European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4338

15.7.2024

Caingean arna tabhairt an 22 Bealtaine 2024 – Bazhaev v an Chomhairle

(Cás T-270/24)

(C/2024/4338)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Musa Yusopovich Bazhaev (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, M. Brésart agus J. Goffin, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go príomha, neamhdhleathacht an chritéir liostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 1(1)(e) agus Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES a dhearbhú, chomh maith le neamhdhleathacht Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) 2014/269, a mhéid a thagraítear do ‘phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa Rúis agus a ngarghaolta, nó daoine nádúrtha eile, a mbaineann tairbhe astu, nó daoine gnó a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine’ agus dá bharr sin:

Cinneadh (CBES) 2024/847 (1) ón gComhairle an 12 Márta 2024 a chur ar neamhní, a mhéid a áirítear ainm an iarratasóra san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014;

Cinneadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 (2) ón gComhairle an 12 Márta 2024 a chur ar neamhní, a mhéid a áirítear ainm an iarratasóra san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2014/269 ón gComhairle an 17 Márta 2014;

de rogha air sin, maidir leis na saincheisteanna eile arna gcur chun cinn ag an iarratasóir:

Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 a chur ar neamhní, a mhéid a áirítear ainm an iarratasóra san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014;

Cinneadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 ón gComhairle an 12 Márta 2024 a chur ar neamhní, a mhéid a áirítear ainm an iarratasóra san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh/ 2014/269 ón gComhairle an 17 Márta 2014;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta maidir le critéar g) dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) de Chinneadh 2014/145.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear earráid fhollasach mheasúnaithe.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosanta dlí éifeachtaí.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil.


(1)  Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear ar bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2024/847).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 ón gComhairle an 12 Márta 2024, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad a gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2024/849).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4338/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)