|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4211 |
24.7.2024 |
P9_TA(2023)0408
Éagothromaíochtaí a laghdú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn le linn géarchéime do leanaí agus dá dteaghlaigh
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar neamhionannais a laghdú agus uilechuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn le linn géarchéimeanna do leanaí agus dá dteaghlaigh (2023/2066(INI))
(C/2024/4211)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 14, 24, 32 agus 33 di, |
|
— |
ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) agus dá Phlean Gníomhaíochta (1), lena phríomhspriocanna do 2030 agus do scórchlár sóisialta AE, |
|
— |
ag féachaint do dhearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021 agus do na gealltanais athnuaite ag Fóram Sóisialta Porto 2023, |
|
— |
ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, a glacadh i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair 2015, |
|
— |
ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC), a glacadh i Nua-Eabhrac an 20 Samhain 1989, |
|
— |
ag féachaint do Chúnant na Náisiún Aontaithe ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, a glacadh i Nua-Eabhrac an 16 Nollaig 1966, |
|
— |
ag féachaint do Chairt Shóisialta na hEorpa a glacadh in Torino in 1961, |
|
— |
ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, a glacadh i Nua-Eabhrac an 13 Nollaig 2006, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2019 um chearta an linbh, |
|
— |
ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí (2), |
|
— |
ag féachaint do mholadh (AE) 2013/112 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2013 dar teideal ‘Infheistíocht a dhéanamh i leanaí: Timthriall an mhíbhuntáiste a bhriseadh’ (3), |
|
— |
ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le córais oideachais agus cúraim luath-óige ar ardchaighdeán (4), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 maidir leis an straitéis cúraim Eorpach (COM(2022)0440), do mholadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hoideachas agus cúram luath-óige: spriocanna Barcelona do 2030 (5) agus an moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ardcháilíochta (6), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil lárionad taighde UNICEF ó 2014 dar teideal ‘Leanaí an chúlaithe eacnamaíoch: Tionchar na géarchéime eacnamaíche ar fholláine leanaí i dtíortha saibhre’, |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2015 maidir le héagothromaíochtaí a laghdú le haird ar leith ar an mbochtaineacht i measc leanaí (7), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le rochtain ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne do chách (8), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 29 Aibreán 2021 maidir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (9), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir le leanaí agus daoine óga atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin a bheith á gcosaint ag an Aontas Eorpach (10), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 5 Iúil 2022 i dtreo comhghníomhaíocht Eorpach maidir le cúram (11), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 5 Deireadh Fómhair 2022 maidir le freagairt AE ar an méadú ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip (12), |
|
— |
ag féachaint do Choimre Eurydice 2019 dar teideal ‘Príomhshonraí maidir le hOideachas agus Cúram na Luath-óige san Eoraip’, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil UNICEF 2020 dar teideal ‘ Innocenti Report Card 16. Worlds of Influence - Understanding what shapes child well-being in rich countries’ [Cárta Tuairisce Innocenti 16. Tionchair éagsúla i dtíortha éagsúla - Tuiscint a fháil ar na tosca a chruthaíonn dea-bhail leanaí i dtíortha saibhre’, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil UNICEF 2021 dar teideal ‘ Protecting child rights in a time of crises’ [Cearta leanaí a chosaint in am géarchéimeanna], |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil UNICEF 2021 dar teideal ‘ Where do rich countries stand on childcare? ’ [Cá seasann tíortha saibhre ar chúram leanaí?] |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 dar teideal ‘ EU strategy on the rights of the child’ [Straitéis AE um chearta an linbh] (COM(2021)0142), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach ón gCoimisiún ó mhí an Mhárta 2020 ‘ Feasibility Study for a Child Guarantee’ [Staidéar Indéantachta maidir le Ráthaíocht do Leanaí], |
|
— |
ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (13), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2023 maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (COM(2023)0298), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘ A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’ [Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘ A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation’ [Aontas an Chomhionannais: Creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach](COM(2020)0620), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘ Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030’ [Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030] (COM(2021)0101), |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (14), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil Eurochild (2022) dar teideal ‘ (In)visible children - Eurochild 2022 report on children in need across Europe’ [Leanaí infheicthe agus dofheicthe - tuarascáil Eurochild 2022 maidir le leanaí atá i ngátar ar fud na hEorpa], |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil Save the Children (2023) dar teideal ‘ Guaranteeing Children’s Future - How COVID-19, cost-of-living and climate crises affect children in poverty and what governments in Europe need to do’ [Ráthaíocht a dhéanamh ar Thodhchaí na hÓige - Éifeacht COVID-19, géarchéimeanna costais maireachtála agus aeráide ar leanaí atá ag maireachtáil i mbochtaineacht agus cad is gá do rialtais san Eoraip a dhéanamh], |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) – UNICEF (2021) dar teideal ‘ Child Labour: Global estimates 2020, trends and the road forward’ [Saothar Leanaí: Meastacháin dhomhanda 2020, treochtaí agus an bealach chun cinn],Meastacháin dhomhanda 2020, treochtaí agus an bóthar ar aghaidh’, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil EIS – UNICEF ó 2023 dar teideal ‘More than a billion reasons: The urgent need to build universal social protection for children’ [Níos mó ná billiún cúis: An géarghá atá le cosaint shóisialta uilíoch a thógáil do leanaí], |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 dar teideal ‘ A Digital Decade for children and youth: the new European strategy for a better internet for kids ’ [Deich mBliana Digiteacha do Leanaí agus don Óige: an straitéis Eorpach nua maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí] (COM(2022)0212), |
|
— |
ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0360/2023), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil tionchar cinntitheach ag cáilíocht na dtimpeallachtaí ina mbeirtear leanaí agus ina spásanna maireachtála ar cháilíocht a saoil, ar chomhdheiseanna chun fás go sláintiúil, ar a bhforbairt fhoriomlán agus ar réadú a n-acmhainneachta; de bhrí go maítear i bhfeachtas chéad 1 000 Lá UNICEF go dtagann forbairt chéadach ar inchinn an linbh sna chéad bhlianta den saol, lena gcuirtear deis uathúil ar fáil d’fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach, chognaíoch, shóisialta agus mhothúchánach an linbh; de bhrí go bhfuil gach leanbh uathúil agus gur cheart caitheamh leo le hurraim mar gheall ar a saintréithe, a luas forbartha, a réimsí spéise agus a riachtanais; de bhrí gur cheart leas an linbh a bheith ina threoirphrionsabal do na gníomhaíochtaí uile a mbíonn tionchar acu ar leanaí, mar a luaitear in UNCRC; |
|
B. |
de bhrí go mbíonn tionchar diúltach ag neamhchosaint ar mhí-úsáid agus ar fhaillí ar fhorbairt linbh; de bhrí go mbíonn tionchar diúltach ag neamhionannais arna mbunú ag aois an-óg ar dheiseanna, folláine agus sláinte leanaí; de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí ar feadh an tsaoil a bheith ag na neamhionannais sin agus iad ina ndaoine fásta agus gur féidir leo cosc a chur orthu a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach; de bhrí gurb é an beartas is fearr chun neamhionannais a laghdú san fhadtéarma é neamhionannais a chosc; |
|
C. |
de bhrí go méadaítear baol na bochtaineachta leanaí agus an eisiaimh shóisialta mar gheall ar easpa seirbhísí inrochtana, cáilíochta, leanbhlárnacha agus tacaíochta do theaghlaigh; de bhrí go mbíonn dúshláin iomadúla agus idirspleácha roimh theaghlaigh nach féidir le haon seirbhís ná eagraíocht aonair a réiteach, lena n-éilítear leanúnachas seirbhísí agus comhordú idirsheirbhíse cuí chun na haistrithe a mbíonn ar leanaí aghaidh a thabhairt orthu a ullmhú agus a éascú; |
|
D. |
de bhrí go raibh níos mó ná 19,995 milliún leanbh (24,7 %, nó leanbh amháin as gach ceathrar) i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta in AE in 2022; de bhrí, in ainneoin roinnt difríochtaí, nach bhfuil aon Bhallstát saor ó bhochtaineacht agus eisiamh sóisialta leanaí; de bhrí go bhfuil an riosca sin níos mó ná 30 % i roinnt Ballstát; de bhrí go léiríonn figiúirí le déanaí méadú ar an táscaire sin le ceithre bliana anuas; de bhrí, amhail le déanaí in 2022, gur thaifead eagraíochtaí carthanachta méadú ar na hiarrataí ar thacaíocht ó sheirbhísí sóisialta (15); |
|
E. |
