European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4037

17.7.2024

P9_TA(2023)0277

Athchóiriú an dúlra

Leasuithe  (*1) a ghlac Parlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchóiriú an dúlra (COM(2022)0304 – C9-0208/2022 – 2022/0195(COD))  (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2024/4037)

[Leasú 18, Mura léirítear a mhalairt]

LEASUITHE PHARLAIMINT NA hEORPA (*2)

ar an togra ón gCoimisiún

---------------------------------------------------------

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hathchóiriú an dúlra

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is gá rialacha a leagan síos ar leibhéal an Aontais maidir le hathchóiriú éiceachóras chun an téarnamh chun dúlra bithéagsúil athléimneach a áirithiú ar fud chríoch an Aontais. Trí éiceachórais a athchóiriú, cuirtear freisin le cuspóirí an Aontais maidir le maolú ar an athrú aeráide agus maidir le hoiriúnú don athrú aeráide.

(2)

Leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip (3) treochlár uaillmhianach chun an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, a bhfuil sé d’aidhm aige caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus ar thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, ghlac an Coimisiún Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (4).

(3)

Tá an tAontas agus a Bhallstáit, mar pháirtithe don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch arna fhormheas le Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle (5), tiomanta don fhís straitéiseach fhadtéarmach a ghlac Comhdháil na bPáirtithe in 2010 le Cinneadh X/2 maidir le Plean Straitéiseach um Bithéagsúlacht 2011-2020 (6), arb í, faoi 2050, go mbeidh an bhithéagsúlacht le luacháil, le caomhnú, le hathchóiriú agus le húsáid go stuama, agus seirbhísí éiceachórais á gcothabháil, pláinéad sláintiúil á choinneáil agus tairbhí riachtanacha á mbaint amach do gach duine.

(4)

Ag COP 15 i mí na Nollag 2022  (7) , tháinig an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht ar chomhaontú maidir leis an gCreat Domhanda Bithéagsúlachta ina leagtar amach spriocanna domhanda atá dírithe ar ghníomhaíocht le haghaidh gníomhaíocht phráinneach thar na 10 mbliana amach romhainn go dtí 2030 chun a áirithiú go mbeidh gach réimse faoi phleanáil spásúlachta rannpháirteach, chomhtháite agus chuimsitheach agus/nó faoi phróisis éifeachtacha bainistíochta lena dtugtar aghaidh ar athrú ar úsáid talún agus farraige; go gcaillfear limistéir a bhfuil ardtábhacht bithéagsúlachta ag baint leo, lena n-áirítear éiceachórais a bhfuil ardsláine éiceolaíoch ag baint leo, gar do nialas faoi 2030 agus cearta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil á n-urramú ag an am céanna, mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach (UNDRIP); a áirithiú go mbeidh, faoi 2030, ar a laghad 30 faoin gcéad de limistéir na n-éiceachóras talún, uiscí intíre agus muirí agus cósta atá díghrádaithe, faoi athchóiriú éifeachtach, chun go bhfeabhsófar an bhithéagsúlacht agus feidhmeanna agus seirbhísí éiceachórais, an tsláine agus an nascacht éiceolaíoch; rannchuidiú an dúlra le daoine a athchóiriú, a chothabháil agus a fheabhsú, lena n-áirítear feidhmeanna agus seirbhísí éiceachórais, mar shampla rialú an aeir, an uisce agus na haeráide, sláinte na hithreach, pailniú agus laghdú an riosca galair, chomh maith le cosaint ar ghuaiseacha agus tubaistí nádúrtha, trí réitigh dhúlra-bhunaithe agus/nó cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais ar mhaithe le gach duine agus leis an dúlra. Leis an gCreat Domhanda Bithéagsúlachta, beifear in ann dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna torthaí-dhírithe a bhaint amach do 2050.

(5)

Tagraíonn Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (8), go háirithe spriocanna 14.2, 15.1, 15.2 agus 15.3, don ghá atá le caomhnú, le hathchóiriú agus le húsáid inbhuanaithe éiceachóras talún agus fionnuisce intíre agus a seirbhísí a áirithiú, go háirithe foraoisí, bogaigh, sléibhte agus tailte tirime.

(6)

I rún an 1 Márta 2019 (9), d’fhógair Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe 2021–2030 deich mbliana na Náisiún Aontaithe maidir le hathchóiriú éiceachóras, agus é d’aidhm aige tacú le hiarrachtaí agus iad a mhéadú chun díghrádú éiceachóras ar fud an domhain a chosc, a stopadh agus a aisiompú agus feasacht a ardú maidir leis an tábhacht a bhaineann le hathchóiriú éiceachóras.

(7)

Is é is aidhm do Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 a áirithiú go gcuirfear bithéagsúlacht na hEorpa ar shlí an téarnaimh faoi 2030 chun leasa daoine, an phláinéid, na haeráide agus ár ngeilleagair. Leagtar amach sa straitéis plean athchóirithe dúlra AE uaillmhianach ina bhfuil roinnt gealltanas tábhachtach, lena n-áirítear gealltanas chun togra a chur chun cinn le haghaidh spriocanna de chuid an Aontais, atá ceangailteach ó thaobh dlí, maidir le hathchóiriú an dúlra chun éiceachórais dhíghrádaithe a athchóiriú, go háirithe na héiceachórais is mó acmhainn carbón a ghabháil agus a stóráil, agus chun tionchar tubaistí nádúrtha a chosc agus a laghdú.

(8)

I rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 (10), cuireadh fáilte mhór roimh an ngealltanas togra reachtach a tharraingt suas ina mbeadh spriocanna ceangailteacha maidir le hathchóiriú dúlra, agus ina theannta sin mheas an Pharlaimint, sa bhreis ar sprioc fhoriomlán athchóirithe, gur cheart spriocanna athchóirithe a bhaineann go sonrach le héiceachórais, gnáthóga agus speicis a áireamh, lena gcumhdófaí foraoisí, féarthailte, bogaigh, tailte portaigh, pailneoirí, aibhneacha saorshreafa, limistéir chósta agus éiceachórais mhuirí.

(9)

Sna conclúidí uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020 (11), d’aithin an Chomhairle go mbeidh sé bunriachtanach tuilleadh meatha i staid reatha na bithéagsúlachta agus an dúlra a chosc, ach nach leordhóthanach é chun an dúlra a thabhairt ar ais sa saol. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go bhfuil gá le níos mó uaillmhéine maidir le hathchóiriú an dúlra mar a mholtar i bPlean Athchóirithe Dúlra AE nua, lena n-áirítear bearta chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athchóiriú lasmuigh de limistéir chosanta. Chuir an Chomhairle in iúl freisin go raibh sí ag fanacht le togra le haghaidh spriocanna athchóirithe dúlra atá ceangailteach ó thaobh dlí, faoi réir measúnú tionchair.

(10)

Leagtar amach i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 gealltanas íosmhéid 30 % den talamh san Aontas a chosaint go dlíthiúil, lena n-áirítear uiscí intíre, mar aon le 30 % den fharraige san Aontas, ar cheart aon trian di ar a laghad a bheith faoi chosaint dhocht, lena n-áirítear na foraoisí príomhúla agus cianaosta uile atá fágtha. Sna critéir agus sa treoraíocht maidir leis na Ballstáit limistéir bhreise faoi chosaint a ainmniú (12) (na ‘Critéir agus an treoraíocht’), critéir agus treoraíocht a d’fhorbair an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, leagtar béim, má chomhlíonann na limistéir athchóirithe na critéir maidir le limistéir faoi chosaint, nó má tá coinne leis go gcomhlíonfaidh siad na critéir sin, gur cheart do na limistéir sin rannchuidiú freisin le spriocanna an Aontais maidir le limistéir faoi chosaint a luaithe a bheidh lánéifeacht leis an athchóiriú. Leagtar béim freisin sna Critéir agus sa treoraíocht gur féidir le limistéir faoi chosaint cur go mór leis na spriocanna athchóirithe atá i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, trí na dálaí a chruthú chun go n-éireoidh le hiarrachtaí athchóirithe. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás limistéar is féidir téarnamh go nádúrtha trí chuid den bhrú ó ghníomhaíochtaí an duine a stopadh nó a theorannú. I gcásanna áirithe is leordhóthanach limistéir den sórt sin, lena n-áirítear limistéir sa mhuirthimpeallacht, a chur faoi chosaint dhocht chun go mbeidh téarnamh ar na luachanna a cailleadh mar thoradh air. Thairis sin, leagtar béim sna Critéir agus sa treoraíocht go bhfuil coinne leis go rannchuideoidh na Ballstáit uile le spriocanna an Aontais maidir le limistéir faoi chosaint a leagtar amach i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 a bhaint amach, a mhéid atá comhréireach leis na luachanna nádúrtha a bhíonn iontu agus leis an acmhainneacht atá acu maidir le hathchóiriú dúlra.

(11)

Leagtar amach i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 sprioc lena áirithiú nach mbeidh aon mheathlú ar threochtaí caomhnaithe ná ar stádas gnáthóg agus speiceas faoi chosaint agus go mbeidh 30 % ar a laghad de na speicis agus de na gnáthóga nach bhfuil stádas fabhrach acu faoi láthair sa chatagóir sin nó go léireofar treocht dhearfach láidir i dtreo titim isteach sa chatagóir sin faoi 2030. Léiríonn an treoraíocht (13) a d’fhorbair an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara chun tacú leis na spriocanna sin a bhaint amach gur dócha go mbeidh gá le hiarrachtaí cothabhála agus athchóirithe i gcás fhormhór na ngnáthóg agus na speiceas sin, bíodh sé sin trí stop a chur leis na treochtaí diúltacha atá acu faoi 2030 nó trí threochtaí reatha cobhsaí a choimeád nó treochtaí a fheabhsú, nó trí laghdú ar ghnáthóga agus ar speicis a bhfuil stádas caomhantais fabhrach acu a chosc. Cuirtear béim sa treoraíocht freisin gur gá na hiarrachtaí athchóirithe sin, go príomha, a phleanáil, a chur chun feidhme agus a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach agus, de réir mar a roghnaítear agus mar a thugtar tosaíocht do na speicis agus na gnáthóga atá le feabhsú faoi 2030, go ndéanfar sineirgí le spriocanna eile de chuid an Aontais agus le spriocanna idirnáisiúnta, go háirithe spriocanna comhshaoil nó aeráide, a lorg.

(12)

Tugadh ar aird sa Tuarascáil ón gCoimisiún ar Staid an Dúlra in 2020 (14) nár éirigh go fóill leis an Aontas deireadh a chur le meath na gcineálacha gnáthóige agus speiceas faoi chosaint arb ábhar imní don Aontas é a gcaomhnú. Is é is cúis leis an meath sin den chuid is mó tréigean talmhaíochta fairsinge, dlús a chur le cleachtais bhainistíochta, modhnú ar réimis hidreolaíocha, an t-uirbiú agus an truailliú chomh maith le gníomhaíochtaí foraoiseachta neamh-inbhuanaithe agus saothrú speiceas. Ina theannta sin, is bagairtí móra ar fhlóra agus ar fhána dúchasacha de chuid an Aontais iad speicis choimhthíocha ionracha agus an t-athrú aeráide, bagairtí atá ag dul i méid.

“(12a)

San Athbhreithniú ón gCoimisiún ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach  (15) – luaitear gurb é atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip straitéis forbartha nua an Aontais Eorpaigh a bheidh ina ceann feadhna a mhéid a bhaineann lenár n-iomaíochas agus a bheidh claochlú forásach domhain ár ngeilleagar mar thoradh uirthi, a bheidh tionchar láidir aige, dá réir sin, ar phatrúin trádála, agus gurb é atá i raon ollmhór chomhaontuithe trádála déthaobhacha an Aontais Eorpaigh ardán riachtanach chun plé lenár gcomhpháirtithe maidir leis an athrú aeráide agus leis an mbithéagsúlacht agus dá bhrí sin éilítear tabhairt isteach beart 'scáthánaithe', i gcomhréir le rialacha EDT. [Leasú ó bhéil]

(13)

Is iomchuí cuspóir uileghabhálach a leagan síos d’athchóiriú éiceachóras chun claochlú eacnamaíoch agus sochaíoch, cruthú post ardcháilíochta agus fás inbhuanaithe a chothú. Le héiceachórais bhithéagsúla amhail bogach, fionnuisce, foraois chomh maith le héiceachórais talmhaíochta, fásra scáinte, mhuirí, chósta agus uirbeacha, má bhíonn dea-bhail orthu, soláthraítear raon seirbhísí bunriachtanacha éiceachórais, agus is mó i bhfad na tairbhí a bhaineann le héiceachórais dhíghrádaithe a athchóiriú chun dea-bhail a chur orthu i ngach limistéar talún agus mara ná costas an athchóirithe. Cuireann na seirbhísí sin le réimse leathan sochar socheacnamaíoch, de réir gnéithe eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha, réigiúnacha agus áitiúla.

(14)

Ag an 52ú seisiún de chuid Choimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe i mí Mhárta 2021, ghlac an Coimisiún Staidrimh Córas na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil - Cuntasaíocht Éiceachórais (CE CCEC)) (16). Is é atá in CE CCEC creat staidrimh comhtháite cuimsitheach chun sonraí faoi ghnáthóga agus tírdhreacha a eagrú, méid, bail agus seirbhísí éiceachóras a thomhas, athruithe ar shócmhainní éiceachórais a rianú, agus an fhaisnéis sin a nascadh le gníomhaíocht eacnamaíoch agus gníomhaíocht dhaonna eile.

(15)

Tá dlúthnasc idir éiceachórais bhithéagsúla a dhaingniú agus dul i ngleic leis an athrú aeráide. Is codanna bunúsach den chomhrac i gcoinne na géarchéime aeráide iad an dúlra agus réitigh dhúlrabhunaithe, lena n-áirítear stoic agus linnte nádúrtha carbóin. An tráth céanna, tá an ghéarchéim aeráide ina spreagadh cheana féin d’athrú san éiceachóras talún agus mara, agus ní mór don Aontas ullmhú do dhéine, minicíocht agus forleithne éifeachtaí na géarchéime. Tugadh le fios sa Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) (17) maidir le tionchar téimh domhanda 1.5 C go bhféadfadh tionchair áirithe a bheith fadtéarmach nó dochúlaithe. Sa Séú Tuarascáil Mheasúnachta ó IPCC (18) luaitear go mbeidh sé ríthábhachtach éiceachórais a athchóiriú chun cuidiú leis an athrú aeráide a chomhrac agus le rioscaí don tslándáil bia a laghdú freisin. I dTuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda 2019 ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (19) ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES), meastar go bhfuil an t-athrú aeráide ina phríomhchúis leis an athrú ar an dúlra, agus meastar go rachaidh na tionchair a bhaineann leis i méid sna blianta amach romhainn, agus i gcásanna áirithe beidh tionchar níos mó aige ná ag cúiseanna eile leis an athrú ar éiceachórais, amhail úsáid athraithe talún agus mara.

(16)

Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) leagtar amach cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050, agus astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin, agus tús áite a thabhairt do laghduithe tapa intuartha ar astaíochtaí agus, an tráth céanna, feabhas a chur ar aistrithe trí linnte nádúrtha. Le hathchóiriú éiceachóras is féidir rannchuidiú go mór le linnte nádúrtha a chothabháil, a bhainistiú agus a fheabhsú agus leis an mbithéagsúlacht a mhéadú fad a bhíonn an t-athrú aeráide á chomhrac. Le Rialachán (AE) 2021/1119, ceanglaítear freisin ar institiúidí ábhartha an Aontais agus ar na Ballstáit dul chun cinn leanúnach a áirithiú maidir le hacmhainneacht oiriúnaithe a fheabhsú, athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú. Ceanglaítear leis freisin go ndéanfaidh na Ballstáit oiriúnú a chomhtháthú i ngach réimse beartais agus réitigh dhúlrabhunaithe (21) agus oiriúnú éiceachóras-bhunaithe a chur chun cinn.

(17)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hoiriúnú don athrú aeráide ó 2021 (22) ar aghaidh, leagtar béim ar an ngá atá le réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun cinn agus aithnítear ann gur féidir oiriúnú costéifeachtach don athrú aeráide a bhaint amach trí bhogaigh agus tailte portaigh chomh maith le héiceachórais chósta agus mhuirí a chosaint agus a athchóiriú, trí spásanna glasa uirbeacha a fhorbairt agus trí dhíonta agus ballaí glasa a shuiteáil agus trí fhoraoisí agus talamh feirme a chur chun cinn agus a bhainistiú go hinbhuanaithe. I ngeall ar líon níos mó éiceachóras bithéagsúil a bheith ann, is mó an athléimneacht atá ann in aghaidh an athraithe aeráide agus soláthraítear modhanna níos éifeachtaí chun tubaistí a laghdú agus a chosc.

(18)

Tá athbhreithniú á dhéanamh ar bheartas aeráide an Aontais chun cloí leis an mbealach a mholtar i Rialachán (AE) 2021/1119 chun glanastaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Go sonrach, is é is aidhm don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 agus (AE) 2018/1999 (23) an méid a rannchuidíonn earnáil na talún leis an uaillmhian fhoriomlán aeráide le haghaidh 2030 a neartú agus na cuspóirí a ailíniú a mhéid a bhaineann le cuntasaíocht astaíochtaí agus aistrithe ó earnáil na talamhúsáide, an athraithe ar thalamhúsáid agus na foraoiseachta (‘LULUCF’) le tionscnaimh bheartais ghaolmhara maidir leis an mbithéagsúlacht. Leagtar béim sa togra sin ar an ngá atá le haistrithe dúlrabhunaithe carbóin a chosaint agus a fheabhsú, athléimneacht na n-éiceachóras in aghaidh an athraithe aeráide a fheabhsú, talamh díghrádaithe agus éiceachórais dhíghrádaithe a athchóiriú, agus tailte portaigh a athfhliuchadh. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm aige feabhas a chur ar an bhfaireachán agus ar an tuairisciú a dhéantar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar aistrithe ó thalamh atá faoi réir cosanta agus athchóirithe. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach go mbeadh dea-bhail ar éiceachórais i ngach catagóir talún, lena n-áirítear foraoisí, féarthailte, talamh curaíochta agus bogaigh, chun go mbeidh siad in ann carbón a ghabháil agus a stóráil go héifeachtach.

(19)

Leag forbairtí geopholaitiúla tuilleadh béime ar an ngá atá le hathléimneacht na gcóras bia a chosaint (24). Léiríonn an fhianaise go mbíonn tionchar dearfach ag athchóiriú na n-éiceachóras ar an táirgiúlacht bia san fhadtéarma, agus feidhmíonn athchóiriú an dúlra mar bheartas árachais chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht fhadtéarmach an Aontais a áirithiú.

