|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4537 |
16.7.2024 |
Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún
(C/2024/4537)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE LE HAGHAIDH AINMNIÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT DE THIONSCNAMH BALLSTÁIT A CHUR IN IÚL
(Rialachán (AE) Uimh 1151/2012)
‘Sidra de Asturias / Sidra d’Asturies’
Uimh. AE: PDO-ES-0260-AM02 – 11.3.2024
ATFC (X) TGFC ( )
1. Ainm an táirge
‘Sidra de Asturias / Sidra d’Asturies’
2. An Ballstát ar leis an limistéar geografach
An Spáinn
3. Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl
An Ard-Stiúrthóireacht um Fhorbairt Tuaithe agus Agraibhia – Rialtas Asturias
—
4. Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) formheasta
Míniú go dtagann an leasú (nó na leasuithe) faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
Ní áirítear sna leasuithe a dtugtar tuairisc orthu agus a mhínítear thíos athrú ar ainm an ainmniúcháin gheografaigh faoi chosaint nó ar úsáid an ainm sin, ná níl baol ann go gcuireann siad an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní ná ní bhaineann srianta nua leo maidir leis an táirge a chur ar an margadh. Dá bhrí sin, is ‘leasuithe caighdeánacha’ iad na leasuithe sin de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí.
|
1. |
Soiléiriú ar an sainaithint agus ar an bpróiseas chun an táirge atá faoi chosaint mar ‘Sidra de Asturias’ faoi Fhoraithne Ríoga 72/2017 a dhéanamh.
|
Le Foraithne Ríoga 72/2017 an 10 Feabhra 2017 lena bhformheastar an caighdeán cáilíochta le haghaidh na gcatagóirí éagsúla ceirtlise agus ceirtlisí nádúrtha, aisghairtear Ordú an 1 Lúnasa 1979, lena n-áirítear ainmniúchán agus tuairisc na dtáirgí atá ann.
Leis an bhforaithne sin, ba ghá na catagóirí táirgí sa tsonraíocht a oiriúnú toisc go sainaithnítear leis an gcaighdeán nua catagóir táirgí ar a dtugtar sidra nó ‘ceirtlis’ a dhéantar as úrfhíon úll (úll meilte) agus dé-ocsaíd charbóin, nach gá a tháirgeadh go nádúrtha le linn an phróisis déanta ceirtlise. Ós rud é nach bhfuil an sidra a dtugtar tuairisc uirthi oiriúnach don chatagóir a leagtar amach sa tsonraíocht atá ann faoi láthair (déanta as úlla úra nó as a n-úrfhíon agus gan ach dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha amháin), d’fhéadfadh sé sin mearbhall a chur ar an margadh maidir le fíorchineál na dtáirgí a mhargaítear faoin ainmniúchán sin.
Chun soiléiriú a dhéanamh ar na hainmneacha a úsáidtear sa tsonraíocht táirge agus chun iad a thabhairt i gcomhréir le Foraithne Ríoga 72/2017, agus chun mearbhall ar thomhaltóirí a sheachaint, iarraimid go gcuirfí sidra natural espumosa (‘ceirtlis shúilíneach nádúrtha’) in ionad an ainm sidra (‘ceirtlis’), a bhfuil an sainmhíniú sa chaighdeán nua ag teacht leis an táirge a dhéantar go traidisiúnta le ATFC ar a dtugtar sidra sa tsonraíocht atá ann faoi láthair. Is as úrfhíon úll nádúrtha agus dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha amháin a dhéantar an táirge seo, mar a leagtar síos sa chatagóir sidra natural espumosa (‘ceirtlis shúilíneach nádúrtha’) i bhForaithne Ríoga 72/2017. Dá bhrí sin, meastar gur gá an sainmhíniú ar na táirgí a chumhdaítear a ailíniú chun é a thabhairt i gcomhréir le Foraithne Ríoga 72/2017.
I gcomhréir le hoiriúnú an ainmniúcháin dá dtagraítear thuas, ní mór dúinn an próiseas táirgthe a bhfuil tuairisc air anois i roinn E.11 (An Dara coipeadh) a chuimsiú sa tsonraíocht, tar éis é a oiriúnú d’fhorálacha Fhoraithne Ríoga 72/2017 agus do na gnáthchleachtais a chumhdaítear le ATFC.
Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
|
2. |
Coigeartú na luachanna nirt alcóil i gcomhréir le Foraithne Ríoga 72/2017 agus soiléiriú ar an sainmhíniú dlíthiúil ar an bparaiméadar ‘brú’. Baineann an leasú seo leis an méid seo a leanas:
|
Ní dhéanann an leasú seo difear do cháilíocht na dtáirgí a chumhdaítear.
