European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4061

12.7.2024

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Cosaint an Daonlathais

(COM(2023) 630 final)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe a leagtar síos le Treoir (AE) XXXX/XXXX

(COM(2023) 636 final)

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ceanglais chomhchuibhithe sa mhargadh inmheánach maidir le trédhearcacht na hionadaíochta leasa a dhéantar thar ceann tríú tíortha agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937

(COM(2023) 637 final)

(C/2024/4061)

Rapóirtéir:

Christian MOOS

Comhrapóirtéir:

José Antonio MORENO DÍAZ

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 25.1.2024

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 24.1.2024

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

12.4.2024

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24.4.2024

Seisiún iomlánach Uimh.

587

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

206/1/7

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá an daonlathas liobrálach faoi ionsaí san Eoraip, ón iasacht agus ón taobh istigh den Aontas féin araon. Tá dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas chun acmhainn dhaonlathas na hEorpa ar na bagairtí úd a neartú, mar sin féin, is mó fós is gá a dhéanamh chun cosaint a thabhairt don Aontas, do dhaonlathas an Aontais agus, go sonrach, do na toghcháin Eorpacha atá le teacht (1).

1.2.

Tá ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta eagraithe, ag na saoránaigh agus ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le daonlathas na hEorpa a chosaint agus a dhaingniú. Dá bhrí sin, ní mór forbairt a dhéanamh ar rannpháirt na ngrúpaí sin sa pholaitíocht ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta araon, agus beart a dhéanamh chuige sin thar a bhfuil sna tograí ón gCoimisiún, mar a mholtar sa tuairim seo.

1.3.

Ina fhianaise sin, is trua gur cuireadh chun tosaigh an pacáiste maidir le Cosaint an Daonlathais i bhfad ródhéanach chun cur chun feidhme ceart a áirithiú sula reáchtálfar na toghcháin Eorpacha in 2024 agus nár glacadh le moltaí CESE maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpah (2).

1.4.

Is bagairt dháiríre ar dhaonlathas na hEorpa an cur isteach ón iasacht agus ní mór srian a choinneáil air. Chuige sin, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go hiomlán i bhfabhar chuspóirí na treorach atá beartaithe ach tá sé go mór i gcoinne na mbealaí atá beartaithe lena mbaint amach. Chun saobhadh margaidh agus ilroinnt rialála a sheachaint, iarrann CESE cur chuige cuimsitheach ar leibhéal an Aontais nach mbeadh costais bhreise ná baol breise ag gabháil leis, nach bhfágfadh smál ar chlú na soláthraithe seirbhísí ionadaíochta leasa, nach laghdódh na spásanna sibhialta san Aontas, nach gcuirfeadh isteach ar raon feidhme na gclár trédhearcachta atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta, ná nach mbainfeadh an bonn ó inchreidteacht an Aontais mar ghníomhaí idirnáisiúnta.

1.5.

Ní mór cur chuige cuimsitheach den sórt sin ar leibhéal an Aontais a bheith soiléir agus infheidhme go héasca maidir leis na gníomhaithe uile atá faoi réir na reachtaíochta, lena n-áirítear daoine nádúrtha, eagraíochtaí neamhrialtasacha beaga agus cuideachtaí, má táthar chun srian a choinneáil ar an gcur isteach ón iasacht ar phróisis dhaonlathacha an Aontais. Thar aon rud eile, leis an reachtaíocht atá faoi chaibidil anseo, ní mór na téarmaí a úsáidtear a shainmhíniú go soiléir, go háirithe ‘gníomhaíocht ionadaíochta leasa’, critéir shoiléire a chur ar fáil lena dhéanamh amach cé na heintitis eachtracha atá faoina réir, na fochonraitheoirí uile san Aontas a chur san áireamh agus gach lúb ar lár a chur ina ceart maidir le cineálacha cistiúcháin ar leith.

1.6.

