European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4259

28.6.2024

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meitheamh 2024

maidir le hailsí ar inchoiscthe trí vacsaíniú iad

(C/2024/4259)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá ardleibhéal cosanta le haghaidh shláinte an duine le háirithiú agus beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais á sainiú agus á gcur chun feidhme. Déanfar gníomhaíocht an Aontais, de chomhlánú ar na beartais náisiúnta, a dhíriú ar fheabhsú na sláinte poiblí, ar chosc tinnis agus galair colainne agus meabhrach, agus ar sheachaint foinsí contúirte don tsláinte idir shláinte coirp agus mheabhairshláinte, lena n-áirítear ailse.

(2)

Tá beartais, cláir agus seirbhísí vacsaínithe faoi inniúlacht agus faoi fhreagracht na mBallstát. Mar sin féin, tacaíonn an Coimisiún le hiarrachtaí náisiúnta agus déanann sé iad a chomhordú mar gheall ar chineál trasteorann na ngalar inchoiscthe trí vacsaíniú. Déanann sé é sin, i measc nithe eile, trí iarrachtaí cumarsáide mar atá Tairseach Faisnéise an Aontais um Vacsaíniú a bhunú, áit ar féidir le daoine faisnéis iontaofa a fháil faoi vacsaíniú agus vacsaíní, agus feachtais faisnéise agus múscailte feasachta a fhorbairt, ina measc an feachtas atá ar siúl faoi láthair #UnitedInProtection, atá inoiriúnaithe do dhúshláin agus do riachtanais náisiúnta.

(3)

Is féidir roinnt cineálacha riochtaí réamhailseacha agus ailsí arb iad papalómaivíris dhaonna (HPV) agus víreas Heipitíteas B (HBV) is cúis leo, a chosc trí vacsaíniú. Tá an vacsaíniú fós ar cheann de na bearta sláinte poiblí is cumhachtaí agus is éifeachtúla atá ar fáil do na Ballstáit.

(4)

I bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa 2021 (2) (an Plean Ailse), leag an Coimisiún an cuspóir amach go ndéanfar 90 % ar a laghad de spriocdhaonra cailíní an Aontais a vacsaíniú go hiomlán in aghaidh HPV agus méadú suntasach a dhéanamh ar vacsaíniú buachaillí in aghaidh HPV faoi 2030. Ina theannta sin, d’fhógair an Coimisiún go gcuideodh sé le rochtain a áirithiú ar vacsaíniú in aghaidh HBV chun ráta an vacsaínithe a mhéadú.

(5)

Tá córais faisnéise imdhíonta dhaonra-bhunaithe i bhfeidhm ag roinnt Ballstát chun faireachán a dhéanamh ar rátaí cumhdaigh an vacsaínithe ina dtír féin, lena n-áirítear ar an leibhéal fonáisiúnta. Tá easpa leanúnachais i gceist leis an bhfaireachán i mBallstáit eile, áfach, agus tuairiscíonn cuid de na tíortha fadhbanna a bheith acu sonraí vacsaínithe a bhailiú mar chuid den fhaireachán ar chláir vacsaínithe i gcomhthéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/679 (3), Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí.

(6)

Bhí fadhbanna ag roinnt Ballstát leis na nósanna imeachta náisiúnta chun toiliú tuismitheora nó caomhnóra dhlíthiúil a fháil chun mionaoisigh a vacsaíniú, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar an ráta vacsaínithe.

(7)

Le haon phróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta chun críoch vacsaínithe, ba cheart cloí le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, go háirithe an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, agus béim á leagan ar na forálacha lena rialaítear próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 9 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Leis an bhforáil sin, is féidir leis na Ballstáit tuilleadh coinníollacha, lena n-áirítear teorainneacha, a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach i ndáil le sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha nó sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseáil.

(8)

Tá sé beartaithe tacaíocht an Aontais a thabhairt do na Ballstáit chun cláir leictreonacha vacsaínithe nó a gcoibhéis a fhorbairt nó a uasghrádú i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, gan dochar do chúraimí na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí agus i ndáil le haon treoir ábhartha ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, chomh maith le nósanna imeachta um thoiliú tuismitheora nó caomhnóra dhlíthiúil a optamú, i ndáil le reachtaíocht náisiúnta sa réimse. Dhéanfaí é sin, i measc nithe eile, trí chur chuige náisiúnta ar fud an Aontais a mhapáil agus trí chuir chuige rathúla a phlé leis na Ballstáit.