Sonraítear an téarma ‘coibhneasta’ sa pharaiméadar brú chun an fhoclaíocht a oiriúnú don téarmaíocht dhlíthiúil agus chun a áirithiú nach ndéanfar í a léirmhíniú i ndearbhthéarmaí, i.e. brú atmaisféarach a chur san áireamh. Ní dhéanann an soiléiriú sin difear do shaintréithe fisiceacha agus ceimiceacha na dtáirgí a chumhdaítear ná do léirmhíniú na dtorthaí a fhaigheann oibreoirí deimhnithe don pharaiméadar sin ina bhfaireachán féin nó iad siúd a fhaigheann an Bord Rialála don pharaiméadar sin ina ghníomhaíocht deimhniúcháin.
Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
|
3. |
Cleachtais cheadaithe a bhaint agus cleachtais thoirmiscthe a shoiléiriú. |
Baineann an leasú seo leis an méid seo a leanas:
|
— |
roinn F ‘Cleachtais cheadaithe’ agus roinn G ‘Cleachtais thoirmiscthe’ den tsonraíocht. |
|
— |
roinn 3.2 ‘Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1) den doiciméad aonair’ den doiciméad aonair. |
Chun nach ndéanfar faisnéis a dhúbailt agus chun mearbhall a sheachaint maidir leis na ceanglais phróiseála a leagtar síos sa tsonraíocht táirge, beartaítear roinn F a scriosadh maidir leis na cleachtais cheadaithe le haghaidh ATFC ‘Sidra de Asturias’. Ós rud é go measfar aon chleachtas nach bhfuil toirmiscthe go sainráite a bheith ceadaithe, agus nach n-áirítear i roinn F na cleachtais uile a d’fhéadfadh a bheith ceadaithe, beartaítear an mhír seo a scriosadh agus na ceanglais a leagtar síos sa tsonraíocht táirge a shoiléiriú, agus ar an gcaoi sin aon mhíthuiscint a sheachaint.
Is gá freisin soiléiriú a dhéanamh ar na catagóirí éagsúla táirgí a chumhdaítear agus na cleachtais nach bhféadfar a úsáid sa phróiseas chun úrfhíonta a tháirgeadh. Ar mhaithe le comhsheasmhacht le Foraithne Ríoga 72/2017, agus chun cuidiú le tuiscint, áirítear na cleachtais thoirmiscthe agus simplítear an fhoclaíocht chun tuairiscí atá ann cheana a áireamh.
Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
|
4. |
Tagairtí don Rialachán ATFC a scriosadh. |
Baineann an leasú seo leis an méid seo a leanas:
|
— |
roinn D ‘Cruthúnas gur de thionscnamh an limistéir an táirge’ agus Roinn J ‘Lipéadú’ den tsonraíocht |
|
— |
roinn 3.4 ‘Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe’ agus roinn 3.6 ‘Rialacha speisialta maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe’ den doiciméad aonair. |
Scriosadh na tagairtí don Rialachán ATFC, ós rud é nach dtugtar tuairisc ar na ceanglais atá le comhlíonadh ag an táirge faoi chosaint ach amháin sa tsonraíocht táirge.
Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
|
5. |
‘ATFC’ a chur in ionad an ghiorrúcháin ‘A.T.F.C.’ |
Baineann an leasú seo leis an méid seo a leanas:
|
— |
roinn A ‘Ainm an táirge’, roinn D ‘Cruthúnas gur de thionscnamh an limistéir an táirge’, roinn E.13 ‘Buidéalú’ agus roinn J ‘Lipéadú’ den tsonraíocht táirge. |
|
— |
roinn 3.5 ‘Rialacha speisialta maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe’ agus roinn 3.6 ‘Rialacha speisialta maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe’ den doiciméad aonair |
Cuireadh ‘ATFC’ in ionad an ghiorrúcháin ‘A.T.F.C.’ chun é a chur i gcomhréir le forálacha reachtaíocht an Chomhphobail atá i bhfeidhm agus, go sonrach, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014, Iarscríbhinn X ina leagtar síos foirm atáirgthe ghiorrúcháin an téarma ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ i dteangacha éagsúla an Aontais.
Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
|
6. |
Tagairtí do thithe ceirtlise údaraithe a athsholáthar |
Baineann an leasú seo le roinn D, ‘Cruthúnas gur de thionscnamh an limistéir an táirge’ den tsonraíocht.
Cuireadh ‘tithe ceirtlise deimhnithe’ in ionad na tagartha do ‘thithe ceirtlise údaraithe’ chun an téarmaíocht a thabhairt i gcomhréir leis an gcóras deimhniúcháin i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta UNE EN ISO/IEC 17065.
Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.
|
7. |
An tagairt do shíniú na ndeimhnithe a scriosadh |
Baineann an leasú seo le roinn D, ‘Cruthúnas gur de thionscnamh an limistéir an táirge’ den tsonraíocht.
Scriosadh an tagairt do shíniú na ndeimhnithe arna n-eisiúint ag Cathaoirleach an Bhoird Rialála, lena n-ailínítear an próiseas sin leis an gcóras deimhniúcháin arna bhunú ag an mBord Rialála i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta UNE EN ISO/IEC 17065.
Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.
|
8. |
Soiléiriú ar thionscnamh na dé-ocsaíde carbóin atá sna ‘ceirtlisí’ faoi chosaint. |
Baineann an leasú seo leis an méid seo a leanas:
|
— |
roinn D ‘Cruthúnas gur de thionscnamh an limistéir an táirge’ agus roinn E.13 ‘Buidéalú’ den tsonraíocht táirge atá ann faoi láthair |
|
— |
roinn 3.4 ‘Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe’ agus roinn 3.5 ‘Rialacha speisialta maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe’ den doiciméad aonair. |
I roinn D ‘Fianaise gur de thionscnamh an limistéir é an táirge’ tagraítear don tseiceáil a bunaíodh chun a áirithiú nach ann sa táirge ach dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha. I ndáil leis sin, is féidir dé-ocsaíd charbóin a fháil tríd an úrfhíon i sidra natural (‘ceirtlis nádúrtha’) a choipeadh agus trí choipeadh an sidra natural nó trí charbónáitiú i gcás sidra natural espumosa (‘ceirtlis shúilíneach nádúrtha’). Dá bhrí sin, beartaítear an frása seo a leanas a scriosadh: ‘ar féidir é a áireamh i gcás an táirge sidra (“ceirtlis”), a fhaightear trí úsáid a bhaint as an bpróiseas seo a leanas chun an t-úrfhíon a choipeadh’, ós rud é go bhfuil sé neamhiomlán agus go gcruthaíonn sé mearbhall freisin.
Ina theannta sin, foráiltear le roinn B.1 ‘Tuairisc ar an táirge’ agus roinn E.12 ‘Carbónáitiú’ den tsonraíocht táirge atá ann faoi láthair nach bhféadfaidh ach dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha amháin a bheith sna táirgí faoi chosaint. Ina theannta sin, le roinn G ‘Cleachtais thoirmiscthe’ sa tsonraíocht táirge atá ann faoi láthair, toirmisctear aon dé-ocsaíd charbóin a chur isteach seachas an dé-ocsaíd charbóin a tháirgtear go nádúrtha sa phróiseas déanta ceirtlise. Mar sin féin, is í foclaíocht roinn E.13 ‘Buidéalú’ is cúis le mearbhall maidir le fíorthionscnamh dé-ocsaíde carbóin sna táirgí faoi chosaint agus maidir leis an oibleagáid í a tháirgeadh go nádúrtha le linn an phróisis déanta ceirtlise. Luaitear sa mhír seo ‘go mbeidh úsáid saoráidí iomchuí i gceist leis an bhfíoras nach bhféadfar ach dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha agus a tháirgtear le linn an phróisis déanta ceirtlise a áireamh sna ceirtlisí faoi chosaint...’. Tugann léamh na roinne seo le fios go bhféadfadh nó nach bhféadfadh dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha agus a tháirgtear le linn an phróisis déanta ceirtlise a bheith sna ceirtlisí faoi chosaint. Is é sin le rá, tá sé roghnach an ceanglas sin a chomhlíonadh (lena n-áirítear dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha agus a tháirgtear le linn an phróisis déanta ceirtlise). D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí dé-ocsaíd charbóin seachas an dé-ocsaíd charbóin a tháirgtear go nádúrtha le linn an phróisis déanta ceirtlise a úsáid.
Meastar gur gá an fhoclaíocht i roinn E.13 ‘Buidéalú’ a leasú chun í a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i ranna eile den tsonraíocht táirge. Beartaítear, dá bhrí sin, na focail ‘ní mór a bheith ann’, rud a fhágann go bhfuil sé sainordaitheach, a chur in ionad na bhfocal ‘féadfaidh sé a áireamh’, a thugann le fios go bhfuil sé roghnach.
Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
|
9. |
‘Lipéid’ a chur in ionad an téarma ‘lipéid thánaisteacha’ maidir le pacáistiú na dtáirgí a chumhdaítear a shainaithint |
Baineann an leasú seo leis an méid seo a leanas:
|
— |
roinn D ‘Cruthúnas gur de thionscnamh an limistéir an táirge’ agus Roinn J ‘Lipéadú’ den tsonraíocht |
|
— |
roinn 3.6 ‘Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe’ sa doiciméad aonair. |
Maidir le sainaithint na dtáirgí faoi chosaint, beartaítear tagairtí d’úsáid lipéad uimhrithe a chur in ionad na dtagairtí d’úsáid lipéad tánaisteach uimhrithe chun an téarmaíocht sin a thabhairt i gcomhréir leis an gcóras deimhniúcháin arna bhunú ag an mBord Rialála i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta UNE EN ISO/IEC 17065.
Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
|
10. |
Athrú ar mhionsonraí na gcomhlachtaí cigireachta inniúla. |
Baineann an leasú seo le roinn I ‘Comhlacht cigireachta’ den tsonraíocht táirge atá ann faoi láthair agus le roinn H ‘Comhlacht cigireachta’ den leasú atá beartaithe ar an tsonraíocht.