Ní fheictear do CESE gur leor an dul chun cinn atá déanta maidir leis an ngné Eorpach de na toghcháin Eorpacha a threisiú, agus iarrann sé, dá bharr sin, an próiseas toghcháin a dhéanamh go hiomlán inrochtana ag saoránaigh an Aontais atá faoi mhíchumas, mar aon lena dhéanamh níos cuimsithí agus níos athléimní, trí phróisis toghcháin na mBallstát uile a chomhoiriúnú. D’fhéadfaí tús maith a chur leis sin ach an t-athchóiriú is déanaí ar Dhlí Toghcháin na hEorpa a ghlacadh, a thuilleadh a infheistiú san oideachas polaitiúil agus sa mhúscailt feasachta sula reáchtálfar na chéad toghcháin Eorpacha eile agus lánpháirtiú polaitiúil gach duine a bhfuil cónaí air san Aontas a éascú.

1.7.

Éilíonn CESE an daonlathas rannpháirteach a neartú agus cineálacha nuálacha den rannpháirtíocht saoránach a thabhairt isteach, cinn a chuireann leis an daonlathas ionadaíoch, ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta. Na deiseanna nua sin páirt a ghlacadh sa pholaitíocht, caithfidh siad a bheith sothuigthe agus cuimsitheach, agus is gá nach bhfágfaidís aon duine de na saoránaigh ar lár, na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste go háirithe, de dheasca tairseacha nach bhfuil gá leo a bhunú. Caithfidh siad a bheith trédhearcach freisin maidir leis an tionchar arbh fhéidir leo a imirt ar reachtaíocht an Aontais agus maidir leis an teorainn atá lena gcumas tionchar a imirt. Maidir leis na creataí ginearálta atá beartaithe le haghaidh rannpháirtíocht éifeachtach ar an leibhéal náisiúnta, agus an togra chun an suíomh gréasáin Cloisimis Uait! a iompú ina ionad ilfhreastail le haghaidh rannpháirtíocht na saoránach, is tograí iad lena spreagfaí dul chun cinn. Mar sin féin, tá céimeanna eile ag teastáil, amhail athchóiriú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (TES) agus creat ar leibhéal an Aontais le haghaidh rannpháirtíocht éifeachtach.

1.8.

An bealach is fearr chun an daonlathas a chosaint ná na bunluachanna a chosaint agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste a dhéanamh páirteach ann.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Is ag dul i méid atá an cur isteach faoi cheilt ón iasacht mar bhagairt ar na próisis dhaonlathacha san Aontas Eorpach agus ar an daonlathas liobrálach féin, de dheasca an teannais gheopholaitiúil agus na ngéarchéimeanna éagsúla.

2.2.

Is díol sásaimh do CESE an dul chun cinn atá déanta leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach maidir le daonlathas na hEorpa a dhéanamh níos athléimní agus cuireann sé i bhfáth a thábhachtaí atá ról na sochaí sibhialta maidir le dea-fheidhmiú agus athléimneacht na ndaonlathas a áirithiú. Mar sin féin, tugann sé dá aire nár cuireadh i bhfeidhm go fóill na príomh-mholtaí a cuireadh chun cinn sa tuairim ó CESE maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, agus iarrann sé iad a chur chun feidhme gan mhoill.

2.3.

Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí nithiúla a rinneadh chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht na saoránach agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta (ESSanna). Mar sin féin, cuireann sé in iúl an athuair an t-éileamh uaidh a thuilleadh forbartha a dhéanamh ar chreat Eorpach le haghaidh cineálacha plé mar aon le straitéis maidir leis an idirphlé leis an tsochaí shibhialta eagraithe (a mbeadh plean gníomhaíochta ina thoradh air), agus an t-idirphlé sóisialta a neartú (3).

2.4.

