|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4452 |
22.7.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Svea hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 20 Bealtaine 2024 – Purefun Group AB v Doggy AB
(Cás C-365/24, Purefun Group)
(C/2024/4452)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Svea hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Purefun Group AB
Cosantóir: Doggy AB
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
(1) |
I bhfianaise an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus phrionsabal bunúsach na saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí faoi dhlí an Aontais, an bhfuil sé i gcomhréir le forálacha na Treorach maidir le Trádmharcanna, (1) go háirithe Airteagal 1 agus Airteagal 5(4), córas a bheith ann faoin dlí náisiúnta trínar féidir le ceart níos luaithe in ainm cuideachta a bheith ina bhonn chun toirmeasc a chur ar úsáid comhartha trádála ina dhiaidh sin sa réimse iomlán gníomhaíochta a bhfuil ainm na cuideachta cláraithe ina leith agus gan aon cheanglas gur úsáideadh ainm na cuideachta chun idirdhealú a dhéanamh idir earraí nó seirbhísí? |
|
(2) |
Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 1, an bhfuil sé i gcomhréir leis an Treoir maidir le Trádmharcanna agus le dlí an Aontais go ginearálta maidir le hainm cuideachta, a úsáidtear mar chomhartha chun idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha áirithe earraí nó seirbhísí i réimse na gníomhaíochta a bhfuil ainm na cuideachta cláraithe ina leith, an bhfuil sé sin ina fhoras le toirmeasc a chur ar úsáid comhartha trádála ina dhiaidh sin i ndáil le cineálacha earraí nó seirbhísí seachas iad sin a n-úsáidtear ainm na cuideachta mar chomhartha ina leith? |
(1) Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO 2015 L 336, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4452/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)