|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4330 |
15.7.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Bealtaine 2024 – Chiquita Brands v EUIPO – Jara 2000 (CHIQUITA QUEEN)(Cás T-79/23) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘CHIQUITA QUEEN’ - Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Red Queen’ - Forais choibhneasta le diúltú - Easpa riosca mearbhaill - Easpa cosúlachta idir na comharthaí - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(C/2024/4330)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Chiquita Brands LLC (Fort Lauderdale, Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: R. Dissmann agus L. Jones, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Ivanauskas agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Jara 2000, SL (Murcia, an Spáinn) (ionadaí: M. Salas Martín, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh an 13 Nollaig 2022 ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) ar neamhní (Cás R 1811/2021-2).
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Déantar Cinneadh an Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 13 Nollaig 2022 (Cás R 1811/2021-2) a chur ar neamhní. |
|
2) |
Ordaítear do EUIPO a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Chiquita Brands LLC, lena n-áirítear na costais riachtanacha arna dtabhú aige sin chun críocha na n-imeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, a íoc. |
|
3) |
Ordaítear do Jara 2000 SL a chostais féin, lena n-áirítear iad siúd arna dtabhú os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4330/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)