Tá tosaithe ar chúlú an daonlathais san Aontas Eorpach freisin. Ní ón iasacht amháin a thagann an bhagairt ar chórais daonlathais na hEorpa ach ón taobh istigh den Aontas freisin, agus teastaíonn cur chuige cuimsitheach ar leibhéal an Aontais chun stáit dhaonlathacha na hEorpa a chosaint ar bhagairtí inmheánacha agus seachtracha.

2.5.

Is maith an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas maidir leis an daonlathas a fheabhsú ar an leibhéal fornáisiúnta. Mar sin féin, ní mór dlús a chur leis an obair gan mhoill. Cuireadh roinnt ábhair imní in iúl le linn na Comhdhála ar Thodhcaí na hEorpa ar gá aghaidh a thabhairt orthu sula gcuirfí Ballstát nua leis an Aontas amach anseo.

2.6.

Feicfear a athléimní atá daonlathas na hEorpa le linn thoghcháin Eorpacha 2024. Tá CESE á iarraidh ar na gníomhaithe náisiúnta agus Eorpacha uile dlisteanacht dhaonlathach na n-institiúidí uile a chaomhnú agus seasamh leis an bprionsabal gur bunchlocha idirspleácha de chuid an Aontais agus na mBallstát iad an daonlathas agus na cearta bunúsacha.

3.   Barúlacha maidir leis an treoir lena mbunaítear ceanglais chomhchuibhithe maidir le hionadaíocht leasa a dhéantar thar ceann tríú tíortha

3.1.

Tá CESE go hiomlán i bhfabhar chuspóir na reachtaíochta atá beartaithe an ionadaíocht leasa thar ceann tríú tíortha a dhéanamh trédhearcach san Aontas ach níl sé i bhfabhar na treorach atá beartaithe lena bhaint amach. Ina fhianaise sin, éilíonn CESE cur chuige uileghabhálach d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshlán práinneach an chuir isteach ón iasacht.

3.2.

Faoi láthair, tá cláir náisiúnta ag 15 Bhallstát den Aontas le haghaidh soláthraithe seirbhísí ionadaíochta leasa, agus tá reachtaíocht nua idir lámha ag Ballstáit eile. Ina fhianaise sin, tá imní ar CESE go bhféadfadh sé go mbeadh an ilroinnt rialála sin agus an reachtaíocht atá beartaithe ina gcúis le saobhadh nua agus go mbeadh costais bhreise le híoc ag na soláthraithe seirbhísí ionadaíochta leasa dá ndeasca.

3.3.

Cuireann CESE i bhfáth gur gá an t-éilliú a chomhrac mar chuid den chomhrac leis an gcur isteach neamhdhleathach ón iasacht agus éilíonn sé Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise a neartú d’fhonn an t-éilliú ón iasacht a chosc i measc lucht déanta na gcinntí agus lucht a n-ullmhaithe san Eoraip.

3.4.

Is ábhar imní do CESE freisin go bhféadfadh na forálacha maidir le comhchuibhiú sa treoir atá beartaithe, laistigh dá raon feidhme reatha, laghdú a dhéanamh ar raon feidhme na gclár trédhearcachta náisiúnta atá ann cheana trína dteorannú sa chaoi nach mbeadh i gceist ach na seirbhísí ionadaíochta a dhéantar thar ceann tríú tíortha. Cumhdaítear leo faoi láthair na seirbhísí ionadaíochta leasa go léir laistigh den mhargadh inmheánach.

3.5.

Tagann CESE leis an gcáineadh a rinne cuid de rialtais náisiúnta an Aontais, de bhreis ar ghníomhaithe tábhachtacha de chuid na sochaí sibhialta, leithéidí Shochaí Shibhialta na hEorpa, go bhféadfadh sé smál a fhágáil ar chlú na soláthraithe seirbhísí a dhéanann ionadaíocht leasa thar ceann tríú tíortha, rud a bhfuil baol leis go laghdófaí an spás sibhialta san Aontas agus go mbainfí an bonn ó inchreidteacht an Aontais mar ghníomhaí idirnáisiúnta ar mian leis na luachanna Eorpacha a chur chun cinn.