(20)

Sa tuarascáil chríochnaitheach ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, iarrann na saoránaigh ar an Aontas an bhithéagsúlacht, an tírdhreach agus na haigéin a chosaint agus a athchóiriú, an truailliú a dhíothú, agus eolas, feasacht, oideachas agus idirphlé a chothú maidir leis an gcomhshaol, an t-athrú aeráide, agus úsáid agus inbhuanaitheacht fuinnimh (25).

(21)

Trí éiceachórais a athchóiriú, i dteannta leis na hiarrachtaí chun trádáil agus tomhailt an fhiadhúlra a laghdú, cuideofar chun galair theagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus ag a mbeadh poitéinseal zónóiseach, a chosc agus leis an athléimneacht ina n-aghaidh a fhorbairt, agus ar an gcaoi sin an riosca a bhaineann le ráigeanna agus paindéimí a laghdú, agus cuideofar chun tacú le hiarrachtaí an Aontais agus iarrachtaí domhanda cur chuige na hAon Sláinte Amháin a chur i bhfeidhm, lena n-aithnítear an nasc intreach idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus dúlra sláintiúil athléimneach.

(22)

Is cuid lárnach d’éiceachórais talún iad ithreacha. I dTeachtaireacht 2021 ón gCoimisiún dar teideal ‘EU Soil Strategy for 2030’ (26) [Straitéis Ithreach an Aontais le haghaidh 2030], leagtar amach an gá atá le hithreacha díghrádaithe a athchóiriú agus an bhithéagsúlacht ithreach a fheabhsú. Bhunaigh an Sásra Domhanda agus rúnaíocht Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac (UNCCD) an Clár um Leagan Síos Spriocanna maidir le Neodracht ó thaobh Díghrádú Talún chun cabhrú le tíortha neodracht ó thaobh díghrádú talún a bhaint amach faoi 2030.

(23)

Tá sé d’aidhm ag Treoir 92/43/CEE (27) ón gComhairle agus ag Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) cosaint, caomhnú agus maireachtáil fhadtéarmach na speiceas agus na ngnáthóg is luachmhaire san Eoraip agus is mó atá faoi bhagairt mar aon leis na héiceachórais ina bhfuil siad mar chuid a áirithiú. Is é Natura 2000, a bunaíodh in 1992 agus arb é an líonra comhordaithe is mó ar domhan de limistéir faoi chosaint, an phríomhionstraim lena gcuirtear chun feidhme cuspóirí an dá Threoir sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, mar atá ag an dá Threoir sin, maidir le críoch Eorpach na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, agus ar an gcaoi sin a bheith ailínithe freisin le Treoir 2008/56/CE.

(24)

Is ann cheana do chreat agus do threoraíocht (29) chun dea-bhail na gcineálacha gnáthóige faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE a chinneadh agus chun cáilíocht agus cainníocht leordhóthanach ghnáthóga na speiceas a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a chinneadh. Is féidir spriocanna athchóirithe maidir leis na cineálacha gnáthóige sin agus gnáthóga na speiceas sin a bhunú ar an gcreat agus ar an treoraíocht sin. Ní leor an t-athchóiriú sin, áfach, chun cailliúint na bithéagsúlachta a chúlú agus chun na héiceachórais uile a théarnamh. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí breise a bhunú de réir táscairí sonracha chun an bhithéagsúlacht a fheabhsú ar scála éiceachóras níos leithne.

(25)

Chun tógáil ar Threoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE agus chun tacú le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach sna Treoracha sin, ba cheart do na Ballstáit bearta athchóirithe a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar gnáthóga agus speicis faoi chosaint, lena n-áirítear éin fhiáine, a théarnamh ar fud limistéir an Aontais, agus i limistéir nach dtagann faoi Natura 2000 freisin.

(26)

Is é is aidhm do Threoir 92/43/CEE gnáthóga nádúrtha agus speicis fána agus flóra fiáine ar leas an Chomhphobail a chothabháil agus a athchóiriú, ar stádas caomhantais fabhrach. Mar sin féin, ní leagtar síos sprioc-am leis chun an sprioc sin a bhaint amach. Ar an gcaoi chéanna, ní leagtar síos le Treoir 2009/147/CE sprioc-am maidir le téarnamh pobal éan san Aontas.

(27)

Ba cheart, dá bhrí sin, spriocdhátaí a bhunú chun bearta athchóirithe a chur ar bun laistigh de láithreáin Natura 2000 agus lasmuigh díobh, chun feabhas a chur de réir a chéile ar an mbail atá ar chineálacha gnáthóige faoi chosaint ar fud an Aontais agus chun iad a athbhunú go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach is gá chun stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach le haghaidh na gcineálacha gnáthóige sin san Aontas. D’fhonn an tsolúbthacht is gá a thabhairt do na Ballstáit chun iarrachtaí athchóirithe mórscála a chur ar bun, is iomchuí cineálacha gnáthóige a ghrúpáil de réir an éiceachórais lena mbaineann siad agus na spriocanna cainníochtaithe faoi cheangal ama de réir limistéir a shocrú le haghaidh grúpaí cineálacha gnáthóige. Cuirfidh sé sin ar chumas na mBallstát a roghnú cé na gnáthóga is túisce a athchóireofar laistigh den ghrúpa.

(28)

Ba cheart ceanglais chomhchosúla a leagan síos maidir le gnáthóga speiceas a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/43/CEE agus maidir le gnáthóga éan fiáin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/147/CE, ag féachaint go háirithe don nascacht is gá idir an dá ghnáthóg sin chun go mbeidh rath ar phobail na speiceas.

(29)

Tá sé riachtanach go mbeidh na bearta athchóirithe do chineálacha gnáthóige leormhaith agus oiriúnach chun dea-bhail a bhaint amach agus na limistéir thagartha fhabhracha a luaithe is féidir, d’fhonn a stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach. Tá sé tábhachtach gurb iad na bearta athchóirithe na bearta sin atá riachtanach chun na spriocanna cainníochtaithe faoi cheangal ama de réir limistéir a bhaint amach. Tá sé riachtanach freisin go mbeidh na bearta athchóirithe do ghnáthóga na speiceas leormhaith agus oiriúnach chun a gcáilíocht leordhóthanach agus a gcainníocht leordhóthanach a bhaint amach chomh tapa agus is féidir d’fhonn stádas caomhantais fabhrach an speicis a bhaint amach.

(29a)

Maidir le bearta athchóiriúcháin faoin Rialachán seo chun cineálacha gnáthóige áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a athchóiriú nó a chothabháil, mar shampla féarthailte nó gnáthóga portaigh nó bogaigh, féadfar a cheangal i gcásanna áirithe go mbainfear foraois chun bainistiú faoi thionchar an chaomhnaithe a athshuí, a bhféadfadh gníomhaíochtaí áirithe a bheith san áireamh leo, mar shampla baint nó innilt. Is cuspóirí tábhachtacha iad athchóiriú an dúlra agus deireadh a chur leis an dífhoraoisiú agus neartaíonn siad a chéile. Forbróidh an Coimisiún treoirlínte, mar a luaitear in aithris 36 de Rialachán (AE) Uimh. [XXXX/2023] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe a bhaineann le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, chun léirmhíniú an tsainmhínithe ar ‘úsáid talmhaíochta’ in Airteagal 2 den Rialachán sin a shoiléiriú, go háirithe i ndáil le foraoisí a thiontú go talamh nach úsáid talmhaíochta is cuspóir dó.

(30)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfear feabhas nithiúil agus intomhaiste ar bhail na n-éiceachóras leis na bearta athchóirithe a chuirfear i bhfeidhm faoin Rialachán seo, ar leibhéal na limistéar aonair atá faoi réir a n-athchóirithe agus ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

(31)

Chun a áirithiú go mbeidh na bearta athchóirithe éifeachtúil agus gur féidir torthaí na mbeart sin a thomhas le himeacht ama, tá sé bunriachtanach go léireofaí feabhas leanúnach ar na limistéir atá faoi réir na mbeart athchóirithe sin, go dtí go mbainfear dea-bhail amach, d’fhonn feabhas a chur ar riocht na ngnáthóg a thagann faoi raon feidhme Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE chun na gnáthóga sin a athbhunú agus a nascacht a fheabhsú.

(32)

Maidir leis na limistéir atá faoi réir bearta athchóirithe d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chainníocht ghnáthóga na speiceas a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/43/CEE, chomh maith le gnáthóga éan fiáin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/147/CE, tá sé bunriachtanach freisin go léirítear feabhas leanúnach chun rannchuidiú le cainníocht leordhóthanach agus cáilíocht leordhóthanach ghnáthóga na speiceas sin a bhaint amach.

(33)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go dtiocfaidh méadú de réir a chéile ar na limistéir a chumhdaítear le cineálacha gnáthóige a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/43/CEE agus a bhfuil dea-bhail orthu ar fud chríoch na mBallstát agus an Aontais ina iomláine, go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach le haghaidh gach cineál gnáthóige agus go mbeidh dea-bhail ar 90 % den limistéar sin ar a laghad ar leibhéal na mBallstát, ionas go mbeidh na cineálacha gnáthóige sin san Aontas in ann stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach.

(34)

Tá sé tábhachtach freisin go n-áirithítear méadú de réir a chéile ar cháilíocht agus ar chainníocht ghnáthóga na speiceas a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/43/CEE, chomh maith le gnáthóga éan fiáin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/147/CE, ar fud chríoch na mBallstát agus an Aontais ar deireadh, go dtí go mbeidh sé leordhóthanach chun a áirithiú go mairfidh na speicis sin go fadtéarmach.

(35)

Tá sé tábhachtach, maidir leis na ▌limistéir a chumhdaítear le cineálacha gnáthóige a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a gus atá faoi réir bearta athchóiriúcháin, go léireofar iontu feabhas leanúnach go dtí go mbeidh dea-bhail orthu, agus nach dtiocfaidh meathlú suntasach orthu ina dhiaidh sin, ionas nach gcuirfear i mbaol an chothabháil fhadtéarmach nó an gnóthú dea-bhail. Tá sé tábhachtach freisin go bhféachfaidh na Ballstáit chuige iarrachtaí darb aidhm cosc a chur ar mheathlú suntasach ar limistéir a chumhdaítear leis na cineálacha gnáthóige sin a bhfuil dea-bhail orthu cheana nó nach bhfuil dea-bhail orthu ach atá fós faoi réir bearta athchóiriúcháin. Tá bearta sin tábhachtach chun méadú na riachtanas athchóirithe amach anseo a sheachaint agus ba cheart dóibh díriú ar limistéir de chineálacha gnáthóige, arna sainaithint ag na Ballstáit ina bpleananna náisiúnta athchóiriúcháin, a bhfuil gá leo chun iad a athchóiriú chun na spriocanna athchóiriúcháin a bhaint amach . Is ▌iomchuí machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht force majeure a bheith i gceist, amhail tubaistí nádúrtha , a bhféadfadh meathlú na limistéar a chumhdaítear leis na cineálacha gnáthóige sin a bheith mar thoradh orthu, chomh maith le claochluithe dosheachanta gnáthóige arb é an t-athrú aeráide is cúis leo go díreach . Lasmuigh de shuíomhanna Natura 2000, is iomchuí breathnú freisin ar thoradh plean nó tionscadail leasa phoiblí sháraithigh, nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna ina leith . Maidir le limistéir atá faoi réir athchóiriú, ba cheart é sin a chinneadh ar bhonn cás ar chás. I gcás láithreáin Natura 2000 , údaraítear pleananna agus tionscadail i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE. I gcás ina gclaochlaítear limistéar ó chineál gnáthóige amháin go cineál gnáthóige eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo mar thoradh inmhianaithe ar bheart athchóiriúcháin, níor cheart a mheas go bhfuil meathlú ar an limistéar sin.

(35a)

Chun críocha na maoluithe ar na hoibleagáidí maidir le feabhsú leanúnach agus neamh-mheathlú lasmuigh de láithreáin Natura 2000 sa Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit a thoimhdiú go bhfuil gléasraí le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, a nasc leis an eangach, leis an eangach lena mbaineann agus le sócmhainní stórála, mar ghléasraí a bhfuil leas sáraitheach poiblí acu. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cur i bhfeidhm na toimhde sin a shrianadh in imthosca sonracha a bhfuil údar cuí leo, mar shampla cúiseanna a bhaineann le cosaint náisiúnta. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit na tionscadail sin a dhíolmhú ón oibleagáid a léiriú nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna chun críocha chur i bhfeidhm na maoluithe sin, ar choinníoll go raibh na tionscadail faoi réir measúnachta straitéisí comhshaoil nó measúnachta tionchair ar an gcomhshaol. Dá measfaí go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag na gléasraí sin agus, i gcás inarb infheidhme, dá gcuirfí teorainn leis an gceanglas measúnú a dhéanamh ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna, d’fhéadfadh na tionscadail sin tairbhe a bhaint as measúnú simplithe maidir leis na maoluithe ar an measúnú ar an leas poiblí sáraitheach faoin Rialachán seo.

(35b)

Maidir le gníomhaíochtaí arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo cosaint nó slándáil náisiúnta, ba cheart tús áite a thabhairt dóibh. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit, agus bearta athchóiriúcháin á gcur i bhfeidhm acu, limistéir a dhíolmhú a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo cosaint náisiúnta má mheastar nach bhfuil na bearta sin ag luí le húsáid mhíleata leanúnach na limistéar i dtrácht. Ina theannta sin, chun cur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le maoluithe ó na hoibleagáidí maidir le feabhsú leanúnach agus neamh-mheathlú lasmuigh de láithreáin Natura 2000 sa Rialachán seo, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a thoimhdiú go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag pleananna agus tionscadail a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin. Féadfaidh na Ballstáit na tionscadail sin a dhíolmhú ón oibleagáid a léiriú nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna, ach ba cheart dóibh bearta a chur i bhfeidhm, a mhéid is réasúnta agus is indéanta, d’fhonn an tionchar ar na cineálacha gnáthóige a mhaolú, i gcás ina gcuireann siad an díolúine sin i bhfeidhm.

(36)

I Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, leagtar béim ar an ngá atá le gníomhaíocht níos láidre chun éiceachórais mhuirí dhíghrádaithe a athchóiriú, lena n-áirítear éiceachórais atá ar mhórán carbóin agus limistéir thábhachtacha sceite éisc agus limistéar iasclainne. Fógraítear sa Straitéis freisin go bhfuil an Coimisiún chun plean gníomhaíochta nua a mholadh chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus chun éiceachórais mhuirí a chosaint.

(37)

Déantar na cineálacha gnáthóige muirí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE a shainmhíniú go leathan agus tá go leor fochineálacha éagsúla éiceolaíocha iontu a bhfuil acmhainneacht athchóirithe éagsúil acu, rud a fhágann go bhfuil sé deacair do na Ballstáit bearta iomchuí athchóirithe a bhunú ar leibhéal na gcineálacha gnáthóige sin. Ba cheart, dá bhrí sin, na cineálacha gnáthóige muirí a shonrú a thuilleadh trí úsáid a bhaint as leibhéil ábhartha aicmithe ar ghnáthóga muirí sa chóras faisnéis Eorpach maidir leis an dúlra (EUNIS). Ba cheart do na Ballstáit limistéir thagartha fhabhracha a bhunú maidir le stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach le haghaidh gach ceann de na cineálacha gnáthóige sin, sa mhéid nach dtugtar aghaidh ar na limistéir thagartha sin cheana i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. Tá an grúpa de chineálacha gnáthóige muirí dríodar bog, a chomhfhreagraíonn do roinnt de na cineálacha leathana gnáthóige beantaí a shonraítear faoi Threoir 2008/56/CE, ar fáil go forleathan in uiscí muirí roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na bearta athchóiriúcháin, a chuirtear i bhfeidhm de réir a chéile, a theorannú do sciar níos lú de limistéar na gcineálacha gnáthóige sin nach bhfuil dea-bhail orthu, ar choinníoll nach gcuirfidh sé sin cosc ar dhea-stádas comhshaoil, arna chinneadh de bhun Airteagal 9(1) de Threoir 2008/56/CE, a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar luachanna tairsí do thuairisceoirí 1 agus 6, a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Treoir sin, le haghaidh a mhéid a chailltear na cineálacha gnáthóige sin, le haghaidh éifeachtaí díobhálacha ar bhail na gcineálacha gnáthóige sin agus le haghaidh uasmhéid incheadaithe na n-éifeachtaí díobhálacha sin.

(38)

I gcás ina n-éilítear le haghaidh cosaint gnáthóga cósta agus mara go ndéantar gníomhaíochtaí iascaireachta nó dobharshaothraithe a rialú, beidh feidhm ag an gcomhbheartas iascaigh. Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) , go háirithe, go bhfuil an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh le cur chun feidhme leis an gcomhbheartas iascaigh chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a íoslaghdú. Foráiltear leis an Rialachán sin freisin go ndéanfar iarracht leis an mbeartas sin a áirithiú go seachnófar sna gníomhaíochtaí dobharshaothraithe agus iascaigh díghrádú na muirthimpeallachta.

(39)

Chun an cuspóir maidir le téarnamh leanúnach, fadtéarmach agus marthanach an dúlra bhithéagsúil athléimnigh a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil faoin gcomhbheartas iascaigh. Laistigh de raon feidhme inniúlacht eisiach an Aontais maidir le hacmhainn bhitheolaíoch na mara a chaomhnú, is féidir leis na Ballstáit bearta neamh-idirdhealaitheacha a dhéanamh chun stoic éisc a chaomhnú agus a bhainistiú agus chun stádas caomhnaithe na n-éiceachóras muirí a chothabháil nó a fheabhsú laistigh den teorainn 12 mhuirmhíle. Ina theannta sin, tá an deis ag na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu teacht ar chomhaontú chun moltaí comhpháirteacha a chur isteach maidir le bearta caomhnaithe atá riachtanach chun oibleagáidí faoi dhlí an Aontais i dtaca leis an gcomhshaol a chomhlíonadh. Déanfar na bearta sin a mheasúnú agus a ghlacadh de réir na rialacha agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear faoin gcomhbheartas iascaigh.

(40)

Le Treoir 2008/56/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit comhoibriú go déthaobhach agus laistigh de shásraí comhair réigiúnacha agus foréigiúnacha, lena n-áirítear trí choinbhinsiúin réigiúnacha farraige (31), agus i gcás ina bhfuil bearta iascaigh i gceist, i gcomhthéacs na ngrúpaí réigiúnacha arna mbunú faoin gcomhbheartas iascaigh.

