European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4321

15.7.2024

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Bealtaine 2024 – Belavia v an Chomhairle

(Cás T-116/22)  (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin - Reo na gcistí - Liostaí de na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí atá arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha - Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí - Eagraíocht ghníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach teorainneacha seachtracha an Aontais nó rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí sin - Leas arna fháil ó réimeas Lukashenka - Earráid mheasúnaithe)

(C/2024/4321)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Belavia – Belarusian Airlines AAT (Mionsc, an Bhealarúis) (ionadaithe: N. Tuominen agus M. Krestiyanova, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Boggio-Tomasaz agus A. Antoniadis, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar dtús, Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2125 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021, L 430 I, lch. 16), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2124 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021, L 430I, lch. 1) agus, ar an dara dul síos Cinneadh 9CBES) 2023/421 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO 2023, L. 61, lch. 41), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/419 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO 2023, L 61, lch. 20), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an chaingean;

2)

Ordaítear do Belavia – Belarusian Airlines AAT na costais a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí idirbhreitheacha.


(1)   IO C 171, 25.4.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4321/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)