialachán Uimh. 261/2004

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfaidh aeriompróir, mar chuid de ‘gach beart réasúnta’ a cheanglaítear air a chur chun feidhme chun tarlú agus iarmhairtí ‘imthoisc urghnách’ a sheachaint, de réir bhrí na forála sin, amhail locht i ndearadh innill ceilte aerárthaigh dá chuid a bhrath, beart coisctheach a ghlacadh arb éard a bheidh i gceist leis flít aerárthaí ionaid a choinneáil ar fuireachas, ar choinníoll go mbeidh an beart sin fós indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch i bhfianaise chumais an iompróra ag an am ábhartha.


(1)  IO C, C/2023/43.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4569/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)