Beartaítear an leasú seo chun mionsonraí an chomhlachta cigireachta a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, agus ar bhonn an Ghnímh um Cháilíocht Bia, Scéimeanna Cáilíochta agus Díol Díreach Táirgí Bia (Gníomh 2/2019 ó Phobal Féinrialaitheach Asturias an 1 Márta 2019), tar éis tarmligean na cigireachta a fháil.
Le Cinneadh an 1 Márta 2021 ó Aireacht Gnóthaí Tuaithe agus Comhtháthaithe Chríochaigh Asturias, údaraíodh don Bhord Rialála le haghaidh ATFC ‘Sidra de Asturias’, mar an comhlacht cigireachta tarmligthe, cúraimí rialaithe oifigiúla a dhéanamh chun a fhíorú go gcomhlíonann oibreoirí sonraíocht táirge ATFC ‘Sidra de Asturias’ sular cuireadh táirgí a bhfuil an t-ainmniúchán sin acu ar an margadh.
Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.
|
11. |
An toirmeasc ar úsáid chomhuaineach trádmharcanna ar tháirgí faoi chosaint agus táirgí gan cosaint a bhaint. |
Baineann an leasú seo leis an méid seo a leanas:
|
— |
roinn J ‘Lipéadú’ den tsonraíocht táirge atá ann faoi láthair agus roinn I ‘Lipéadú’ den leasú atá beartaithe ar an tsonraíocht. |
Beartaítear an srian ar úsáid chomhuaineach na marcanna aitheantais ar tháirgí a bhfuil ATFC leo nó nach bhfuil a bhaint, toisc go bhfuil sé contrártha le saorúsáid trádmharcanna.
Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.
|
12. |
Soiléiriú maidir le tásca sainordaitheacha agus roghnacha a úsáid |
Baineann an leasú seo leis an méid seo a leanas:
|
— |
roinn J ‘Lipéadú’ den tsonraíocht táirge atá ann faoi láthair agus roinn I ‘Lipéadú’ den leasú atá beartaithe ar an tsonraíocht. |
|
— |
roinn 3.6 ‘Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe’ sa doiciméad aonair. |
Beartaítear an téarmaíocht a úsáidtear i lipéadú an táirge a athrú chun na tásca sainordaitheacha agus roghnacha a chomhchuibhiú lena bhféadfar idirdhealú a dhéanamh idir an táirge ar an margadh, agus an reachtaíocht atá i bhfeidhm á hurramú an tráth céanna.
Oiriúnaíodh an tsonraíocht atá ann faoi láthair do na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht Eorpach agus, go sonrach, d’fhorálacha Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, rud a fhágann gur féidir an giorrúchán comhfhreagrach ‘ATFC’ a chur in ionad an táisc ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’. Ní údaraítear leis an tsonraíocht táirge atá ann faoi láthair an giorrúchán sin a úsáid, agus dá bhrí sin tá sé níos sriantaí ná reachtaíocht Eorpach.
Ar an gcuma chéanna, chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí ar fhaisnéis leordhóthanach maidir le saintréithe orgánaileipteacha fíor-riachtanacha an táirge faoi chosaint, beartaítear go mbeidh sé sainordaitheach sidra (sidra natural espumosa sa tsonraíocht táirge leasaithe) a lipéadú chun na téarmaí a bhaineann lena mhéid siúcra a áireamh.
Beartaítear freisin ceanglas a áireamh sa tsonraíocht táirge maidir le lipéadú na dtáirgí a chumhdaítear chun siombail an Aontais a bhaineann le ATFC a úsáid, mar a leagtar síos in Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí.
Ní chiallaíonn úsáid na dtéarmaí sin ar an lipéadú ar aon bhealach go bhfuil athrú ar phróiseas táirgthe an táirge faoi chosaint.
Déanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
|
13. |
An roinn ina dtagraítear do na ceanglais reachtacha náisiúnta a scriosadh. |
Scriosadh roinn K ‘Ceanglais reachtacha náisiúnta’ den tsonraíocht táirge ós rud é nach ceanglas faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 í. Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.
Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.
|
14. |
Uimhriú leathanaigh a chuimsiú sa tsonraíocht táirge |
Ní dhéanann an leasú seo difear d’aon roinn den tsonraíocht táirge ná den doiciméad aonair.
Beartaítear leathanaigh na sonraíochta a uimhriú.
Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Sidra de Asturias / Sidra d’Asturies’
Uimh. AE: PDO-ES-0260-AM02 – 11.3.2024
ATFC (X) TGFC ( )
1. Ainm nó ainmneacha [ATFC nó TGFC]
‘Sidra de Asturias / Sidra d’Asturies’
2. Ballstát nó tríú tír
An Spáinn
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia
3.1. Cineál an táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]
Aicme 1.8. Táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is iad seo a leanas na táirgí atá le cosaint ag an Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint ‘Sidra de Asturias’:
|
— |
Sidra natural (‘ceirtlis nádúrtha’): an deoch carbónáitithe go nádúrtha a fhaightear ó choipeadh alcólach páirteach nó iomlán úll úr nó a n-úrfhíon, a tháirgtear trí mhodhanna traidisiúnta, gan aon siúcra breise curtha leo, nach bhfuil iontu ach dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha. Ní mór a neart alcóil iarbhír íosta a bheith cothrom le 5 % de réir toirte. |
Is saintréith de chuid sidra natural é blas sainiúil, agus cothromaíocht á baint amach aici idir géar agus searbh agus le mothú éadrom de ghiosáil nádúrtha. Tá a dea-bholadh glan agus úr, agus tá blasanna cineáil nó torthaíocha uirthi agus tá sí beagán searbh. Tá cuma thréshoilseach agus shúilíneach uirthi, agus d’fhéadfadh imreacha éagsúla buí nó dath na tuí a bheith uirthi.