(9)

Is féidir le hionfhabhtú HPV a bheith ina chúis le riochtaí réamhailseacha den cheirbheacs agus den ailse ceirbheacs ar mhná. Gan bliain san Aontas agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), bíonn thart ar 28 600 cás d’ailse ceirbheacs ann agus faigheann 13 700 duine bás mar gheall ar ailse ceirbheacs (4). Is féidir le hailsí anaighinitiúla eile a bheith mar thoradh ar ionfhabhtú le HPV i measc ban agus fear araon (ailse pite, ailse faighne, ailse péinis agus ailse anasach) chomh maith le hailsí cloiginn agus muiníl, ailsí béalfharaingeacha cuir i gcás, a raibh thart ar 19 700 cás díobh san Aontas agus in LEE in 2022, i bhfir den chuid ba mhó (thart ar 15 000) (5). Léiríonn sé sin a thábhachtaí agus a riachtanaí atá sé gach ógánach agus réamhógánach, idir chailíní agus bhuachaillí, a vacsaíniú in aghaidh HPV agus a dhéanamh gur féidir rochtain chothrom a bheith ar vacsaíniú chun rátaí arda cumhdaigh vacsaínithe a bhaint amach, ní hamháin i gcailíní, ach i mbuachaillí freisin.

(10)

Scagthástáil riosca-bhunaithe i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir leis an gcosc a neartú trí luathbhrathadóireacht: cur chuige nua an Aontais maidir le scagthástáil ailse (6), féadfaidh sí cuidiú le hailse ceirbheacs ar mhná a chosc. Mar sin féin, ní mholtar aon chlár scagthástála daonra-bhunaithe nó spriocdhírithe faoi láthair sna Ballstáit agus i dtíortha LEE do mhná chun ailsí eile arb é ionfhabhtú HPV is cúis leo a chosc. Agus go dtí seo, níl aon scagthástáil eagraithe le haghaidh ailsí den sórt sin molta d’fhir. Ina theannta sin, is féidir le cláir thánaisteacha choisc a bheith ina gcuidiú tábhachtach chun an t-ualach ailse a bhaineann le HPV a laghdú, go háirithe i ngrúpaí daonra atá i mbaol.

(11)

Tá vacsaíniú in aghaidh HPV laistigh de chláir náisiúnta imdhíonta ríthábhachtach chun ailse a chosc i measc ban agus fear araon ach tá sé ríthábhachtach freisin rochtain a áirithiú lasmuigh den chreat seo chun cumhdach agus cosaint níos leithne a chur ar fáil.

(12)

Molann na Ballstáit go léir go ndéanfaí ógánacha agus réamhógánacha cailíní a vacsaíniú in aghaidh HPV. Molann go leor Ballstát é freisin do bhuachaillí sna haoisghrúpaí sin, agus tá cuid de na tíortha ag leathnú na moltaí chun aosánaigh óga nach bhfuair vacsaín nó vacsaín iomlán le linn a n-ógántachta nó a réamhógántachta a chumhdach, trí fheachtais spriocdhírithe vacsaínithe cúitimh.

(13)

Léirítear le sonraí maidir leis an ráta vacsaínithe, cé go bhfuil níos mó ná 90 % d'ógánacha nó réamhógánacha cailíní vacsaínithe i gcúpla Ballstát le dáileog amháin as an dá dháileog a theastaíonn do na haoisghrúpaí sin (7), go bhfuil an figiúr sin fós íseal, faoi bhun 50 %, i mBallstáit eile (8). Níl ach sonraí teoranta ar fáil faoi láthair maidir le ráta an vacsaínithe i mbuachaillí agus in aosánaigh óga.

(14)

Tá muinín an phobail i vacsaíní HPV ag titim ar fud an Aontais, go háirithe i measc daoine óga. Cé go bhfuil an mhuinín i measc gairmithe sláinte sna vacsaíní seo ard ar an iomlán, tá sé éagsúil ó Bhallstát go Ballstát (9).

(15)

Ba cheart dul i ngleic le fadhbanna na muiníne i vacsaíniú HPV trí aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní leanúnacha sábháilteachta chomh maith leis an mbarúil go bhfuil riosca íseal ann go dtiocfaidh ailse ar dhaoine mar gheall ar ionfhabhtú in aghaidh HVP. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar an gcaoi nach dtuigtear a thábhachtaí atá vacsaíniú HPV mar uirlis chun ailse a chosc, é sin go háirithe i measc buachaillí agus a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí dlíthiúla, trí iarrachtaí cumarsáide leanúnacha agus trí fhaireachán a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar mhífhaisnéis agus bréagaisnéis a bhaineann le hionfhabhtú le HPV agus vacsaíniú HPV.

(16)

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna rochtana maidir le vacsaíniú HPV trí thairiscintí vacsaínithe ísealtairsí a dhéanamh agus trí oideachas. D’fhéadfadh vacsaíniú saor in aisce a bheith i gceist leis sin, mar shampla, i scoileanna agus suíomhanna oideachais, córas struchtúraithe chun cuireadh agus meabhrúchán a sheoladh agus iarrachtaí spriocdhírithe, lena n-áirítear trí oibriú le gairmithe sláinte, cumainn áitiúla agus daoine aonair iontaofa ar leibhéal an phobail, chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní struchtúracha agus chun rátaí an vacsaínithe HPV a mhéadú i measc ógánacha agus réamhógánacha idir chailíní agus bhuachaillí de ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, mar shampla daoine faoi mhíchumas, daoine atá gan dídean, imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe, daoine easáitithe ón Úcráin, na Romaigh, daoine a bhfuil iompraíocht ghnéasach ardriosca acu (mar shampla, oibrithe gnéis) agus daoine LGBTI (10).