de bhrí, in 2022, go raibh céatadán na leanaí (faoi bhun 18 mbliana d’aois) in AE a bhí i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta, ag 21,6 %, níos airde ná céatadán na ndaoine fásta; de bhrí go raibh leanaí i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta níos mó ná daoine fásta in 18 de 27 mBallstát AE in 2022; de bhrí go raibh os cionn an cúigiú cuid (22,4 %) de dhaonra AE atá ina gcónaí i dteaghlaigh ina bhfuil leanaí cleithiúnacha i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta in 2022; de bhrí, in 2022, go raibh 61,9 % de leanaí a raibh leibhéal oideachais a dtuismitheoirí íseal acu i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta, i gcomparáid le 10,2 % de leanaí a raibh leibhéal ard oideachais ag a dtuismitheoirí (16); |
|
F. |
de bhrí gur feiniméan ilghnéitheach í bochtaineacht leanaí a eascraíonn as bochtaineacht teaghlaigh, rud a chiallaíonn go bhfuil teaghlaigh ísealioncaim agus ísealoideachais, teaghlaigh aontuismitheora – comhdhéanta den chuid is mó de mhná agus dá leanaí – teaghlaigh mhóra faoi mhíbhuntáiste, teaghlaigh atá ina gcónaí i réigiúin faoi mhíbhuntáiste, teaghlaigh ó mhionlaigh eitneacha éagsúla agus teaghlaigh ina bhfuil leanaí nó tuismitheoirí faoi mhíchumas i mbaol níos mó bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta agus go bhfuil dóchúlacht níos airde ann go ndéanfar an bhochtaineacht a tharchur ó ghlúin go glúin; de bhrí go bhfuil tionchar cinntitheach ag athdháileadh an rachmais (trí phá agus trí aistrithe sóisialta) ar neamhionannas sóisialta, ar bhaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, agus, dá bhrí sin, ar bhaol na bochtaineachta leanaí; de bhrí go n-éilíonn an feiniméan sin freagairt iltoiseach chun cosc a chur ar neamhionannais a chéile a threisiú go frithpháirteach, le comhbhearta uilíocha agus spriocdhírithe; de bhrí gur gá go n-áireofaí leo sin poist a chruthú agus gur cheart cáilíocht agus cobhsaíocht fostaíochta a áirithiú agus cearta sóisialta, bearta frith-idirdhealaithe agus sochair teaghlaigh agus linbh a ráthú agus a neartú; de bhrí gur beart bunriachtanach iad liúntais náisiúnta leanaí chun cabhrú le teaghlaigh atá i ngátar agus chun rochtain uilíoch ar sheirbhísí poiblí ardcháilíochta agus inacmhainne a áirithiú; |
|
G. |
de bhrí, in 2022, go raibh 16,8 % de dhaonra AE ina gcónaí i dteaghlaigh phlódaithe agus nach raibh 9,3 % in ann a dteach a choinneáil te go leor; de bhrí gur chaith 8,3 % de dhaonra AE 40 % nó níos mó dá n-ioncam indiúscartha teaghlaigh ar thithíocht; |
|
H. |
de bhrí, in 2022, nach raibh 56 % de na daoine a bhí ina gcónaí i dteaghlaigh fásta aonair a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu in AE in ann costais airgeadais gan choinne a íoc; de bhrí, in 2020, go bhfuil teaghlaigh aontuismitheora, go háirithe teaghlaigh a bhfuil máithreacha aonair i gceannas orthu, i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta níos mó (42,1 % i gcomparáid le 29,6 % in aonaid teaghlaigh ag a bhfuil beirt daoine fásta agus triúr leanaí nó níos mó (17)); de bhrí go mbaineann sé sin le baineannú na bochtaineachta, le ró-ionadaíocht na mban in obair fhorbhásach agus ar phá lag agus mar oibrithe páirtaimseartha, lena ró-ualach freagrachtaí cúraim agus leis an mbearna phá idir fir agus mná; de bhrí gurb ionann an difríocht i ráta fostaíochta na bhfear agus na mban gan leanaí agus 1 %; de bhrí go bhfuil an ráta ag 21 % dóibh siúd a bhfuil leanbh níos óige ná sé bliana d’aois acu agus go n-éiríonn sé go 37 % dóibh siúd a bhfuil triúr leanaí acu (18); |
|
I. |
de bhrí gur deacra ag leanaí a fhásann aníos sa bhochtaineacht rath a bhaint amach ar scoil, fanacht sláintiúil agus a ngealladh iomlán a fhíorú tráth níos faide anonn sa saol; de bhrí go ngineann infheistíocht shóisialta i luathbhlianta leanaí torthaí suntasacha eacnamaíocha sóisialta, go gcuireann sí le timthriall na bochtaineachta idirghlúine a bhriseadh, agus, dá réir sin, nár cheart a mheas gur costas í; de bhrí go meastar gurb ionann an tionchar eacnamaíoch a bhíonn ag bochtaineacht leanaí agus míbhuntáistí socheacnamaíocha, chomh maith leis na hiarmhairtí a bhíonn acu ar dhaoine fásta atá ag obair, agus 3,4 % d’olltáirgeacht intíre thíortha AE gach bliain; |
|
J. |
de bhrí go mbaineann an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta le stádas imirce, mionlaigh nó míchumais leanaí agus a dtuismitheoirí; de bhrí go bhfuil ró-ionadaíocht á déanamh ar leanaí imirceacha sa ghrúpa atá i mbaol na bochtaineachta; de bhrí, mura bhfuil náisiúntacht nó doiciméid aitheantais acu, go bhfuil sé deacair do leanaí gan stát rochtain a fháil ar chuid de na cearta is bunúsaí, amhail clárú breithe, oideachas, cúram sláinte, slándáil shóisialta agus tithíocht, agus go gcuireann siad iad i mbaol níos mó mí-úsáide agus dúshaothraithe; de bhrí, i mí Aibreáin 2023, mar thoradh ar ionradh na Rúise, gur theith beagnach 4 mhilliún saoránach neamh-AE chuig Ballstát AE; |
|
K. |
de bhrí go bhfuil beagnach 83 % de leanaí Romacha (19) in AE ina gcónaí i dteaghlach atá i mbaol bochtaineachta; de bhrí go raibh leanbh amháin as gach cúigear Romach ina gcónaí i dteaghlach gan uisce buacaire faoi dhíon in 2021; de bhrí gur mó go mór an cion de leanaí Romacha atá faoi ghéardhíth ábhartha ná sciar na leanaí leochaileacha sa phobal i gcoitinne; de bhrí, in 2022, nach raibh rochtain ag seisear as 10 leanbh Romach ar sheirbhísí ardcháilíochta luath-óige agus nach bhfuair ceathrar as 10 dteaghlach Romacha a bhfuil leanaí faoi bhun sé bliana d’aois acu aon chineál fóirdheontais nó tacaíocht chomhchosúil; |
|
L. |
de bhrí go bhfuil tionchar phaindéim COVID-19, an costas maireachtála atá ag dul i méid agus an cogadh san Úcráin tar éis géarú ar leochaileachtaí eacnamaíocha agus sóisialta leanaí agus a dteaghlaigh, go háirithe na teaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim is mó a ndearna an phaindéim agus géarchéimeanna roimhe seo difear dóibh; de bhrí go méadaíonn an luaineacht shóisialta agus eacnamaíoch dhomhanda atá ann faoi láthair, chomh maith leis na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide, an fhéidearthacht go mbeidh géarchéimeanna nua ann; de bhrí gur léir go bhfuil freagairtí frith-thimthriallacha ar ghéarchéimeanna a bhí ann le déanaí níos éifeachtaí chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta ná na bearta maidir le comhdhlúthú fioscach atá bunaithe ar dhéine agus ar chiorruithe caiteachais a moladh le linn ghéarchéim 2008-2013; |
|
M. |
de bhrí go bhfuil na deacrachtaí a bhíonn ag leanaí tar éis dul in olcas mar gheall ar phaindéim COVID-19, mar gheall ar chur isteach ar an saol laethúil agus ar theagmhálacha sóisialta, dúnadh scoileanna, an cumas laghdaithe chun cosaint a sholáthar ar fhoréigean teaghlaigh, ar mhí-úsáid agus ar fhaillí le linn dianghlasála agus cur isteach ar sheirbhísí sóisialta bunúsacha; de bhrí go raibh tionchar ag na deacrachtaí sin ar níos mó leanaí i gcásanna leochaileacha nach raibh an trealamh, an cumhdach idirlín ná fiú leictreachas acu le haghaidh scolaíochta ar líne agus go bhféadfadh sé gur chaill siad béile te laethúil amháin nó a rochtain ar théamh; |
|
N. |
de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag Plean Gníomhaíochta EPSR, a glacadh in 2021, líon na leanaí atá i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta a laghdú 5 mhilliún, ar a laghad, faoi 2030; de bhrí go bhfuil spriocanna náisiúnta maidir le laghdú na bochtaineachta glactha ag na Ballstáit; de bhrí, le gnóthú na sprice sin, bheadh thart ar 15 mhilliún leanbh san Aontas Eorpach i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta; de bhrí, gan bearta leormhaithe, go meastar go dtiocfaidh méadú breise ar an líon sin le teacht chun cinn géarchéimeanna sóisialta nua atá casta agus fite fuaite ina chéile; |
|
O. |
de bhrí gur céim fhíor-riachtanach í deireadh a chur le bochtaineacht leanaí chun Eoraip atá cóir, cothrom agus sóisialta a thógáil do na glúine atá ann faoi láthair agus do na glúine atá le teacht; de bhrí nár cheart stádas socheacnamaíoch a bheith ina bhac choíche ar rochtain leanaí ar sheirbhísí bunriachtanacha; de bhrí go bhfuil gá le tacaíocht mhéadaithe chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag leanaí agus ag teaghlaigh ar sheirbhísí bunriachtanacha; |
|
P. |
de bhrí go gcumasaíonn maoiniú AE infheistíocht ar an leibhéal náisiúnta chun bochtaineacht leanaí a chomhrac agus chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn; de bhrí, sa bhreis ar Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), gur féidir foinsí eile a úsáid go díreach nó go hindíreach chun cláir a mhaoiniú a bhfuil tionchar acu ar shaol leanaí agus ar shaol a dteaghlach ar gach bealach; |
|
Q. |
de bhrí gur cheart gach leanbh, tuismitheoir, teaghlach agus cúramóir a chosaint ar idirdhealú, amhail idirdhealú ar fhorais inscne, teanga, féiniúlacht ghnéis agus/nó inscne, reiligiún nó creideamh, creideamh polaitiúil nó idé-eolaíoch, bunadh náisiúnta, ciníoch, eitneach nó sóisialta, ar de mhionlach náisiúnta, staid shocheacnamaíoch, míchumas agus riachtanais speisialta eile, aois nó aon stádas eile iad; |
|
R. |
de bhrí go bhfuil teaghlaigh ag éirí níos éagsúla; de bhrí nach léiríonn beartais tacaíochta agus teaghlaigh leanaí i gcónaí éagsúlacht teaghlaigh agus socruithe maireachtála teaghlaigh i gcónaí agus nach bhfuil siad oiriúnaithe go leordhóthanach dóibh (e.g. teaghlaigh le tuismitheoirí neamhphósta, leanaí tuismitheoirí scartha atá ina gcónaí in dhá theaghlach nó leanaí atá ina gcónaí i dteaghlach mór cumaisc, teaghlaigh altrama agus teaghlaigh bogha báistí), chun dochair do chaighdeáin mhaireachtála na dteaghlach, rochtain ar chláir agus sochair cosanta sóisialta agus a n-athléimneacht in aghaidh géarchéimeanna; de bhrí nach mór do AE agus do na Ballstáit cosaint dhlíthiúil, eacnamaíoch agus shóisialta teaghlach a ráthú; |
