European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4357

9.7.2024

Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

(C/2024/4357)

1.   Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

2.   Nós imeachta

Féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha, ar dhul in éag na mbeart, go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d’onnmhaireoirí, d’ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí an Aontais a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis na hábhair a leagtar amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó cur leis na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.

3.   Teorainn ama

Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach ag an seoladh seo: European Commission, Directorate-General for Trade (Unit G-1), CHAR 4/39, 1049 Bruxelles/Brussel, an Bheilg (2) tráth ar bith tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.

4.   Foilsítear an fógra seo i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036.

Táirge

Tír/tíortha tionscnaimh nó tír/tíortha is onnmhaireoir(í)

Bearta

Tagairt

Dáta éaga (3)

Fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe

Daon-Phoblacht na Síne

An Éigipt

Dleacht frithdhumpála

Rialachán cur chun feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 108, 6.4.2020, lch. 1)

7.4.2025


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu

(3)  Rachaidh an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4357/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)