3.6.

Is mór an t-ábhar imní do CESE freisin go bhféadfadh sé go n-imreodh an reachtaíocht atá beartaithe drochthionchar ar eagraíochtaí áirithe, drochmhisneach a chur ar ghníomhaithe macánta agus an bonn a bhaint ón gceart atá acu cistiúchán a lorg de réir na saoirse comhlachais.

3.7.

Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach togra reachtach nua a dhréachtú ina mbeadh cur chuige cuimsitheach ar leibhéal an Aontais a chuirfeadh cosc ar an ilroinnt rialála agus a chuirfeadh deireadh leis an saobhadh sa mhargadh inmheánach ach nach bhfágfadh smál ar chlú na soláthraithe seirbhísí ionadaíochta leasa ná nach bhfágfadh costais bhreis le híoc acu ná baol breise le láimhseáil acu, lena n-áirítear comhlachtaí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha atá gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin den Aontas.

3.8.

Reachtaíocht maidir le comhchaighdeáin trédhearcachta agus chuntasachta le haghaidh ionadaíocht leasa, creideann CESE go gcuirfeadh a leithéid leis an Treoir maidir leis an éilliú a chomhrac (4). D’fhéadfadh caighdeáin trédhearcachta agus chuntasachta le haghaidh ionadaíocht leasa a bheith cabhrach chun idirdhealú níos fearr a dhéanamh idir gníomhaíocht dhleathach agus tionchar aindleathach, agus chun cásanna coinbhleachtaí leasa a shainaithint.

3.9.

D’fhónfadh cur chuige den sórt sin do na cuspóirí a leagtar amach sa treoir atá beartaithe agus, ag an am céanna, d’íoslaghdófaí an riosca go bhfágfaí smál ar chlú na ngníomhaithe a dhéanann ionadaíocht leasa thar ceann tríú tíortha, nó d’fhéadfadh sé a bheith ina leithscéal ag roinnt tríú tíortha ar mian leo reachtaíocht a ghlacadh maidir le tionchar eachtrach lena bhféadfaí srian a chur le gníomhaíocht na sochaí sibhialta freisin.

3.10.

Is doiléir i gcónaí an sainmhíniú atá tugtha ar an rud is ‘gníomhaíocht ionadaíochta leasa’ ann. Cé nach bhfuil gníomhaíochtaí áirithe luaite go sainráite (e.g. iad siúd a bhaineann le cláir oibre a shocrú), ní léir fós cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear gníomhaíochtaí eile, amhail an taighde feidhmeach (rud a chuidíonn le moltaí beartais). An doiléireacht sin atá le brath sna sainmhínithe ó thús deireadh an doiciméid, tá sí ina cúis le héiginnteacht eile fós, maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an idirphlé sóisialta, cuir i gcás.

3.11.

Má tá sé ar intinn ag an gCoimisiún leanúint den obair ar an treoir atá beartaithe in áit togra reachtach nua a dhréachtú mar a d’iarr CESE, iarrann CESE ar na reachtóirí sainmhíniú níos soiléire a thabhairt ar an rud is ‘gníomhaíocht ionadaíochta leasa’ ann, lena chur ar chumas na ndaoine nádúrtha agus na n-eintiteas dlítheanach beag a mheas, gan dul i muinín comhairliúcháin dhlíthiúla throma, an faoi réir na reachtaíochta seo atá a gcuid gníomhaíochtaí féin.

3.12.

Éilíonn CESE critéir shoiléire chun a chur ar a gcumas do sholáthraithe seirbhísí ionadaíochta leasa agus a bhfochonraitheoirí a mheas go héasca an féidir gníomhaíochtaí eintitis phoiblí nó phríobháidigh dá dtagraítear faoi Airteagal 2(4)b a shannadh d’eintiteas dá dtagraítear faoi Airteagal 2(4)a.