|
S. |
de bhrí gur ghlac an Chomhairle, an 14 Meitheamh 2021, a Moladh maidir le Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag leanaí atá i ngátar ar phríomhsheirbhísí, mar shampla, seirbhísí cúraim saor in aisce agus oideachas don luath-óige, oideachas saor in aisce (lena n-áirítear gníomhaíochtaí breise i scoileanna agus béile sláintiúil amháin ar a laghad in aghaidh an lae scoile), cúram sláinte saor in aisce, cothú sláintiúil agus tithíocht leormhaith; de bhrí gur deis í an ionstraim sin chun bochtaineacht agus neamhionannais a laghdú agus chun cuimsiú sóisialta leanaí a chur chun cinn; de bhrí gur bunaíodh leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí gur cheart díriú mar thosaíocht ar leanaí atá i staideanna leochaileacha (20); de bhrí go gceanglaítear ar na Ballstáit uile, chun a dtiomantas do bheartas comhtháite a léiriú arb é is aidhm dó fáinne fí na bochtaineachta a bhriseadh, méid iomchuí dá n-acmhainní CSE+ a leithdháileadh chun pleananna náisiúnta na Ráthaíochta do Leanaí a chur chun feidhme; de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2023, nach raibh a bpleananna gníomhaíochta náisiúnta tíolactha fós ag trí Bhallstát; |
|
T. |
de bhrí, faoi UNCRC ar sínitheoirí leis na Ballstáit uile, gur cheart an ceart chun oideachais, seirbhísí cúraim sláinte, tithíochta agus cosanta a thabhairt do gach leanbh, chun páirt a ghlacadh i gcinntí a dhéanann difear dóibh, fóillíocht agus am saor, aiste chothrom bia agus chun cúram a fháil i dtimpeallacht teaghlaigh; |
|
U. |
de bhrí gur ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna Barcelona maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige lena n-áirítear togra chun teidlíocht dhlíthiúil ar oideachas agus cúram na luath-óige a thabhairt isteach; |
|
V. |
de bhrí nach raibh rochtain ach ag 35,7% (21) de leanaí faoi bhun trí bliana d’aois in AE in 2022 ar chóras foirmiúil oideachais agus cúraim luath-óige (ECEC), agus go dtéann an luach sin suas go 88% do leanaí idir trí bliana d’aois agus an íosaois éigeantach chun an bhunscoil a thosú; de bhrí nach ráthaíonn ach seacht mBallstát AE ionad i gcóras ECEC do gach leanbh ó sé mhí d’aois; de bhrí nach ráthaíonn roinnt Ballstát ionad maoinithe sa chóras cúraim leanaí ach amháin ó thrí bliana d’aois; de bhrí go dtagann méadú suntasach ar infhaighteacht ECEC saor in aisce ó aois a trí agus go leanann an treocht sin ar aghaidh gach bliain d’aois, geall le bheith uilíoch san Eoraip ar fad sa bhliain deiridh sula dtosaítear sa bhunoideachas éigeantach (22); de bhrí go mbíonn ar fhormhór na dteaghlach san Eoraip táillí teagaisc a íoc chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ECEC do leanaí faoi thrí bliana d’aois; de bhrí go ndéanann an easpa rochtana ar na seirbhísí sin – go minic mar gheall ar an idirghníomhú idir infhaighteacht ghann agus costais ardaithe, fholaithe agus neamh-in-aisíoctha – difear do theaghlaigh ó chúlraí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste, do theaghlaigh aontuismitheora agus do theaghlaigh ó réigiúin agus ó chríocha lagfhorbartha, rud a mhéadaíonn an baol go mbeidh luatheisiamh sóisialta ag leanaí; de bhrí, fiú i dtíortha ina bhfuil meánleibhéal infhaighteachta ar sheirbhísí ECEC ard, go gcuireann easpa saoráidí cúraim leanaí isteach ar rannpháirtíocht leanaí atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta in ECEC; |
|
W. |
de bhrí go bhfuil tionchar cinntitheach ag ECEC ar shláinte agus ar fhorbairt chognaíoch agus shóisialtamhothúchánach leanaí; de bhrí gur minic a bhíonn ar thuismitheoirí a bhíonn ag obair nach bhfuil rochtain acu ar shaoráid cúraim leanaí na leanaí a fhágáil faoi chúram neamhfhoirmiúil, lena n-áirítear i líonraí cúraim neamhdheimhnithe; de bhrí go n-áirithíonn ECEC cuimsitheach ardcháilíochta go mbeidh comhdheiseanna oideachais ag na leanaí sin agus go gcothaíonn sé lánpháirtiú na dtuismitheoirí, go háirithe máithreacha, isteach i margadh an tsaothair; de bhrí go dtugann oideachas cuimsitheach aghaidh ar an raon leathan riachtanas sna daltaí uile trí rannpháirtíocht a neartú ó thaobh foghlama, idirghníomhaíochtaí cultúrtha agus braistint phobail de; de bhrí nach mór acmhainní airgeadais agus daonna dóthanacha a bheith ag na seirbhísí sin chun leanaí a bhfuil deacrachtaí ar leith acu a shainaithint agus chun tacú leo; |
|
X. |
de bhrí gurb iad na teaghlaigh i bhformhór na dtíortha a íocann caiteachas ar oideachas, go háirithe maidir le hábhair scoile agus iompar, agus go bhfuil sé ar cheann de na príomhchúiseanna le scoil a fhágáil; de bhrí gurb ionann meánráta luathfhágála scoile AE agus 10% (23), ach gurb airde an luach sin do ghrúpaí sonracha, amhail leanaí Romacha agus leanaí faoi mhíchumas; |
|
Y. |
de bhrí, in 2021, go raibh riachtanais liachta nár comhlíonadh ag 3.6% de leanaí in AE faoi bhun 16 bliana d’aois agus gur thuairiscigh 4,4% de leanaí go raibh míchumas orthu (24); de bhrí, fiú i dtíortha go bhfuil an ceart chun sláinte cumhdaithe sa dlí, go bhfuil éagothromais fós ann agus nach bhfuil rochtain ná rochtain thráthúil ag go leor teaghlach ar chúram sláinte dóthanach agus go bhfuil rochtain an-teoranta acu ar sheirbhísí bunriachtanacha amhail comhairliúcháin le dochtúirí teaghlaigh agus altraí, tacaíocht mheabhairshláinte agus shíceasóisialta nó cúram fiaclóireachta, go háirithe mar gheall ar sheirbhísí poiblí neamhleora; de bhrí gur mó an baol go mbeidh níos mó fadhbanna sláinte ag leanaí a rugadh sa bhochtaineacht agus san eisiamh sóisialta; de bhrí go bhfuil an éagothroime in AE idir ceantair uirbeacha agus thuaithe agus réigiúin níos forbartha agus réigiúin bheagfhorbartha chun rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar shaoráidí sláinte ar ardchaighdeán ag leathnú (25); |
|
Z. |
de bhrí go bhfuil an tsláinte ghnéasach bunriachtanach do shláinte agus do dhea-bhail fhoriomlán daoine aonair, lánúineacha agus teaghlach; de bhrí go bhfuil roinnt Ballstát ag iarraidh rochtain ar shláinte agus ar chearta gnéis agus atáirgthe a theorannú tuilleadh trí dhlíthe an-srianta a chuireann sláinte na mban i mbaol le linn toirchis agus breithe, chomh maith le sláinte leanaí; |
|
AA. |
de bhrí gurb é an vacsaíniú an phríomhuirlis chun galair thromchúiseacha, thógálacha agus mharfacha uaireanta a chosc; de bhrí go bhfuil rátaí vacsaínithe in aghaidh na bruitíní – táscaire ar scéimeanna ginearálta vacsaínithe leanaí – tar éis titim i 14 thír as 35 thír ECFE (26); |
|
AB. |
de bhrí go bhfuil dea-bhail meabhrach do leanaí ríthábhachtach, ó lamhálann sé dóibh garspriocanna forbartha a bhaint amach, slite a fhoghlaim chun déileáil le fadhbanna agus scileanna sóisialta agus mothúchánacha a fháil; de bhrí go bhfuil taithí dhíobhálach óige, idirdhealú, rochtain neamhleor ar sheirbhísí agus timpeallachtaí éagobhsaí ar chuid de na príomhchúiseanna le fadhbanna meabhairshláinte a fhorbairt san aois luath; de bhrí gur chuir géarchéimeanna forleathana amhail paindéim COVID-19 meabhairshláinte agus dea-bhail glúine iomlána leanaí i mbaol; cé go bhfuil leitheadúlacht fhadhbanna na meabhairshláinte trí huaire níos airde i leanaí ó theaghlaigh ar ioncam íseal (27); |
|
AC. |
de bhrí go gcuireann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) béim go bhfuil beathú cíche ar cheann de na slite is éifeachtaí chun sláinte agus maireachtáil fhadtéarmach leanaí a chinntiú agus molann sí gur cheart beathú cíche amháin a thabhairt do naíonáin ar feadh na chéad sé mhí dá saol; de bhrí, ar fud an domhain, áfach, nach bhfuil rochtain ach ag beirt as gach cúigear naíonán ar bheathú cíche (28); |
|
AD. |
de bhrí go bhfuil leanaí faoi mhíchumas agus leanaí a saolaíodh do thuismitheoirí faoi mhíchumas fós faoi lé idirdhealú agus sárú ar a gcearta trí bhacainní leanúnacha i ngach réimse den saol, eadhon rochtain neamhleor ar áiseanna cúram leanaí, beathú a chomhlíonann a riachtanais agus deiseanna chun freastal ar gníomhaíochtaí cuimsitheacha oideachais agus a bheith rannpháirteach iontu agus easpa cuimsitheachta i scoileanna caighdeánacha, i gcúram sláinte agus i spásanna nach bhfreagraíonn go leor dá riachtanais soghluaisteachta agus shíceasóisialta; de bhrí go bhfuil na bacainní sin agus an easpa seirbhísí cúraim agus tacaíochta ar ardchaighdeán inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine eile a bhfuil gá acu le cúram agus tacaíocht go háirithe le linn géarchéimeanna, rud a chuireann ualach breise ar chúramóirí neamhfhoirmiúla, go háirithe ar chúramóirí teaghlaigh, is mná a bhformhór; |
|
AE. |
de bhrí gur marcóir riosca tábhachtach í an bhochtaineacht chun dul isteach i gcúram malartach toisc go méadaíonn sí leochaileacht leanaí agus a dteaghlach agus go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le cás nach féidir le tuismitheoirí cúram leormhaith a thabhairt dá leanaí a thuilleadh; de bhrí go bhfuil thart ar 345,000 leanbh in AE fós ina gcónaí in institiúidí (29) agus go raibh 758,018 leanbh i gcúram malartach in 2021 (30); de bhrí go bhfuil bearta cosanta leanaí, lena n-áirítear dí-institiúidiú, bunriachtanach freisin chun go bhféadfaidh leanaí a gcearta agus a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach; de bhrí go bhfuil foireann cháilithe de dhíth ar institiúidí chun deiseanna oideachais cáilithe a áirithiú agus chun mí-úsáidí agus dúshaothrú leanaí a chomhrac; |
|
AF. |
de bhrí go bhfuil sé de cheart ag gach leanbh cosaint a fháil ar mhí-úsáid, ar fhoréigean agus ar fhaillí; de bhrí go gcruthaíonn taighde go dtagann méadú ar an mbaol mí-úsáide, foréigin agus faillí i gcásanna brú airgeadais ar theaghlaigh agus easpa seirbhísí sóisialta imleor; |
|
AG. |
