|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4318 |
15.7.2024 |
Caingean arna tabhairt an 5 Meitheamh 2024 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hIodáile
(Cás C-394/24)
(C/2024/4318)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara, M. Ioan, Gníomhairí)
Cosantóir: Poblacht na hIodáile
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
1) |
a dhearbhú,
|
|
2) |
a ordú do Phoblacht na hIodáile costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Leis an gcéad saincheist dlí dá chaingean, áitíonn an Coimisiún nach bhfuil léiriú agus cur i bhfeidhm Airteagal 168a(1) de DPR Uimh. 115/2002 an 30 Bealtaine 2002 ar bhealach a fhágann go n-eisiafar soláthar na seirbhíse chun fearais cúléisteachta teileafóin agus bugála seomra a ligean ar cíos ar luach saothair ón gcoincheap ‘idirbheart tráchtála’ de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 2011/7/AE ag luí le hoibleagáidí na hIodáile faoin bhforáil sin. De réir an Choimisiúin, is toradh é seo ar léiriú litriúil, comhthéacsúil agus teileaeolaíoch ar an bhforáil atá i gceist.
Leis an dara saincheist dlí dá chaingean, aitíonn an Coimisiún go sáraíonn an meán-am a thógann údaráis na hIodáile íoc as fearais cúléisteachta teileafóin agus bugála seomra a fháil ar cíos ó 2018 go 2023 thar an tréimhse 30 lá a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Treoir sin. Dá bhrí sin, dar leis an gCoimisiún, níl a hoibleagáidí faoin bhforáil sin comhlíonta ag Poblacht na hIodáile.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4318/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)