Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/4331 |
15.7.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 5 Meitheamh 2024 – Hofstede Insights v EUIPO – Geert Hofstede (HOFSTEDE INSIGHTS)
(Cás T-429/23) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Hofstede insights - Focalmharc náisiúnta níos luaithe agus trádainm náisiúnta níos luaithe HOFSTEDE INSIGHTS - Trádainm náisiúnta níos luaithe agus ainm cuideachta náisiúnta níos luaithe Hofstede Insights - Trádainm náisiúnta níos luaithe agus ainm cuideachta náisiúnta níos luaithe Hostede Insights Group - Ainm fearainn ‘hofstede-insights.com’ - Ainm fearainn ‘Hofstede-insights.net’ - Foras coibhneasta le diúltú - Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Forais cinnidh - Foras achomhairc)
(C/2024/4331)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hofstede Insights Oy (Heilsincí, an Fhionlainn) (ionadaí: A. Sevillano Orbegozo, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Stoyanova-Valchanova, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Geert Hofstede BV (Velp, an Ísiltír) (ionadaí: L. van der Veer, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 28 Aibreán 2023 (Cás R 2128/2022-5).
An chuid oibríochtúil
1) |
Díbhtear an chaingean |
2) |
Ordaítear do Hofstede Insights Oy a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Geert Hofstede BV a íoc. |
3) |
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh a costais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4331/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)