|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4132 |
25.6.2024 |
Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/1784 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2023/2147 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1783 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
(C/2024/4132)
Dírítear aird na ndaoine a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2023/2135 ón gComhairle (1) (CBES) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/1784 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2147 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán (AE) 2024/1783 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine, ar an bhfaisnéis seo a leanas:
chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine sin a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2023/2135/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 2023/2147 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine. Tugtar na forais leis na daoine sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin.
Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha, mar a shonraítear sna suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2147 iad, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).
Na daoine lena mbaineann, féadfaidh siad iarraidh, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, le go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, roimh an 16 Iúil 2024 , ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË/AN BHEILG |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críche an chéad athbhreithnithe eile ón gComhairle, de bhun Airteagal 9 de Chinneadh 2023/2135/CBES.
Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L, 2023/2135, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj.
(2) IO L, 2024/1784, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1784/oj.
(3) IO L, 2023/2147, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2147/oj.
(4) IO L, 2024/1783, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1783/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4132/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)