|
— |
Sidra natural espumosa (‘ceirtlis shúilíneach nádúrtha’): táirge a eascraíonn as an dara coipeadh ar cheirtlis nádúrtha, mar gheall ar shiúcraí nádúrtha na ceirtlise sin nó toisc gur cuireadh liqueur de tirage léi, nach bhfuil ann ach dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha. Ní mór a neart alcóil iarbhír íosta a bheith cothrom le 5.5 % de réir toirte. |
Ag brath ar a méid siúcra, tugtar an méid seo a leanas uirthi: ‘Brut Nature’ nuair is lú é ná 3 g/l agus nach bhfuil aon dáileog curtha léi; ‘Extra Brut’ nuair is lú ná 6 g/l é; ‘Brut’ nuair atá sé níos lú ná 12 g/l nó cothrom leis; ‘Tirim bhreise’ nuair is níos mó ná 12 g/l é agus níos lú ná 20 g/l nó cothrom leis; ‘Tirim’ nuair is níos mó ná 20 g/l é agus níos lú ná nó cothrom le 30 g/l; ‘Meántirim’ nuair is níos mó ná 30 g/l é agus níos lú ná 50 g/l nó cothrom leis; agus ‘Milis’ nuair is níos mó ná 50 g/l é agus níos lú ná 80 g/l nó cothrom leis.
I dtéarmaí orgánaileipteacha, is iondúil go mbíonn blas sainiúil ar sidra natural espumosa (‘ceirtlis shúilíneach nádúrtha’) a d’fhéadfadh a bheith ina ‘Brut Nature’, ‘Extra Brut’, ‘Brut’, ‘Tirim Bhreise’, ‘Tirim’, ‘Meántirim’ nó ‘Milis’; súilíní de dhé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha ag ardú i sruthanna seasta, ag cruthú ciorcail ar an dromchla agus a bhfuil greim acu le himill na gloine; agus dea-bholadh glan cothrom le ruainníní úll amh nó stofa. Tá cuma thréshoilseach agus shúilíneach uirthi, agus tá imreacha éagsúla buí uirthi.
Cleachtais thoirmiscthe
|
1. |
Úrfhíona
|
|
2. |
Ceirtlis nádúrtha agus ceirtlis shúilíneach nádúrtha
|
Tá na hairíonna fisiceacha agus ceimiceacha seo a leanas ag an gceirtlis nádúrtha:
aigéadacht sho-ghalaithe: < 2.0 g/l
aigéad aicéiteach
neart alcóil: > 5 %.
dé-ocsaíd sulfair iomlán: < 150 mg/l.
brú coibhneasta sa bhuidéal (20 °C): > 0.5 atm.
Tá na hairíonna fisiceacha agus ceimiceacha seo a leanas ag an gceirtlis shúilíneach nádúrtha:
aigéadacht sho-ghalaithe: < 2.0 g/l
aigéad aicéiteach
neart alcóil: > 5.5 %.
dé-ocsaíd sulfair iomlán: < 200 mg/l.
brú coibhneasta sa bhuidéal (20 °C): > 3 atm.
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
Déantar an cheirtlis nádúrtha agus an cheirtlis shúilíneach nádúrtha ó chineálacha úll ceirtlise a fhástar go traidisiúnta sa limistéar táirgthe.
Ar bhonn ghéar agus thiúchan na gcomhdhúl feanólach, aicmítear na cineálacha údaraithe i 9 gcatagóir theicneolaíocha: milis, searbhmhilis, searbh, leathghéar, searbh-leathghéar, leathghéar-shearbh, géar, searbhghéar agus géarshearbh.
Aicmiú teicneolaíoch aigéadachta:
Blanquina, Limón Montés, Teórica, San Roqueña, Raxao, Fuentes, Xuanina, Regona, Prieta, Collaos, Josefa, Carrandona, Raxila Ácida, Collaina, Raxina Marelo, Perurico Precoz, Perurico, Raxona Ácida, Raxina Ácida, Arbeya, Reineta Caravia, Durón Encarnado, Fresnosa, Peñarudes, Perracabiella, Reineta Encarnada, Repinaldo de Hueso, San Justo agus Sucu
Searbhghéar:
Beldredo, Picón, Madiedo, Martina agus Monto
Searbh:
Clara, Amariega agus Cladurina
Géarshearbh:
Meana, Lin, Cladurina Amargoácida agus Rosadona
Leathghéar-shearbh:
Durcolorá agus Colorá Amarga
Leathghéar:
Solarina, De la Riega, Carrió, Perico, Perezosa, Durona de Tresali, Panquerina, Raxila Rayada, Antonona, Chata Encarnada, Durón d’Arroes, Maria Elena, Mariñana, Miyeres, Repinaldo Caravia, Reineta Pinta agus Celso.