(17)

In 2022, seoladh an ghníomhaíocht chomhpháirteach PartnERship to Contrast HPV (PERCH) (11), inar tugadh le chéile tíortha Eorpacha chun ailsí de bharr ionfhabhtú le HPV a chomhrac ó raon leathan dearcthaí.

(18)

Le cur chuige comhordaithe maidir le hailse a bhaineann le HPV a chosc ar fud an Aontais, ag tógáil ar an sprioc a cuireadh chun cinn sa Phlean Ailse chomh maith leis an obair a rinneadh leis an ngníomhaíocht chomhpháirteach PartnERship to Contrast HPV (PERCH), agus cásanna aonair na mBallstát i dtéarmaí ualach ailse ó ionfhabhtú le HPV á gcur san áireamh, d’fhéadfaí borradh a chur faoi iarrachtaí náisiúnta sa réimse. D’fhéadfaí cuidiú leis sin trí sprioc shonrach a shainiú de chéatadán de spriocdhaonra buachaillí an Aontais ar cheart iad a vacsaíniú faoi 2030 ar chúiseanna sláinte poiblí.

(19)

Is féidir le hionfhabhtú le HBV a bheith ainsealach agus d’fhéadfadh galar ainsealach ae, ciorróis agus ailse ae teacht as. Maidir le 2021, thuairiscigh 30 Ballstát agus tír LEE 16 187 ionfhabhtú le HBV nua-dhiagnóisithe, agus aicmítear cion mór díobh sin, 43 %, mar ionfhabhtuithe ainsealacha (12). In ainneoin laghdú seasta ar mhinicíocht fhoriomlán HBV le himeacht ama mar gheall ar chláir vacsaínithe éifeachtacha agus straitéisí coisctheacha eile, meastar go bhfuil ionfhabhtú ainsealach le HBV ar thart ar 3.6 milliún duine sna Ballstáit agus i dtíortha LEE (13).

(20)

Tá ualach na n-ionfhabhtuithe le HBV i mBallstáit agus tíortha LEE níos airde i roinnt grúpaí sa daonra, lena n-áirítear imircigh ó thíortha a bhfuil eindéimeacht ard HBV iontu, pobail phríosúin, daoine a bhfuil iompraíocht ghnéasach ardriosca acu (mar shampla, oibrithe gnéis), daoine a insteallann drugaí agus fir a mbíonn gnéas acu le fir, ná mar atá sa daonra i gcoitinne. Tá caidreamh collaí heitrighnéasach, áfach, fós ina bhealach coitianta tarchurtha HBV san Eoraip, agus fiú má tá tarchur ingearach neamhchoitianta sa chuid seo den domhan faoi láthair, tá gá le straitéisí coisc mar go dtiocfaidh ionfhabhtú ainsealach ar an gcuid is mó de na naíonáin a bheidh ionfhabhtaithe go himbhreithe (14).

(21)

Tá vacsaíniú in aghaidh HBV mar chuid de chláir náisiúnta imdhíonta ríthábhachtach chun cosc a chur ar ghalar de bharr ionfhabhtú ainsealach le HBV, lena n-áirítear ailse ae.

(22)

Molann formhór na mBallstát go ndéanfaí gach leanbh a vacsaíniú in aghaidh HBV. Tá straitéisí éagsúla acu freisin chun tarchur (ingearach) ón máthair chuig an leanbh a chosc, lena n-áirítear vacsaíniú naíonán leis an gcéad dáileog vacsaín HBV laistigh de 24 uair an chloig ón mbreith (rud ar a dtugtar ‘dáileog bhreithe’ freisin), scagthástáil a dhéanamh ar mhná torracha le haghaidh antaiginí dromchla Heipitíteas B (HBsAg) agus próifiolacsas iartheagmhála atá dírithe ar naíonáin a shaolaítear do mháithreacha atá ionfhabhtaithe le HBV.

(23)

Tá moltaí maidir le vacsaíniú HBV ag go leor Ballstát do ghrúpaí ardriosca agus do ghrúpaí lena mbaineann míbhuntáiste corruair, mar atá daoine a insteallann drugaí, pobail phríosúin, daoine a bhfuil iompraíocht ghnéasach ardriosca acu (mar shampla, oibrithe gnéis), fir a mbíonn gnéas acu le fir, daoine trasinscneacha agus imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe ó thíortha a bhfuil eindéimeacht ard HBV acu, agus do ghairmithe sláinte. Tá bearnaí sonraí ann maidir le rátaí vacsaínithe, áfach.

(24)

In 2017, chuir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) chun cinn, sa phlean gníomhaíochta maidir le freagairt na hearnála sláinte ar heipitíteas víreasach i Réigiún Eorpach EDS, an sprioc maidir le deireadh a chur le heipitíteas mar bhagairt don tsláinte poiblí ina Réigiún Eorpach faoi 2030 (15).

