European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4096

8.7.2024

Caingean arna tabhairt an 23 Bealtaine 2024 – Pumpyanskiy v an Chomhairle

(Cás T-272/24)

(C/2024/4096)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Dmitry Alexandrovich Pumpyanskiy (Ekaterinburg, an Rúis) (ionadaithe: G. Lansky, P. Goeth, A. Egger, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú, de bhun Airteagal 263, Airteagal 275(2) agus Airteagal 277 CFAE neamhfheidhmeacht:

Airteagal 2(1)(f) de Chinneadh Uimh. 2014/145/CBES ón gComhairle arna leasú le Cinneadh Uimh. 2022/329/CBES ón gComhairle an 25 Feabhra 2022; agus Airteagal 3(1)(f) de Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022, agus

Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh Uimh. 2014/145/CBES ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1094 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 agus Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) 269/2014 arna leasú le Rialachán (AE) 2023/1089 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023;

(le chéile ‘na critéir liostála atá faoi chonspóid’); agus/nó

de bhun Airteagal 263(4) CFAE, Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES; (1) chomh maith le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (2) (le chéile ‘na gníomhartha atá faoi chonspóid’), a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir; agus/nó

i gcomhthéacs na ngníomhartha atá faoi chonspóid (de bhun Airteagal 263(4) CFAE), iontráil liostála Uimh. 722, arna cur i bhfeidhm le Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES; agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, a chur ar neamhní;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de na Rialacha Nós Imeachta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, ardaíonn an t-iarratasóir pléadáil neamhdhleathachta ar na critéir liostála atá faoi chonspóid mar shárú ar Chonarthaí an Aontais Eorpaigh mar aon leis an smacht reachta a bhaineann lena n-iarratas maidir leis an iarratasóir.

Chomh maith leis sin, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú de chuid na Comhairle ar cheart an iarratasóra chun éisteacht a fháil faoi Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraíonn ainmniú an iarratasóra go neamhdhleathach cearta áirithe an iarratasóra a chosnaítear faoin gCairt um Chearta Bunúsacha.


(1)  Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES (IO L, 2024/847).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (IO L, 2024/849).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4096/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)