(41)

Tá sé tábhachtach go gcuirfear bearta athchóiriúcháin i bhfeidhm freisin maidir le gnáthóga speiceas áirithe muirí, mar shampla siorcanna agus roic, a thagann, mar shampla, faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, nó liostaí na gCoinbhinsiún Eorpach ar Mhuir Réigiúnach na hEorpa de speicis atá i mbaol agus faoi bhagairt , ach nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 92/43/CEE, mar go bhfuil feidhm thábhachtach acu san éiceachóras.

(42)

Chun tacú le hathchóiriú agus le neamh-mheathlú gnáthóg talún, fionnuisce, cósta agus muirí, is féidir leis na Ballstáit limistéir bhreise a ainmniú mar ‘limistéir faoi chosaint’ nó ‘limistéir faoi chosaint dhocht’, bearta caomhnaithe éifeachtacha eile de réir limistéir a chur chun feidhme, agus bearta caomhnaithe maidir le talamh príobháideach a chur chun cinn.

(43)

Tá thart ar 22 % de dhromchla talún an Aontais ina éiceachóras uirbeach, agus is iad na limistéir ina bhfuil tromlach shaoránaigh an Aontais ina gcónaí. Áirítear le spásanna glasa uirbeacha , inter alia, foraoisí uirbeacha, páirceanna agus gairdíní, feirmeacha uirbeacha, sráideanna atá líneáilte le crainn, móinéir uirbeacha agus fálta uirbeacha. Fearacht na n-éiceachóras eile a dtugtar aghaidh orthu sa Rialachán seo, cuireann éiceachórais uirbeacha gnáthóga tábhachtacha ar fáil don bhithéagsúlacht, go háirithe plandaí, éin agus feithidí, lena n-áirítear pailneoirí. Cuireann siad neart seirbhísí eile ríthábhachtacha éiceachórais ar fáil freisin, lena n-áirítear an riosca tubaiste nádúrtha a laghdú agus a rialú (e.g. tuilte, éifeachtaí teas-oileáin), fuarú, áineas, scagachán uisce agus aeir, chomh maith le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin. Is paraiméadar tábhachtach amháin é an méadú ar an spás glas uirbeach chun go méadófar ar chumas na n-éiceachóras uirbeach na seirbhísí tábhachtacha sin a sholáthar. Má mhéadaítear an clúdach glas i limistéar uirbeach ar leith, cuirtear moill ar an rith chun srutha uisce (dá bharr sin, laghdaítear an baol go dtruailleofaí aibhneacha le forsceitheadh uisce stoirme) agus cuidítear le teochtaí an tsamhraidh a choinneáil síos, rud a chuireann leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú, agus cuirtear spás breise ar fáil chun go mbíonn borradh faoin dúlra. Má mhéadaítear leibhéal an spáis ghlais uirbigh, cuirfear feabhas, i mórán cásanna, ar shláinte an éiceachórais uirbigh. Dá réir sin, tá éiceachórais uirbeacha shláintiúla ríthábhachtach chun tacú le sláinte na bpríomh-éiceachóras Eorpach eile - limistéir nádúrtha faoin tuath máguaird a nascadh, sláinte aibhneacha a fheabhsú lasmuigh den chathair, tearmann agus talamh pórúcháin a chur ar fáil do speicis éan agus pailneoirí a bhaineann le gnáthóga talmhaíochta agus foraoise, chomh maith le gnáthóga tábhachtacha a chur ar fáil le haghaidh éin ar síobadh, mar shampla.

(44)

Ní mór feabhas mór a chur ar ghníomhaíochtaí lena áirithiú nach mbeidh cumhdach spásanna glasa uirbeacha, go háirithe crainn, i mbaol a laghdaithe a thuilleadh. Chun a áirithiú go leanfaidh spásanna glasa uirbeacha de na seirbhísí riachtanacha éiceachórais a chur ar fáil, ba cheart deireadh a chur lena gcaillteanas agus ba cheart iad a athchóiriú agus a mhéadú, inter alia tríd an mbonneagar glas agus réitigh dhúlrabhunaithe a chomhtháthú ▌ , amhail díonta glasa agus ballaí glasa, i ndearadh foirgneamh. Is féidir leis an gcomhtháthú sin cur ní hamháin le limistéar an spáis ghlais uirbigh ach freisin, má tá crainn san áireamh, le limistéar cumhdaigh cheannbhrat crainn uirbeach .

(44a)

Leis an méadú ar sholas saorga, tá truailliú solais ina shaincheist ábhartha. Áirítear ar a chuid foinsí soilsiú taobh amuigh agus taobh istigh d’fhoirgnimh, fógraíocht, airíonna tráchtála, oifigí, monarchana, soilse sráide agus ionaid spóirt soilsithe. Tá truailliú solais ina chúis le meathlú feithidí. Tarraingíonn solas aird go leor feithidí, ach is féidir leis an mealladh ó shoilse saorga a bheith marfach. Bíonn tionchar diúltach ag an laghdú ar líon na bhfeithidí ar gach speiceas a bhíonn ag brath ar fheithidí le haghaidh bia nó pailnithe. Baineann roinnt creachadóirí leas as an mealladh seo chun a mbuntáiste, rud a chuireann isteach ar ghréasáin bhia ar bhealaí gan choinne.[Leasú 2]

(45)

Éilítear iarrachtaí níos mó le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 chun éiceachórais fionnuisce agus feidhmeanna nádúrtha aibhneacha a athchóiriú. Ba cheart a áireamh le hathchóiriú éiceachóras fionnuisce iarrachtaí chun nascacht ▌ nádúrtha aibhneacha a athchóiriú mar aon lena limistéir bhruachána agus a dtuilemhánna a athchóiriú, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le bacainní saorga d’fhonn tacú le stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach d’aibhneacha, lochanna agus gnáthóga agus speicis ghláracha a chónaíonn sna gnáthóga sin atá faoi chosaint le Treoracha 92/43/CEE 2009/147/CE, agus ceann de na príomhchuspóirí i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 a bhaint amach, eadhon, 25 000 km ar a laghad d’aibhneacha saorchúrsála, a athchóiriú , arna measúnú le hais 2020 nuair a tíolacadh an Straitéis . Agus bacainní á mbaint ag na Ballstáit, ba cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar bhacainní atá imithe i léig go príomha, bacainní nach bhfuil gá leo a thuilleadh do ghiniúint an fhuinnimh in-athnuaite, loingseoireacht intíre, soláthar uisce nó úsáidí eile.

(46)

San Aontas, tá laghdú mór tagtha ar phailneoirí le blianta beaga anuas agus tá aon trian de speicis beach agus speicis féileacán ag meathlú, agus tá deich faoin gcéad de na speicis sin ar tí dul in éag. Tá pailneoirí ríthábhachtach d’fheidhmiú éiceachóras talún, folláine an duine agus slándáil an tsoláthair bia, trí phailniú a dhéanamh ar phlandaí fiáine agus saothraithe. Tá beagnach EUR 5 000 000 000 d’aschur bliantúil talmhaíochta an Aontais inchurtha go díreach i leith pailneoirí feithidí (32).

(47)

Sheol an Coimisiún Tionscnamh Pailneoirí an Aontais (33) an 1 Meitheamh 2018 mar fhreagra ar éilimh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar mheath na bpailneoirí. Léiríodh sa tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh (34) go bhfuil dúshláin shuntasacha fós ann maidir le dul i ngleic le meath na bpailneoirí, úsáid lotnaidicídí san áireamh. D’iarr Parlaimint na hEorpa (35) agus an Chomhairle (36) go ndéanfaí gníomhaíochtaí níos láidre chun dul i ngleic le meath na bpailneoirí agus go mbunófaí creat faireacháin uile-Aontais do phailneoirí, mar aon le cuspóirí agus táscairí soiléire maidir leis an tiomantas chun stop a chur le meath na bpailneoirí. Mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa don Choimisiún sásraí rialachais agus faireacháin iomchuí a chur ar bun le haghaidh gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí do phailneoirí (37). An 24 Eanáir 2023, thíolaic an Coimisiún leagan athbhreithnithe de Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí  (38) . Leagtar amach san athbhreithniú na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an Aontas agus ag na Ballstáit chun meath na pailneoirí a aisiompú faoi 2030.

(48)

Maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí [lena ghlacadh an 22 Meitheamh 2022, áireofar teideal agus uimhir an ghnímh a glacadh nuair a bheidh siad ar fáil], tá sé d’aidhm aige rialáil a dhéanamh ar cheann de na cúiseanna le meath na bpailneoirí trí thoirmeasc a chur ar úsáid lotnaidicídí i limistéir atá íogair ó thaobh na héiceolaíochta de, go leor díobh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mar shampla limistéir a chothaíonn speicis pailneora agus a aicmítear sa Liosta Dearg Eorpach (39) mar speicis atá i mbaol díothú.

(49)

Tá gá le héiceachórais talmhaíochta inbhuanaithe, athléimneacha agus bhithéagsúla chun bia sábháilte, inbhuanaithe, cothaitheach agus inacmhainne a sholáthar. Leis na héiceachórais talmhaíochta is bithéagsúla méadaítear athléimneacht na talmhaíochta in aghaidh an athraithe aeráide agus in aghaidh rioscaí comhshaoil, agus áirithítear sábháilteacht agus slándáil an bhia agus cruthaítear poist nua i gceantair thuaithe, go háirithe poist a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht chomh maith leis an turasóireacht agus an t-áineas tuaithe. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas an bhithéagsúlacht ar a thailte talmhaíochta a fheabhsú trí réimse cleachtas atá ann faoi láthair a théann chun sochair d’fheabhsú na bithéagsúlachta nó atá comhoiriúnach le feabhsú na bithéagsúlachta, lena n-áirítear talmhaíocht fhairsing. Tá talmhaíocht fhairsing ríthábhachtach chun go leor speiceas agus gnáthóg a chothabháil sna limistéir is bithéagsúla. Is iomaí cleachtas talmhaíochta fairsing a bhfuil tairbhí iomadúla nó tairbhí móra acu maidir leis an mbithéagsúlacht, seirbhísí éiceachórais agus gnéithe tírdhreacha a chosaint amhail talmhaíocht bheacht, feirmeoireacht orgánach, agra-éiceolaíocht, agrafhoraoiseacht agus féarthalamh buan ísealdéine.

(50)

Is gá bearta athchóirithe a chur i bhfeidhm chun bithéagsúlacht na n-éiceachóras talmhaíochta ar fud an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear sna limistéir nach gcumhdaítear le cineálacha gnáthóige a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/43/CEE. In éagmais modh coiteann chun measúnú a dhéanamh ar an mbail atá ar éiceachórais talmhaíochta lena bhféadfaí spriocanna sonracha athchóirithe a leagan síos d’éiceachórais talmhaíochta, is iomchuí oibleagáid ghinearálta a leagan síos chun feabhas a chur ar an mbithéagsúlacht in éiceachórais talmhaíochta agus comhlíonadh na hoibleagáide sin a thomhas ar bhonn na dtáscairí atá ann faoi láthair.

(51)

Ós rud é gurb eol agus go n-aithnítear go forleathan gur príomhtháscairí sláinte éiceachóras talmhaíochta iad éin talaimh feirme, is iomchuí spriocanna a leagan síos lena dtéarnamh. Bheadh feidhm ag an oibleagáid na spriocanna sin a bhaint amach maidir leis na Ballstáit seachas le feirmeoirí aonair. Ba cheart do na Ballstáit na spriocanna sin a bhaint amach trí bhearta athchóirithe éifeachtacha a chur i bhfeidhm ar thalamh talmhaíochta, agus iad ag obair i gcomhar le feirmeoirí agus le geallsealbhóirí eile, agus ag tacú leo, chun na bearta sin a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar an láthair.

(52)

Gnéithe tírdhreacha ard-éagsúlachta ar thalamh talmhaíochta, lena n-áirítear stráicí maolánacha, talamh branair uainíochta nó talamh branair nach bhfuil de réir uainíochta, fálta sceach, crainn aonair nó grúpaí crann, sraitheanna crann, imeall páirceanna, dáileachtaí, díoga, srutháin, bogaigh bheaga, ardáin, cairn, ballaí cloiche, linnte beaga agus gnéithe cultúrtha, soláthraíonn na nithe sin spás do phlandaí agus d’ainmhithe fiáine, lena n-áirítear pailneoirí, agus leis na nithe sin déantar an creimeadh agus an t-ídiú ithreach a chosc, aer agus uisce a scagadh, tacaítear leis an athrú aeráide a mhaolú agus leis an oiriúnú don athrú aeráide agus le táirgiúlacht talmhaíochta barr a bhraitheann ar phailniú. Is féidir a mheas freisin gur gnéithe tírdhreacha a bhfuil ardluach bithéagsúlachta acu crainn tháirgiúla atá mar chuid de chórais agrafhoraoiseachta talún arúla agus gnéithe táirgiúla i bhfáluithe neamhtháirgiúla, ar choinníoll nach bhfaigheann siad leasacháin ná nach ndéantar cóireáil lotnaidicídí orthu, agus más rud é nach ndéantar an fómhar ach tráth nach gcuirfeadh sé isteach ar leibhéil arda bithéagsúlachta. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas a leagan amach chun treocht mhéadaitheach a áirithiú maidir leis an sciar de thalamh talmhaíochta ag a bhfuil gnéithe tírdhreacha ard-éagsúlachta. ▌Ba cheart treochtaí méadaitheacha a bhaint amach freisin maidir le táscairí eile atá ann faoi láthair, amhail innéacs na bhféileacán féarthalún agus an stoc de charbón orgánach in ithreacha mianraí talún curaíochta. [Leasú 14]

(53)

Is é is aidhm don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) tacú le cosaint an chomhshaoil agus é a neartú, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht. Ar na príomhchuspóirí atá ag an mbeartais tá rannchuidiú chun cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú; Le caighdeán nua coinníollachta CBT Uimh 8 maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (GAEC 8) (40), ceanglaítear ar thairbhithe íocaíochtaí a bhaineann le limistéir 4 % ar a laghad den talamh arúil atá acu ar leibhéal na feirme a bheith dírithe ar limistéir agus ar ghnéithe neamhtháirgiúla, lena n-áirítear talamh branair agus gnéithe den tírdhreach atá ann cheana a choinneáil. Is féidir an sciar 4 % atá le sannadh do chomhlíonadh an chaighdeáin GAEC sin a laghdú go 3 % má chomhlíontar réamhriachtanais áirithe (41). Rannchuideoidh an oibleagáid sin leis na Ballstáit treocht dhearfach a bhaint amach i ngnéithe tírdhreacha ardéagsúlachta ar thalamh talmhaíochta. Ina theannta sin, faoi CBT, tá an deis ag na Ballstáit éiciscéimeanna a chur ar bun le haghaidh cleachtais talmhaíochta a dhéanann feirmeoirí i limistéir thalmhaíochta lena bhféadfaí a bheith san áireamh gnéithe tírdhreacha nó limistéir neamhtháirgiúla a chothabháil agus a chruthú. Ar an gcaoi chéanna, ina bpleananna straitéiseacha faoi CBT, is féidir leis na Ballstáit gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide a chur san áireamh freisin, lena n-áirítear bainistiú feabhsaithe ar ghnéithe tírdhreacha a théann thar choinníollacht GAEC 8 agus/nó éiciscéimeanna. Cuideoidh tionscadail dúlra agus bithéagsúlachta an chláir LIFE le bithéagsúlacht na hEorpa ar thalamh talmhaíochta a chur ar shlí an téarnaimh faoi 2030, trí thacú le cur chun feidhme Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE chomh maith le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030.

(54)

Trí athchóiriú agus athfhliuchadh (42) a dhéanamh ar ithreacha orgánacha (43) a úsáidtear sa talmhaíocht (i.e faoi úsáid féarthalún agus talún curaíochta), arb é atá iontu talamh portach draenáilte, cuidítear le tairbhí suntasacha bithéagsúlachta a bhaint amach, le laghdú tábhachtach a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus le tairbhí eile don chomhshaol, agus cuirtear le tírdhreach talmhaíochta éagsúil an tráth céanna. Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh idir raon leathan beart athchóirithe le haghaidh tailte portaigh draenáilte a úsáidtear sa talmhaíocht, idir talamh curaíochta a athrú go féarthalamh buan, bearta fairsingithe in éineacht le draenáil laghdaithe, agus athfhliuchadh iomlán lena ngabhann an deis riascshaothraithe, nó fásra déanta móna a bhunú. Cruthaítear na tairbhí aeráide is suntasaí trí thalamh curaíochta a athchóiriú agus a athfhliuchadh agus ina dhiaidh sin trí fhéarthalamh dian a athchóiriú. Ionas gur féidir an sprioc athchóirithe a chur chun feidhme ar bhealach solúbtha i gcás tailte portaigh faoi úsáid talmhaíochta, féadfaidh na Ballstáit bearta athchóirithe agus athfhliuchadh tailte portaigh draenáilte a áireamh, chomh maith go pointe le tailte portaigh draenáilte faoi úsáidí eile talún (foraois, mar shampla) a athchóiriú agus a athfhliuchadh, mar limistéir a rannchuidíonn le baint amach na spriocanna maidir le tailte portaigh faoi úsáid talmhaíochta. I gcás ina mbeidh údar cuí leis, agus mura féidir athfhliuchadh tailte móna draenáilte faoi úsáid talmhaíochta a chur chun feidhme mar gheall ar thionchair dhiúltacha shuntasacha ar fhoirgnimh, ar bhonneagar, ar oiriúnú don athrú aeráide nó ar leasanna poiblí eile agus nach féidir tailte móna a athfhliuchadh faoi thalamh eile, féadfaidh na Ballstáit méid na dtailte móna atá le hathfhliuchadh a shocrú ar leibhéal níos ísle.