(25)

Maidir le vacsaíniú go sonrach, leag EDS spriocanna eatramhacha le haghaidh 2020 síos maidir le (1) cumhdach 95 % le trí dháileog de vacsaín HBV i dtíortha a chuireann vacsaíniú uilíoch don óige chun feidhme, agus (2) cumhdach 90 % le gníomhaíochtaí chun tarchur ingearach (vacsaíniú dáileoige breithe HBV nó cineálacha cur chuige eile) a chosc (16).

(26)

In 2022, nuashonraigh EDS an plean gníomhaíochta réigiúnach agus shocraigh sé spriocanna 2030 de (1) cumhdach vacsaínithe 95 % (an tríú dáileog) de vacsaíniú HBV don óige, (2) scagthástáil ar 95 % de mhná torracha le haghaidh HBsAg, agus (3) 95 % de naíonáin nuabheirthe a fuair vacsaíniú dáileoige breithe HBV go tráthúil (laistigh de 24 uair an chloig ón mbreith) (17).

(27)

Tacaíonn ECDC le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo spriocanna díothaithe heipitíteas EDS, lena n-áirítear na cinn a bhaineann le vacsaíniú leanaí agus le tarchur ingearach HBV a chosc. Léirítear i sonraí ó 2021, bíodh go bhfuil bearnaí iontu, nach mór feabhas a chur ar na rátaí cumhdaigh in go leor Ballstát fós chun spriocanna eatramhacha 2020 a bhaint amach fiú (18). Maidir le spriocanna 2030, ní lú an tábhacht a bhaineann leis an dúshlán.

(28)

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna muiníne an phobail maidir le vacsaíniú HBV trí litearthacht sláinte a fheabhsú i measc grúpaí ardriosca agus grúpaí lena mbaineann míbhuntáiste corruair, mar shampla daoine a insteallann drugaí, pobail phríosúin, daoine a bhfuil ardriosca ag gabháil lena n-iompraíocht gnéis (e.g. oibrithe gnéis), fir a mbíonn gnéas acu le fir, daoine trasinscneacha agus imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe ó thíortha ina bhfuil HBV eindéimeach, chomh maith le gairmithe sláinte, agus trí vacsaíniú HBV a mholadh mar uirlis coiscthe ailse.

(29)

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna rochtana maidir le vacsaíniú HBV trí iarrachtaí spriocdhírithe tuiscint a fháil ar bhacainní struchtúracha agus trí vacsaíniú a chur ar fáil i suíomhanna áitiúla arna gcoigeartú chun díriú ar ghrúpaí i gcomhréir lena bpróifíl riosca agus lena gcás, mar shampla trí úsáid a bhaint as aonaid taistil, trí vacsaíniú a chur ar fáil le linn imeachtaí cúraim sláinte eile, mar shampla scrúduithe leighis, nó trína áirithiú go gcuirfear vacsaíniú ar fáil saor in aisce.

(30)

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine scothaosta agus ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair iargúlta chomh maith le daoine a insteallann drugaí agus daoine atá gan dídean, ag déanamh gnáthrud de vacsaíniú HBV i gcóireáil drugaí, i seirbhísí príosúin agus i seirbhísí laghdaithe díobhála, i dtimpeallacht saor ó stiogma, ar bhonn deonach, gan costais don duine atá á vacsaíniú, agus leis an bhféidearthacht rochtain a fháil ar sceideal luathaithe dáileog.

(31)

Sa sainordú leathnaithe a thugtar don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) faoin Aontas Eorpach Sláinte (19), cuirtear de chúram ar ECDC faireachán a dhéanamh ar leibhéal cumhdaigh an vacsaínithe sna Ballstáit bunaithe ar shonraí iontaofa atá ar fáil ó thíortha.

(32)

Tugann an Chomhairle dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin a iarraidh ar ECDC, faoi dheireadh 2024, na sonraí náisiúnta atá ar fáil maidir le rátaí cumhdaigh HPV agus HBV i mBallstáit an Aontais a thaispeáint i ndeais thiomnaithe mar aon le modheolaíochtaí agus spriocanna faireacháin náisiúnta (20) atá le baint amach. Ba cheart an comhordú le comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha a spreagadh agus ba cheart an tuairisciú dúbailte a sheachaint.

(33)

Tá gá le vacsaíniú HPV agus HBV a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i gcláir um chosc ar an leibhéal oibríochtúil, ach freisin chun cumarsáid chomhtháite sláinte a sholáthar maidir le hailse a chosc, agus vacsaíniú a chur chun cinn mar uirlis coiscthe ailse chomh maith le bheith ina uirlis don tsláinte ghnéasach/atáirgthe. Is gá clárlanna vacsaínithe, scagthástála agus ailse nó a gcoibhéis a chomhordú freisin chun tionchar foriomlán na gclár vacsaínithe agus na gclár coiscthe ailse a thomhas, lena n-áirítear d’fhonn cost-éifeachtúlacht na gclár scagthástála a mhéadú faoi dheireadh. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm rátaí cumhdaigh na vacsaíne a mhéadú i measc leanaí agus daoine óga, ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar éifeacht agus ról na meán sóisialta agus na n-ardán digiteach.

