European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4468

22.7.2024

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 12 Meitheamh 2024 – VEB.RF v an Chomhairle

(Cás T-288/22)  (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Reo na gcistí - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann calcadh cistí agus acmhainní eacnamaíocha - Clárú agus coinneáil ainm an iarratasóra ar an liosta - Eisiamh ó sheirbhísí SWIFT - Oibleagáid cúiseanna a lua - Airteagal 2(1)(b) agus (d) de Chinneadh 2014/145/CBES - Airteagal 1e de Chinneadh 2014/512/CBES - Earráid mheasúnaithe - Cóir chomhionann - Comhréireacht - An ceart chun maoine - An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach - Mí-úsáid cumhachtaí)

(C/2024/4468)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: State Development Corporation ‘VEB.RF’ (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: J. Iriarte Ángel, L. Rodríguez Jiménez, F. Rodríguez González agus L. García López, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Saez Moreno, P. Mahnič agus H. Marcos Fraile, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Carpus Carcea agus G. Luengo, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, sa chéad áit, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/265 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 42 I, lch. 98), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/260 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 42 I, lch. 3), ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 239, lch. 1), ar an tríú dul síos, Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75. I, lch. 134), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75 I, lch. 1), agus, ar an gceathrú dul síos, Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 104), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 226, lch. 3), a mhéid a bhaineann na gníomhartha seo leis.

Sa dara háit,, iarrann an t-iarratasóir, go substaintiúil, go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos ar Airteagal 1e de Chinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2014, L 229, lch. 13), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/346 ón gComhairle an 1 Márta 2022 (IO 2022, L 63, lch. 5), arna léamh i gcomhcheangal le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gCinneadh sin, mar aon le hAirteagal 5h den Rialachán Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2013, L 229, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2022/345 ón gComhairle an 1 Márta 2022 (IO 2022, L 63, lch. 1), léite i gcomhcheangal leis an Iarscríbhinn XIV den Rialachán sin, sa dara háit, d’Airteagal 1e, de Chinneadh 2014/512, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1313 ón gComhairle an 26 Iúil 2022 (IO 2022, L 198, lch. 17), léite i gcomhar le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gcinneadh sin, agus le hAirteagal 5h de Rialachán Uimh. 833/2014, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1269 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 (IO 2022, L 193, lch. 1), a léamh i gcomhar le hIarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin, ar an tríú dul síos, d’Airteagal 1e de Chinneadh 2014/512, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/191 ón gComhairle an 27 Eanáir 2023 (IO 2023 L 26, lch. 44 ), a léamh i dteannta le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gcinneadh sin, agus Airteagal 5h de Rialachán Uimh. 833/2014, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/2474 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 (IO 2022, L 322 I, lch. 1), arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin, agus, sa cheathrú háit, Airteagal 1e, de Chinneadh 2014/512, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1517 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 (IO 2023, L 184, lch. 40), léite i dteannta le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gcinneadh sin , mar aon le hAirteagal 5h de Rialachán Uimh. 833/2014, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/1214 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2023 (IO 2023, L 159 I, lch. 1), léite i gcomhar le hIarscríbhinn XIV a ghabhann leis an rialachán sin, a mhéid a bhaineann gníomhartha sin go léir leis.

An chuid oibríochtúil

1.

Díbhtear an chaingean.

2.

Ordaítear do State Development Corporation ‘VEB.RF’ na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc, i dteannta a chostais féin.

3.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.


(1)   IO C 318, 22.8.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4468/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)