de bhrí gur íospartach leanbh as gach cúigear de chineál éigin mí-úsáide nó foréigin ghnéasaigh san Eoraip, agus go dtarlaíonn an chuid is mó den mhí-úsáid i dteaghlaigh agus/nó in institiúidí a bhaineann le cúram; de bhrí gurb ionann leanaí agus thart ar an gceathrú cuid d’íospartaigh na gáinneála in AE, ar cailíní iad den chuid is mó a fuadaíodh chun críocha dúshaothrú gnéasach (31); |
|
AH. |
de bhrí gur fadhb thromchúiseach iad foréigean piaraí agus an bhulaíocht a dhéanann díobháil don chaidreamh i measc leanaí, go háirithe i scoileanna, agus go ndéanann sé dochar do mheabhairshláinte leanaí agus daoine óga; de bhrí gur thuairiscigh 23% de na daltaí go ndearnadh ciapadh orthu ar scoil uair sa mhí ar a laghad (32); |
|
AI. |
de bhrí nár cheart na rioscaí digiteacha forleatacha do shláinte agus do dhea-bhail leanaí agus a dteaghlach a ghannmheas; de bhrí go bhfuil an ceart ag leanaí a bheith cosanta ar chleachtais mhargaíochta agus fógraíochta oibreoirí tráchtála, lena n-áirítear i spásanna digiteacha; de bhrí go nochtar leanaí ó aois an-óg d’ábhar andúileach ar líne le dearadh na dtáirgí agus na seirbhísí reatha ar líne; de bhrí nach bhfuil na bunscileanna agus an fios gnó is gá ag leanaí chun faisnéis a thomhailt ar mhodh sábháilte agus iontaofa; de bhrí go mbíonn iarmhairtí aige sin ar mheabhairshláinte leanaí, lena n-áirítear díth codlata, imní, dúlagar, easpa airde agus, ar deireadh, forbairt inchinne san fhadtéarma; de bhrí gur féidir le húsáid mhéadaithe idirlín leanaí a chur i mbaol níos mó go ndéanfaí dochar dóibh ar líne amhail dúshaothrú gnéasach, cibearstalcaireacht agus cibearbhulaíocht; cé gur tháinig trian de chailíní agus 20% de bhuachaillí ar rud is ábhar imní é uair sa mhí le bliain anuas; de bhrí gur fhulaing 15% de fhreagróirí LADTIA+ idir 15 agus 17 mbliana d’aois ciapadh ar líne mar gheall ar a ngnéaschlaonadh nó a n-inscne (33); |
|
AJ. |
de bhrí nach measann ach leanbh as ceathrar go n-urramaíonn an tsochaí i gcoitinne a gcearta (34); de bhrí go mbíonn deacrachtaí ag leanaí ceartas a fháil, ó nach bhfuil struchtúr na n-imeachtaí breithiúnacha in oiriúint dá riachtanais; |
|
AK. |
de bhrí go bhfuil 3,6 milliún leanbh ar mhór-roinn na hEorpa ag gabháil d’obair (35), go príomha sa talmhaíocht agus san fhoirgníocht; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach bearta a ghlacadh chun fostú leanaí san Aontas Eorpach a dhíothú agus chun teacht chun cinn cásanna nua d’fhostú leanaí a chosc, go háirithe i gcomhthéacs géarchéimeanna; |
|
AL. |
de bhrí gur bagairt iad fadhbanna comhshaoil amhail truailliú, talamh éillithe agus uisce óil neamhshábháilte do shláinte gach linbh, agus go bhfuil tionchar díréireach acu ar na daoine sin a mhaireann sa bhochtaineacht agus i ndálaí leochaileacha; de bhrí go bhféadfaí an ceart chun comhshaol sábháilte, slán agus glan do leanaí agus an ceart chun todhchaí atá saor ó thruailliú comhshaoil agus cosaint ar thionchar diúltach an athraithe aeráide a fheabhsú trí chur chun feidhme níos fearr agus níos íogaire do leanaí den acquis comhshaoil reatha sna Ballstáit; |
|
AM. |
de bhrí gurb é an súgradh an tslí nádúrtha agus is éifeachtaí do leanaí foghlaim fúthu féin agus faoina dtimpeallacht shóisialta agus nádúrtha agus iad féin a chur in iúl ar shlí shiombalach; de bhrí gurb é seo bunús bunriachtanach dá bhforbairt chognaíoch agus mhothúchánach, dá neamhspleáchas feidhmiúil, dá nósanna maireachtála, dá n-idirghníomhú le daoine eile agus dá mbainistiú coinbhleachta; de bhrí go gcuireann rannpháirtíocht leanaí sa tsochaí, sa saol cultúrtha, san áineas, san fhóillíocht agus sa spórt go díreach lena ndea-bhail agus go ndéanann sé leas dóibh; |
|
AN. |
de bhrí go gcuireann srianta airgeadais bac ar rannpháirtíocht leanaí ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste i ngníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla oideachais agus seach-churaclaim, rud a mhéadaíonn éagothromais shóisialta sna luathbhlianta; |
Infheistiú in éagothroime a laghdú
|
1. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht phoiblí inbhuanaithe agus leormhaith a mhéadú go suntasach agus a áirithiú i mbeartais a bhfuil tionchar díreach agus indíreach acu ar shaol leanaí trí sheirbhísí poiblí ardcháilíochta uilíocha, cuimsitheacha agus inacmhainne a ráthú, amhail cúram, ECEC, oideachas, cúram sláinte, seirbhísí sóisialta, uisce agus sláintíocht, chomh maith le rochtain uilíoch ar thithíocht chuibhiúil, fuinneamh, iompar, bia, gníomhaíochtaí cultúrtha agus fóillíochta, agus rochtain éasca agus saor in aisce ar spásanna glasa, arna gcomhlánú le réitigh éifeachtacha spriocdhírithe, go háirithe do na daoine is leochailí; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí a neartú, ar gach leibhéal, chun rannpháirtíocht fhóinteach, shábháilte agus chuimsitheach leanaí, teaghlach, cúramóirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áirithiú i bhforbairt, i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i measúnú na mbeartas sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chuige ilearnála ina n-oibríonn gach geallsealbhóir ábhartha i gcomhpháirtíocht chun straitéis chomhtháite a fhorbairt chun dul i ngleic le héagothromais san óige trí sheirbhísí cosanta leanaí agus leasa teaghlaigh a sholáthar, ar ina leith is mó is gá infheistíochtaí struchtúracha agus caiteachas poiblí éifeachtach, agus cistí AE agus cistí náisiúnta á n-úsáid; |
|
3. |
á chur i bhfáth nach mór go gcumasódh beartais cuimsithe shóisialta forbairt fhoriomlán leanaí agus comhlíonadh acmhainneacht gach linbh i ndáil lena sláinte agus dea-bhail fhisiciúil, lena scileanna sóisialta, lena bhforbairt mhothúchánach, lena scileanna cumarsáide, lena n-eolas ginearálta agus lena bhforbairt chognaíoch agus teanga; |
|
4. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cruthú post ardcháilíochta a chur chun cinn le cineálacha fostaíochta neamhiata agus cineálacha nuálacha oibre ina bhfuil cearta láidre saothair, bunaithe ar phá cuibhiúil agus cothrom agus dálaí oibre cuibhiúla a ráthaíonn rochtain ar chosaint shóisialta, sábháilteachta agus sláinte ceirde, agus cómhargáil láidir mar shásra ríthábhachtach chun ionadaíocht a dhéanamh ar chearta oibrithe agus iad a chosaint; á chreidiúint gur gá na bearta sin chomh maith chun tarraingteacht na ngairmeacha san earnáil chúraim agus shóisialta a fheabhsú agus chun freagairt do ghanntanais saothair reatha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cothroime oibre is saoil a ráthú, inter alia, trí shaoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire cúraim agus saoire do thuismitheoirí, agus socruithe solúbtha oibre do thuismitheoirí agus do chúramóirí, lena n-áirítear, mar shampla, an rogha am oibre laghdaithe; |
|
5. |
á chur i bhfáth gur chuir an cur isteach ar an scolaíocht le linn ghéarchéim COVID-19 leis na héagothromais san fhoghlaim; á iarraidh ar na Ballstáit cláir foghlama ghearrthéarmacha bhreise a chur ar bun, amhail scoileanna samhraidh nó teagasc, chun na bearnaí foghlama reatha a laghdú, ag díriú, go háirithe, ar leanaí ó theaghlaigh leochaileacha; á iarraidh ar na Ballstáit scileanna digiteacha a áireamh i gcuraclaim na n-institiúidí oideachais uile agus an oiliúint agus an trealamh is gá a sholáthar do mhúinteoirí agus do dhaltaí; á iarraidh ar na Ballstáit cearta agus cosaint leanaí a ráthú tráthanna géarchéime, go háirithe rochtain leanúnach ar bhunseirbhísí; ag spreagadh na mBallstát measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a glacadh le linn géarchéimeanna roimhe seo chun raon beart a ullmhú ar féidir iad a chur i ngníomh, a shaincheapadh agus a spriocdhíriú i gcás géarchéimeanna nua, á bhreithniú go raibh tionchar diúltach ag roinnt beart a glacadh le linn na paindéime (amhail obair ón mbaile, teagasc ar líne agus cúram sóisialta/comhairliú), cé gur gá sin ag an am, ar chuimsiú sóisialta leanaí agus a dteaghlach a chur chun cinn; |
|
6. |
ag admháil ról ríthábhachtach na sochar teaghlaigh agus linbh, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha, mar chuid de chórais chosanta sóisialta atá cothrom agus cuimsitheach, ar gá iad a chur in oiriúint do shocruithe éagsúla teaghlaigh agus rochtain thráthúil ar chosaint shóisialta agus tacaíocht dóthanach a chur ar fáil do chách, lena n-áirítear do leanaí dídeanaithe agus imirceacha agus dá dteaghlaigh, de réir chleachtais na mBallstát; á iarraidh ar na Ballstáit daoine a chur ar an eolas faoi incháilitheacht do shochair shóisialta, nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus rochtain orthu a éascú, chun dul i ngleic le glacadh íseal agus stiogma agus steiréitíopaí na bochtaineachta a chomhrac ag an am céanna; |
|
7. |
á iarraidh ar údaráis bhuiséadacha AE leas a bhaint as an athbhreithniú meántéarma atá le teacht ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 chun CSE+, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, InvestEU, chomh maith leis an gCiste Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) a neartú agus úsáid níos fearr a bhaint astu, chun beartais struchtúracha agus tacaíocht shóisialta do leanaí agus do theaghlaigh a neartú agus cineál ilearnála na bochtaineachta á chur i gcuntas; á athdhearbhú a hiliomad iarrataí go méadófar go práinneach cistiú na Ráthaíochta do Leanaí, le buiséad tiomnaithe EUR 20 billiún ar a laghad don tréimhse 2021-2027; á áitiú go mbeidh an buiséad tiomnaithe sin mar chuid de CAI athbhreithnithe agus CSE+ treisithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, na hacmhainní uile atá ar fáil a sholáthar – agus ar na Ballstáit lánúsáid a bhaint astu – chun an Ráthaíocht do Leanaí a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear CSE+, ReactEU agus RRF; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh úsáid na gcistí sin trédhearcach agus gur ghá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na ngeallsealbhóirí ábhartha sa phleanáil, sa chur chun feidhme agus sa mheastóireacht; á iarraidh an athuair gur cheart do na Ballstáit uile 5% ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe agus ar athchóirithe struchtúracha chun bochtaineacht leanaí a chomhrac; á chur i bhfáth nach bhfuil sa tairseach sin ach íosmhéid agus go moltar do na Ballstáit cion níos airde de CSE+ a úsáid chun bochtaineacht leanaí a chomhrac; |