(55)

D’fhonn leas iomlán a bhaint as na tairbhí bithéagsúlachta, ba cheart athchóiriú agus athfhliuchadh na dtailte portaigh draenáilte a leathnú thar na limistéir de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE atá le hathchóiriú agus le hathbhunú. Leis an tuairisciú a dhéanann na Ballstáit i bhfardail náisiúnta gás ceaptha teasa ar earnáil LULUCF, a chuirtear isteach chuig Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, déantar faireachán ar shonraí maidir le méid na n-ithreach orgánach mar aon lena n-astaíochtaí agus a n-aistrithe gás ceaptha teasa. Is féidir leanúint d’úsáid tháirgiúil a bhaint as portaigh athchóirithe agus athfhliuchta ar bhealaí malartacha. Mar shampla, maidir leis an riascshaothrú, is é sin feirmeoireacht a dhéanamh ar thailte portaigh fliucha, d’fhéadfaí a áireamh ann saothrú cineálacha éagsúla giolcach, cineálacha áirithe adhmaid, saothrú fraochán gorm agus mónóg, feirmeoireacht sfagnaim, agus féarach buabhall uisce. Ba cheart na cleachtais sin a bheith bunaithe ar phrionsabail an bhainistithe inbhuanaithe agus ba cheart iad a bheith dírithe ar an mbithéagsúlacht a fheabhsú ionas go mbeidh luach ard acu ó thaobh airgeadais agus éiceolaíochta de araon. Chomh maith leis sin is féidir an riascshaothrú dul chun sochair do roinnt speiceas atá i mbaol san Aontas, agus is féidir leis sin nascacht na limistéar bogach agus phobal na speiceas gaolmhar a éascú san Aontas freisin. Is féidir cistiú a fháil ó réimse leathan foinsí, lena n-áirítear caiteachas faoi bhuiséad an Aontais agus faoi chláir mhaoiniúcháin an Aontais le haghaidh beart chun portaigh a athchóiriú agus a athfhliuchadh agus chun caillteanais ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ann a chúiteamh.

(56)

Leagadh amach i Straitéis Foraoise nua an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (44) an gá atá le bithéagsúlacht foraoise a athchóiriú. Tá os cionn 43.5 % de spás talún an Aontais faoi fhoraoisí agus faoi choillearnach eile. Tá éiceachórais foraoise ar mhórán bithéagsúlachta leochaileach don athrú aeráide ach is comhghuaillí nádúrtha iad freisin maidir leis an athrú aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chur in oiriúint agus a chomhrac, lena n-áirítear trína gcuid feidhmeanna mar stoc carbóin agus linn charbóin, agus soláthraíonn siad go leor seirbhísí agus tairbhí riachtanacha eile éiceachórais, amhail adhmad, bia agus táirgí eile neamh-adhmaid a sholáthar, rialáil aeráide, cobhsú ithreach agus rialú creimthe ithreach agus íonú an aeir agus an uisce.

[Leasú 112/rev1]

(58)

Maidir le spriocanna athchóiriúcháin agus oibleagáidí maidir le gnáthóga agus speicis a chosnaítear faoi Threoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, maidir le pailneoirí agus éiceachórais fionnuisce, uirbeacha, talmhaíochta agus foraoise, ba cheart na spriocanna sin a bheith comhlántach agus ba cheart dóibh oibriú i sineirgíocht, d’fhonn an cuspóir uileghabhálach a bhaint amach maidir le héiceachórais a athchóiriú ar fud limistéir talún agus mhara na mBallstát . Cuideoidh na bearta athchóirithe is gá chun sprioc shonrach amháin a bhaint amach, in a lán cásanna, le spriocanna nó oibleagáidí eile a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, bearta athchóirithe a phleanáil go straitéiseach d’fhonn a n-éifeachtacht a uasmhéadú i dtaca le cur le téarnamh an dúlra ar fud an Aontais. Ba cheart bearta athchóiriúcháin a phleanáil freisin ar bhealach a thabharfaidh aghaidh ar mhaolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide agus ar chosc agus ar rialú tionchair tubaistí nádúrtha , mar aon le díghrádú talún . Ba cheart é a bheith d’aidhm acu feidhmeanna éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta na n-éiceachóras a bharrfheabhsú, lena n-áirítear a gcumas táirgiúlachta, agus an méid a chuireann siad le forbairt inbhuanaithe na réigiún agus na bpobal ábhartha á chur san áireamh. Tá sé tábhachtach go n-ullmhódh na Ballstáit pleananna náisiúnta mionsonraithe um athchóiriú de réir na fianaise eolaíche is fearr atá ar fáil . Ba cheart taifid dhoiciméadaithe maidir le dáileadh stairiúil agus limistéar stairiúil agus, freisin, maidir leis na hathruithe réamh-mheasta ar dhálaí comhshaoil i ngeall ar an athrú aeráide, a bheith mar bhonn eolais do bhreithiúnais maidir le réimse tagartha fabhrach de chineálacha gnáthóige. Thairis sin, tá sé tábhachtach go dtabharfaí deiseanna luatha éifeachtacha don phobal páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna. Ba cheart do na Ballstáit na dálaí agus na riachtanais shonracha ina gcríoch féin a chur san áireamh chun go mbeifear in ann leis na pleananna freagairt do bhrúnna, bagairtí agus cúiseanna ábhartha maidir le cailliúint na bithéagsúlachta, agus ba cheart dóibh dul i gcomhar le chéile chun athbhunú agus nascacht a áirithiú thar theorainneacha.

(59)

Chun sineirgí a áirithiú idir na bearta éagsúla a cuireadh i bhfeidhm agus na bearta atá le cur i bhfeidhm chun an dúlra a chosaint, a chaomhnú agus a athbhunú san Aontas, ba cheart do na Ballstáit na nithe seo a leanas a chur san áireamh agus a bpleananna náisiúnta um athchóiriú á n-ullmhú acu: na bearta caomhnaithe arna mbunú le haghaidh láithreáin Natura 2000 agus na creataí gníomhaíochta tosaíochta arna n-ullmhú i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE agus le Treoir 2009/147/CE; bearta chun dea-stádas éiceolaíoch agus ceimiceach a bhaint amach i ndobharlaigh a áirítear i bpleananna bainistíochta abhantraí a ullmhaítear i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE; straitéisí muirí chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach do réigiúin mhuirí uile an Aontais a ullmhaítear i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE; cláir náisiúnta maidir le truailliú aeir a rialú a ullmhaítear faoi Threoir (AE) 2016/2284; straitéisí náisiúnta agus pleananna gníomhaíochta a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, chomh maith le bearta caomhnaithe arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán 1380/2013 agus bearta teicniúla arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45).

(60)

Chun comhleanúnachas a áirithiú idir cuspóirí an Rialacháin seo agus cuspóirí Threoir (AE) 2018/2001 (46), Rialachán (AE) 2018/1999 (47) agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (48), go háirithe, le linn pleananna náisiúnta um athchóiriú a ullmhú, ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar an acmhainneacht atá ag tionscadail fuinnimh in-athnuaite rannchuidiú le cuspóirí athchóirithe dúlra a bhaint amach.

(61)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt go comhsheasmhach ar na dúshláin a bhaineann le cailliúint na bithéagsúlachta agus leis an athrú aeráide, ba cheart úsáid an fhuinnimh in-athnuaite a chur san áireamh agus an bhithéagsúlacht á hathchóiriú agus vice versa. Féadfar gníomhaíochtaí athchóiriúcháin agus imscaradh tionscadal fuinnimh in-athnuaite a chomhcheangal, nuair is féidir, lena n-áirítear dlús a chur le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus limistéir eangaí thiomnaithe. Le Treoir (AE) 2018/2001 ceanglaítear ar na Ballstáit mapáil chomhordaithe a dhéanamh chun fuinneamh in-athnuaite a imscaradh ar a gcríoch chun an acmhainneacht intíre agus an dromchla talún, an fo-dhromchla, an fharraige nó an t-uisce intíre atá ar fáil a shainaithint de réir mar is gá chun gléasraí a shuiteáil chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgeadh, agus an bonneagar a bhaineann leo, mar shampla saoráidí eangaí agus stórála, lena n-áirítear stóráil theirmeach, a theastaíonn chun a rannchuidiú náisiúnta ar a laghad i dtreo sprioc athbhreithnithe 2030 don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach. Beidh na réimsí sin, lena n-áirítear na gléasraí atá ann cheana agus na sásraí comhair, i gcomhréir leis na conairí measta agus leis an acmhainneacht iomlán suiteáilte atá beartaithe le teicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite a leagtar amach sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Ba cheart do na Ballstáit fothacar de na limistéir sin a ainmniú mar dlúslimistéir in-athnuaite. Is suíomhanna sonracha iad sin, cibé acu ar talamh nó ar muir iad, atá oiriúnach go háirithe do shuiteáil gléasraí chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgeadh, ▌i gcás nach meastar go mbeidh tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag úsáid cineáil shonraigh fuinnimh in-athnuaite, i bhfianaise shaintréithe na críche roghnaithe. Ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do dhromchlaí saorga agus tógtha, mar shampla díonta agus aghaidheanna foirgneamh , limistéir bonneagair iompair agus an ceantar díreach thart orthu, limistéir pháirceála, feirmeacha, láithreáin dramhaíola, láithreáin tionscail, mianaigh, dobharlaigh shaorga intíre, lochanna nó taiscumair, agus, i gcás inarb iomchuí, láithreáin cóireála fuíolluisce uirbigh, mar aon le talamh díghrádaithe nach bhfuil inúsáidte don talmhaíocht. Bunaítear freisin le Treoir (AE) 2018/2001 go bhféadfaidh na Ballstáit plean nó pleananna a ghlacadh chun limistéir bhonneagair thiomnaithe a ainmniú chun tionscadail eangaí agus stórála a fhorbairt a bhfuil gá leo chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, i gcás nach meastar go mbeidh tionchair shuntasacha ag an bhforbairt sin ar an gcomhshaol nó inar féidir na tionchair sin a mhaolú go cuí nó, i gcás nach féidir, iad a chúiteamh. Agus dlúslimistéir in-athnuaiteán agus limistéir bhonneagair thiomnaithe á n-ainmniú acu, ba cheart do na Ballstáit limistéir faoi chosaint a sheachaint agus a bpleananna náisiúnta athchóirithe dúlra a mheas. Ba cheart do na Ballstáit comhordú a dhéanamh ar fhorbairt pleananna náisiúnta athchóiriúcháin leis an mapáil ar na limistéir is gá a dhéanamh le haghaidh rannchuidiú náisiúnta i dtreo sprioc 2030 don fhuinneamh in-athnuaite agus, i gcás inarb ábhartha, le hainmniú na ndlúslimistéar in-athnuaiteán agus na limistéar eangaí thiomnaithe . Agus na pleananna athchóirithe dúlra á n-ullmhú, ba cheart do na Ballstáit sineirgí a áirithiú le méadú an bhonneagair fuinnimh in-athnuaite agus fuinnimh agus leis na dlúslimistéir in-athnuaiteán agus leis na limistéir eangaí thiomnaithe agus a áirithiú nach dtiocfaidh aon athrú ar fheidhmiú na limistéar in-athnuaiteán sin , ▌ lena n-áirítear na nósanna imeachta ceadaithe is infheidhme sna limistéir in-athnuaiteán sin ▌dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2018/2001.

(62)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh sineirgí ann leis na bearta athchóirithe atá beartaithe nó curtha ar bun cheana sna Ballstáit, ba cheart a aithint sna pleananna náisiúnta um athchóiriú na bearta athchóirithe sin agus iad a chur san áireamh. I bhfianaise na práinne a léiríodh i dtuarascáil IPCC 2022 maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh ar athchóiriú éiceachóras díghrádaithe, ba cheart do na Ballstáit na bearta sin a chur chun feidhme i gcomhthráth le hullmhú na bpleananna athchóirithe.

(63)

Sna pleananna náisiúnta athchóiriúcháin agus sna bearta chun gnáthóga a athchóiriú chomh maith leis na bearta chun meathlú na ngnáthóg a chosc , ba cheart aird a thabhairt freisin ar thorthaí na dtionscadal taighde atá ábhartha chun bail na n-éiceachóras a mheasúnú, bearta athchóiriúcháin a shainaithint agus a chur i bhfeidhm, agus chun críocha faireacháin , agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais a chur san áireamh iontu, i gcomhréir le hAirteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar shampla ceanglais shóisialta, eacnamaíocha agus chultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear dlús daonra .

(64)

Is iomchuí cás sonrach na réigiún is forimeallaí san Aontas a chur san áireamh, mar a liostaítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina ndéantar foráil maidir le bearta sonracha chun tacú leis na réigiúin sin. Mar a beartaíodh i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030, ba cheart díriú go háirithe ar éiceachórais na réigiún is forimeallaí a chosaint agus a athchóiriú, i bhfianaise ardluach bithéagsúlachta na réigiún is forimeallaí. Ag an am céanna, ba cheart na costais ghaolmhara a bhaineann le cosaint agus athchóiriú na n-éiceachóras sin agus iargúltacht, oileánachas, beagmhéid, topagrafaíocht agus aeráid dheacair na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh, go háirithe agus na pleananna náisiúnta athchóiriúcháin á n-ullmhú. Moltar do na Ballstáit bearta sonracha athchóiriúcháin a áireamh, ar bhonn deonach, sna réigiúin is forimeallaí sin nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(65)

Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (‘EEA’) tacú leis na Ballstáit agus chun na pleananna náisiúnta um athchóiriú a ullmhú, agus ba cheart di faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo chomhlíonadh na spriocanna agus na n-oibleagáidí athchóirithe. Ba cheart don Choimisiún a mheas an bhfuil na pleananna náisiúnta um athchóiriú leormhaith chun na spriocanna agus na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

(66)

Léiríodh sa Tuarascáil ón gCoimisiún ar Staid an Dúlra in 2020 go dtagann sciar suntasach den fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (49) agus le hAirteagal 12 de Threoir 2009/147/CE, go háirithe maidir le stádas caomhnaithe agus treochtaí na ngnáthóg agus na speiceas a dtugann siad cosaint dóibh, ó shuirbhéanna páirteacha nó go bhfuil sé bunaithe ar bhreithiúnas saineolaithe amháin. Léiríodh sa Tuarascáil sin freisin nach fios fós stádas roinnt cineálacha gnáthóige agus speiceas atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE. Is gá na bearnaí eolais sin a líonadh agus infheistiú san fhaireachán agus san fhaireachas chun taca a chur faoi phleananna náisiúnta láidre um athchóiriú atá bunaithe ar an eolaíocht. D’fhonn tráthúlacht, éifeachtacht agus comhleanúnachas modhanna éagsúla faireacháin a mhéadú, ba cheart don fhaireachán agus don fhaireachas an úsáid is fearr is féidir a bhaint as torthaí na dtionscadal taighde agus nuálaíochta atá cistithe ag an Aontas, teicneolaíochtaí nua, amhail faireachán in situ agus cianbhraiteacht ina n-úsáidtear sonraí agus seirbhísí spáis a sholáthraítear faoi chlár spáis an Aontais (EGNOS/Galileo agus Copernicus). Tacóidh misin an Aontais ‘Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú’, ‘Oiriúnú don Athrú Aeráide’, agus ‘Comhaontú um Ithir don Eoraip’ le cur chun feidhme na spriocanna athchóirithe (50).

(66a)

I bhfianaise na ndúshlán teicniúil agus airgeadais ar leith a bhaineann le muirthimpeallachtaí a mhapáil agus faireachán a dhéanamh orthu, féadfaidh na Ballstáit, mar chomhlánú ar an bhfaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 92/43/CEE agus i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2008/56/CE, faisnéis faoi bhrúnna agus bagairtí nó faisnéis ábhartha eile a úsáid mar bhonn don eachtarshuíomh agus bail na ngnáthóg muirí a liostaítear in Iarscríbhinn II á measúnú acu. Dá bhrí sin, féadfar an cur chuige sin a úsáid freisin mar bhonn chun bearta athchóiriúcháin a phleanáil i ngnáthóga muirí i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart an measúnú foriomlán ar bhail na ngnáthóg muirí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a bheith bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil agus ar an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch is déanaí.

(67)

Chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta um athchóiriú, ar na bearta athchóirithe a cuireadh ar bun, ar na limistéar atá faoi réir na mbeart athchóirithe, agus na sonraí ar an bhfardal bacainní ar leanúnachas abhann, ba cheart córas a thabhairt isteach lena gceanglófaí ar na Ballstáit sonraí ábhartha maidir le torthaí an fhaireacháin sin a chur ar bun, a choinneáil cothrom le dáta agus a chur ar fáil. Ba cheart úsáid a bhaint as córas Reportnet EEA le haghaidh tuairisciú leictreonach sonraí chuig an gCoimisiún agus ba cheart é a bheith d’aidhm aige an t-ualach riaracháin ar gach eintiteas a choimeád chomh héadrom agus is féidir. Chun bonneagar iomchuí a áirithiú le haghaidh rochtain phoiblí, tuairisciú agus comhroinnt sonraí idir údaráis phoiblí, ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na sonraíochtaí sonraí a bhunú orthu siúd dá dtagraítear i dTreoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51), i dTreoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (52) agus i dTreoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (53).

(68)

Chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (54) lena soláthraítear tacaíocht theicniúil shaincheaptha chun athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme. Baineann an tacaíocht theicniúil le neartú na hacmhainneachta riaracháin, comhchuibhiú na gcreataí reachtacha agus comhroinnt na ndea-chleachtas ábhartha, mar shampla.

(69)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i dtreo spriocanna agus oibleagáidí athchóirithe an Rialacháin seo a bhaint amach ar bhonn tuarascálacha uile-Aontais ar dhul chun cinn arna dtarraingt suas ag EEA chomh maith le hanailís agus tuarascálacha eile arna gcur ar fáil ag na Ballstáit i réimsí beartais ábhartha amhail beartais dúlra, mhara agus uisce.

(70)

Chun a áirithiú go mbainfear amach na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha leordhóthanacha san athchóiriú, agus ba cheart do na Ballstáit caiteachas le haghaidh cuspóirí bithéagsúlachta, lena n-áirítear maidir le deischostais agus costais aistrithe a eascraíonn as cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta um athchóiriú, a chomhtháthú ina mbuiséid náisiúnta agus an úsáid a bhaintear as cistiú ón Aontas a léiriú. Maidir le cistiú ón Aontas, rannchuidítear le spriocanna bithéagsúlachta leis an gcaiteachas faoi bhuiséad an Aontais agus faoi chláir mhaoiniúcháin ón Aontas amhail an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (55) an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF) (56), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (57), an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Comhtháthaithe (58), an Ciste um Aistriú Cóir (59), mar aon leis an gClár Réime de chuid an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht, Fís Eorpach (60), agus is é an aidhm dó 7,5 % den chaiteachas in 2024, 10 % de in 2026 agus 2027, faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 (61) a dhíriú ar chuspóirí bithéagsúlachta.

Foinse bhreise chistithe is ea an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) (62) chun an bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athchóiriú. Maidir le Clár LIFE, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar úsáid iomchuí na dTionscadal Dúlra Straitéiseach (TDSanna) mar uirlis shonrach a d’fhéadfadh tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo, trí na hacmhainní airgeadais atá ar fáil a phríomhshruthú ar bhealach éifeachtach éifeachtúil.