Searbh-leathghéar:
Montes de Llamera agus Corchu
Milis
Ernestina, Verdialona, Raxila Dulce, Raxina Dulce, Raxona Dulce, Chata Blanca, Cristalina, Dura, Montés de Flor, Paragua agus Verdosa.
Searbhmhilis:
Coloradona, Raxina Amarga agus Raxarega.
3.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Déantar na táirgí atá faoi chosaint ATFC ‘Sidra de Asturias’/‘Sidra d’Asturies’ (ceirtlis nádúrtha agus ceirtlis shúilíneach nádúrtha) as úlla ceirtlise de na cineálacha a údaraítear sa tsonraíocht táirge a fásadh ar dháileachtaí talún atá cláraithe leis an mBord Rialála. Ní mór na táirgí a dhéanamh ag tithe ceirtlise atá lonnaithe sa limistéar táirgthe atá cláraithe freisin leis an mBord Rialála agus a bhfuil pas faighte acu i roinnt tástálacha lena ndéantar scrúdú ar a modhanna monaraíochta agus próiseála. Déanfar na tástálacha sin, lena seiceáiltear na cineálacha a úsáidtear, teicnící fáis, amhábhair, fáscadh, próisis déanta ceirtlise, buidéalú agus lipéadú, i gcomhréir le nós imeachta córais cáilíochta doiciméadaithe an Bhoird Rialála.
I dtáirgeadh ceirtlise nádúrtha agus ceirtlise súilíní nádúrtha, ní mór a fhíorú go háirithe nach dtáirgtear ach dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go nádúrtha amháin. Déanfar faireachán ar an bpróiseas iomlán sin de réir na dtreoracha atá leagtha síos i lámhleabhar cáilíochta an Bhoird Rialála, nach mór a áireamh ann, ar a laghad, an teicníc anailíse atá le húsáid chun dé-ocsaíd charbóin a bhrath trí na hiseatóip solais chobhsaí agus cóimheas C13-C12 a shainaithint, rud a fhágann gur féidir a tionscnamh a fhíorú.
Ní mór cigireachtaí amhairc, cigireachtaí doiciméadacha agus sampláil táirgí a bheith sa phróiseas deimhniúcháin. Féadfar ceirtlisí deimhnithe a lipéadú le lógó an Bhoird Rialála agus leis na focail ‘Denominación de Origen Protegida Sidra de Asturias’. Déanfar an buidéal a lipéadú freisin le sraithuimhir a sholáthróidh an Bord.
Tá na céimeanna seo a leanas sa phróiseas déanta ceirtlise: na húlla a ní agus a mheilt; iad a fháscadh chun an t-úrfhíon nádúrtha a bhaint; coipeadh; racáil; gléghlanadh; scagachán trí úsáid a bhaint as táirgí agus ábhair cheadaithe; agus ar deireadh buidéalú.
Maidir leis an gceirtlis shúilíneach nádúrtha, déantar an dara coipeadh ar an gceirtlis nádúrtha, nó féadfar í a charbónáitiú trí úsáid a bhaint as dé-ocsaíd charbóin a scaoiltear go nádúrtha le linn an phróisis déanta ceirtlise, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa doiciméad seo, sa tsonraíocht táirge agus sa lámhleabhar cáilíochta.
3.5. Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór an buidéalú a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.
Is é is cúis le buidéalú a áireamh laistigh den limistéar ainmnithe mar chuid de phróiseas déanta ceirtlise ATFC ‘Sidra de Asturias’ ná clú an táirge a chosaint trí bharántúlacht an táirge agus a cháilíocht agus a shaintréithe araon a áirithiú. Glacann tairbhithe na scéime seo freagracht iomlán agus chomhchoiteann orthu féin as na gnéithe sin a áirithiú tríd an mBord Rialála a bunaíodh chun na críche sin.
Áirithítear leis sin gur féidir na táirgí a fhaightear a bheith faoi réir bearta cigireachta agus inrianaitheachta, rud a fhágann nach féidir iad a mheascadh le táirgí ó áiteanna eile. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil na cigireachtaí a dhéantar sa limistéar táirgthe (faoi fhreagracht thairbhithe ATFC) críochnúil agus córasach, agus eolas cuimsitheach ar shaintréithe an táirge mar bhonn taca leo.
Thairis sin, ós rud é go bhfuil dé-ocsaíd charbóin sna ceirtlisí (an dé-ocsaíd charbóin sin a fhaightear go nádúrtha amháin le linn an phróisis táirgthe), ní mór trealamh oiriúnach a bheith ann taobh leis an innealra buidéalaithe. Bheadh sé míchaoithiúil, agus dhéanfadh sé an próiseas cigireachta an-chasta, dá n-iomprófaí na ceirtlisí chuig gléasra buidéalaithe eile, rud a d’fhéadfadh an próiseas a ‘truaillmheascadh’.