(34)

Tugann an Chomhairle dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún samhail a fhorbairt d’fheachtais múscailte feasachta a bheidh fianaise-bhunaithe maidir leis an tábhacht a bhaineann le vacsaíniú HPV agus HBV mar uirlisí chun ailse a chosc, a bheidh inoiriúnaithe do dhúshláin agus do riachtanais náisiúnta, agus le rannpháirtíocht chomhlachais na bpáirtithe leasmhara ar an leibhéal Eorpach, lena n-áirítear comhlachais gairmithe sláinte, comhpháirtithe eolaíocha agus contrapháirtithe náisiúnta, agus lena ngabhfar straitéis ionsuite chun leanúint d'fhaireachán a dhéanamh ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis a bhaineann go sonrach le hionfhabhtú le HPV agus vacsaíniú HPV, lena n-áirítear ar na meáin shóisialta, at leibhéal an Aontais. Mar sin féin, ní mór sainiúlachtaí náisiúnta na mBallstát a chur san áireamh i bhfeachtais cumarsáide.

(35)

Tugann an Chomhairle dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus ar ECDC cumarsáid a dhéanamh go tráthrialta maidir le toradh athbhreithnithe agus staidéar nuashonraithe ar shábháilteacht agus ar éifeachtacht vacsaíní HPV agus HBV chun faisnéis chothrom le dáta a sholáthar agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna inglacthachta, bunaithe ar shábháilteacht san Aontas, lena n-áirítear trí thairseach faisnéise an Aontais um vacsaíniú.

(36)

Tugann an Chomhairle dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún, i gcomhréir lena chur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (21), agus straitéis an Aontais um chearta an linbh (22) agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (23) á gcur san áireamh, foireann uirlisí um chosc a fhorbairt lena dtabharfar aghaidh ar na naisc idir an mheabhairshláinte agus an tsláinte coirp i leanaí, lena n-áirítear sláinte coirp a bhaineann le vacsaíniú, agus ar an dóigh sin, tionchar a imirt ar na blianta is leochailí agus is foirmithí dá saol.

(37)

Ba cheart sonraí vacsaínithe a sholáthar freisin i bhfoirm dhigiteach, struchtúraithe agus in-athúsáidte agus ba cheart rochtain shaoránaigh an Aontais ar a sonraí vacsaínithe a éascú a thuilleadh trí na tionscnaimh reatha agus bonneagair atá ag teacht chun cinn á gcur san áireamh. Chuirfí ar a gcumas leis sin a stair vacsaínithe a leanúint ar bhealach níos fearr agus cinntí a dhéanamh maidir le vacsaíniú. Ba cheart comh-mhalartú na sonraí sin chun críoch leanúnachais cúraim ar fud an Aontais a éascú a thuilleadh freisin.

(38)

Chuaigh an Coimisiún agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) i gcomhpháirtíocht chun Líonra Deimhniúcháin Sláinte Dhigitigh Domhanda EDS a fhorbairt a ghlacann le teicneolaíocht Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais. Féadfar an teicneolaíocht sin a úsáid i gcásanna eile, mar atá gnáth-thaifid imdhíonta a d’fhéadfadh tacú le sláinte shaoránaigh an Aontais.

(39)

Agus úsáid leanúnach á baint ag na Ballstáit as deiseanna maoiniúcháin ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+ agus Clár EU4Health, i gcomhréir le fócas agus bunús dlí gach ionstraime acu, chun cláir vacsaínithe HPV agus HBV a chur chun feidhme, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cumarsáide chun iad a chur chun cinn, d’fhéadfaí neamhionannais sláinte agus éagothromaíochtaí sláinte a bhaineann le rochtain ar vacsaíniú agus infhaighteacht vacsaínithe a laghdú.

(40)

Tugann an Chomhairle dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le forbairt uirlisí samhaltúcháin agus anailíse chun meastachán a dhéanamh ar a chost-éifeachtúlaí atá sé ailsí arb é ionfhabhtú le HPV agus HBV is cúis leo a chosc trí vacsaíniú, chun tacú le Ballstáit an Aontais ina gcinnteoireacht maidir le comhtháthú na gcineálacha vacsaínithe sin ina gcláir náisiúnta imdhíonta agus ina gcláir náisiúnta um chosc, go háirithe maidir le hailse. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin taighde, forbairt agus nuáil a chur chun cinn i ndáil le vacsaíní HPV agus HBV ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear tríd an gclár Fís Eorpach agus na cláir a thiocfaidh ina dhiaidh.

(41)

Tá sé beartaithe gníomhaíocht an Aontais a chur chun cinn a thuilleadh chun vacsaíniú HPV agus HBV a mhéadú ar an leibhéal domhanda, lena n-áirítear chun cinntithigh iompraíochta maidir le ráta an vacsaínithe a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar vacsaíniú, trí oibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta, mar shampla EDS, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus Ciste na Náisiún Aontaithe do Leanaí (UNICEF).