|
8. |
á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áiritheofaí i gcónaí an spás is gá do phríomhinfheistíochtaí sóisialta chun prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus baint amach na spriocanna chun bochtaineacht leanaí a laghdú i gcoigeartuithe fioscacha beartaithe na mBallstát; |
|
9. |
á chur i bhfáth gur casta cistí AE a bhainistiú, rud a fhágann nach mbíonn rochtain orthu ag eagraíochtaí a bhfuil níos lú acmhainní teicniúla acu; á thabhairt chun suntais gur féidir le nósanna imeachta bainistíochta níos solúbtha, simplithe agus infheistíocht i gcúnamh teicniúil gar don áit a bhfuil gá leis cabhrú le daoine agus níos mó eagraíochtaí a thacaíonn le leanaí agus daoine óga a chumhachtú; á chur i bhfios go láidir, de réir Rialachán CSE+ (36), nach foláir gurb é 90% an ráta cómhaoinithe chun tacú leis na daoine is díothaí, ar cheart dó fáil ar an maoiniú sin a éascú do chláir agus do ghníomhaíochtaí atá ceaptha chun cabhrú leis na pobail sin éalú ón mbochtaineacht; |
|
10. |
á chur i bhfáth go dtugann beartais uilíocha agus fhadtéarmacha cosaint níos fearr ar fhachtóirí iomadúla na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, lena n-áirithítear freagairtí struchtúracha ar féidir, nuair is gá, iad a chomhlánú le bearta tacaíochta spriocdhírithe aonuaire nó sealadacha, a chuireann le hathléimneacht agus neamhspleáchas teaghlach a neartú agus freastal ar riachtanais a leanaí; |
|
11. |
á iarraidh ar na Ballstáit aird níos mó a thabhairt ar infhaighteacht rochtana uilíche ar sheirbhísí poiblí i réigiúin iargúlta chun éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil a laghdú agus chun rochtain chomhionann ar oideachas, ar bhonneagar agus ar chúram sláinte ar ardchaighdeán a chur ar fáil do gach leanbh; |
|
12. |
á iarraidh ar na Ballstáit reachtaíocht a chur chun feidhme lena gcosnaítear nó lena bhfeabhsaítear cearta máithreachais, atharthachta agus tuismitheora, lena gceadófar cothromaíocht oibre is saoil níos éifeachtaí agus dáileadh níos cothroime cúraim agus obair tí, rud a fhágfaidh gur féidir le mná filleadh ar an obair tar éis toirchis agus saoire mháithreachais agus lena gceadófar méid iomchuí ama agus saoráidí leormhaithe le haghaidh beathú cíche tar éis dóibh filleadh ar an obair; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíochtaí struchtúracha a áirithiú i saoráidí leighis a bhfuil rochtain éasca orthu chun cúram réamhbhreithe agus iarbhreithe ardcháilíochta a neartú; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh neartú na reachtaíochta sin borradh mór a chur faoin gcomhrac i gcoinne idirdhealú inscnebhunaithe agus idirdhealú pá; |
|
13. |
á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le tuismíocht a aithint idir na Ballstáit; á iarraidh ar an gComhairle é a ghlacadh go pras; á mheabhrú gurb ionann ilroinnt na gceart tuismitheoireachta ar fud AE agus ualach eacnamaíoch, dlíthiúil agus mothúchánach do leanaí agus dá dteaghlaigh agus go dtagann sí salach ar phrionsabal ‘leas an linbh’; |
|
14. |
á iarraidh ar na Ballstáit struchtúir chomhairleoireachta a chur ar bun chun tacú le teaghlaigh agus chun rochtain leanaí ar cheartas a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais óige agus idirghabháil teaghlaigh-lárnach a chur chun cinn, agus aird á tabhairt ar riachtanais agus ar ardmhianta teaghlach, mar ghné chun comhtháthú sa tsochaí a fheabhsú; |
|
15. |
á chur i bhfáth go n-éilítear le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta leanaí cur chuige saolré a ghlacadh lena rannchuidítear le timthriall idirghlúine na rioscaí bochtaineachta a bhriseadh agus lena léirítear riachtanais éagsúla na luath-óige, na leanaí príomhúla agus an ógánaigh, trí líon na ndíothachtaí a bhíonn ag gach leanbh a thomhas ag an am céanna, agus ar an gcaoi sin na leanaí is díothaí a shainaithint agus ní hamháin bochtaineacht airgeadaíochta a thomhas ach díothachtaí ilghnéitheacha freisin; á iarraidh ar na Ballstáit leanaí atá i mbaol níos mó bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta a shainaithint, lena n-áirítear leanaí sna cásanna is leochailí, chun a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach agus saor in aisce acu ar phríomhsheirbhísí ardcháilíochta, amhail ECEC, oideachas agus gníomhaíochtaí scoilbhunaithe, cúram sláinte, chomh maith le béile sláintiúil amháin gach lá scoile agus rochtain éifeachtach ar chothú sláintiúil agus ar thithíocht leormhaith; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis uaillmhianach i gcoinne na bochtaineachta atá comhtháite ag AE a tharraingt suas gan mhoill; |
|
16. |
á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs thimthriallta bliantúla an tSeimeastair Eorpaigh (ES) beartais eacnamaíocha agus shóisialta a chomhordú, athchóirithe a mholadh chun cuimsiú sóisialta agus laghdú ar neamhionannais a chur chun cinn trí sheirbhísí poiblí a neartú agus trí chomhpháirtithe sóisialta a rannpháirtiú ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach agus cláir náisiúnta um athchóiriú, tuarascálacha tíre agus moltaí tírshonracha á ndearadh agus á gcur chun feidhme; á iarraidh go ndéanfaí faireachán ar fhorbairtí i dtáscairí bochtaineachta leanaí, mar chuid den Seimeastar Eorpach, chun go mbeidh siad in ann faisnéis leormhaith a chur ar fáil do na Ballstáit uile chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin; á chur i bhfáth, thairis sin, gur bhain ciorruithe ar sheirbhísí poiblí an bonn ó chearta sóisialta agus saothair i roinnt Ballstát; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht in infhaighteacht agus in inrochtaineacht seirbhísí cúraim ghairmiúil a mhéadú mar bhealach chun an t-ualach ar chúramóirí neamhfhoirmiúla a laghdú agus chun íoschaighdeáin cháilíochta sa chúram a áirithiú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb ionann infheistíocht neamhleor i mbeartais leanaí agus mainneachtain oibleagáidí idirnáisiúnta faoin gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh a chomhlíonadh; |
|
17. |
á chur in iúl gur oth léi leibhéal íseal uaillmhéine na spriocanna maidir le bochtaineacht leanaí a laghdú faoi Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ag tabhairt dá haire nach leor é sin chun gach leanbh leochaileach a thabhairt as an mbochtaineacht; á chur i bhfáth go bhfuil spriocanna níos uaillmhianaí fós de dhíth ar thionchair COVID-19, an chogaidh san Úcráin agus na géarchéime costais maireachtála; á chur in iúl gur oth léi nár shocraigh ach 19 mBallstát spriocanna náisiúnta chun bochtaineacht leanaí a laghdú faoi 2030; á iarraidh ar na Ballstáit spriocanna uaillmhianacha a ghlacadh chun bochtaineacht leanaí a laghdú, d’fhonn í a dhíothú; |
|
18. |
á chur i bhfáth gur gá creat um chóineasú sóisialta a thabhairt isteach laistigh den Seimeastar Eorpach chun míchothromaíochtaí sóisialta a bhrath agus a cheartú agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar bheartais do leanaí agus cur chun feidhme éifeachtach EPRS a áirithiú, lena n-áirítear córas scórchláir; á iarraidh go léireofaí toradh chleachtadh an chreata um chóineasú sóisialta sna moltaí tírshonracha; |
Beartais phoiblí láidre chun neamhionannais a laghdú
|
19. |
á chur i bhfáth, i bhfianaise na ndeacrachtaí a bhaineann le rochtain a fháil ar ECEC ar fud an Aontais, go bhfuil gá le hinfheistíocht mhéadaithe i seirbhísí ECEC atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán, gan faillí a dhéanamh ar leanaí idir 0 agus 3 bliana d’aois agus ar leanaí ó theaghlaigh atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch agus sóisialta, agus ar an gcaoi sin freagairt phoiblí agus uilíoch a chruthú nó a threisiú ó thús an phróisis oideachais agus cothroime iomaíochta agus rochtain chomhionann ar an oideachas a ráthú do gach duine; á chur i bhfáth nach mór líon leordhóthanach seirbhísí cúraim leanaí a bheith ann atá chomh hinrochtana céanna ar fud AE; á chur in iúl gur oth léi go ndearna an Chomhairle íosghrádú ar an togra ón gCoimisiún go n-áirtheofaí go bhféadfadh 50 % ar a laghad de leanaí faoi bhun trí bliana d’aois páirt a ghlacadh in ECEC go 45 %; |
|
20. |
á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar cháilíocht sheirbhísí ECEC trí acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna agus trí oiliúint oideolaíoch iomchuí a chur ar bhaill foirne a bhfuil eolas acu ar shíceolaíocht leanaí agus ar chronaibhitheolaíocht leanaí chun forbairt fhoriomlán leanaí a áirithiú; á chur i bhfáth, chun an feabhas sin a cheadú, nach mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh pá agus deiseanna cuibhiúla ag na baill foirne sin le haghaidh forbairt gairme; |
|
21. |
á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar sheirbhísí ECEC a éascú, mar shampla, trí thuismitheoirí a chur ar an eolas faoi na háiteanna atá ar fáil nó trí chúnamh a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha le nósanna imeachta riaracháin, agus na seirbhísí sin a oiriúnú do réaltachtaí mhargadh an tsaothair; á mheabhrú go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit rochtain uilíoch ar sheirbhísí poiblí cúraim leanaí a áirithiú; ag tabhairt dá haire, nuair nach leor an rochtain sin, gur cheart go mbeadh saoráidí príobháideacha, baile-bhunaithe agus comhoibritheacha in ann seirbhísí poiblí ECEC a chomhlánú, ar choinníoll go gcomhlíonann siad go hiomlán na caighdeáin cháilíochta chéanna maidir le forbairt fhoriomlán leanaí; |