(71)

Tá raon tionscnamh de chuid an Aontais, de thionscnaimh náisiúnta agus de thionscnaimh phríobháideacha ar fáil chun maoiniú príobháideach a spreagadh, amhail Clár InvestEU (63), a chuireann deiseanna ar fáil maoiniú poiblí agus príobháideach a shlógadh chun tacú, inter alia, le feabhas a chur ar an dúlra agus ar an mbithéagsúlacht trí bhíthin tionscadail bhonneagair ghlais agus ghorm, agus an fheirmeoireacht charbóin mar shamhail ghlas ghnó (64).

(71a)

Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, tá infheistíochtaí leordhóthanacha príobháideacha agus poiblí fíor-riachtanach do bhearta athchóirithe dúlra. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, faoi cheann 12 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm agus i gcomhairle leis na Ballstáit, tuarascáil a thíolacadh ina mbeidh anailís ina sainaithneofar aon bhearnaí i gcur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart tograí le haghaidh bearta leordhóthanacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear bearta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a sainaithníodh, mar shampla cistiú tiomnaithe a bhunú agus gan dochar do shainchumais na gcomhreachtóirí le haghaidh ghlacadh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile tar éis 2027.

(71b)

De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, faoi phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is faoi chúirteanna na mBallstát atá sé cosaint bhreithiúnach ar chearta duine faoi dhlí an Aontais a áirithiú. Sa bhreis air sin, le hAirteagal 19(1) CAE ceanglaítear ar na Ballstáit leigheasanna a sholáthar atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais. Tá an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar an gCeartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’). Faoi Choinbhinsiún Aarhus, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir leis an gcóras dlí náisiúnta ábhartha, go mbeidh rochtain ag an bpobal lena mbaineann ar an gceartas.

(72)

Ba cheart do na Ballstáit cur chuige cothrom agus tras-shochaí a chur chun cinn agus a bpleananna náisiúnta um athchóiriú á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme acu, trí nósanna imeachta um rannpháirtíocht an phobail a áireamh agus trí riachtanais na bpobal áitiúil agus na bpáirtithe leasmhara a chur san áireamh.

(73)

De bhun Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (65) ceaptar pleananna straitéiseacha CBT chun rannchuidiú le gnóthú spriocanna náisiúnta fadtéarmacha a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha, nó ag eascairt astu, a liostaítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin, agus tá siad ceaptha chun bheith comhsheasmhach leis na spriocanna sin; Ba cheart an Rialachán seo maidir le hathchóiriú dúlra a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 159 de Rialachán (AE) 2021/2115, nuair a dhéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, faoin 31 Nollaig 2025, ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin.

(74)

I gcomhréir leis an ngealltanas san 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol go dtí 2030 (66), ba cheart do na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile leis na fóirdheontais lena ndéantar dochar don chomhshaol ar an leibhéal náisiúnta, agus an úsáid is fearr á baint as ionstraimí margadh-bhunaithe agus as uirlisí buiséadacha glasa, lena n-áirítear na cinn sin a bhfuil gá leo chun aistriú atá cothrom go sóisialta a áirithiú, agus chun tacú le gnólachtaí agus le páirtithe leasmhara eile cleachtais chaighdeánaithe maidir le cuntasaíocht an chaipitil nádúrtha a fhorbairt.

(75)

Chun an t-oiriúnú is gá ar an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le hIarscríbhinní I go VII a leasú chun an grúpa gnáthóg a oiriúnú, liosta na speiceas éin a oiriúnú a úsáidtear don innéacs coiteann éan talaimh feirme, chomh maith le liosta na dtáscairí bithéagsúlachta d’éiceachórais talmhaíochta, liosta na dtáscairí bithéagsúlachta d’éiceachórais foraoise agus liostaí na ngnáthóg agus na speiceas muirí ▌agus na samplaí de bhearta athchóiriúcháin, a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, chun taithí ó chur i bhfeidhm an Rialacháin a chur san áireamh nó chun comhsheasmhacht le cineálacha gnáthóige EUNIS a áirithiú . Tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfadh an Coimisiún measúnuithe tionchair agus go rachadh sé i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, ▌i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (67). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(76)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an modh a shonrú maidir le faireachán a dhéanamh ar phailneoirí, chun na modhanna a shonrú maidir le faireachán a dhéanamh ar na táscairí le haghaidh éiceachórais talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar na táscairí le haghaidh éiceachórais foraoise a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo, chun creata treorach a bhunú chun na leibhéil sásúla a shocrú maidir le spás glas uirbeach, clúdach ceannbhrait crainn uirbeach i limistéir éiceachórais uirbeacha, pailneoirí, táscairí le haghaidh éiceachórais talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus táscairí le haghaidh héiceachórais foraoise a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo, chun creat aonfhoirmeach a leagan amach maidir leis na pleananna náisiúnta um athchóiriú, chun an fhormaid, struchtúr agus socruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le sonraí agus faisnéis a thuairisciú go leictreonach don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (68).

(77)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar na critéir maidir le héifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le spriocanna breise athchóirithe a leagan síos, de réir modhanna coiteanna chun measúnú a dhéanamh ar bhail na n-éiceachóras nach gcumhdaítear le hAirteagail 4 agus 5, agus an fhianaise eolaíoch is déanaí á cur san áireamh.

(78)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE . I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha a chuireann leis na nithe seo a leanas:

(a)

éiceachórais ▌ bhithéagsúla▌, athléimneacha ▌ agus tháirgiúla ar fud limistéir talún agus mhara na mBallstát trí éiceachórais dhíghrádaithe a athchóiriú; [Leasú 113/rev1]

(b)

cuspóirí uileghabhálacha an Aontais a bhaint amach maidir le maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear slándáil bia, aistriú fuinnimh agus tithíocht shóisialta, agus neodracht díghrádaithe talún ; [Leasú 114]

(c)

gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh.

2.   Bunaítear leis an Rialachán seo creat ina gcuirfidh na Ballstáit bearta athchóiriúcháin éifeachtacha limistéarbhunaithe i bhfeidhm ▌ agus é mar aidhm acu , mar sprioc de chuid an Aontais, ar fud na limistéar agus na n-éiceachóras atá laistigh den raon feidhme mar a shainítear in Airteagal 2, 20 % ar a laghad den ▌talamh agus 20 % de na limistéir farraige agus, faoi 2050, na héiceachórais uile a bhfuil gá acu le hathchóiriú, a chumhdach go comhpháirteach faoi 2030.

2a.     Ní mór don Rialachán seo sineirgí a chruthú agus a bheith comhleanúnach leis an reachtaíocht atá ann cheana agus atá ar siúl faoi láthair, agus inniúlachtaí náisiúnta á gcur san áireamh agus comhleanúnachas le reachtaíocht an Aontais a áirithiú maidir le fuinneamh in-athnuaite, táirgí cosanta plandaí, amhábhair chriticiúla, talmhaíocht agus foraoiseacht, i measc nithe eile. [Leasú 166]

Airteagal 2

Raon feidhme geografach

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na héiceachórais dá dtagraítear in Airteagail 4 go 10:

(a)

i gcríoch na mBallstát;

(aa)

in uiscí cósta na mBallstát, mar atá sainmhínithe i dTreoir 2000/60/CE, a ngrinneall agus a bhfo-ithir;

(b)

in uiscí, grinneall na farraige agus an fho-ithir ar thaobh na farraige den bhonnlíne óna ndéantar fairsinge na n-uiscí teorann a thomhas ag síneadh go dtí an pointe is faide amach den limistéar ina bhfuil cearta ceannasacha nó dlínse ag Ballstát ina bhfeidhmíonn Ballstát iad nó í, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982.

Níl feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le héiceachórais i gcríoch Eorpach na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘éiceachóras’ coimpléasc dinimiciúil de phobail plandaí, ainmhithe, fungais agus miocrorgánach agus a dtimpeallacht neamhbheo, agus iad ag idirghníomhú mar aonad feidhmiúil, agus áirítear leis cineálacha gnáthóige, gnáthóga speiceas agus pobail speiceas;

(2)

ciallaíonn ‘gnáthóg speicis’ gnáthóg speicis mar a shainmhínítear i bpointe (f) d’Airteagal 1 de Threoir 92/43/CEE ;

(3)

ciallaíonn ‘athchóiriú’ an próiseas lena gcabhraítear go gníomhach nó go héighníomhach le téarnamh éiceachórais chun a struchtúr agus a fheidhmeanna a fheabhsú darb aidhm an bhithéagsúlacht agus athléimneacht an éiceachórais a chaomhnú nó a fheabhsú; déantar éiceachórais a athchóiriú chun críocha an Rialacháin seo trí fheabhas a chur ar dhea-bhail cineáil gnáthóige , ▌é a athbhunú i limistéar tagartha fabhrach agus trí fheabhas leordhóthanach a chur ar cháilíocht agus ar chainníocht gnáthóige speicis i gcomhréir le hAirteagal 4(1),(2) agus (3) agus le hAirteagal 5(1),(2) agus (3) agus trí spriocanna agus oibleagáidí faoi Airteagail 6 go 10 a chomhlíonadh lena n-áirítear leibhéil shásúla táscairí dá dtagraítear in Airteagail 8(1), 9(2) agus 10(2) a bhaint amach mar bhealach chun an bhithéagsúlacht agus athléimneacht éiceachórais a chaomhnú nó a fheabhsú;

(4)

ciallaíonn ‘dea-bhail’ cineáil gnáthóige staid ina léiríonn a príomh-shaintréithe ▌, go háirithe a struchtúr agus a feidhmeanna agus a speicis thipiciúla nó a chomhdhéanamh de speicis thipiciúla an t-ardleibhéal sláine éiceolaíoch, cobhsaíochta agus athléimneachta is gá chun a áirithiú go gcoinnítear ar bun go fadtéarmach é agus, ar an gcaoi sin, go rannchuidíonn sé le stádas fabhrach caomhnaithe a bhaint amach nó a choinneáil de réir Airteagal 1, pointe (e) de Threoir 92/43/CEE, i gcás ina liostaítear an cineál gnáthóige lena mbaineann in Iarscríbhinn I den Treoir sin, agus, in éiceachórais mhuirí, ina rannchuidíonn sé le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Threoir 2008/56/CE ;

(5)

ciallaíonn ‘limistéar tagartha fabhrach’ an limistéar iomlán de chineál gnáthóige i réigiún bithgheografach ar leith nó i réigiún muirí ar an leibhéal náisiúnta a meastar gurb é an t-íosmhéid is gá chun inmharthanacht fhadtéarmach an chineáil ghnáthóige agus a ghnáth speiceas nó a ghnáth-chomhdhéanamh speiceas a áirithiú, agus na héagsúlachtaí suntasacha éiceolaíocha ar fad ina raon nádúrtha, agus atá comhdhéanta de limistéar an chineál ghnáthóige agus, mura leor an limistéar sin, an limistéar is gá chun an cineál gnáthóige a athbhunú; i gcás ina liostaítear an cineál gnáthóige lena mbaineann in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, rannchuidíonn an t-athbhunú sin le stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach de réir Airteagal 1, pointe (e) den Treoir sin agus, in éiceachórais mhuirí, rannchuidíonn an t-athbhunú sin le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil de réir Airteagal 3(5) de Threoir 2008/56/CE;

(6)

ciallaíonn ‘cáilíocht leordhóthanach gnáthóige’ cáilíocht de ghnáthóg speicis lenar féidir ceanglais éiceolaíocha speicis a chomhlíonadh ag céim ar bith dá thimthriall bitheolaíoch ionas go mbeidh sí á cothabháil ar bhonn fadtéarmach mar chuid inmharthana dá ghnáthóg ina raon nádúrtha, lena rannchuidítear le stádas fabhrach caomhnaithe speiceas a bhaint amach nó a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 1, pointe (i) de Threoir 92/43/CEE le haghaidh na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn II, IV nó V a ghabhann leis an Treoir sin agus lena ndaingnítear líon na speiceas éan fiáin a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE agus, ina theannta sin, in éiceachórais mhuirí, lena rannchuidítear le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil de réir Airteagal 3(5) de Threoir 2008/56/CE ;

(7)

ciallaíonn ‘cainníocht leordhóthanach gnáthóige’ cainníocht de ghnáthóg speicis lenar féidir ceanglais éiceolaíocha speicis a chomhlíonadh ag céim ar bith dá thimthriall bitheolaíoch ionas go mbeidh sí á cothabháil ar bhonn fadtéarmach mar chuid inmharthana dá ghnáthóg ina raon nádúrtha , lena rannchuidítear le stádas fabhrach caomhnaithe speiceas a bhaint amach nó a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 1, pointe (i) de Threoir 92/43/CEE le haghaidh na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn II, IV nó V a ghabhann leis an Treoir sin agus lena ndaingnítear líon na speiceas éan fiáin a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE agus, ina theannta sin, in éiceachórais mhuirí, lena rannchuidítear le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil de réir Airteagal 3(5) de Threoir 2008/56/CE ;

(7a)

ciallaíonn “meath” a bheith ina chúis le héifeacht dhíobhálach ghlan ar na cineálacha gnáthóige agus ar ghnáthóga na speiceas a chumhdaítear le hAirteagal 4(6) agus (7) agus le hAirteagal 5(6) agus (7), a mhéid a d’fhéadfadh an éifeacht sin a bheith suntasach i ndáil le cuspóir foriomlán Airteagal 4 agus Airteagal 5 chun na cineálacha gnáthóige agus gnáthóga na speiceas sin a chothabháil nó a athbhunú go stádas caomhantais fabhrach ar an leibhéal náisiúnta agus, spleách ar chineál gnáthóige nó ar ghnáthóg speicis lena mbaineann, ar leibhéal bithgheografach. [Leasú 117/rev1]

(8)

ciallaíonn ‘pailneoir’ feithid fhiáin a iompraíonn pailin ó antar planda go dtí stiogma planda, rud a chumasaíonn leasú agus táirgeadh síolta;

(9)

ciallaíonn ‘meath phobail na bpailneoirí’ laghdú ar fhlúirse nó ar éagsúlacht pailneoirí, nó ar an dá rud;

(9a)

ciallaíonn ‘speicis crainn dúchasaigh’ speiceas crainn a fhaightear laistigh dá raon nádúrtha (san am a caitheadh nó san am i láthair) agus acmhainneacht scaipthe (i.e. laistigh den raon ina bhfuil sé áitithe go nádúrtha nó a d’fhéadfadh sé áitiú ann gan lámh a bheith ag an duine, go díreach nó go hindíreach, ina thabhairt isteach nó ina chúram);

(10)

ciallaíonn ‘aonad riaracháin áitiúil’ nó ‘LAU’ rannán riaracháin íseal-leibhéil i mBallstát faoi bhun rannán de chuid cúige, réigiúin nó stáit, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (69);

(10a)

ciallaíonn ‘lárionaid uirbeacha’ agus ‘braislí uirbeacha’ aonaid chríochacha arna n-aicmiú i gcathracha agus i mbailte agus i mbruachbhailte a úsáideann an típeolaíocht ghreillebhunaithe arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 4b.2 de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;

(11)

ciallaíonn ‘cathracha’ LAUnna ina gcónaíonn 50 % ar a laghad den daonra i lárionaid uirbeach amháin nó níos mó, rud a thomhaistear leis an leibhéal uirbithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4b.3, pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;

(12)

ciallaíonn ‘bailte agus bruachbhailte’ LAUnna ina gcónaíonn níos lú ná 50 % den daonra i lárionad uirbeach, ach ina gcónaíonn 50 % ar a laghad den daonra i gcnuasach uirbeach, rud a thomhaistear leis an leibhéal uirbithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4b.3, pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;

(12a)

ciallaíonn ‘limistéir pheirea-uirbeacha’ limistéir atá cóngarach do lárionaid uirbeacha nó do bhraislí uirbeacha, lena n-áirítear gach limistéar laistigh de 1 chiliméadar ar a laghad arna thomhas ó theorainneacha forimeallacha na lárionad uirbeach nó na mbraislí uirbeacha sin, agus atá lonnaithe sa chathair chéanna nó sa bhaile céanna agus sna bruachbhailte céanna leis na lárionaid uirbeacha nó na braislí uirbeacha sin;

(13)

ciallaíonn ‘spás glas uirbeach’ limistéar iomlán crann, sceach, tom, fásra luibheach buan, léicin agus caonaigh, linnte agus sruthchúrsaí a fhaightear i gcathracha nó i mbailte agus i mbruachbhailte a ríomhtar ar bhonn sonraí arna soláthar ag seirbhís faireacháin Copernicus ar thalamh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (70) , agus, i gcás ina mbíonn fáil orthu maidir leis an mBallstát lena mbaineann, sonraí forlíontacha iomchuí eile a chuireann an Ballstát sin ar fáil ;

(14)

ciallaíonn ‘ceannbhrat crainn uirbeach’ limistéar iomlán chumhdach na gcrann sna cathracha agus sna bailte agus sna bruachbhailte, a ríomhtar ar bhonn shonraí dhlús cumhdaigh na gcrann a sholáthraíonn Seirbhís Faireacháin Copernicus ar Thalamh arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , agus, i gcás ina mbíonn fáil orthu maidir leis an mBallstát lena mbaineann, sonraí forlíontacha iomchuí eile a chuireann an Ballstát sin ar fáil;

(14a)

ciallaíonn ‘abhainn shaorchúrsála’ abhainn nó stráice abhann nach gcuireann struchtúir shaorga ar bacainn iad bac ar a nascacht chomhthreomhar, chliathánach agus cheartingearach agus nach ndéantar difear, den chuid is mó, dá feidhmeanna nádúrtha;

(14b)

Ciallaíonn ‘athfhliuchadh tailte móna’ an próiseas a bhaineann le hithir mhóna dhraenáilte a athrú ina hithir fhliuch;

(15)

ciallaíonn ‘ dlúslimistéar in-athnuaiteán’ dlúslimistéar mar a shainmhínítear é i bpointe 9(a) d’Airteagal 2 de Threoir 2018/2001/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (71).