(42)

Tugann an Chomhairle dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar go rialta (agus úsáid á baint, seachas i gcásanna cuí-mhínithe, as sonraí, táscairí agus dátaí tíolactha atá ann cheana, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear d’eagraíochtaí idirnáisiúnta) ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí atá sa Mholadh seo ón gComhairle tríd an nGrúpa Saineolaithe um Shláinte Phoiblí agus tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme na moltaí do na Ballstáit trí nuashonruithe sa Ghrúpa Saineolaithe Sláinte Poiblí i ndiaidh 4 bliana agus arís in 2030.

AG MOLADH LEIS SEO DO NA BALLSTÁIT:

1.

Cur chun feidhme na gclár vacsaínithe HPV agus HBV a thabhairt isteach nó a neartú chun cosc ailse a threisiú mar chuid de chláir náisiúnta imdhíonta, lena n-áirítear trí vacsaíniú a sholáthar saor in aisce agus/nó costais ghaolmhara a aisíoc go hiomlán dóibh siúd a moltar vacsaíniú dóibh, i gcomhréir le moltaí vacsaínithe náisiúnta, agus trí rochtain a áirithiú agus an ráta vacsaínithe a mhéadú do ghrúpaí lena mbaineann ardriosca agus/nó a bhíonn faoi mhíbhuntáiste.

2.

Comhtháthú an vacsaínithe HPV agus HBV a neartú i gcláir um chosc, go háirithe maidir leis an ailse, ar an leibhéal oibríochtúil ach freisin chun cumarsáid chomhtháite sláinte a sholáthar maidir le hailse a chosc.

3.

Tionchar foriomlán an vacsaínithe a thomhas, lena n-áirítear d'fhonn cost-éifeachtúlacht na gclár scagthástála ailse a mhéadú, agus urraim á tabhairt ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Naisc a fhiosrú, a neartú agus, i gcás inarb iomchuí, a bhunú idir clárlanna vacsaínithe, scagthástála agus ailse nó a gcoibhéis.

4.

Gníomhaíochtaí a fhorbairt chun ráta vacsaínithe HPV agus HBV a mhéadú i bpeirspictíocht coiscthe ailse, is é sin trí shainaithint agus aistriú na gcleachtas is fearr nó na gcleachtas a bhfuil gealladh fúthu a éascú i gcur chuige fianaise-bhunaithe, lena n-áirítear i gcomhthéacs an Ghrúpa Saineolaithe um Shláinte Phoiblí, a bunaíodh in 2022 (24), agus a fhoghrúpaí maidir le vacsaíniú agus ailse, agus trí ghlaonna spriocdhírithe ar chleachtais ar Thairseach Dea-Chleachtais an Choimisiúin (25).

5.

I gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, feabhas a chur ar an bhfaireachán ar rátaí cumhdaigh vacsaínithe, lena n-áirítear le haghaidh vacsaíniú HPV agus HBV, trí chláir leictreonacha vacsaínithe daonra-bhunaithe nó a gcoibhéis a chruthú nó a uasghrádú lena n-éascófar infhaighteacht sonraí agus anailís a dhéanamh ar shonraí ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta agus ar féidir sonraí arna dtaifeadadh ag soláthraithe éagsúla vacsaíní agus vacsaínithe a aistriú chucu go héasca, chun bonn eolais a chur faoi ghníomhaíocht sláinte poiblí éifeachtúil, bunaithe ar shonraí.

6.

Barrfheabhas a chur ar na nósanna imeachta náisiúnta um thoiliú tuismitheora nó caomhnóra dhlíthiúil maidir le mionaoisigh a vacsaíniú i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta sa réimse, lena n-áirítear trí chuir chuige náisiúnta a chomhroinnt agus a phlé, chun an glacadh a éascú.

7.

Páirt ghníomhach a ghlacadh in iarrachtaí chun sonraí vacsaínithe a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach, struchtúraithe agus in-athúsáidte freisin agus in iarrachtaí maidir le rochtain shaoránaigh an Aontais ar a sonraí vacsaínithe a éascú a thuilleadh, rud a chuirfidh ar a gcumas a stair vacsaínithe a leanúint agus cinntí a dhéanamh maidir le vacsaíniú, chomh maith le comh-mhalartú na sonraí sin a éascú a thuilleadh chun críoch leanúnachais cúraim ar fud an Aontais agus bonneagair atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn á gcur san áireamh.

8.

Páirt ghníomhach a ghlacadh, más iomchuí, sna hiarrachtaí chun Líonra Deimhniúcháin Sláinte Dhigitigh Domhanda EDS a fhorbairt a thuilleadh, lena n-áirítear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as le haghaidh gnáth-thaifid imdhíonta a d’fhéadfadh tacú le saoránaigh an Aontais chun críoch sláinte, ar choinníoll go bhfuil gá leis an líonra agus go bhfuil sé bunaithe ar fhorálacha dlíthiúla leordhóthanacha.

9.