|
22. |
á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh ar oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil, poiblí, cuimsitheach agus ar ardchaighdeán, lena n-áirítear gníomhaíochtaí seach-churaclaim ag gach aois, lena gcothófar a bhforbairt mhothúchánach, shóisialta, chognaíoch agus fhisiciúil; á iarraidh ar na Ballstáit cóimheasa iomchuí idir múinteoirí agus mic léinn a bhunú, le dearadh atá bunaithe ar riachtanais, sábháilteacht agus folláine leanaí a choimirciú, tionchar na gcóras oideachais a uasmhéadú maidir le comhdheiseanna a chruthú agus timthriallta eisiaimh ó ghlúin go glúin a bhriseadh; |
|
23. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá infheistíochtaí san oideachas príobháideach agus san oideachas poiblí lena n-áirithítear cur chuige atá saincheaptha don duine aonair le haghaidh leanaí a bhaineann le grúpaí sóisialta níos leochailí; á chur i bhfáth gur cheart go bhforbrófaí an cur chuige sin i gcomhar le múinteoirí, speisialtóirí sóisialta agus oideachais, teaghlaigh agus pobail; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit idirdheighilt scoile a chomhrac agus beartais, straitéisí agus uirlisí a fhorbairt chun oideachas cuimsitheach a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire, i gcásanna an-teoranta agus sonracha, amhail i gcásanna dian-mhíchumas, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le ranganna speisialaithe nó scoileanna speisialaithe a thairiscint do leanaí, agus ag an am céanna á thabhairt chun suntais gur cheart gur bearta iad sin a bheadh ina rogha dheiridh mar gheall ar an mbaol idirdhealaithe agus eisiaimh a bhaineann le ranganna speisialaithe nó scoileanna speisialaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rochtain ar oideachas cuimsitheach ardcháilíochta a áirithiú go sonrach do gach duine faoi mhíchumas chun dul i ngleic leis na deacrachtaí a dhéanann difear dóibh; |
|
24. |
ag cur béim ar thaithí roinnt Ballstát lena n-áirithítear go gcuirtear téacsleabhair agus ábhair theagaisc, chomh maith le hiompar scoile agus béilí sláintiúla, turais oideachais agus chultúrtha agus maoirseacht, ar fáil saor in aisce; á mholadh go leathnófaí an córas sin chuig na Ballstáit uile chun rochtain chothrom ar oideachas a áirithiú agus mar thacaíocht thábhachtach do bhuiséid na dteaghlach is leochailí; á iarraidh ar na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú maidir leis an taithí agus na cláir sin; á mholadh do na Ballstáit rochtain ar bhéilí scoile sláintiúla saor in aisce a chur ar fáil do leanaí i gcásanna leochaileacha ar a laghad, gan stiogmatú ná idirdhealú díreach nó indíreach; á chur i bhfáth gur cheart go bhfaigheadh leanaí atá i ngátar coibhéis béile saor in aisce freisin ar na laethanta nach bhfuil siad ar scoil; |
|
25. |
á iarraidh ar na Ballstáit rochtain uilíoch ar chúram sláinte poiblí, inacmhainne agus ar ardchaighdeán máthartha, nuabheirthe agus péidiatraiceach a ráthú, lena n-áirítear cosc príomhúil, cláir imdhíonta agus cúram príomhúil, rochtain ar dhiagnóis, ar chóireáil agus ar athshlánú agus rochtain ar an réimse is éagsúla de shainchóireáil leighis agus theiripeach, lena ráthaítear an ceart do mhná sláinte ghnéis agus atáirgthe, cúram máithreachais agus cuairteanna baile sa tréimhse cúraim réamhbhreithe agus iarbhreithe a fháil agus rochtain ar dhochtúirí teaghlaigh, ar altraí, ar fhiaclóirí, ar chothaitheoirí, ar theiripeoirí urlabhra agus teanga, ar otailmeolaithe, ar sheirbhísí comhairleoireachta teaghlaigh agus ar shíceolaithe eile a áirithiú, gan beann ar stádas eitneach, sóisialta nó riaracháin na dtuismitheoirí; ag cur béim ar an luach a bhaineann le leanaí a vacsaíniú agus ar an ngá dul i ngleic le teophointí na bréagaisnéise maidir leis na tairbhí a bhaineann le vacsaíniú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ganntanas leanúnach cógas do leanaí agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit táirgeadh leordhóthanach agus stoc-charnadh chógais thábhachtacha an chúraim phríomhúil phéidiatraicigh a áirithiú; |
|
26. |
á iarraidh ar na Ballstáit comhpháirtíochtaí a bhunú idir seirbhísí oideachais, sláinte agus sóisialta chun rochtain ar chúram agus tacaíocht a éascú do leanaí a bhfuil gá acu leis, mar shampla, agus tástálacha éisteachta agus radhairc córasacha á soláthar do leanaí go díreach ar scoil; á iarraidh ar na Ballstáit malartú faisnéise a éascú ar fud seirbhísí éagsúla sóisialta, oideachais agus sláinte maidir le riachtanais forbartha leanaí le comhaontú roimh ré óna dtuismitheoirí, agus urraim á háirithiú don cheart chun príobháideachais atá ag leanaí agus a dteaghlaigh agus do leas an linbh; |
|
27. |
á iarraidh ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta a dhearadh, a chistiú agus a chur chun feidhme go cuí chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag leanaí agus ag a dteaghlaigh ar bhia sláintiúil agus inacmhainne; á mheabhrú go gcuireann rochtain theoranta leanúnach ar bhia úr, inacmhainne agus sláintiúil le fadhbanna sláinte, go háirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal agus do dhaoine leochaileacha a bhfuil cónaí orthu i limistéir atá nasctha go dona agus a bhfuil seirbhísí in easnamh iontu; ag tathant ar na Ballstáit bia sláintiúil a áireamh ina gcuid straitéisí sláinte poiblí trí éagsúlú aiste bia agus, i gcás inar gá, forbhianna a spreagadh, chun leanaí a chosaint ar na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le míchothú nó tearc-chothú; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí chun infhaighteacht bianna sláintiúla agus inacmhainne a dhreasú agus, ag an am céanna, tomhaltas bianna agus deochanna ardsiúcra agus ramhraithe ag leanaí agus déagóirí a dhíspreagadh; |
|
28. |
á iarraidh ar na Ballstáit comhar rianúil agus tacaíocht airgeadais leormhaith a áirithiú agus a neartú d’eagraíochtaí tiomnaithe neamhrialtasacha um chúnamh bia, chomh maith leis an gcomhar le struchtúir ábhartha san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a threisiú chun díriú ar thionchair eacnamaíocha na géarchéime reatha ar bhealach níos éifeachtúla agus chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do theaghlaigh atá buailte; á chur i bhfáth gur gá aird phráinneach a thabhairt ar an ngéarchéim reatha maidir le cúnamh bia atá os comhair na struchtúr ábhartha agus na dteaghlach atá leochaileach ó thaobh an gheilleagair de agus a leanaí araon; á iarraidh ar na Ballstáit eolas agus taithí a mhalartú maidir le tacú le fostaíocht tuismitheoirí trí Chlár AE um Fhoghlaim Fhrithpháirteach; |
|
29. |
á chreidiúint nár cuireadh streachailt shíceolaíoch atá ag teacht chun cinn ón mbochtaineacht agus ón eisiamh sóisialta san áireamh go leordhóthanach i straitéis mheabhairshláinte agus i bpleananna gníomhaíochta náisiúnta an Choimisiúin; á iarraidh ar na Ballstáit tacú le teaghlaigh i staideanna leochaileacha trí sheirbhísí sóisialta aonair agus saincheaptha agus trí thacaíocht mheabhairshláinte agus shíceasóisialta; |
|
30. |
ag cur sonrú ar theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 dar teideal ‘A Digital Decade for children and youth: the new European strategy for a better internet for kids’ [Deich mBliana Digiteacha do leanaí agus don óige: an straitéis Eorpach nua maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí’ agus á iarraidh go mbeadh beartas uileghabhálach ann a bheadh dírithe ar mheabhairshláinte leanaí a chosaint ar ró-nochtadh agus ar ró-thomhaltas ábhair ar líne; |
|
31. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beathú cíche a chur chun cinn go gníomhach, i gcomhréir le moltaí EDS; |
|
32. |
á chur in iúl gur geal léi an straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 mar bhealach nithiúil chun cearta comhionanna daoine faoi mhíchumas agus a rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí a áirithiú; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go gcuirfear míchumais san áireamh go cuí agus beartais agus tionscnaimh AE á gceapadh, á gcur chun feidhme agus faireachán á dhéanamh orthu, go háirithe na bacainní agus na dúshláin atá roimh leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena thogra (37) le haghaidh creat le haghaidh seirbhísí sóisialta barr feabhais do dhaoine faoi mhíchumas agus a áirithiú go bhfeabhsófar leis an gcreat sin freisin rochtain ar sheirbhísí sóisialta barr feabhais do leanaí faoi mhíchumas agus do leanaí a bhfuil tuismitheoirí faoi mhíchumas acu; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil bearta sonracha agus spriocdhírithe de dhíth ar leanaí a bhfuil cúram de dhíth orthu agus ar leanaí atá faoi mhíchumas agus/nó neamhoird chognaíocha iad, go háirithe tráth géarchéime, chomh maith le seirbhísí speisialta oideachais agus cúraim chun cur i gcoinne neamhionannais agus easpa lánpháirtíochta sóisialta; |
|
33. |
á iarraidh ar na Ballstáit bearta sonracha a fhorbairt chun tacú le tuismitheoirí faoi mhíchumas agus le tuismitheoirí leanaí faoi mhíchumas agus chun faisnéis inrochtana a áirithiú maidir leis an tacaíocht atá ar fáil dóibh; ag aithint na dtairbhí a bhaineann le hidirghabháil luath-óige atá dírithe ar an teaghlach agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit í a phríomhshruthú sna réimsí beartais ábhartha uile, amhail beartais chun cearta leanaí agus daoine faoi mhíchumas a chosaint, agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas ina leith a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gné an mhíchumais a ionchorprú agus dul i gcomhairle go fóinteach le daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha agus gníomhaíochtaí á bpleanáil acu chun caighdeán leormhaith maireachtála agus cosaint shóisialta daoine faoi mhíchumas a áirithiú, go háirithe le linn géarchéimeanna agus aistrithe; |