3.13.

Creideann CESE gur gá a chur in iúl go soiléir gur faoi réir na reachtaíochta atá faoi chaibidil anseo atá na daoine nádúrtha agus na heintitis dhlítheanacha araon.

3.14.

Measann CESE gur lúb ar lár dainséarach é nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht sin an tacaíocht institiúideach ná an cistiú tionscadal d’eagraíochtaí, fiú sa chás gur le haghaidh gníomhaíochtaí ionadaíochta leasa, i ndáiríre, a úsáidtear na cistí sin. Leis an lúb ar lár a chur ina ceart, teastaíonn réiteach nach gcuirfeadh ualach rómhór ar an tsochaí shibhialta ó thaobh oibleagáidí riaracháin de.

3.15.

Is díol sásaimh do CESE go ndéanfar sonraí iomlána na bhfochonraitheoirí uile a sholáthraíonn seirbhísí ionadaíochta, lena n-áirítear ‘tuairisc ar an ngníomhaíocht ionadaíochta leasa agus ar a fad measta’, a chur san áireamh san fhaisnéis a fhoilseofar sa chlár maidir leis na príomhsholáthraithe conarthacha seirbhísí ionadaíochta leasa.

3.16.

Leis an spriocdháta chun soláthraithe seirbhísí ionadaíochta leasa le haghaidh tríú tíortha a bhaint den chlár laistigh de chúig lá oibre tar éis an fhógra nach gcáilíonn siad a thuilleadh mar eintitis de réir Airteagal 3(1), baintear an bonn go mór ón bhféidearthacht grinnscrúdú poiblí ex-post a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ionadaíochta leasa. Dá bhrí sin, molann CESE faisnéis maidir leis na heintitis sin a stóráil sa chlár ar feadh ceithre bliana ar a laghad tar éis na hiarrata, agus an dáta ar tháinig deireadh leis an ngníomhaíocht dheireanach faoi raon feidhme an rialacháin á léiriú go soiléir.

4.   Barúlacha maidir leis an moladh maidir le próisis toghcháin chuimsitheacha athléimneacha

4.1.

Is oth le CESE nach raibh fágtha ach sé mhí roimh na chéad toghcháin Eorpacha eile nuair a foilsíodh an moladh. Tá sé ródhéanach deis a thabhairt do na seolaithe ar fad na moltaí ann a chomhlíonadh.

4.2.

Dá bhrí sin, tá sé á iarraidh ar an gcéad Pharlaimint eile agus ar an gComhairle tabhairt faoi thionscnamh níos cuimsithí chun comhchuibhiú breise a dhéanamh ar na nósanna imeachta maidir leis na toghcháin Eorpacha sna Ballstáit go léir agus leanúint den tionscnamh chun feabhas a chur ar chearta toghchánacha shaoránaigh shoghluaiste an Aontais i bhfad roimh thoghcháin Eorpacha 2029, agus an moladh, an tuarascáil atá le teacht ón gCoimisiún maidir le toghcháin Eorpacha 2024 agus tuarascáil 2026 ó shaoránaigh an Aontais á gcur san áireamh.

4.3.

Cé gur glacadh an tuarascáil faisnéise The real right of persons with disabilities to vote in European Parliament elections (5) i mí an Mhárta 2019 agus an tuairim An gá le fíorchearta vótála a ráthú do dhaoine atá faoi mhíchumas i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa (6) i mí na Nollag 2020, níor tháinig feabhas suntasach ó shin ar chás na ndaoine atá faoi mhíchumas ar mian leo a vóta chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus is oth le CESE an méid sin. De dheasca bacainní dlí nó teicniúla, is ann do na mílte i ngach ceann de na Ballstáit nach bhfuil deis vótála acu i ndáiríre. Éilíonn CESE an athuair ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle Eorpach agus ar na Ballstáit Ionstraim Toghcháin 1976 a leasú mar ábhar práinne, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí caighdeáin a chur chun feidhme ar fud an Aontais, rud a dheimhneodh go mbeadh, i ndáiríre, na cearta vótála ag na daoine atá faoi mhíchumas.

