European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4566

29.7.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 13 Meitheamh 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny – an Pholainn) – A. S.A. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy

(Cás C-266/23, Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy (Fíorchostas an fhuinnimh)  (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2003/96/CE - Airteagal 2(4)(b), an tríú fleasc - Airteagal 17(1)(a) - Dleacht mháil - Cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas - Leictreachas arna úsáid i gcomhair leictrealaithe - Laghdaithe cánacha maidir le tomhaltas tháirgí fuinnimh agus leictreachais do ghnólachtaí dianfhuinnimh - Ceannach tháirgí fuinnimh agus leictreachais - Fíorchostas an fhuinnimh a cheannaítear - Taraifí dáileacháin - Critéir don díolúine - Prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe)

(C/2024/4566)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Naczelny Sąd Administracyjny

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A. S.A.

Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy

Idiragraí: Rzecznik Małych i Średnich Przedsiębiorców

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 17(1)(a) de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

áireofar i bhfíorchostas an fhuinnimh a cheannaítear, de réir bhrí na forála sin, costais breise, nach féidir leo a bheith ina ‘gcánacha’ de réir bhrí na forála sin, amhail taraifí dáileacháin éigeantacha an leictreachais sin, de bhun na reachtaíochta náisiúnta, agus an leictreachas sin á cheannach.

2)

Maidir le hAirteagal 17(1)(a) de Threoir 2003/96,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go ndiúltaítear le díolúine mháil maidir le ceannachán leictreachais a thabhairt do ghnólacht dianfhuinnimh, de réir bhrí na forála sin, nuair a fhaigheann an gnólacht sin, maidir leis an leictreachas sin, díolúine mháil a bhaineann le leictreachas arna úsáid i bpróisis leictrealaithe, fiú má léiríonn an gnólacht sin, maidir leis an bhfuinneamh céanna, nach bhfaigheann sé an dá dhíolúine sin ag an am céanna agus nach mó méid iomlán na ndíolúintí sin ná méid na ndleachtanna máil a íocadh i ndáil leis an tréimhse chéanna, ar choinníoll go bhfuil an critéar ábhartha dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta deartha agus curtha i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabal na córa comhionainne.


(1)   IO C 278, 7.8.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4566/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)