|
34. |
á iarraidh ar na Ballstáit éifeachtacht na seirbhísí sóisialta agus na cosanta sóisialta a fheabhsú, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar ghanntanais oibrithe agus trí infheistíocht a dhéanamh ina bhforbairt ghairmiúil trí dheiseanna oiliúna leanúnacha, chomh maith le pá leormhaith agus dálaí oibre cuibhiúla a áirithiú; |
|
35. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an úsáid is leithne is féidir a bhaint as an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí mar fhreagairt shóisialta lena n-éascófar lánpháirtiú sóisialta agus cuimsiú sóisialta leanaí agus teaghlach atá thíos leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta, go háirithe iad siúd ó spriocghrúpaí sainaitheanta agus sna limistéir is iargúlta; á chur i bhfáth gur léir nach leor na cistí atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna struchtúracha atá ann cheana, ar fadhbanna iad atá níos measa mar gheall ar éifeacht charnach géarchéimeanna comhleanúnacha agus an easpa infheistíochta poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis an infheistíocht agus córais cosanta leanaí agus seirbhísí leasa shóisialta a neartú, lena bhféadfar an Ráthaíocht do Leanaí a chur chun feidhme go pras i gcomhthéacs géarchéimeanna nua agus líon méadaitheach (38) na leanaí atá i ngátar; |
|
36. |
ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit sin nár fhoilsigh a bplean gníomhaíochta náisiúnta go fóill faoin Ráthaíocht Eorpach do Leanaí é sin a dhéanamh, ionas gur féidir le leanaí atá i ngátar tairbhe a bhaint as gan mhoill; á iarraidh ar na Ballstáit athbhreithniú agus nuashonrú rialta a dhéanamh ar a bpleananna gníomhaíochta náisiúnta, a dtiomantas polaitiúil a chomhlíonadh le gníomhaíochtaí uaillmhianacha cuimsitheacha agus córais faireacháin agus mheastóireachta a chur i bhfeidhm, trí mhéadracht shoiléir, ilearnálach agus inchomparáide a leagan síos, trí infheistiú i mbailiú éifeachtúil agus éifeachtach sonraí agus trí spriocanna níos sonraí a léiriú agus trí chuspóirí na Ráthaíochta do Leanaí a léiriú; á iarraidh ar na Ballstáit comhleanúnachas agus sineirgí a áirithiú idir an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí mar straitéis frithbhochtaineachta agus an Ráthaíocht Neartaithe don Aos Óg mar bheartas gníomhach maidir le margadh an tsaothair, chun an tréimhse aoise iomlán ón mbreith go dtí an aosacht a chumhdach; |
|
37. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht shóisialta a mhéadú a bheidh dírithe go sonrach ar thuismitheoirí atá dífhostaithe nó atá sáinnithe i mbochtaineacht lucht oibre, go háirithe trí ioncam íosta ráthaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú aige, treoir réime a mholadh maidir le hioncam íosta lena leagfar síos íoschaighdeáin chomhchoiteanna agus modheolaíochtaí chun scéimeanna ioncaim íosta inrochtana, cumasaithe agus leormhaithe a ráthú; |
|
38. |
á thabhairt chun suntais an ceart chun tithíochta cuibhiúla, inacmhainne, cuimsithí, fuinneamhéifeachtúla agus ardcháilíochta lena bhfreastalaítear ar riachtanais leanaí agus a dteaghlaigh agus lena n-áirithítear a bhfolláine, a bpríobháideachas agus a gcáilíocht saoil; á chur in iúl gur saoth léi beartais tithíochta lena ndíbrítear teaghlaigh as cathracha i roinnt Ballstát, lena gcuirtear sásraí caidreamhachta as a riocht agus lena lagaítear líonraí tacaíochta príomhúla, rud a mhéadaíonn eisiamh leanaí; á iarraidh ar na Ballstáit beartas tithíochta poiblí a chur chun cinn lena dtéitear i ngleic le hamhantraíocht i maoin, lena n-infheistítear i dtithíocht shóisialta agus inbhuanaithe agus lena ráthaítear an ceart chuige sin; á iarraidh ar an gCoimisiún plean uaillmhianach a fhorbairt chun freastal ar riachtanais tithíochta shaoránaigh uile AE, tacú le forbairt tithíochta sóisialta agus fóirdheontais tithíochta a dhéanamh níos inrochtana ag an am céanna, agus deireadh a chur leis an easpa dídine faoi 2030 trí straitéisí coisctheacha atá bunaithe ar thithíocht; á mheabhrú go bhfágtar leanaí agus a dteaghlach leochaileach de dheasca stoc tithíochta atá ag dul ó mhaith – a dhéanann difear d’éifeachtúlacht fuinnimh – agus praghsanna fuinnimh atá ag ardú; |
|
39. |
á iarraidh ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchar an bhoilscithe agus an mhéadaithe ar an gcostas maireachtála ar na grúpaí socheacnamaíocha éagsúla chun bearta spriocdhírithe a fhorbairt do na teaghlaigh is leochailí, go háirithe maidir le bia, fuinneamh, iompar, nascacht idirlín agus earraí bunriachtanacha eile, agus cur chuige atá íogair ó thaobh leanaí agus inscne de á chur san áireamh, chun tionchar an mhéadaithe ar an gcostas maireachtála ar leanaí agus ar a dteaghlach a laghdú agus chun gníomhú ina choinne ó thaobh airgeadais de; á iarraidh ar na Ballstáit bearta spriocdhírithe a fhorbairt chun dul i ngleic leis na tionchair sin agus coigeartú sochar sóisialta agus pánna a éascú i gcomhréir leis an mboilsciú; |
Dul i ngleic leis an idirdhealú agus leis an eisiamh sóisialta
|
40. |
ag cáineadh na gcineálacha foréigin, mí-úsáide, dúshaothraithe agus faillí uile, lena n-áirítear na cineálacha a dhéantar ar líne, maidir le leanaí, chomh maith le foréigean in aghaidh na mban, foréigean teaghlaigh agus foréigean inscnebhunaithe; á iarraidh ar na Ballstáit córais chomhtháite um chosc agus um chosaint a fhorbairt, a neartú agus a chur chun feidhme i leith leanaí agus íospartaigh eile d’fhonn foréigean, mí-úsáid, dúshaothrú agus faillí a dhíothú; á chur i bhfios go láidir gur cheart na córais sin a fhorbairt i gcomhar leis na seirbhísí poiblí ábhartha uile (lena n-áirítear scoileanna agus institiúidí sláinte), lena gceadófaí mearfhreagairt lena gcosnaítear agus lena gcumhachtaítear leanaí agus lena gcuirtear a leasanna chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar fhoréigean i measc leanaí, lena n-áirítear cibearfhoréigean agus bulaíocht, chomh maith le dea-chleachtais sa réimse sin a mhalartú, chun freagairtí éifeachtúla a fhorbairt chun iarmhairtí diúltacha ar leanaí a chosc; |
|
41. |
ag cáineadh na gcineálacha idirdhealaithe uile; á chur i bhfáth go bhfuil tionchar díreach ag an idirdhealú ar leanaí agus ar a dteaghlach trí bhac a chur ar a rochtain ar mhargadh an tsaothair, ar thithíocht agus ar sheirbhísí bunriachtanacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feasacht an phobail a mhúscailt chun deireadh a chur le stiogmatú, steiréitíopáil agus eisiamh sóisialta leanaí agus teaghlach i staideanna leochaileacha, ionas go dtuigfidh daoine go bhféadfadh sé tarlú nach bhfuil aon smacht ag teaghlaigh ar na himthosca a fhágann go bhfuil siad leochaileach; |
|
42. |
á chur in iúl gur saoth léi gur minic a bhíonn leanaí Romacha faoi ró-ionadaíocht in institiúidí cosanta sóisialta i gcomparáid le leanaí nach leanaí Romacha iad mar thoradh ar thimthriall na bochtaineachta i dteaghlaigh Romacha; á thabhairt chun suntais gur minic gurb iad leanaí Romacha agus a dteaghlach is túisce a fhulaingíonn le linn géarchéime; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt, agus an Ráthaíocht do Leanaí á cur chun feidhme, ar na dúshláin uathúla a bhíonn roimh leanaí Romacha, ar leanaí iad a bhíonn thíos leis an bhfíorbhochtaineacht, an t-eisiamh agus an t-idirdhealú go minic i ngach réimse den saol; á iarraidh ar na Ballstáit tús áite a thabhairt do bhearta éifeachtacha agus do ghníomhaíochtaí sonracha chun feabhas a chur ar stádas an teaghlaigh agus ar dhálaí maireachtála, sláinte agus folláine leanaí agus ar luathfhoghlaim agus chun freagrúlacht tuismitheoirí a chothú i gcur chun feidhme Chreat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh; |
|
43. |
á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh i dtacaíocht agus obair leantach le haghaidh leanaí ar imircigh nó teifigh iad, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha agus leanaí gan stát agus a dteaghlach, agus chun cúramóirí cáilithe leordhóthanacha, saoráidí óstacha ar ardchaighdeán agus pobail fháilteacha a áirithiú, chun neamhionannais a laghdú agus chun cuimsiú sóisialta leanaí agus a dteaghlach a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go bhfuil na beartais agus na cinntí uile lena mbaineann ailínithe le straitéis an Aontais um chearta an linbh; á mholadh go ndéanfaí an úsáid a bhaintear as institiúidiú a íoslaghdú leis an bpróiseas cuimsitheach do leanaí neamhthionlactha agus d’iarrthóirí óga tearmainn; |
|
44. |
á mholadh go bhforbródh na Ballstáit beartais shóisialta réamhghníomhacha chun dul i ngleic le bunchúiseanna institiúidithe leanaí, lena n-áiritheofar nach mar gheall ar an mbochtaineacht agus an t-eisiamh a chuirtear leanaí in institiúid; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfear leanaí agus daoine óga in institiúid ach amháin mar rogha dheiridh agus infheistíocht a dhéanamh chun leanaí agus daoine óga a chur i gcórais chúraim mhalartacha chun an t-aistriú ó chúram institiúideach go cúram teaghlaigh agus cúram pobalbhunaithe a éascú, agus lánurraim á tabhairt do na hoibleagáidí a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus i bpríomhionstraimí eile maidir le cearta an duine; |
|
45. |
á iarraidh ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le saothar leanaí san Eoraip agus meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar shaothar leanaí mar thoradh ar chiorruithe buiséadacha ar oideachas agus ar oiliúint, agus ar bheartais shóisialta agus ar thacaíocht do theaghlaigh; á chur in iúl gur geal léi, sa chiall sin, na moltaí (39) chun na cúiseanna le saothar leanaí a dhíothú; á iarraidh ar na Ballstáit a ráthú go mbeadh acmhainní leormhaithe ag cigireachtaí saothair chun sonraí a bhailiú, faireachán a dhéanamh ar shaothar leanaí agus gníomhaíochtaí coisctheacha agus feabhais a dhéanamh; |