4.4.

Aithníonn CESE go bhfuil an aois vótála íslithe go 16 bliana ag tuilleadh Ballstát fós. Sa chomhthéacs sin, iarrann sé ar na Ballstáit go léir an aois vótála a chomhchuibhiú le haghaidh na dtoghchán Eorpach chun rannpháirt chothrom a áirithiú i measc na hóige ar an leibhéal Eorpach.

4.5.

Leagan CESE béim ar an ríthábhacht a bhaineann leis an oideachas polaitiúil agus an litearthacht dhigiteach don uile dhuine san Aontas, agus cuireann sé in iúl an athuair an togra uaidh le haghaidh gníomhaireacht Eorpach d’fhonn scileanna meán na saoránach Eorpach a threisiú trí bhíthin cláir oideachais (7).

4.6.

Cuireann CESE in iúl nach féidir talamh slán a dhéanamh de a thuilleadh gur cóir iad na toghcháin a reáchtáiltear sna Ballstáit go léir (8) agus, mar sin, iarrann sé ar na rialtais náisiúnta uile freisin caighdeáin 11(b) an mholta a chomhlíonadh. Tá sé á iarraidh freisin ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh sa tuarascáil atá le teacht uaidh maidir le toghcháin Eorpacha 2024 ar a oiread is a dhéanann siad iad a chomhlíonadh.

4.7.

Tá CESE den tuairim, ós rud é gurb iad na húdaráis náisiúnta atá i gceannas maidir leis na toghcháin Eorpacha a eagrú, gur cheart oiliúnú breathnóirí toghcháin a bheith ina chúram coiteann ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon. D’áiritheofaí leis sin leibhéal níos airde neamhspleáchais i gcás na mbreathnóirí agus caighdeáin uile-Aontais maidir leis an measúnú.

4.8.

Cé go gcuireann CESE i bhfios go láidir a riachtanaí atá sé cúrsaí faisnéise a chosaint i gcomhthéacs na dtoghchán, measann sé go bhfuil baol ann go bhféadfadh roinnt rialtas leithscéal a dhéanamh de sin chun ionramháil a dhéanamh ar an díospóireacht phoiblí agus teorainn a chur le hiomaíocht chóir na bpáirtithe daonlathacha uile. Ina fhianaise sin, leagann sé béim ar an tábhacht thar na bearta a bhaineann le saoirse na meán, le héagsúlacht na meán agus leis an tsochaí shibhialta maidir leis an timpeallacht faisnéise agus iomaíocht chothrom sna toghcháin a mhionscrúdú, agus iarann sé an athuair ar ghníomhaithe uile an daonlathais feabhas a chur ar chúrsaí mar atá san Aontas (9).

4.9.

Molann CESE uasteorann bliantúil a bheith le cistiú ó náisiúnaigh tríú tír nó ó eintitis dhlítheanacha nach bhfuil cláraithe i mBallstát, mar a thuairiscítear i bPointe 28, agus go mbeadh sé iomlán trédhearcach.

4.10.

Tá CESE gona chomhaltaí ar fad tiomanta feasacht a mhúscailt maidir leis na chéad toghcháin Eorpacha eile agus líon na vótálaithe a mhéadú. Cuirfear béim ar leith ar vótálaithe céaduaire agus ar ghrúpaí a ndéantar gannionadaíocht orthu sa rannpháirtíocht pholaitiúil.

4.11.

Molann CESE lógónna na bpáirtithe ar an leibhéal Eorpach a thaispeáint ar na páipéir bhallóide agus moltar do na páirtithe polaitiúla a lógónna a chur ar a gcuid ábhar fógraíochta ar fad.

4.12.