CAIBIDIL II

SPRIOCANNA AGUS OIBLEAGÁIDÍ ATHCHÓIRITHE

Airteagal 4

Éiceachórais talún, chósta agus fionnuisce a athchóiriú

1.    Beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit na bearta athchóirithe is gá a chur i bhfeidhm i láithreáin Natura 2000 chun bogadh i dtreo stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach maidir leis na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhfuil drochbhail orthu. Cuirfear bearta den sórt sin i bhfeidhm i limistéar líonra Natura 2000 de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhfuil drochbhail orthu, mar atá cainníochtaithe sa phlean náisiúnta um athchóiriú dá dtagraítear in Airteagal 12. [Leasú 21]

2.   Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóiriúcháin is gá i bhfeidhm chun na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a athbhunú i limistéir nach gcumhdaítear leis na cineálacha gnáthóige sin agus é mar aidhm acu a limistéar tagartha fabhrach a bhaint amach . Beidh bearta den sórt sin i bhfeidhm i limistéir is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo ▌. [Leasú 99]

3.   Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóirithe i bhfeidhm maidir le gnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinní II, IV agus V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus maidir le gnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na n-éan fiáin a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE atá, sa bhreis ar na bearta athchóirithe i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, riachtanach chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chainníocht na ngnáthóg sin, lena n-áirítear trína n-athbhunú, agus chun nascacht a fheabhsú, go dtí go mbainfear cáilíocht agus cainníocht leordhóthanach na ngnáthóg sin amach.

4.   Beidh cinneadh na limistéar is oiriúnaí do bhearta athchóiriúcháin i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil agus ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí maidir le bail na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I, a thomhaistear de réir an struchtúir agus na bhfeidhmeanna is gá dá gcothabháil fhadtéarmach lena n-áirítear a ngnáthspeicis, dá dtagraítear in Airteagal 1(e) de Threoir 92/43/CEE, agus maidir le cáilíocht agus cainníocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis arna tuairisciú faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE agus Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE , agus i gcás inarb iomchuí, éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 11( 9a) á cur san áireamh.

4a.     Áiritheoidh na Ballstáit, faoi 2030 ar a dhéanaí, go bhfuil an bhail ar eolas maidir le 90 % ar a laghad den limistéar arna dháileadh ar fud gach cineáil gnáthóg a liostaítear in Iarscríbhinn I. Faoi 2040 beidh eolas ar bhail gach limistéir gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I.

5.   Leis na bearta athchóirithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, measfar an gá atá le nascacht fheabhsaithe idir na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I agus cuirfear san áireamh riachtanais éiceolaíocha na speiceas dá dtagraítear i mír 3 atá sna cineálacha gnáthóige sin.

6.    Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú nach dtiocfaidh laghdú suntasach le himeacht ama ar an limistéar iomlán náisiúnta a bhfuil dea-bhail air, agus ar an méid iomlán limistéir atá ar chaighdeán leordhóthanach ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 . [Leasú 100]

[Leasuithe. 25, 101 agus 121]

8.   Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, tá údar cuí le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 6 ▌más é is cúis leis:

(a)

force majeure lena n-áirítear tubaistí nádúrtha;

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo; ▌

(c)

plean nó tionscadal leasa phoiblí sháraithigh nach bhfuil réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna ar fáil ina leith, a chinnfear ar bhonn cás ar chás;

(ca)

In imthosca eisceachtúla, a bhaineann le cur i gcrích gníomhaíochtaí leas an phobail nó leanúint de ghníomhaíochtaí leas an phobail, tabharfar údar le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 6, ar choinníoll nach gcuireann sé baint amach na spriocanna maidir le hathchóiriú a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 i mbaol. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na himthosca eisceachtúla sin agus tabharfaidh siad údar cuí leo gan mhoill; nó [Leasú 6]

(d)

gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht ó thríú tíortha nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach astu.

8a.     Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, níl feidhm ag an oibleagáid bearta riachtanacha a chur i bhfeidhm a leagtar amach i mír 7 maidir le meathlú arb é is cúis leis:

(a)

force majeure lena n-áirítear tubaistí nádúrtha;

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo;

(c)

pleananna nó tionscadail lena ngabhann leas poiblí sáraitheach nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna ina leith; or

(d)

gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht ó thríú tíortha nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach astu.

9.   Maidir le láithreáin Natura 2000, tá údar cuí le neamhchomhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i míreanna 6 agus 7, más é is cúis leis:

(a)

force majeure lena n-áirítear tubaistí nádúrtha ;

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo; nó

(c)

plean nó tionscadal arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE.

10.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh:

(a)

méadú ar an limistéar gnáthóige a bhfuil dea-bhail air le haghaidh cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I go dtí go mbeidh dea-bhail ar 90 % díobh ar a laghad agus go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach do gach cineál gnáthóige i ngach réigiún bithgheografach an Bhallstát lena mbaineann ;

(b)

treocht mhéadaitheach i dtreo cháilíocht agus chainníocht leordhóthanach ghnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na speiceas dá dtagraítear in Iarscríbhinní II, IV agus V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus na speiceas a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE.

10a.     Sna bearta atá le glacadh faoin Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit ceanglais eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Threoir 92/43/CEE. [Leasú 27]

Airteagal 5

Éiceachórais mhuirí a athchóiriú

1.   Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóirithe is gá i bhfeidhm chun feabhas a chur ar limistéir na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II a bhfuil drochbhail orthu. Beidh na bearta sin i bhfeidhm ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

30 % ar a laghad faoi 2030 d’achar iomlán ghrúpaí 1-6 na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil dea-bhail air, mar a chainníochtaítear sa phlean náisiúnta athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12;

(b)

60 % ar a laghad faoi 2040 agus 90 % ar a laghad faoi 2050 de limistéar gach ceann de grúpaí 1-6 de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil dea-bhail air, mar a chainníochtaítear sa phlean náisiúnta athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12;

(c)

dhá thrian den chéatadán, dá dtagraítear i bpointe (d), faoi 2040 de limistéar ghrúpa 7 de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil dea-bhail air, mar a chainníochtaítear sa phlean náisiúnta athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12; and

(d)

céatadán, arna shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 11(2a), faoi 2050, den limistéar i ngrúpa 7 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II agus nach bhfuil bail mhaith air, mar a chainníochtaítear sa phlean náisiúnta athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12.

Socrófar an céatadán, dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo, ionas nach gcuirfear cosc ar dhea-stádas comhshaoil, arna chinneadh de bhun Airteagal 9(1) de Threoir 2008/56/CE, a bhaint amach nó a choinneáil ar bun.

[Leasú 29]

3.   Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóiriúcháin i bhfeidhm maidir le gnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinní II, IV agus V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus maidir le gnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na n-éan fiáin a chumhdaítear faoi Threoir 2009/147/CE atá , sa bhreis ar na bearta athchóiriúcháin arna ndéanamh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, riachtanach chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chainníocht na ngnáthóg sin, lena n-áirítear trína n-athbhunú, agus chun nascacht a fheabhsú, go dtí go mbainfear cáilíocht agus cainníocht leordhóthanach na ngnáthóg sin amach.

4.   Beidh cinneadh na limistéar is oiriúnaí do bhearta athchóiriúcháin i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil agus ar an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch is déanaí maidir le bail na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II a chinneadh ▌agus cáilíocht agus cainníocht ghnáthóga na speicis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo , agus úsáid á baint as an bhfianaise arna tuairisciú faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE agus Airteagal 17 de Threoir 2008/56/CE .

4a.     Áiritheoidh na Ballstáit, faoi 2030 ar a dhéanaí, go bhfuil siad ar an eolas faoin mbail atá ar 50 % ar a laghad den limistéar arna scaipeadh ar fud gach cineáil gnáthóige a liostaítear i ngrúpaí 1-6 d’Iarscríbhinn II. Faoi 2040 beidh eolas ar bhail gach limistéir de ghrúpaí 1-6 de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, faoi 2040 ar a dhéanaí, go bhfuil siad ar an eolas faoin mbail atá ar 50 % ar a laghad den limistéar arna scaipeadh ar fud gach cineáil gnáthóige a liostaítear i ngrúpa 7 d’Iarscríbhinn II. Faoi 2050 beifear ar an eolas maidir leis an mbail ar gach limistéir de ghrúpa 7 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II.

5.   Leis na bearta athchóirithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, measfar an gá atá le comhleanúnachas éiceolaíoch agus nascacht fheabhsaithe idir na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II agus cuirfear san áireamh riachtanais éiceolaíocha na speiceas dá dtagraítear i mír 3 atá sna cineálacha gnáthóige sin.

6.   Maidir leis na limistéir atá faoi réir bearta athchóirithe de réir míreanna 1, 2 agus 3, féachfaidh na Ballstáit lena n-áirithiú go bhfeicfear feabhas leanúnach ar bhail na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II go dtí go mbainfear dea-bhail amach, agus go bhfeicfear feabhas leanúnach ar cháilíocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear i mír 3, go dtí go mbainfear cáilíocht leordhóthanach na ngnáthóg sin amach. Féachfaidh na Ballstáit le bearta riachtanacha a chur i bhfeidhm, i gcás inar féidir, chun nach dtiocfaidh meath suntasach ar an leibhéal náisiúnta ar limistéir inar baineadh dea-bhail amach, agus inar baineadh cáilíocht leordhóthanach ghnáthóga na speiceas amach. [Leasú 125/rev1]

[Leasuithe. 32, 104 agus 126/rev1]

8.   Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, tá údar cuí le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 6 ▌ más é is cúis leis:

(a)

force majeure lena n-áirítear tubaistí nádúrtha ;

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo; ▌

(ca)

in imthosca eisceachtúla, a bhaineann le cur i gcrích gníomhaíochtaí leas an phobail nó leanúint de ghníomhaíochtaí leas an phobail, tabharfar údar le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 6, ar choinníoll nach gcuireann sé baint amach na spriocanna maidir le hathchóiriú a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 i mbaol. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na himthosca eisceachtúla sin agus tabharfaidh siad údar cuí leo gan mhoill; [Leasú 7]

(d)

gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht ó thríú tíortha nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach astu.

8a.     Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, níl feidhm ag an oibleagáid bearta riachtanacha a chur i bhfeidhm a leagtar amach i mír 7 maidir le meathlú arb é is cúis leis:

(a)

force majeure lena n-áirítear tubaistí nádúrtha;

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo;

(c)

pleananna nó tionscadail lena ngabhann leas poiblí sáraitheach, nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna ina leith; or

(d)

gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht ó thríú tíortha nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach astu.

9.   Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, tá údar cuí le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i míreanna 6 agus 7 más é is cúis leis:

(a)

force majeure lena n-áirítear tubaistí nádúrtha ;

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo; nó

(c)

plean nó tionscadal arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE.

10.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh:

(a)

méadú ar an limistéar gnáthóige a bhfuil dea-bhail air le haghaidh cineálacha gnáthóige a liostaítear i ngrúpaí 1–6 d’Iarscríbhinn II go dtí go mbeidh dea-bhail ar 90 % díobh ar a laghad agus go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach do gach cineál gnáthóige i ngach réigiún bithgheografach den Bhallstát lena mbaineann ;

(aa)

méadú ar an limistéar gnáthóige a bhfuil dea-bhail air le haghaidh cineálacha gnáthóige a liostaítear i ngrúpa 7 d’Iarscríbhinn II go dtí go mbeidh dea-bhail ar an gcéatadán ar a laghad dá dtagraítear i mír 1, pointe (d) agus go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach do gach cineál gnáthóige i ngach réigiún bithgheografach den Bhallstát lena mbaineann;

(b)

treocht dhearfach i dtreo cháilíocht agus chainníocht leordhóthanach ghnáthóga muirí na speiceas dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinní II, IV agus V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus na speiceas a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE.

Airteagal 5a

Fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite

Chun críocha Airteagal 4(8) agus (8a) agus Airteagal 5(8) agus (8a), measfar gur chun leas sáraitheach an phobail pleanáil, tógáil agus oibriú gléasraí le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, a nasc leis an eangach agus leis an eangach ghaolmhar féin agus sócmhainní stórála. Féadfaidh na Ballstáit iad a dhíolmhú ón gceanglas nach mbeidh teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna faoi Airteagail 4(8) agus (8a) agus 5(8) agus (8a), má rinneadh measúnú straitéiseach comhshaoil i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2001/42/CE nó má bhí siad faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2011/92. Féadfaidh na Ballstáit, in imthosca cuí-réasúnaithe agus sonracha, cur i bhfeidhm na forála sin a shrianadh do chodanna áirithe dá gcríoch, agus do chineálacha áirithe teicneolaíochtaí nó do thionscadail ag a bhfuil saintréithe teicniúla áirithe, i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar amach ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, de bhun Rialachán (AE) 2018/1999. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na srianta atá curtha i bhfeidhm agus tabharfaidh siad údar cuí leo.

Airteagal 5b

Cosaint Náisiúnta

1.     Agus bearta athchóiriúcháin á gcur i bhfeidhm acu chun críocha Airteagal 4(1), (2) agus (3) agus Airteagal 5(1), (2) agus (3), féadfaidh na Ballstáit limistéir a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo cosaint náisiúnta a dhíolmhú, má mheastar nach bhfuil na bearta sin ag luí le húsáid mhíleata leanúnach na limistéar i dtrácht.

2.     Chun críocha Airteagal 4(8) agus (8a) agus Airteagal 5(8) agus (8a), féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go dtoimhdeofar go bhfuil pleananna agus tionscadail arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo cosaint náisiúnta, chun leasa an phobail sháraitheach. Chun críocha Airteagal 4(8) agus (8a) agus Airteagal 5(8) agus (8a),Féadfaidh na Ballstáit na pleananna agus na tionscadail sin a dhíolmhú freisin ón gceanglas nach mbeidh teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna. I gcás ina mbeidh an díolúine sin le cur i bhfeidhm, áfach, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann bearta i bhfeidhm, a mhéid is réasúnta agus is indéanta, darb aidhm an tionchar ar na cineálacha gnáthóige a mhaolú.

Airteagal 6

Éiceachórais uirbeacha a athchóiriú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon ghlanchaillteanas i limistéar náisiúnta iomlán an spáis ghlais uirbigh, ná i gceannbhrat crainn uirbeach i limistéir éiceachórais uirbeacha, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2b), faoin 31 Nollaig 2030, i gcomparáid le [bliain theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] . Chun críocha na hoibleagáide sin, féadfaidh na Ballstáit na limistéir éiceachórais uirbigh ina bhfuil sciar an spáis ghlais uirbigh i lárionaid uirbeacha agus i mbraislí uirbeacha níos mó ná 45 % agus gur mó ná 10 % an sciar de chlúdach ceannbhrat na gcrann uirbeach iontu a eisiamh ón limistéar náisiúnta iomlán sin.

2.    Ina dhiaidh sin, bainfidh na Ballstáit amach treocht mhéadaitheach i limistéar náisiúnta iomlán an spáis ghlais uirbigh , lena n-áirítear trí spás glas uirbeach a chomhtháthú i bhfoirgnimh agus i mbonneagar, i limistéir éiceachórais uirbigh, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2b), arna thomhas gach 6 bliana tar éis an 31 Nollaig 2030, go dtí go mbainfear amach leibhéal sásúil arna shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 11(3) .

3.     Bainfidh na Ballstáit amach, i ngach limistéar éiceachórais uirbigh, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2b), treocht mhéadaitheach maidir le ▌ceannbhrat crainn uirbeach, arna thomhas gach 6 bliana tar éis an 31 Nollaig 2030, go dtí go sroichfear an leibhéal sásúil arna shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 11(3).

Airteagal 7

Nascacht nádúrtha aibhneacha agus feidhmeanna nádúrtha na dtuilemhánna gaolmhara a athchóiriú

1.   Déanfaidh na Ballstáit fardal de na bacainní saorga ar ▌nascacht na n-uiscí dromchla , agus a bhfeidhmeanna socheacnamaíocha á gcur san áireamh, agus sainaithneoidh siad na bacainní nach mór a bhaint chun rannchuidiú leis na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo a bhaint amach, chomh maith le sprioc an Aontais a bhaint amach maidir le 25 000 km ar a laghad d’aibhneacha an Aontais a chur ag sreabhadh go saor arís faoi 0, gan dochar do Threoir 2000/60/CE, go háirithe Airteagail 4(3), 4(5) agus 4(7) de, agus Rialachán 1315/2013, go háirithe Airteagal 15 de.

2.   Bainfidh na Ballstáit na bacainní saorga ar nascacht ▌na n-uiscí dromchla bunaithe ar an bhfardal faoi mhír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an bplean chun iad a bhaint dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointí (e) agus (f). Agus bacainní á mbaint ag na Ballstáit, tabharfaidh siad aghaidh go príomha ar bhacainní atá imithe i léig, bacainní nach bhfuil gá leo a thuilleadh do ghiniúint an fhuinnimh in-athnuaite, loingseoireacht intíre, soláthar uisce , cosaint ar thuilte, nó úsáidí eile.

3.   Comhlánóidh na Ballstáit baint na mbacainní dá dtagraítear i mír 2 leis na bearta is gá chun feabhas a chur ar fheidhmeanna nádúrtha na dtuilemhánna gaolmhara.

4.     Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar nascacht nádúrtha aibhneacha agus feidhmeanna nádúrtha na tuilemhánna gaolmhara arna n-athchóiriú i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

Airteagal 8

Pobail na bpailneoirí a athchóiriú

1.    Trí bhearta iomchuí agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit éagsúlacht pailneoirí a fheabhsú, cuirfidh siad meath phobail na bpailneoirí ina cheart faoi 2030 ar a dhéanaí agus bainfidh siad amach ina dhiaidh sin treocht mhéadaitheach maidir le pobail na bpailneoirí, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus ar pobail iad a thomhaisfear gach 6 bliana tar éis 2030, go dtí go mbainfear leibhéil shásúla amach, mar a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 11(3). [Leasú 88]

2.    Faoin ... [9 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20 chun modh eolaíochtbhunaithe a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar éagsúlacht pailneoirí agus ar phobail na bpailneoirí. [Leasú 89]

3.   Leis an modh dá dtagraítear i mír 2, soláthrófar treoir do na Ballstáit chun leibhéil shásúla a shainiú de bhun Airteagal 11(3) agus cur chuige caighdeánaithe chun sonraí bliantúla a bhailiú maidir le flúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí ar fud éiceachóras, chun measúnú a dhéanamh ar threochtaí i bpobail na bpailneoirí agus ar éifeachtacht na mbeart athchóirithe arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo . [Leasú 90]

3a.    Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go dtiocfaidh sonraí faireacháin ó líon leormhaith láithreán chun ionadaíochas a áirithiú ar fud na críche. Áiritheoidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha chun faireachán a dhéanamh ar eolaíocht saoránach agus chun í a chur chun cinn. [Leasú 91]

3b.     Tabharfaidh an Coimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, go háirithe EEA, EFSA agus ECHA, aghaidh go comhpháirteach ar na brúnna is mó a bhíonn ar phailneoirí agus tacóidh siad leis na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh. [Leasú 92]

[Leasú 34]

Airteagal 10

Éiceachórais foraoise a athchóiriú

1.   Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóirithe is gá i bhfeidhm chun bithéagsúlacht na n-éiceachóras foraoise a fheabhsú, chomh maith leis na limistéir atá faoi réir bearta athchóirithe de bhun Airteagal 4(1), (2) agus (3).