|
46. |
á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún páirt ghníomhach a ghlacadh sa chomhrac i gcoinne gáinneáil ar leanaí i leith aon chineál dúshaothraithe, lena n-áirítear obair, pósadh éigeantais, uchtú neamhdhleathach, gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus teacht i dtír gnéasach; |
Ceart gach linbh chun timpeallachta glaine, sláintiúla agus inbhuanaithe, chun bheith rannpháirteach agus chun súgradh
|
47. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar díréireach ag truailliú an chomhshaoil agus ag an athrú aeráide ar ghrúpaí ar ioncam íseal agus go bhfuil líon níos airde fadhbanna a bhaineann leis an tsláinte, ionchas saoil níos ísle agus níos lú deiseanna saoil do leanaí ann ina dhiaidh sin; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé saoráidí maireachtála, cúraim agus oideachais a chur in oiriúint d’éigeandálaí aeráide agus cur chuige atá íogair ó thaobh leanaí de i leith na faidhbe sin a phríomhshruthú, lena n-áirítear rannpháirtíocht na saoráidí sin i ngníomhaíochtaí gaolmhara agus sealbhú na scileanna is gá don aistriú aeráide; á iarraidh ar na Ballstáit an méid thuas a chur san áireamh agus a bpleananna oiriúnaithe agus maolaithe um an athrú aeráide á dtarraingt suas acu, trí réitigh shonracha a chur san áireamh do leanaí agus do dhaoine óga, lena n-áiritheofar go n-urramófar an ceart chun timpeallachta sábháilte, sláine agus glaine agus lena n-áiritheofar feasacht i measc na nglúnta óga; |
|
48. |
á chur i bhfáth an ceart chun cultúir, spóirt agus fóillíochta agus chun rochtain a fháil ar spásanna oscailte agus ar thimpeallacht shláintiúil do gach leanbh, mar a leagtar síos in UNCRC; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíochtaí seach-churaclaim agus fóillíochta iomchuí a chur chun cinn lena gcuirfear ar chumas gach linbh, gan beann ar a gcúlra socheacnamaíoch agus ar a staid teaghlaigh, a gcuid ama a chaitheamh tar éis na scoile agus le linn laethanta saoire agus páirt á glacadh acu i ngníomhaíochtaí atá spreagúil ar bhonn fisiciúil agus cognaíoch; ag moladh do na Ballstáit cistí Eorpacha atá ar fáil a úsáid chun rannpháirtíocht chomhionann leanaí ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim agus fóillíochta; á iarraidh ar na Ballstáit beartais a bhunú lena dtabharfaí cumhacht do thuismitheoirí tacú lena leanaí lasmuigh den timpeallacht cúraim leanaí le linn a n-óige, go háirithe le linn na luath-óige; |
|
49. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá straitéis neartaithe AE don spórt lena spreagtar leanaí agus daoine óga chun páirt a ghlacadh sa spórt agus sa chorpoideachas, gan beann ar a gcúlra socheacnamaíoch, agus sult a bhaint as an saol amuigh faoin aer gan beann ar a n-aois agus a leibhéal aclaíochta; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag an spórt maidir le feabhas a chur ar athléimneacht sláinte leanaí agus ar ghalair ainsealacha a chosc; á athdhearbhú go bhfuil ról lárnach ag spórt foirne maidir leis an gcuimsiú sóisialta; |
|
50. |
á mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit treoirlínte a fhorbairt chun tacú le rannpháirtíocht leanaí sa phróiseas ceaptha beartas, lena gcuirfear sásraí i bhfeidhm lena gcuirtear rannpháirtíocht leanaí chun cinn sa chinnteoireacht a dhéanann difear dá saol, agus chun leanaí a chumasú agus a spreagadh chun tuairimí feasacha a chur in iúl, agus a áirithiú go léireofar na tuairimí sin sna príomhchinntí a dhéanann difear dóibh; |
|
51. |
á mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit béim a leagan, ina mbeartais maidir le leanaí nó beartais a bhfuil tionchar acu ar leanaí, ar an gceart chun súgradh agus chun gníomhaíochta áineasa mar ghné struchtúrach d’fhorbairt fhoriomlán leanaí, trí bhonneagar agus cláir a chur i bhfeidhm lena léirítear tábhacht an chirt sin;
° ° ° |
|
52. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. |
(1) COM(2021)0102.
(2) IO L 188, 12.7.2019, lch. 79.
(3) IO L 59, 2.3.2013, lch. 5.
(4) IO C 189, 5.6.2019, lch. 4.
(5) IO C 484, 20.12.2022, lch. 1.
(6) IO C 476, 15.12.2022, lch. 1.
(7) IO C 366, 27.10.2017, lch. 19.
(8) IO C 456, 10.11.2021, lch. 145.
(9) IO C 506, 15.12.2021, lch. 94.
(10) IO C 434, 15.11.2022, lch. 50.
(11) IO C 47, 7.2.2023, lch. 30.
(12) IO C 132, 14.4.2023, lch. 65.
(13) IO L 223, 22.6.2021, lch. 14.
(14) IO C 41, 3.2.2023, lch. 1.
(15) Eurodiaconia agus Caritas Europa, Suirbhé ar bhochtaineacht fuinnimh/géarchéim costais mhaireachtála, 2022.
(16) Eurostat, ‘ 1 in 4 children in the EU at risk of poverty or social exclusion ’ [Baol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar dhuine as gach ceathrar leanbh san Aontas], 28 Deireadh Fómhair 2021.
(17) Eurostat, ‘ 1 in 4 children in the EU at risk of poverty or social exclusion ’ [Baol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar dhuine as gach ceathrar leanbh san Aontas], 28 Deireadh Fómhair 2021.
(18) Eurofound, ‘Living and Working Conditions in Europe 2021’ [Maireachtáil agus Dálaí Oibre san Eoraip 2021], lch. 73.
(19) I gcomhréir le creat straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh 2020-2030, cuimsíonn an tagairt do ‘Roma’, mar scáth-théarma, raon leathan daoine éagsúla de bhunadh Romach amhail: Romaigh, Sintígh, Kale, Romanichels agus Boyash/Rudari. Cuimsíonn sé freisin grúpaí amhail Ashkali, Éigiptigh, an pobal léineach, Dom, Lom, Rom agus Abdal, chomh maith le pobail lucht siúil, lena n-áirítear an Lucht Siúil eitneach nó iad siúd atá ainmnithe faoin téarma riaracháin gens du voyage agus daoine a aithníonn mar Ghiofóga, Tsiganes nó Tziganes, gan a gcuid sainiúlachtaí a shéanadh. Ba cheart an sainmhíniú sin a chur san áireamh sa tuarascáil ar fad.
(20) Tagraíonn úsáid an natha ‘leanaí i gcásanna leochaileacha’ nó ‘leanaí ó chúlra/teaghlaigh faoi mhíbhuntáiste’ sa tuarascáil seo don sainmhíniú a chumhdaítear sa Ráthaíocht do Leanaí, lena n-áirítear na grúpaí seo a leanas: leanaí gan dídean nó leanaí a bhfuil diandíothacht tithíochta orthu; Leanaí faoi mhíchumas. leanaí a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu; leanaí de bhunadh imirceach nó mionlach eitneach (go háirithe Romaigh) leanaí i gcúram malartach (go háirithe cúram institiúideach) leanaí i staideanna éiginnte teaghlaigh
Sa tuarascáil sin, áirítear leanaí LGBTIQ+ sa sainmhíniú sin freisin.
(21) Eurostat, ‘ Leanaí i gcúram leanaí foirmiúil nó in oideachas foirmiúil de réir aoisghrúpa agus fad - % thar dhaonra gach aoisghrúpa - suirbhé AE-SILC ’, 29.9.2023; is ionann sonraí agus suim chéatadáin na leanaí faoi bhun trí bliana d’aois atá i gcúram leanaí foirmiúil ar feadh 1-29 uair an chloig sa tseachtain agus na leanaí atá i gcúram leanaí foirmiúil os cionn 30 uair an chloig sa tseachtain.
(22) An Coimisiún Eorpach, Coimre Eurydice, ‘ Príomhshonraí maidir le hOideachas agus Cúram na Luath-óige san Eoraip ’, 2019.
(23) Eurostat, ‘ Luathfhágálaithe ón oideachas agus ón oiliúint ’, 2023.
(24) Eurostat, 2023, ‘ Staidreamh sláinte - leanaí ’.
(25) Eurostat, 2022, ‘ Eoraip uirbeachthuaithe – cáilíocht saoil i limistéir thuaithe ’;
ECFE iLibrary, ‘Oideachas agus Cúram Sláinte ar Ardchaighdeán a Sholáthar do Chách: Réigiúin a Ullmhú le haghaidh Athruithe Déimeagrafacha – Caibidil 4. Seirbhísí sláinte ar ardchaighdeán a sholáthar i bpobail tuaithe’, 5.3.2021.
(26) UNICEF, 2020, ‘Cárta Tuairisce Innocenti 16. Domhain na dTionchar - A Múnlaíonn Dea-Bhail Leanaí i dTíortha Saibhre a Thuiscint’, p. 4.
(27) Save the Children Europe, 2023, ‘ Todhchaí Leanaí a Ráthú: Éifeacht COVID-19, géarchéimeanna costais maireachtála agus aeráide ar leanaí sa bhochtaineacht agus cad is gá do rialtais san Eoraip a dhéanamh ’.
(28) UNICEF, 2020, ‘ Cleachtais beathú cíche ar fud an domhain ’.
(29) Lerch, V and Severinsson, A.N., 2019, ‘Staidéar Féidearthachta do Ráthaíocht Linbh: Plépháipéar Spriocghrúpa ar Leanaí faoi Chúram Malartach’.
(30) UNICEF agus Eurochild, Samhain 2021, ‘Leanaí i gcúram malartach: Staidreamh inchomparáide chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le dí-institiúidiú ar fud an Aontais Eorpaigh’.
(31) An Coimisiún Eorpach, Straitéis AE maidir le Cearta an Linbh, an 24 Márta 2021.
(32) ECFE, ‘Torthaí PISA 2018: A bhfuil i gceist le Saol na Scoile do Shaol Daltaí’; ar an meán i dtíortha ECFE.
(33) An Coimisiún Eorpach, 2021: Straitéis AE maidir le Cearta an Linbh, lch.18.
(34) An Coimisiún Eorpach, 2021: Straitéis AE maidir le Cearta an Linbh, lch.4.
(35) Is ionann sin agus an líon i dtuaisceart, i ndeisceart, in iarthar agus in oirthear na hEorpa: An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, 2021, ‘ Próifíl staidrimh d’fhostú leanaí:An Eoraip agus an Áise Láir ’.
(36) Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).
(37) An Coimisiún Eorpach, Bealtaine 2022,‘ Check progress on the Strategy for the Rights of Persons with Disabilities ’ [Seiceáil an dul chun cinn ar an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas].
(38) Save the Children Europe, 2023, ‘ Todhchaí Leanaí a Ráthú: Éifeacht COVID-19, géarchéimeanna costais maireachtála agus aeráide ar leanaí sa bhochtaineacht agus cad is gá do rialtais san Eoraip a dhéanamh ’.
(39) EIS–UNICEF, 2021, Child Labour: Global estimates 2020, trends and the road forward [Saothar Leanaí: Meastacháin dhomhanda 2020, treochtaí agus an bealach chun cinn].
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4211/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)