European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4097

8.7.2024

Caingean arna tabhairt an 23 Bealtaine 2024 – Ezubov v an Chomhairle

(Cás T-273/24)

(C/2024/4097)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Pavel Ezubov (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, (1) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, (2) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus

a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, ar Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha - sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear neamhdhleathacht an chritéir nua liostaithe in Airteagail 1(1)(e) agus 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES agus Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, a tugadh isteach leGníomhartha Meithimh 2023 – pléadáil neamhdhleathachta faoi Airteagal 277 CFAE.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh earráid fhollasach measúnaithe – mainneachtain dualgais cruthúnais a chomhlíonadh – in Airteagail 1(1)(e) agus 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBEL agus Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, a mbaineann an dá cheann acu le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus cearta bunúsacha an iarratasóra; sárú ar cearta bunúsacha an iarratasóra chun maoine agus saoirse chun gnó a sheoladh, sárú ar Airteagail 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha.


(1)  IO L, 2024/847.

(2)  IO L, 2024/849.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4097/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)