Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/4308 |
15.7.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 27 Márta 2024 – Brose Prievidza spol. v Direktor na Direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ – Sóifia
(Cás C-234/24, Brose Prievidza)
(C/2024/4308)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven administrativen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Brose Prievidza spol.
Freagróir ar phointe dlí: Direktor na Direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ – Sóifia
An cheist a tharchuirtear:
An ndéantar foráil le Treoir 2008/9 (1) maidir le ceart chun aisíocaíocht a fháil ar CBL íoctha a éilíonn faighteoir soláthair trealaimh (uirlisiú) i gcás nár fhág na hearraí atá i gceist críoch Bhallstát an tsoláthróra agus go ndearnadh soláthar na huirlise a dheighilt go saorga ó sholáthairtí earraí laistigh den Chomhphobal a monaraíodh leis an trealamh sin don fhaighteoir céanna?
(1) Treoir 2008/9/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le haisíocaíocht cánach breisluacha, dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE, le daoine inchánach nach bhfuil bunaithe i mBallstát an aisíoca ach atá bunaithe i mBallstát eile (IO 2008 L 44, lch. 23).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4308/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)