Úsáid iomlán a bhaint as deiseanna maoiniúcháin ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+ agus Clár EU4Health, i gcomhréir le fócas agus bunús dlí gach ionstraime acu, cláir vacsaínithe HPV agus HBV a chur chun feidhme, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cumarsáide chun iad a chur chun cinn, d’fhéadfaí neamhionannais sláinte agus éagothromaíochtaí sláinte a bhaineann le rochtain ar vacsaíniú agus infhaighteacht vacsaínithe a laghdú.

Papalómaivíreas daonna (HPV)

10.

Iarrachtaí náisiúnta a neartú chun go mbainfear amach faoi 2030 an cuspóir a leagtar amach sa Phlean Sáraithe Ailse maidir le vacsaíniú iomlán a dhéanamh ar 90 % ar a laghad de chailíní i spriocphobal an Aontais agus vacsaíniú buachaillí a mhéadú go suntasach, mar shampla trí vacsaíniú a thairiscint d'ógánacha agus réamhógánacha idir chailíní agus buachaillí i scoileanna agus i suíomhanna oideachais nó trí chórais chun cuireadh agus meabhrúchán vacsaínithe a thabhairt a chur chun feidhme nó a neartú i gcomhréir leis an gcomhthéacs náisiúnta.

11.

Aghaidh a thabhairt ar bhacainní struchtúraithe do na cailíní agus buachaillí ógánacha agus réamhógánacha sin atá mar chuid de ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, mar shampla daoine faoi mhíchumas, daoine atá gan dídean, imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe, daoine easáitithe ón Úcráin, Romaigh, daoine a bhfuil ardriosca ag gabháil lena n-iompraíocht gnéis (e.g. oibrithe gnéis) agus daoine LGBTI (26), agus, i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta, chun aosaigh óga nár vacsaíníodh le linn na hógántachta nó na réamhógántachta, nó nár vacsaíníodh go hiomlán, a chumhach freisin, trí fheachtais spriocdhírithe vacsaínithe cúitimh.

12.

Feabhas a chur ar na hiarrachtaí cumarsáide agus for-rochtana spriocdhírithe, trí oibriú le comhlachais na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhlachais gairmithe sláinte, an earnáil oideachais agus comhpháirtithe iontaofa ar leibhéal an phobail, chun ráta an vacsaínithe HPV a mhéadú i measc na spriocphobal a shonraítear i Moladh 10, agus é á áirithiú go ndéanfar faireachán ar an ráta vacsaínithe trí bhíthin stórais leictreonacha neamh-ilroinnte vacsaíní neamh-ilroinnte ar an leibhéal náisiúnta.

13.

Ag tógáil ar an obair a rinneadh leis an ngníomhaíocht chomhpháirteach PartnERship to Contrast HPV (Perch), iarrachtaí comhordaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le hailse a bhaineann le HPV a chosc, agus aird á tabhairt ar an staid shonrach sna Ballstáit i dtéarmaí ualach ailse ó ionfhabhtuithe HPV, chomh maith le stádas na gclár vacsaínithe agus scagthástála, agus, mar chuid d’iarrachtaí comhordaithe den sórt sin, sprioc nithiúil a shainiú de chéatadán de spriocdhaonra de bhuachaillí an Aontais ar cheart iad a vacsaíniú faoi 2030.

Víreas Heipitíteas B (HBV)

14.

Iarrachtaí náisiúnta a neartú chun sprioc 2030 a bhaint amach maidir le deireadh a chur le heipitíteas víreasach, lena n-áirítear HBV, mar bhagairt don tsláinte phoiblí i Réigiún Eorpach EDS, lena n-áirítear trí iarrachtaí a neartú chun na spriocanna arna leagan síos ag EDS a bhaint amach, is iad sin 1) cumhdach vacsaínithe 95 % le haghaidh vacsaíniú HBV leanaí (an 3ú dáileog), 2) scagthástáil ar 95 % de mhná torracha le haghaidh HBsAg, agus 3) 95 % de naíonáin nuabheirthe a fuair vacsaíniú dáileoige breithe HBV go tráthúil (laistigh de 24 uair an chloig ó bhreith), agus trí chórais a neartú chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin agus trí úsáid a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil ó ECDC más gá.

15.

Vacsaíniú leanaí a éascú agus tarchur ingearach HBV a chosc.

16.

Seirbhísí vacsaínithe a chur in oiriúint do riachtanais spriocghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear trí vacsaíní a thairiscint i suíomhanna áitiúla agus trí leanúint le hiarrachtaí spriocdhírithe chun an ráta vacsaínithe i ngrúpaí ardriosca a mhéadú ar féidir a áireamh ann daoine a insteallann drugaí, pobail phríosúin, daoine atá gan dídean, daoine a bhfuil ardriosca ag gabháil lena n-iompraíocht gnéis (e.g. oibrithe gnéis), fir a mbíonn gnéas acu le fir, daoine trasinscneacha agus imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe ó thíortha ina bhfuil HBV eindéimeach, chomh maith le gairmithe sláinte. D'fhéadfadh cuid acu siúd a bheith faoi mhíbhuntáiste freisin. A áirithiú go ndéanfar faireachán ar an ráta vacsaínithe trí bhíthin stórais leictreonacha neamh-ilroinnte vacsaíní ar an leibhéal náisiúnta.