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Chun tomhaltóirí a chur amú a sheachaint, ní mór do lipéid ceirtlise an reachtaíocht ábhartha maidir le sonraí sainordaitheacha agus roghnacha a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ní mór an t-ainm faoi chosaint ‘Sidra de Asturias’ a bheith ar lipéadú na gceirtlisí faoi chosaint agus na focail ‘Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint’ nó an giorrúchán ‘ATFC’ ag gabháil leis.
Ní mór an t-ainm ATFC (‘Sidra de Asturias’) a bheith le feiceáil go soiléir ar lipéid na gceirtlisí buidéalaithe mar aon le haon fhaisnéis a cheanglaítear faoin reachtaíocht is infheidhme.
Is féidir leis an tomhaltóir idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla táirgí trína gcur i láthair, toisc go n-úsáidtear cineálacha éagsúla dúntóirí buidéal. Ós rud é go bhfuil an brú i mbuidéal ceirtlise súilíní nádúrtha níos mó ná trí atmaisféir, is léir go dteastaíonn cineál difriúil dúntóra agus cineál éagsúil coimeádáin gloine uaidh ná iad siúd a úsáidtear le haghaidh ceirtlis nádúrtha.
In aon chás, ní mór na focail ATFC ‘Sidra de Asturias’ a chur ar gach ceirtlis faoi chosaint a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sna rialacha maidir leis an ainm a úsáid. Thairis sin, faoi na rialacha ginearálta maidir le lipéadú agus cur i láthair táirgí bia, ní mór a shonrú ar na lipéid freisin an ceirtlis nádúrtha nó ceirtlis shúilíneach nádúrtha é an táirge.
Ní mór gach buidéal ina bhfuil ceirtlis a chosnaítear leis an ATFC seo a sheoladh le lipéad rialaithe uimhrithe arna eisiúint ag an mBord Rialála.
Ní mór na téarmaí a bhaineann leis an méid siúcra sa cheirtlis shúilíneach nádúrtha a shainaithint mar a leagtar amach i roinn 3.2 den doiciméad seo.
Ní mór na táirgí a chumhdaítear a shainaithint le lógó an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012 nó le reachtaíocht a chuirtear ina ionad.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Is réigiún geografach agus stairiúil de chuid thuaisceart na Spáinne é Asturias ina bhfuil 78 mbardas: Allande, Aller, Amieva, Avilés, Belmonte de Miranda, Bimenes, Boal, Cabrales, Cabranes, Candamo, Cangas de Narcea, Cangas de Onís, Caravia, Carreño, Caso, Castrillón, Castropol, Coaña, Colunga, Corvera, Cudillero, Degaña, El Franco, Gijón, Gozón, Grado, Grandas de Salime, Ibias, Illano, Illas, Langreo, Las Regueras, Laviana, Lena, Llanera, Llanes, Mieres, Morcín, Muros de Nalón, Nava, Navia, Noreña, Onís, Oviedo, Parres, Peñamellera Alta, Peñamellera Baja, Pesoz, Piloña, Ponga, Pravia, Proaza, Quirós, Ribadedeva, Ribadesella, Ribera de Arriba, Riosa, Salas, San Martín de Oscos, San Martín del Rey Aurelio, Santirso de Abres, Santa Eulalia de Oscos, Santo Adriano, Sariego, Siero, Sobrescobio, Somiedo, Soto del Barco, Tapia de Casariego, Taramundi, Teverga, Tineo, Valdés, Vegadeo, Villanueva de Oscos, Villaviciosa, Villayón, Yernes y Tameza.
Cé go bhfuil achar iomlán 10 560 km2 ag an limistéar geografach sainithe, tá Asturias ar cheann de na réigiúin is sléibhtiúla san Eoraip. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an talamh talmhaíochta atá ar fáil chun úlla a fhás an-teoranta, agus go bhfuil an saothrú teoranta do ghleannta beaga agus do thaobhanna cnoic ar fud an limistéir shainithe (i.e. na 78 mbardas a liostaítear thuas).
Mar gheall ar an tír-raon agus na dálaí fáis in Asturias, tá feirmeacha scaipthe, a bheag nó a mhór, ar fud na mbardas éagsúil, rud a chiallaíonn go bhfuil ionaid daonra tuaithe beag agus scaipthe, mar is amhlaidh leis na dáileachtaí talún.
Fástar úlla ceirtlise go traidisiúnta in Asturias tar éis samhail feirmeoireachta atá fairsing agus measctha (féarach féarthalaimh úlla ceirtlise). Ós rud é go mbíonn feirmeacha in Asturias an-bheag de ghnáth, bhí tionchar suntasach sóisialta agus eacnamaíoch ag an meascán seo d’fheirmeoireacht beostoic agus d’fhás úll le haghaidh déanamh ceirtlise ar shaol tuaithe Asturias: Le fás úll gineadh ioncam breise ar fheirmeacha teaghlaigh, lena soláthraítear gníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a choinníonn an daonra, rud a chuidíonn, go pointe áirithe, leis an tréigean tuaithe a choinneáil siar.
