|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4361 |
4.7.2024 |
Tuarascáil Chríochnaitheach an Oifigigh Éisteachta (1)
(Cás M.9829 — Aon/Willis Towers Watson)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/4361)
An 16 Samhain 2020, fuair an Coimisiún fógra de bhun Airteagal 4 den Rialachán um Chumaisc (2) maidir le comhchruinniú atá beartaithe lena bhfaigheadh Aon plc (‘An Páirtí a thug fógra’) ceannas ar Chuideachta Phoiblí Theoranta Willis Towers Watson (‘WTW’), de réir bhrí Airteagal 3(1)(a) den Rialachán um Chumaisc, trí scaireanna eisithe agus scaireanna gan íoc WTW ina n-iomláine a fháil (‘an tIdirbheart atá beartaithe’).
An 21 Nollaig 2020, chuir an Coimisiún tús le himeachtaí de bhun Airteagal 6(1)(c) den Rialachán um Chumaisc (‘Cinneadh Airteagal 6(1)(c)’).
An 12 Eanáir 2021, chuir an páirtí a thug fógra barúlacha i scríbhinn isteach maidir le Cinneadh Airteagal 6(1)(c).
An 9 Feabhra 2021, ghlac an Coimisiún cinneadh de bhun Airteagal 11(3) den Rialachán um Chumaisc, lenar cuireadh ceangal ar na Páirtithe faisnéis a chur ar fáil arbh ábhar í d’iarraidh ní ba luaithe ar fhaisnéis. Leis an gcinneadh sin cuireadh ar fionraí an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Rialachán um Chumaisc, de bhun Airteagal 10(4) den Rialachán um Chumaisc.
Idir an 25 Feabhra agus an 5 Márta 2021, lig mé dhá ghnóthas isteach a léirigh leas leordhóthanach de bhun Airteagal 18(4) den Rialachán um Chumaisc mar thríú páirtithe leasmhara sa chás seo.
An 9 Aibreán 2021, chuir an Coimisiún an Páirtí a thug fógra ar an eolas gur tháinig deireadh leis an bhfionraí ar an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Rialachán um Chumaisc ar an dáta sin, tar éis do na Páirtithe an fhaisnéis is gá a chur isteach ar an dáta sin.
An 9 Aibreán 2021, chuir an Páirtí a thug fógra gealltanais isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Rialachán um Chumaisc chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir leis an iomaíocht a shainaithin an Coimisiún.
An 12 Aibreán 2021, sheol an Coimisiún tástáil ar an margadh ar na gealltanais seo.
An 13 Aibreán 2021 agus an 3 Bealtaine 2021, chuir an Coimisiún síneadh 10 lá oibre agus 5 lá oibre faoi seach leis an sprioc-am le haghaidh imscrúdú an Choimisiúin, tar éis iarrataí ón bPáirtí a thug fógra de bhun Airteagal 10(3), an dara fomhír, an tríú abairt, den Rialachán um Chumaisc.
An 12 Bealtaine 2021, chuir an Páirtí a thug fógra gealltanais athbhreithnithe isteach de bhun Airteagal 8(2) den Rialachán um Chumaisc.
Leis an dréachtchinneadh dearbhaítear gur comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE an tIdirbheart atá beartaithe, faoi réir chomhlíonadh iomlán na ngealltanas athbhreithnithe.
Ar an iomlán, measaim gur urramaíodh feidhmiú éifeachtach na gceart nós imeachta le linn na n-imeachtaí reatha.
An Bhruiséil, 2 Iúil 2021.
Dorothe DALHEIMER
(1) De bhun Airteagail 16 agus 17 de Chinneadh 2011/695/AE ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Deireadh Fómhair 2011 maidir le feidhm agus téarmaí tagartha an oifigigh éisteachta in imeachtaí iomaíochta áirithe (IO L 275, 20.10.2011, lch. 29) (‘Cinneadh 2011/695/AE’).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1) (‘an Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4361/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)