|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4541 |
22.7.2024 |
Foilsiú iarratais ar leasú a dhéanamh ar théarma traidisiúnta in earnáil an fhíona de bhun Airteagal 28(3) agus Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, lipéadú agus cur i láthair
‘Vino de calidad con indicación geográfica’
(C/2024/4541)
Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais i gcomhréir le hAirteagal 22(1) agus Airteagal 27(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún (1). Ní mór na ráitis agóide a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.
IARRATAS AR LEASÚ MAIDIR LEIS AN TÉARMA TRAIDISIÚNTA
‘Vino de calidad con indicación geográfica’
Dáta fála: An 1 Aibreán 2024
An líon leathanach (an leathanach seo san áireamh): 3
Teanga an iarratais ar mhodhnú: Spáinnis
Uimhir an chomhaid: Ares(2024)2401972
An téarma traidisiúnta a n-iarrtar an modhnú ina leith: ‘Vino de calidad con indicación geográfica’
Iarratasóir: Ard-Stiúrthóireacht an Bhia, Aireacht Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia na Spáinne
Seoladh iomlán (uimhir agus ainm sráide, baile/cathair agus cód poist, tír):
Po Infanta Isabel, 1, 28071 Maidrid, an Spáinn
Náisiúntacht: Spáinnis
Teileafón, facs, ríomhphost:
Teileafón: +34 913475397;
Facs +34 913475410;
R-phost: dgia@mapa.es; sgccala@mapa.es
Tuairisc ar an modhnú:
Is athrú é seo ar ainm an téarma thraidisiúnta, chun ‘Vino de calidad de’ a chur in ionad ‘Vino de calidad con indicación geográfica’.
Ní téarma traidisiúnta nua é seo, toisc nach n-athraíonn sé na coinníollacha úsáide/an sainmhíniú agus na catagóirí táirgí lena mbaineann sé, agus baineann an t-aon athrú beag lena ainm: Fanann ‘Vino de calidad’ mar an gcéanna ach cuirtear ‘de’ in ionad ‘con indicación geográfica’.
Rialaíodh an téarma traidisiúnta ‘Vino de calidad con indicación geográfica’ sa Spáinn le Dlí Uimh. 24/2003 an 10 Iúil 2003, maidir le Fíniúnacha agus Fíon (https://www.boe.es/boe/dias/2003/07/11/pdfs/A27165-27179.pdf). Cumhdaíodh é le hAirteagal 21 den dlí céanna. Mar sin féin, i ndáil leis an méid sin, rinneadh an dlí sin a ionadú leis an dlí atá i bhfeidhm faoi láthair, Dlí Uimh. 6/2015 an 12 Bealtaine 2015 maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha ar fhorleibhéal Phobal Féinrialaitheach, lenar tugadh, ina Thríú Foráil Bhreise, ainm nua ar an téarma traidisiúnta sin, le ‘Vino de calidad de’ a chur in ionad ‘Vino de calidad con indicación geográfica’ (https://www.boe.es/buscar/pdf/2015/BOE-A- 2015-5288-consolidado.pdf).
Míniú ar fhoras an mhodhnaithe
De réir reachtaíocht an Aontais, Airteagal 27(1)(d) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, ní mór na téarmaí traidisiúnta uile ‘a shainmhíniú agus a rialáil i reachtaíocht an Bhallstáit’. Ós rud é gur cuireadh an téarma traidisiúnta sin in iúl faoi ainm eile ó bhí 2015 ann, is é sin an t-ainm nach mór a bheith i gclár an Aontais.
Ainm an tsínitheora: Ard-stiúrthóireacht an Bhia
(1) IO L 9, 11.1.2019, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/34/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4541/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)