2.   Bainfidh na Ballstáit treocht mhéadaitheach amach ar an leibhéal náisiúnta de gach ceann de na táscairí seo a leanas in éiceachórais foraoise, mar a leagtar amach a thuilleadh in Iarscríbhinn VI, a thomhaisfear sa tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí an 31 Nollaig 2030, agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, go dtí go mbainfear amach na leibhéil shásúla a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 11(3):

[Leasú 129/rev1]

[Leasú 130/rev1]

( c )

innéacs na n-éan coiteann foraoise.

2a.     Bainfidh na Ballstáit treocht mhéadaitheach amach ar an leibhéal náisiúnta maidir le trí cinn de na táscairí seo a leanas in éiceachórais foraoise, mar a leagtar amach a thuilleadh in Iarscríbhinn VI, arna roghnú ar bhonn a gcumais chun feabhsú bhithéagsúlacht na n-éiceachóras foraoise laistigh den Bhallstát lena mbaineann a léiriú. Déanfar an treocht a thomhas sa tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí an 31 Nollaig 2030, agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, go dtí go sroichfear na leibhéil shásúla arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 11(3):

(a)

sciar na bhforaoisí ag a bhfuil struchtúr corraoiseach;

(b)

nascacht foraoisí;

(c)

stoc an charbóin orgánaigh;

(d)

an sciar d’fhoraoisí arb iad speicis na gcrann dúchasach is mó atá iontu;

(e)

éagsúlacht speiceas crann.

3.     Tá údar cuí le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i míreanna 2 agus 2a más é is cúis leis:

(a)

force majeure ar mhórscála, lena n-áirítear tubaistí nádúrtha, go háirithe falscaithe neamhphleanáilte agus neamhrialaithe; nó

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo.

Airteagal 10a

3 bhilliún crann breise a chur

1.     Agus na bearta athchóirithe á sainaithint agus á gcur chun feidhme chun na cuspóirí agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4, 6, 9 agus 10 a chomhlíonadh, rannchuideoidh na Ballstáit le cuspóir an Aontais a bhaint amach maidir le 3 bhilliún crann breise ar a laghad a chur faoi 2030.

2.     Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear amach an cuspóir a leagtar amach i mír 1 agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail éiceolaíocha, éagsúlacht speiceas a áirithiú, tús áite a thabhairt do speicis crann dúchasach ach amháin, i gcásanna agus i ndálaí an-sonrach, speicis neamhdhúchasacha atá oiriúnaithe don chomhthéacs áitiúil ithreach, aeráide agus éiceolaíoch agus do ghnáthóga a bhfuil ról acu maidir le hathléimneacht mhéadaithe i gcoinne an athraithe aeráide a chothú. Na bearta chun an cuspóir a bhaint amach, beidh sé d’aidhm acu nascacht a mhéadú agus beidh siad bunaithe ar phrófhoraoisiú, ar athfhoraoisiú inbhuanaithe agus ar ghlasú limistéar uirbeach.

3.     Ní áireofar crainn a chuirtear chun críocha lománaíochta don chuspóir a leagtar amach i mír 1. [Leasú 80]

CAIBIDIL III

PLEANANNA NÁISIÚNTA UM ATHCHÓIRIÚ

Airteagal 11

Pleananna náisiúnta um athchóiriú a ullmhú

1.   Ullmhóidh na Ballstáit pleananna náisiúnta um athchóiriú agus déanfaidh siad an faireachán agus an taighde ullmhúcháin is gá chun na bearta athchóirithe a shainaithint atá riachtanach chun rannchuidiú le spriocanna an Aontais agus chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10 a bhaint amach, agus an fhianaise eolaíoch is déanaí, riachtanais na bpobal áitiúil, lena n-áirítear pobail uirbeacha, na bearta is costéifeachtaí agus tionchar socheacnamaíoch na mbeart sin á gcur san áireamh. Tá gá le rannpháirtíocht iomchuí geallsealbhóirí, lena n-áirítear úinéirí talún agus bainisteoirí talún, ag gach céim den phróiseas.[Leasú 35]

2.   Cainníochtóidh na Ballstáit an limistéar nach mór a athchóiriú chun na spriocanna athchóirithe a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 a bhaint amach, agus bail na gcineálacha gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinní 4(1), 4(2), 5(1) agus 5(2) agus cáilíocht agus cainníocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear in Airteagail 4(3) agus 5(3) ▌á gcur san áireamh. Bunófar an cainníochtú ar an bhfaisnéis seo a leanas, i measc nithe eile:

(a)

maidir le gach cineál gnáthóige:

(i)

an limistéar gnáthóige iomlán agus léarscáil de dháileadh an limistéir faoi láthair;

(ii)

an limistéar gnáthóige a bhfuil drochbhail air;

(iii)

an limistéar tagartha fabhrach agus na taifid ar dháileadh stairiúil á gcur san áireamh, mar aon leis na hathruithe réamh-mheasta ar dhálaí comhshaoil i ngeall ar an athrú aeráide;

[Leasú 37]

(b)

cáilíocht agus cainníocht leordhóthanach ghnáthóga na speiceas is gá chun stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach, agus na limistéir is oiriúnaí de na gnáthóga sin á gcur san áireamh, i bhfianaise na n-athruithe i ngeall ar an athrú aeráide mar aon le feidhmeanna talún ó thaobh táirgeadh bia de agus riachtanais iomaíocha na ngnáthóg agus na speiceas ; [Leasú 38]

(ba)

chun an limistéar de gach cineál gnáthóige is gá a athchóiriú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a) agus in Airteagal 5(1), pointe (a) a bhaint amach, ní áireofar sa limistéar gnáthóige nach bhfuil dea-bhail air dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) ach limistéir arb eol an bhail atá orthu;

(bb)

chun an limistéar de gach cineál gnáthóige is gá a athchóiriú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagail 4(1), pointe (b) agus 5(1), pointí (b), (c) agus (d) a chainníochtú, ní áireofar sa limistéar gnáthóige nach bhfuil dea-bhail air amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den mhír seo ach na limistéir sin arb eol an bhail atá orthu nó a bheifear ar an eolas faoin mbail orthu de bhun Airteagail 4(4a) agus 5(4a);

(bc)

indéantacht an athchóirithe, costéifeachtacht agus leasanna socheacnamaíocha contrártha; [Leasú 39]

(bd)

dlús daonra agus ganntanas spáis sa Bhallstát. [Leasú 40]

2a.    Áiritheofar maoiniú bearnaí cistiúcháin i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo gan úsáid a bhaint as aon chistiú ó CBT, ó CBI ná ó shruthanna cistiúcháin talmhaíochta agus iascaigh eile. [Leasú 134]

2b.     Maidir le grúpa 7 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II, socróidh na Ballstáit an céatadán dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d).

2c.     Déanfaidh na Ballstáit limistéir éiceachórais uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 6 a chinneadh agus a mhapáil dá gcathracha agus dá mbailte agus dá mbruachbhailte go léir.

Áireofar an méid seo a leanas i limistéar éiceachórais uirbigh cathrach nó baile agus bruachbhaile:

(a)

an chathair nó an baile agus an bruachbhaile ar fad; or

(b)

codanna den chathair nó den bhaile agus den bhruachbhaile, lena n-áirítear ar a laghad a lárionaid uirbeacha, a bhraislí uirbeacha agus, má mheasann an Ballstát lena mbaineann go bhfuil sé iomchuí , a limistéir pheirea-uirbeacha.

Féadfaidh na Ballstáit na limistéir éiceachórais uirbigh in dhá chathair chóngaracha nó níos mó agus/nó bailte agus bruachbhailte nó níos mó a chomhiomlánú in aon limistéar éiceachórais uirbigh amháin is coiteann do na cathracha agus/nó na bailte agus na bruachbhailte sin.

3.   Socróidh na Ballstáit, faoi 2030 ar a dhéanaí, leibhéil shásúla do gach ceann de na táscairí dá dtagraítear in Airteagail 8(1), 9(2), 10(2) , do gach ceann de na táscairí a roghnófar in Airteagal 10(2a) agus don spás glas uirbeach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus do chumhdach ceannbhrat crainn uirbeach dá dtagraítear in Airteagal 6(3) , trí phróiseas agus measúnú oscailte éifeachtach, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí▌, ar an gcreat treorach dá dtagraítear in Airteagal 17( 9a ) agus, má tá fáil air, ar an gcreat treorach dá dtagraítear in Airteagal 17(9) .

4.   Déanfaidh na Ballstáit na limistéir thalmhaíochta agus foraoise a bhfuil athchóiriú de dhíth orthu a shainaithint agus a mhapáil, go háirithe na limistéir a bhfuil nascacht fheabhsaithe agus éagsúlacht tírdhreacha de dhíth orthu mar gheall ar ghéarú nó tosca bainistíochta eile.

4a.     Féadfaidh na Ballstáit, laistigh de bhliain amháin ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, modheolaíocht a fhorbairt chun an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a chomhlánú, chun faireachán a dhéanamh ar ghnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta nach gcumhdaítear faoin modh coiteann dá dtagraítear sa tuairisc ar ghnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta san Iarscríbhinn sin. Cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil maidir leis an gcreat chun modheolaíocht den sórt sin a fhorbairt laistigh de mhí amháin ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4b.     Cinnfidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, an laghdú ar mhéid na dtailte móna dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d’Airteagal 9(4).

5.   Sainaithneoidh na Ballstáit sineirgí le maolú ar an athrú aeráide, le hoiriúnú don athrú aeráide, le neodracht ó thaobh díghrádú talún agus le cosc tubaistí, agus cuirfidh siad bearta athbhunaithe in ord tosaíochta dá réir. Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh freisin:

(a)

a bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999;

(b)

a straitéis fhadtéarmach dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1999;

(c)

sprioc cheangailteach an Aontais le haghaidh 2030 a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2018/2001/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

6.   Comhordóidh na Ballstáit forbairt na bpleananna náisiúnta athchóiriúcháin agus mapáil na limistéar is gá chun ar a laghad a rannchuidiú náisiúnta i dtreo sprioc 2030 don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach agus, i gcás inarb ábhartha , na dlúslimistéir in-athnuaiteán agus na limistéir bhonneagair thiomnaithe a ainmniú. Agus na pleananna athchóirithe dúlra á n-ullmhú, áiritheoidh na Ballstáit sineirgí le méadú an bhonneagair fuinnimh in-athnuaite agus fuinnimh agus na ndlúslimistéar athnuaiteán agus na limistéir bhonneagair thiomnaithe agus áiritheoidh siad nach dtiocfaidh aon athrú ar fheidhmiú na réimsí fuinnimh in-athnuaite sin ▌, lena n-áirítear na nósanna imeachta ceadaithe is infheidhme sna dlúslimistéir athnuaiteán sin ▌ dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2018/2001 , chomh maith le feidhmiú na dtionscadal eangaí is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais agus sna nósanna imeachta ceadaithe faoi seach .

7.   Agus a bpleananna náisiúnta um athchóiriú á n-ullmhú ag na Ballstáit, cuirfidh siad an méid seo a leanas san áireamh go háirithe :

(a)

na bearta athchóirithe a bunaíodh le haghaidh láithreáin Natura 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE;

(b)

creataí gníomhaíochta tosaíochta a ullmhaítear i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE;

(c)

bearta chun dea-stádas cainníochtúil , éiceolaíoch agus ceimiceach a bhaint amach dobharlaigh a áirítear i gcláir beart agus i bpleananna bainistithe abhantracha arna n-ullmhú i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE agus pleananna bainistithe riosca tuilte a bunaíodh i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE ;

(d)

i gcás inarb infheidhme, straitéisí muirí chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach do réigiúin mhuirí uile an Aontais a ullmhaítear i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE;

(e)

cláir náisiúnta maidir le truailliú aeir a rialú a ullmhaítear faoi Threoir (AE) 2016/2284;

(f)

straitéisí náisiúnta bithéagsúlachta agus pleananna gníomhaíochta a ullmhaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht;

(g)

i gcás inarb infheidhme, bearta caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh faoin gcomhbheartas iascaigh;

(h)

Pleananna straitéiseacha CBT arna dtarraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115.

8.   Agus na pleananna náisiúnta um athchóiriú á n-ullmhú ag na Ballstáit, féadfaidh siad úsáid a bhaint as na samplaí éagsúla de na bearta athchóirithe a liostaítear in Iarscríbhinn VII, ag brath ar dhálaí sonracha náisiúnta agus áitiúla, agus ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí.

9.   Agus na pleananna náisiúnta um athchóiriú á n-ullmhú ag na Ballstáit, beidh sé d’aidhm acu feidhmeanna éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta na n-éiceachóras a bharrfheabhsú chomh maith lena rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe na réigiún agus na bpobal ábhartha.

9a.     Féadfaidh na Ballstáit, agus na pleananna náisiúnta athchóiriúcháin á n-ullmhú acu, éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla a bhaineann le riachtanais shóisialta, eacnamaíocha agus chultúrtha, tréithe réigiúnacha agus áitiúla agus dlús daonra a chur san áireamh. I gcás inarb iomchuí, ba cheart cás sonrach na réigiún is forimeallaí san Aontas, mar shampla a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtopagrafaíocht agus a n-aeráid achrannach, chomh maith lena mbithéagsúlacht shaibhir agus na costais ghaolmhara a bhaineann lena n-éiceachórais a chosaint agus a athchóiriú, a chur san áireamh.

10.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inar féidir, sineirgí a chothú le pleananna náisiúnta athchóiriúcháin Ballstát eile, go háirithe le haghaidh éiceachórais a théann thar theorainneacha nó i gcás ina roinneann na Ballstáit réigiún muirí nó fo-réigiún muirí de réir bhrí Threoir 2008/56/CE .

10a.     Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil sé praiticiúil agus iomchuí, chun pleananna náisiúnta athbhunaithe a bhunú agus a chur chun feidhme, i ndáil le héiceachórais mhuirí a athchóiriú agus a athbhunú, leas a bhaint as struchtúir chomhair institiúideacha réigiúnacha atá ann cheana.

10b.     I gcás ina sainaithníonn na Ballstáit saincheist ar dóigh di cosc a chur ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le héiceachórais mhuirí a athchóiriú agus a athbhunú agus lena n-éilítear bearta nach bhfuil siad inniúil ina leith, tabharfaidh siad aghaidh, ina n-aonar nó go comhpháirteach, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún nó ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, mar aon le tuairisc ar an tsaincheist shainaitheanta[...] agus ar na bearta a d’fhéadfadh a bheith ann, d’fhonn iad a bhreithniú agus a ghlacadh.

11.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-ullmhófar an plean athchóirithe ar bhealach oscailte, trédhearcach, cuimsitheach agus éifeachtach agus go dtabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal, go háirithe úinéirí talún, bainisteoirí talún, geallsealbhóirí muirí, agus gníomhaithe ábhartha eile, amhail seirbhísí comhairle agus sínidh, i gcomhréir le prionsabal an toilithe fheasaigh roimh ré, a bheith rannpháirteach in ullmhú an phlean . Comhlíonfaidh na comhairliúcháin na ceanglais a leagtar amach i ▌dTreoir 2001/42/CE. [Leasú 12]

Airteagal 12

Ábhar na bPleananna náisiúnta um athchóiriú

1.   Leis an bplean náisiúnta um athchóiriú, cumhdófar an tréimhse suas le 2050, agus beidh sprioc-amanna idirmheánacha ann a chomhfhreagraíonn do na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10.

1a.     De mhaolú ar mhír 1, maidir leis an bplean náisiúnta athchóiriúcháin atá le tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 agus Airteagal 14(6), maidir leis an tréimhse tar éis mhí an Mheithimh 2032, agus go dtí go ndéanfar athbhreithniú air i gcomhréir le hAirteagal 15(1), féadfar é a theorannú d’fhorbhreathnú straitéiseach ar na nithe seo a leanas:

(a)

na heilimintí dá dtagraítear i mír 2; agus;

(b)

na hábhair dá dtagraítear i míreanna 3 agus 3a.

Maidir leis an bplean náisiúnta athbhreithnithe athchóiriúcháin a eascraíonn as an athbhreithniú atá le déanamh roimh Iúil 2032 i gcomhréir le hAirteagal 15(1), maidir leis an tréimhse tar éis mhí an Mheithimh 2042, agus go dtí go ndéanfar athmheas air roimh Iúil 2042 i gcomhréir le hAirteagal 15(1), féadfar é a theorannú d’fhorbhreathnú straitéiseach ar na gnéithe agus ar an inneachar sin.

2.   Cuirfidh na Ballstáit na gnéithe seo a leanas san áireamh ina bplean náisiúnta um athchóiriú, agus an fhormáid aonfhoirmeach a bhunaítear i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo á húsáid acu:

(a)

cainníochtú na limistéar atá le hathchóiriú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagail 4 go 10 a bhaint amach bunaithe ar an obair ullmhúcháin a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 11 agus léarscáileanna táscacha de na limistéir fhéideartha atá le hathchóiriú .

