European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4293

15.7.2024

Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 30 Bealtaine 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio – an Iodáil) – Expedia Inc. v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni

(Cás C-663/22,  (1) Expedia)

(Tarchur chun réamhrialú - Rialachán (AE) 2019/1150 - Airteagail 15, 16 agus 18 - Sprioc - Iarratas - Maoirseacht - Athbhreithniú - Bearta arna nglacadh ag Ballstát - Oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le staid eacnamaíoch soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne)

(C/2024/4293)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Expedia Inc.

Cosantóir: Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni

An chuid oibríochtúil

Maidir le Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní thugtar bonn cirt, d’fhonn an Rialachán sin a chur i bhfeidhm go cuí agus go héifeachtach, le bearta arna nglacadh ag Ballstát faoina mbeidh, faoi réir pionóis, soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne faoi réir na hoibleagáide, d’fhonn a seirbhísí a sholáthar sa Bhallstát sin, doiciméad a sheoladh go tréimhsiúil chuig údarás de chuid an Bhallstáit sin a bhaineann lena staid eacnamaíoch, ar doiciméad é nach mór faisnéis fhorleathan a thabhairt ann a bhaineann, go háirithe, leis an ioncam a ghineann na soláthraithe sin.


(1)   IO C 63, 20.2.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4293/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)