17.

Aird ar leith a thabhairt ar dhaoine a insteallann drugaí, lena n-áirítear iarrachtaí chun seirbhísí vacsaínithe ísealtairsí a chur ar fáil, chun gnáthrud a dhéanamh de vacsaíniú HBV i gcóireáil drugaí, i seirbhísí príosúin agus i seirbhísí laghdaithe díobhála, i dtimpeallacht saor ó stiogma, ar bhonn deonach, gan costais don duine atá á vacsaíniú, agus leis an bhféidearthacht rochtain a fháil ar sceideal luathaithe dáileog.

Cumarsáid

18.

An tsamhail a chur chun feidhme, nuair a bheidh sí ar fáil, d’fheachtais múscailte feasachta fianaise-bhunaithe maidir leis an tábhacht a bhaineann le vacsaíniú HPV agus HBV, arb é is aidhm di feabhas a chur ar chosc na hailse agus an mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis a chomhrac agus é mar sprioc fhoriomlán aici an litearthacht sláinte a mhéadú.

Faireachán agus tuairisciú

19.

Faisnéis a sholáthar go rialta don Choimisiún ionas gur féidir faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí atá sa Mholadh seo ón gComhairle tríd an nGrúpa Saineolaithe um Shláinte Poiblí.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M.-C. LEROY


(1)  Tuairim an 30 Bealtaine 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, COM(2021) 44 final, 3.2.2021.

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)   ECIS – European Cancer Information System [an Córas Eorpach um Fhaisnéis maidir le hAilse], arna rochtain an 27/10/2023. Figiúirí AE/LEE arna ríomh mar shuim na luachanna do EU-27, an Iorua, agus an Íoslainn.

(5)   Ibid.

(6)  Moladh ón gComhairle an 9 Nollaig 2022 maidir leis an gcosc a neartú trí luathbhrathadóireacht: cur chuige nua an Aontais maidir le scagthástáil ailse a thagann in ionad Mholadh 2003/878/CE ón gComhairle (IO C 473, 13.12.2022, lch. 1).

(7)  Tá trí dháileog ag teastáil do dhaoine óga níos sine.

(8)   https://immunizationdata.who.int/pages/coverage/hpv.html?CODE=EUR&ANTIGEN=PRHPV1_F&YEAR=&ADVANCED_GROUPINGS=EURO

(9)  A. de Figueiredo, R.L. Eagan, G. Hendrickx, E. Karafillakis, P. van Damme agus H.J. Larson, State of Vaccine Confidence in the European Union 2022 [Staid na muiníne as vacsaíní san Aontas Eorpach 2022], Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh; 2022.

(10)  Féach an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 ón gCoimisiún (COM(2020) 698 final)

(11)   https://www.projectperch.eu/

(12)  Hepatitis B [Heipitíteas B]. In: ECDC. Annual epidemiological report for 2021. [Tuarascáil eipidéimeolaíoch bhliantúil le haghaidh 2021]. Stócólm: ECDC; 2022.

(13)  An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú Prevention of Hepatitis B and C in the EU/EEA [Cosc ar Heipitíteas B agus C san Aontas/LEE], Stócólm: ECDC; 2022.

(14)   Ibid.

(15)  An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Oifig Réigiúnach don Eoraip. (2017). Plean gníomhaíochta maidir le freagairt na hearnála sláinte ar heipitíteas víreasach i Réigiún Eorpach EDS. An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Oifig Réigiúnach don Eoraip.

(16)   Ibid.

(17)  Pleananna gníomhaíochta réigiúnacha chun deireadh a chur le SEIF agus le heipidéimí heipitítis víreasaigh agus ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha 2022-2030 (2023). An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Oifig Réigiúnach don Eoraip.

(18)   Prevention of hepatitis B and C in the EU/EEA [Cosc a chur ar heipitíteas B agus C san Aontas/LEE]. Stócólm: ECDC; 2022.

(19)  Rialachán (AE) 2022/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú (IO L 314, 6.12.2022, lch. 1).

(20)  Sna spriocanna arna leagan síos ag EDS le haghaidh HBV, áirítear freisin an sprioc 95 % de mhná torracha a ndearnadh scagadh orthu le haghaidh HbsAg. Táthar ag féachaint leis an sprioc sin a áireamh freisin chun críoch cur chun feidhme agus faireachán i gcomhthéacs an Mholta ón gComhairle atá beartaithe.

(21)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte, COM(2023) 298 final, 7.6.2023.

(22)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún i dtaca le straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh, COM(2021) 142 final, 24.3.2021.

(23)  Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).

(24)  Cinneadh ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2022 lena mbunaítear grúpa saineolaithe um shláinte phoiblí de chuid an Choimisiúin agus lena n-aisghairtear Cinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin ‘Grúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú’ (IO C 471, 12.12.2022, lch. 8).

(25)   https://webgate.ec.europa.eu/dyna/bp-portal/

(26)  Féach an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 ón gCoimisiún (COM(2020) 698 final)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4259/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)