|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4426 |
10.7.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11613 — CVC / EMMA / FOXPOST)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/4426)
1.
An 3 Iúil 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
CVC Capital Partners plc (‘CVC’, Geirsí), |
|
— |
EMMA Alpha Holding Ltd (‘EMMA’, an Chipir), faoi rialú deiridh ag a úinéir tromlaigh, Jiří Šmejc |
|
— |
FoxPost Zrt. (‘FoxPost’, an Ungáir). |
Gheobhaidh CVC agus EMMA rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar FoxPost trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
CVC: bainisteoir cuideachtaí infheistíochta a bhfuil leasanna aige i roinnt cuideachtaí atá gníomhach in earnálacha éagsúla ar fud an domhain, |
|
— |
EMMA: cuideachta phríobháideach infheistíochta atá gníomhach san Eoraip den chuid is mó, a bhfuil cuideachtaí punainne ina seilbh aici in earnálacha éagsúla lena n-áirítear seirbhísí airgeadais, cluichíocht, fuinneamh agus ríomhthráchtáil, |
|
— |
FoxPost: soláthraí seirbhísí seachadta beartán sa mhíle deiridh le díoltóirí ríomhthráchtála agus daoine aonair, atá gníomhach san Ungáir. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11613 — CVC / EMMA / FOXPOST
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4426/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)