Chun gné Eorpach na dtoghchán Eorpach a neartú, tacaíonn CESE leis an athchóiriú ar dhlí toghcháin na hEorpa arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa, agus tá sé á iarraidh ar an gComhairle agus ar na Ballstáit go léir na hathchóirithe a ghlacadh.

5.   Barúlacha maidir leis an moladh maidir le ról gníomhach agus rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn

5.1.

Is díol sásaimh do CESE gach iarracht rannpháirteachas na saoránach a fheabhsú ach cuireann sé in iúl arís, má táthar chun cur leis an daonlathas, go bhfuil ríthábhacht ag baint leis an ionadaíocht a dhéanann na ESSanna dóibh.

5.2.

Cuireann CESE in iúl an athuair nach mór ‘gluaiseachtaí pobail agus daoine a bhfuil taithí saoil ar an mbochtanas acu a bheith i gcroílár an cháis dhaonlathaigh ar son chearta an duine. Níl bealach níos fearr ann chun cearta an duine, cearta sóisialta go háirithe, a chosaint, ná cead cainte i spásanna poiblí agus i ndíospóireachtaí beartais a thabhairt dóibh siúd is mó a ndéanann an éagothroime, an bochtanas agus an t-eisiamh sóisialta difear dóibh’ (10).

5.3.

Athdhearbhaíonn sé gurb iad an daonlathas ionadaíoch agus na próisis thoghchánacha cnámh droma dhaonlathas na hEorpa agus an daonlathais rannpháirtigh i gcónaí agus gur modhanna comhlántacha iad na cineálacha nuálacha rannpháirtíochta sibhialta chun ionadaithe tofa a thabhairt chun cuntais.

5.4.

Is díol sásaimh dó an moladh do na Ballstáit creataí náisiúnta saincheaptha a bhunú le haghaidh rannpháirtíocht na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lenar cheart timthriall iomlán an cheaptha beartas a chumhdach idir shocrú an chláir oibre agus mheastóireacht a dhéanamh ar na dlíthe agus ar na tionscnaimh bheartais atá ann cheana.

5.5.

Is oth le CESE nach bhfuil sa Teachtaireacht maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach bearta d’fhonn rannpháirtíocht na saoránach agus na sochaí sibhialta a fhorbairt a thuilleadh ar an leibhéal Eorpach, i bhfianaise thorthaí na gceardlann a eagraíodh mar chuid d’obair leantach thuarascáil 2022 maidir le cur chun feidhme Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise mheasúnú críochnúil ar shásúlacht na sásraí atá ann cheana, TES san áireamh.

5.6.

Cuireann sé i dtreis go bhfuil spásanna poiblí sibhialta agus rannpháirtíocht chothrom maidir le ceapadh beartas i mbaol mar gheall ar sheolaithe na moltaí i roinnt Ballstát, agus go bhfuil rialtais áirithe tar éis leas a bhaint as an daonlathas díreach chun an bonn a bhaint ó dhaonlathas na hEorpa. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún leanúint dá ghníomhaíochtaí chun saoránaigh a chumhachtú go díreach, go háirithe mar chuid dá rannpháirtíocht chomhchoiteann trí bhíthin ESSanna agus gluaiseachtaí sóisialta chun seasamh a ghlacadh ar son an daonlathais agus chun spásanna sibhialta a chosaint.

5.7.

Measann CESE go mbaineann ríthábhacht le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an rannpháirtíocht, agus leagann sé béim ar leith ar chearta na saoránach óg, na saoránach faoi mhíchumas agus na mionlach. Chun rannpháirtíocht ar scála mór a spreagadh, ní mór na deiseanna rannpháirtíochta a shimpliú a oiread agus is féidir, gan tairseacha a bheith ag baint leo a chuirfeadh cosc ar shaoránaigh páirt a ghlacadh.

5.8.