Díreach ar an mbealach céanna agus a scaiptear úlloird úll ceirtlise amach thar an gcríoch, ba shaoráidí ar scála beag iad tithe ceirtlise go traidisiúnta ar fheirmeacha a rinne ceirtlis lena hól ag an teaghlach feirmeoireachta. Tréigeadh an cleachtas seo de réir a chéile, agus tá tithe ceirtlise nua-aimseartha comhchruinnithe i suíomhanna atá gar don bhonneagar agus a bhfuil seirbhísí níos oiriúnaí acu le haghaidh gníomhaíocht thionsclaíoch.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Stairiúil
Is é Asturias an réigiún is mó sa Spáinn a tháirgeann ceirtlis, arb ionann é agus 80 % den táirgeadh náisiúnta. Mar is léir ó scríbhinní ón geografaí Strabo a théann siar go dtí 60 RC, tá na cleachtais a bhaineann le húlla ceirtlise a fhás agus ceirtlis a dhéanamh go domhain i stair an réigiúin.
Nádúrtha
Le linn na gcéadta blianta, ag baint úsáid as crainn a fhástar ó shíolta (gan beangáin a úsáid), tá feirmeoirí Asturias tar éis na cineálacha is táirgiúla a roghnú de réir a chéile, arb iad ná cineálacha is fearr a oireann don timpeallacht áitiúil agus a thugann na húlla ceirtlise is fearr. Tugann airíonna éagsúla na gcineálacha (milis, searbhmhilis, searbh, leathghéar, searbh-leathghéar, leathghéar-shearbh, géar, searbhghéar agus géarshearbh) agus cumaisc na gcatagóirí seo mar thoradh orthu sin a gcuid leathghéire uathúla.
Ós rud é go gcumhdaítear an dá chineál táirge leis an ainmniúchán, léirítear rialacha cáilíochta na Spáinne (Ordú ón Aire an 1 Meán Fómhair 1979), lena ndéantar idirdhealú idir sidra (‘ceirtlis’) agus sidra natural (‘ceirtlis nádúrtha’) ar an mbonn gur féidir dé-ocsaíd charbóin nár táirgeadh go nádúrtha le linn an phróisis déanta ceirtlise — i.e. ó aon fhoinse — a chur le ‘ceirtlis’.
As an dá chineál ceirtlise a chumhdaítear leis an ainmniúchán tionscnaimh, is í an cheirtlis nádúrtha an buntáirge, agus is ceirtlis nádúrtha í ceirtlis shúilíneach nádúrtha lena gcuirtear dé-ocsaíd charbóin a aisghabhadh le linn an phróisis coipthe (i.e. gás a fhaightear go nádúrtha amháin) agus méid beag síoróipe siúcra. Tá an t-amhábhar, an teicneolaíocht táirgthe agus na saoráidí tionsclaíocha beagnach mar an gcéanna, cé go dtéann ceirtlis nádúrtha siar go stairiúil i bhfad níos faide, agus ní raibh ceirtlis lenar cuireadh dé-ocsaíd charbóin le feiceáil ach le déanaí mar thoradh ar thaighde agus ar fhorbairtí sa teicneolaíocht a baineadh amach sa 19ú céad.
Sa Spáinn, tá nasc stairiúil idir an t-ainm ‘Asturias’ agus déanamh ceirtlise agus ól ceirtlise, agus is ionann an réigiún anois agus formhór an táirgthe intíre.
Gné dhaonna:
Is í an cheirtlis an tríú táirge is tábhachtaí ó thaobh láimhdeachais de in earnáil bia agus talmhaíochta Asturias. Táirgtear an cheirtlis nádúrtha i dtithe ceirtlise traidisiúnta, agus anois tá 106 theach ceirtlise ar scála tráchtála in Asturias. Tá traidisiún an teaghlaigh an-láidir, agus tá os cionn 60 % de na tithe ceirtlise seo faighte ag a n-úinéirí le hoidhreacht. Reáchtáiltear formhór dóibh mar dhílseánacht aonair, agus níl i gcorparáidí agus i gcuideachtaí faoi dhliteanas teoranta ach thart ar 10 % de thithe ceirtlise. Is 93 % de dhíolacháin iomlána ceirtlise nádúrtha atá i margadh Asturias. Tá deich gcuideachta i gceannas ar tháirgeadh ceirtlise súilíneach nádúrtha, a bhfuil 61 % de láimhdeachas iomlán an tionscail acu. Tá thart ar 80 % den táirgeadh le haghaidh an mhargaidh intíre, agus déantar thart ar 13 % go 14 % a onnmhairiú agus déantar an 7 % eile a thomhailt laistigh de réigiún Asturias féin.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4537/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)