European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4080

8.7.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad Tutrakan (an Bhulgáir) a taisceadh an 15 Aibreán 2024 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne YE

(Cás C-263/24, Smiliev)  (1)

(C/2024/4080)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Rayonen sad Tutrakan

Cúisí

YE

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil Airteagal 3(1) de Chinneadh Réime 2008/675/CGB (2) ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(a) de Chinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle, le léiriú sa chaoi, agus ciontuithe arna bhfógairt roimhe sin i leith duine i mBallstáit eile á gcur san áireamh, go gceanglaítear ar an gcúirt a rialaíonn na himeachtaí coiriúla nua i gcoinne an duine sin (an chúirt a éisteann an cás) a mheas go mbaineann ciontuithe arna dtaifeadadh roimhe sin sa Chóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) agus arna dtabhairt i mBallstáit eile leis na catagóirí céanna cionta coiriúla faoin dlí náisiúnta, i gcomhréir lena mbaol don phobal, amhail iad siúd nach mór a iontráil sa taifead coiriúil i Stát na cúirte a éisteann an cás? Más rud é, faoi dhlí náisiúnta na cúirte a éisteann an cás, go bhfuil roinnt catagóirí de chionta coiriúla le hiontráil sa taifead coiriúil agus go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla éagsúla ag na ciontuithe a eascraíonn astu, an gá don chúirt náisiúnta a rialaíonn in imeachtaí coiriúla i gcoinne duine ar leith scrúdú a dhéanamh, i ngach cás aonair, ar an gcatagóir faoina dtagann na gníomhartha as ar eascair ciontuithe a tugadh roimhe sin i mBallstáit eile de réir an aicmithe náisiúnta? Cad iad na cásanna inar cheart measúnú den sórt sin a dhéanamh?

2.

An bhfuil Airteagal 3(1) de Chinneadh Réime 2008/675/CGB ón gComhairle le léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina mbeidh ar chúirt ciontuithe arna dtabhairt roimhe sin i mBallstát eile den Aontas a chur as an áireamh i gcás inar tugadh iad i leith gníomh nach cion é de réir bhrí dhlí náisiúnta na cúirte a éisteann an cás?


(1)  Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Cinneadh Réime 2008/675/CGB ón gComhairle an 24 Iúil 2008 maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh le linn imeachtaí coiriúla nua (IO 2008 L 220, lch. 32).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4080/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)