Aontaíonn sé leis na hábhair imní go mbeadh eagraíochtaí áirithe ag iarraidh an bonn a bhaint ón daonlathas agus spásanna poiblí a theorannú agus tá sé á iarraidh go ndéanfaí bearta faoi na creataí náisiúnta chun eagraíochtaí a bhíonn ag comhrac go gníomhach i gcoinne an daonlathais agus luachanna na hEorpa a eisiamh ó pháirt a ghlacadh sa cheapadh beartas.

5.9.

Tá sé á iarraidh go mbeadh sainmhínithe soiléire ann ar chuspóirí na n-ionstraimí uile faoi na creataí náisiúnta agus na sásraí aiseolais faoi seach. Ní mór tionchar féideartha na n-ionstraimí ar an gceapadh beartas a bheith trédhearcach, nó caillfidh saoránaigh níos mó fós dá muinín sa daonlathas mura mbeidh freagairtí na n-údarás poiblí ar rannchuidithe ag teacht le hionchais na saoránach agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta.

5.10.

Tá sé á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an t-idirphlé leis an tsochaí shibhialta eagraithe agus ról na sochaí sibhialta i gceapadh beartais an Aontais a neartú agus na fóraim dhioscúrsacha a neartú freisin.

5.11.

Is díol sásaimh dó cuspóir an Choimisiúin an suíomh gréasáin Cloisimis Uait! a fhorbairt ina ionad ilfhreastail le haghaidh rannpháirtíocht na saoránach ar líne, agus tá sé á iarraidh ar na Ballstáit ardáin chomhfhreagracha a bhunú faoina gcreataí náisiúnta trína gcumhdófaí deiseanna rannpháirtíochta ar líne agus as líne.

5.12.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) a athchóiriú chun gur féidir an aois íosta chun TES a shíniú a ísliú go 16 bliana i ngach Ballstát, agus síneadh a chur leis an tréimhse chun sínithe a bhailiú. I bhfianaise Brexit, tacaíonn CESE freisin le hathchóiriú ar Chonarthaí an Aontais chun an tairseach sínithe a ísliú ó aon mhilliún síniú mar atá ag teastáil faoi láthair.

5.13.

Fad is nach éigeantach sna Ballstáit go léir na cláir thrédhearcachta, molann sé clár trédhearcachta a bhunú sna Ballstáit uile ar bhonn deonach chun ionadaíocht leasa thrédhearcach agus eiticiúil a áirithiú agus a chur chun cinn, rud atá ríthábhachtach le haghaidh rannpháirtíocht éifeachtach na ESSanna agus na ngeallsealbhóirí eile.

An Bhruiséil, an 24 Aibreán 2024.

An tUachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Nuair a luaitear ‘an daonlathas’, is é ‘an daonlathas liobrálach’ a bhíonn i gceist i gcónaí ag CESE.

(2)   IO C 341, 24.8.2021, lch 56.

(3)   IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, mír 1.5, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj.

(4)   IO C, C/2024/886, 6.2.2024, mír 5.2, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/886/oj.

(5)  Tuarascáil faisnéise ó CESE The real rights of persons with disabilities to vote in European Parliament elections : https://www.eesc.europa.eu/en/our-work/opinions-information-reports/information-reports/real-right-persons-disabilities-vote-european-parliament-elections-information-report.

(6)   IO C 56, 16.2.2021, lch 36.

(7)   IO C 517, 22.12.2021, lch 9.

(8)  ESCE, an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine: an Ungáir. Toghcháin Pharlaiminteacha agus Reifreann, 3 Aibreán 2022. Misean Breathnóireachta Toghchán na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine. Tuarascáil Chríochnaitheach, Vársá, 29 Iúil 2023.

(9)   IO C 517, 22.12.2021, lch 9.

(10)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ‘An chumarsáid maidir le cearta bunúsacha agus an smacht reachta’ (Tuairim féintionscnaimh) ( IO C 100, 16.3.2023, lch. 25).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4061/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)