(b)

tuairisc ar na bearta athchóirithe atá beartaithe, nó curtha ar bun, chun na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10 a bhaint amach agus sonraíocht maidir le cé acu de na bearta athchóirithe sin atá beartaithe, nó curtha ar bun, laistigh de líonra Natura 2000 arna bhunú i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE;

(ba)

roinn ar leith ina leagtar amach na bearta chun na hoibleagáidí in Airteagail 4(4a) agus 5(4a) a bhaint amach;

[Leasú 41]

[Leasú 42]

(e)

fardal na mbacainní agus na bacainní a shainaithnítear chun iad a bhaint i gcomhréir le hAirteagal 7(1), an plean chun iad a bhaint i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus ▌meastachán ar fhad na n-aibhneacha saorshreafa atá le baint amach trí na bacainní sin a mheastar a bheidh ann ó 2020 go 2030 agus ▌2050, agus aon bheart eile chun feidhmeanna nádúrtha na dtuilemhánna a athbhunú i gcomhréir le hAirteagal 7(3);

(ea)

bonn cirt, i gcás inarb infheidhme, le talamh móna a athfhliuchadh ar chion níos ísle ná mar a leagtar amach in Airteagal 9(4), an chéad fhomhír, pointí (a) go (c);

(eb)

cuntas ar na táscairí d’éiceachórais foraoise arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 10(2a), agus ar a n-oiriúnacht chun feabhsú na bithéagsúlachta in éiceachórais foraoise laistigh den Bhallstát lena mbaineann a léiriú;

(f)

an t-am chun na bearta athchóirithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 4 go 10;

(g)

roinn ar leith ina leagtar amach bearta athchóirithe saincheaptha sna réigiúin is forimeallaí, de réir mar is infheidhme

(h)

an faireachán ar na limistéir atá faoi réir athchóiriú i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5, an próiseas chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart athchóirithe a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 4 go 10 agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta sin nuair is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10;

(i)

léiriú ar na forálacha maidir le héifeachtaí leanúnacha, fadtéarmacha agus marthanacha na mbeart athchóirithe dá dtagraítear in Airteagail 4 go 10 a áirithiú;

(j)

na comhthairbhí measta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus neodracht díghrádaithe talún a bhaineann leis na bearta athchóirithe le himeacht ama, chomh maith le sochair shocheacnamaíocha níos leithne na mbeart sin;

(ja)

an tionchar socheacnamaíoch a mheastar a bheidh ag cur chun feidhme na mbeart athbhunaithe; [Leasú 69]

(k)

roinn thiomnaithe ina leagtar amach an chaoi a meastar na nithe seo a leanas sa phlean athchóirithe náisiúnta:

(i)

ábharthacht na gcásanna athraithe aeráide don phleanáil ar chineál agus shuíomh na mbeart athchóirithe;

(ii)

acmhainneacht na mbeart athchóiriúcháin chun tionchair an athraithe aeráide ar an dúlra a íoslaghdú, chun éifeachtaí tubaistí nádúrtha a chosc nó a mhaolú agus chun tacú le hoiriúnú;

(iii)

sineirgí le straitéisí nó le pleananna náisiúnta oiriúnaithe agus tuarascálacha náisiúnta maidir le measúnú riosca tubaistí;

(iv)

forbhreathnú ar an idirghníomhú idir na bearta atá sa phlean athchóirithe náisiúnta agus sa phlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide;

(l)

na riachtanais mhaoinithe mheasta le haghaidh chur chun feidhme na mbeart athchóirithe, lena n-áireofar tuairisc ar an tacaíocht do na páirtithe leasmhara a ndéanann na bearta athchóirithe nó oibleagáidí nua eile a eascraíonn as an Rialachán seo difear dóibh, agus an modh maoinithe atá beartaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, lena n-áirítear cómhaoiniú/maoiniú le hionstraimí cistiúcháin an Aontais;

(m)

léiriú ar na fóirdheontais a dhéanann difear diúltach do bhaint amach na spriocanna agus do chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo;

(n)

achoimre ar an bpróiseas chun an plean náisiúnta um athchóiriú a ullmhú agus a bhunú, lena n-áirítear faisnéis maidir le rannpháirtíocht an phobail agus maidir leis an gcaoi ar breithníodh riachtanais na bpobal áitiúil agus na bpáirtithe leasmhara;

(o)

roinn thiomnaithe ina léirítear an chaoi ar cuireadh barúlacha ón gCoimisiún maidir leis an dréachtphlean náisiúnta um athchóiriú dá dtagraítear in Airteagal 14(4) san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 14(5). Mura dtugann an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar bharúil ón gCoimisiún nó ó chuid shubstaintiúil de, soláthróidh an Ballstát sin a réasúnú.

3.   Áireofar sna pleananna athchóirithe náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, na bearta caomhnaithe agus bainistíochta a bhfuil sé ar intinn ag Ballstát a ghlacadh faoin gcomhbheartas iascaigh, lena n-áirítear bearta caomhnaithe i gcomhmholtaí a bhfuil sé ar intinn ag Ballstát a thionscnamh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na bearta sin.

3a.     Áireofar sna pleananna athchóirithe náisiúnta forléargas ar an idirghníomhú idir na bearta a áirítear sa phlean náisiúnta athchóirithe agus an plean straitéiseach náisiúnta faoin gcomhbheartas talmhaíochta.

3b.     I gcás inarb iomchuí, áireofar sna pleananna athchóirithe náisiúnta forléargas ar bhreithnithe a bhaineann le héagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 11(9a)

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun formáid aonfhoirmeach a bhunú le haghaidh na bpleananna athchóirithe náisiúnta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) cúnamh don Choimisiún agus an fhormáid aonfhoirmeach á dréachtú. Faoin [dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún na dréachtghníomhartha cur chun feidhme faoi bhráid an choiste dá dtagraítear in Airteagal 21(1).

Airteagal 13

Tíolacadh an dréachtphlean athchóirithe náisiúnta

Cuirfidh na Ballstáit dréacht den phlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12 faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 24 mhí a bheith istigh tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Airteagal 14

Measúnú ar na pleananna athchóirithe náisiúnta

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna athchóirithe náisiúnta laistigh de 6 mhí ón dáta a gheofar iad. Nuair a bheidh an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann.

2.   Agus breithniú á dhéanamh ar an bplean náisiúnta um athchóiriú, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chomhlíontacht an phlean le hAirteagal 12, chomh maith le leordhóthanacht an phlean chun na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10 a chomhlíonadh, agus oibleagáidí uileghabhálacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1 agus na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) chun 20 000  km ar a laghad d’aibhneacha an Aontais a chur ag sreabhadh go saor arís faoi  2035. Déanfaidh an Coimisiún breithniú freisin ar an tionchar socheacnamaíoch go háirithe ar limistéir thuaithe agus ar an tionchar atá ag an bplean náisiúnta um athchóiriú ar tháirgeadh talmhaíochta agus foraoiseachta go háirithe, chun a áirithiú nach n-athlonnófar táirgeadh lasmuigh den Aontas . [Leasú 43]

3.   Chun críche an mheasúnaithe ar na dréachtphleananna athchóirithe náisiúnta, tabharfaidh saineolaithe nó EEA cúnamh don Choimisiún.

4.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a chur in iúl do na Ballstáit laistigh de 6 mhí ón dáta a gheofar an dréachtphlean athchóirithe náisiúnta.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit ▌aird ar aon bharúil ón gCoimisiún ina phlean athchóirithe náisiúnta deiridh.

6.   Cuirfidh na Ballstáit an plean athchóirithe náisiúnta i gcrích, foilseoidh siad é agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiún é laistigh de 6 mhí ón dáta a gheofar barúlacha ón gCoimisiún.

Article14a

Bearta a chur chun feidhme chun éiceachórais mhuirí a athchóiriú

1.     Na Ballstáit a bhfuil bearta caomhnaithe mar chuid dá bpleananna náisiúnta athchóirithe faoi chuimsiú an chomhbheartais iascaigh lena gceanglaítear comhmholtaí a thíolacadh, rachaidh siad i gcomhairle leis na Ballstáit eile a bhfuil leas díreach bainistíochta acu i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus tíolacfaidh siad na moltaí i gcomhpháirt leis na Ballstáit eile a bhfuil leas díreach bainistíochta acu:

(a)

tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis a bplean náisiúnta athchóirithe maidir le bearta a bhaineann le hAirteagal 5(3) a chur isteach go críochnaitheach;

(b)

tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2028 le haghaidh na mbeart um athchóiriú is gá chun na spriocanna a socraíodh do 2030 a ráthú;

(c)

tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2036 i gcás na mbeart um athchóiriú is gá chun na spriocanna a socraíodh do 2040 a ráthú;

(d)

tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2046 i gcás na mbeart um athchóiriú is gá chun na spriocanna a socraíodh do 2050 a ráthú.

2.     Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn i ndáil le spriocdhátaí do na bearta lena gceanglaítear moltaí comhpháirteacha a thíolacadh faoin gcomhbheartas iascaigh.

3.    Má theipeann ar na Ballstáit na moltaí comhpháirteacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a thíolacadh in am trátha, glacfaidh an Coimisiún na bearta tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis an spriocdháta le haghaidh thíolacadh an mholta chomhpháirtigh a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, agus úsáid á baint aige as na huirlisí dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 11(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 in éagmais moladh comhpháirteach. [Leasú 15]

Airteagal 15

Athbhreithniú ar an pleananna athchóirithe náisiúnta

1.   Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú agus athchóiriú ar a bplean athchóirithe náisiúnta agus cuirfidh siad bearta forlíontacha san áireamh roimh mhí Iúil 2032 agus roimh mhí Iúil 2042. Uair amháin gach 10 mbliana ar a laghad ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar a bplean athchóirithe náisiúnta agus, más gá, athbhreithneoidh siad é agus áireoidh siad bearta forlíontacha. Déanfar na hathbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12, agus an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na bpleananna, an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil chomh maith leis an eolas atá ar fáil ar athruithe nó ar athruithe a bhfuiltear ag dréim leo i ndálaí comhshaoil i ngeall ar an athrú aeráide á gcur san áireamh. Sna hathbhreithnithe a dhéanfar roimh Iúil 2032 agus roimh mhí Iúil 2042, cuirfidh na Ballstáit san áireamh eolas faoi bhail na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a fuarthas i gcomhréir leis na hoibleagáidí in Airteagail 4(4a) agus 5(4a). Foilseoidh na Ballstáit a bplean athchóirithe náisiúnta athbhreithnithe agus cuirfidh siad an plean sin in iúl don Choimisiún.

2.   I gcás ina léirítear le faireachán i gcomhréir le hAirteagal 17 nach leor na bearta a leagtar amach sa phlean athchóirithe náisiúnta chun na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an bplean athchóirithe náisiúnta, agus, más gá, déanfaidh siad athbhreithniú air agus áireoidh siad bearta forlíontacha. Déanfaidh na Ballstáit an plean athchóirithe náisiúnta athbhreithnithe a fhoilsiú agus a chur in iúl don Choimisiún.

3.   Ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus (2) agus ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 18(4) agus (5), má mheasann an Coimisiún nach leor an dul chun cinn atá déanta ag Ballstát chun na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10 a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, a iarraidh ar an mBallstát ▌dréachtphlean athchóirithe náisiúnta athbhreithnithe a bhfuil bearta forlíontacha leis a chur faoina bhráid. Déanfar an plean athchóirithe náisiúnta athbhreithnithe a bhfuil bearta forlíontacha a fhoilsiú agus a thíolacadh laistigh de 6 mhí ón dáta a bhfaighfear an iarraidh ón gCoimisiún. Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann agus i gcás ina mbeidh údar cuí leis, féadfaidh an Coimisiún síneadh 6 mhí bhreise a chur leis an sprioc-am sin.

[Leasuithe. 18cp agus 44]

CAIBIDIL IV

FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ

Airteagal 17

Faireachán

1.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar an méid seo a leanas:

(a)

an bhail atá ar na cineálacha gnáthóige agus an treocht atá iontu agus an cháilíocht agus an treocht i gcáilíocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 sna limistéir atá faoi réir bearta athchóirithe ar bhonn an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (h);

(b)

limistéar an spáis ghlais uirbigh agus chlúdach ceannbhrat na gcrann laistigh de limistéir éiceachórais uirbigh arna gcinneadh i gcomhréir le 11(2b), dá dtagraítear in Airteagal 6;

(c)

na táscairí bithéagsúlachta in éiceachórais talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn IV;

(d)

pobail speiceas an éin talaimh feirme choitinn a liostaítear in Iarscríbhinn V;

(e)

na trí tháscaire bithéagsúlachta in éiceachórais foraoise a liostaítear in Airteagal 10(2);

(ea)

trí cinn de na táscairí bithéagsúlachta in éiceachórais na bhforaoisí a liostaítear in Airteagal 10(2a), arna roghnú ag an mBallstát;

(f)

flúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí, de réir an mhodha arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 8(2);

(g)

an limistéar agus bail na limistéar a chumhdaítear leis na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinní I ▌;

(h)

limistéar agus cáilíocht ghnáthóg na speiceas dá dtagraítear in Airteagail 4(3) agus 5(3) ▌.

2.   Cuirfear tús leis an bhfaireachán i gcomhréir le mír 1, pointe (a), a luaithe a chuirfear na bearta athchóirithe i bhfeidhm.

3.   Cuirfear tús leis an bhfaireachán i gcomhréir le mír 1, pointí (b), (c), (d), (e) agus (ea) ar [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

4.   Cuirfear tús leis an bhfaireachán i gcomhréir le mír 1, pointe (f), den Airteagal seo bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

5.   Déanfar an faireachán i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b) gach 6 bliana ar a laghad. Déanfar an faireachán i gcomhréir le mír 1, pointe (c), ▌maidir leis an stoc de charbón orgánach in ithreacha mianracha curaíochta agus maidir leis an sciar de thalamh talmhaíochta a bhfuil gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta aige, agus (e) maidir leis an adhmad marbh atá ina sheasamh agus an t-adhmad marbh atá ina luí, agus, i gcás inarb infheidhme, sciar na bhforaoisí a bhfuil struchtúr neamhchothrom ann d’aois, nascacht na foraoise, an sciar den fhoraois is mó ina bhfuil speicis na gcrann dúchasach, éagsúlacht na speiceas crann agus stoc an charbóin orgánaigh, déanfar é gach 6 bliana ar a laghad, nó, i gcás inar gá, chun meastóireacht a dhéanamh ar threochtaí atá ag méadú go dtí 2030 a bhaint amach, le heatramh níos giorra. An faireachán i gcomhréir leis an mír sin, pointe (c) maidir le hinnéacs an fhéileacáin féarthalún, leis an mír sin, pointí (d) agus (e) maidir le hinnéacs na n-éan coiteann foraoise, agus leis an mír sin, pointe (f) i dtaca le speicis pailneoirí, déanfar gach bliain é. Déanfar an faireachán i gcomhréir leis an mír sin, pointí (g) agus (h), gach 6 bliana ar a laghad agus déanfar é a chomhordú leis an timthriall tuairiscithe faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE agus leis an measúnú tosaigh faoi Airteagal 17 de Threoir 2008/56/CE.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán ar na táscairí le haghaidh na n-éiceachóras talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (b), agus na táscairí le haghaidh na n-éiceachóras foraoise dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointí (a), (b), agus 10(2a), pointe (c), den Rialachán seo, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an bhfaireachán a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2018/841 agus (AE) 2018/1999.

7.   Poibleoidh na Ballstáit na sonraí a ghintear leis an bhfaireachán a dhéantar faoin Airteagal seo, i gcomhréir le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i gcomhréir leis na minicíochtaí faireacháin a leagtar amach i mír 5.

8.   Oibreoidh córais faireacháin na mBallstát ar bhonn bunachar sonraí leictreonach agus córas faisnéise geografaí, agus déanfar uasmhéadú ar an rochtain ar shonraí agus ar sheirbhísí ó theicneolaíochtaí cianbhraiteachta, faire na cruinne (seirbhísí Copernicus), braiteoirí agus feistí in situ, nó sonraí eolaíochta na saoránach agus ar an úsáid a bhaintear as na sonraí agus na seirbhísí sin, agus bainfear leas as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an intleacht shaorga, ard-anailísíú sonraí agus ardphróiseáil sonraí.

9.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun:

(a)

na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar na táscairí le haghaidh na n-éiceachóras talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn IV a shonrú;

(b)

na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar na táscairí le haghaidh na n-éiceachóras foraoise a liostaítear in Iarscríbhinn VI a shonrú;

(c)

creat treorach a bhunú chun na leibhéil shásúla dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus 10(2a) a shocrú.

9a.     Faoi 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun creat treorach a bhunú chun na leibhéil shásúla dá dtagraítear in Airteagail 6(2), 6(3), 8(1) agus 9(2) a shocrú.

9b.    ▌Déanfar gníomhartha cur chun feidhme de bhun mhíreanna (9) agus (9a) a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

Airteagal 18

Tuairisciú

1.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún go leictreonach an limistéar atá faoi réir na mbeart um athchóiriú dá dtagraítear in Airteagail 4 go 10 agus na bacainní dá dtagraítear in Airteagal 7 atá bainte, ar a laghad gach 3 bliana. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach i mí an Mheithimh 2028.

2.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún go leictreonach na sonraí agus an fhaisnéis seo a leanas, le cúnamh ó EEA, gach 6 bliana ar a laghad:

(a)

an dul chun cinn a dhéantar i dtaca leis an bplean athchóirithe náisiúnta a chur chun feidhme, na bearta athchóirithe a chur i bhfeidhm agus na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagail 4 go 10 a bhaint amach;

(b)

torthaí an fhaireacháin a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 17. Déanfar tuairisciú thorthaí an fhaireacháin a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 17(1)(g) agus (h) a chur isteach, agus áireofar orthu léarscáileanna ina bhfuil tagairtí geografacha;

(c)

suíomh agus fairsinge na limistéar atá faoi réir na mbeart athchóirithe dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 9(4), lena n-áirítear léarscáileanna de na limistéir sin ina bhfuil tagairtí geografacha;

(d)

fardal nuashonraithe na mbacainní dá dtagraítear in Airteagal 7(1);

(e)

faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo riachtanais mhaoinithe a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 12(2)(l), lena n-áirítear athbhreithniú ar infheistíocht iarbhír i gcomparáid le toimhdí infheistíochta tosaigh.

Cuirfear na chéad tuarascálacha isteach i mí an Mheithimh 2031, ina gcumhdófar an tréimhse suas go dtí 2030.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an fhormáid, an struchtúr agus na socruithe mionsonraithe a bhunú chun an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur i láthair. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Tabharfaidh EEA cúnamh don Choimisiún agus an fhormáid, an struchtúr agus na socruithe mionsonraithe le haghaidh an tuairiscithe leictreonaigh á ndréachtú aige.

4.   Gach 3 bliana, tabharfaidh EEA forbhreathnú teicniúil ▌don Choimisiún ar an dul chun cinn chun na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, ar bhonn na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 17(7).

5.   Déanfaidh EEA tuarascáil theicniúil uile-Aontais a chur ar fáil don Choimisiún ar an dul chun cinn chun na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, ar bhonn na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. Féadfaidh sí freisin úsáid a bhaint as faisnéis arna tuairisciú faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 15 de Threoir 2000/60/CE, Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE, agus Airteagal 17 de Threoir 2008/56/CE. Soláthrófar an tuarascáil faoi mhí an Mheithimh 2032 agus soláthrófar tuarascálacha gach 6 bliana ina dhiaidh sin.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, ón [4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 6 bliana maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

6a.     Laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

forléargas ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ar leibhéal an Aontais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme;

(b)

measúnú ar na riachtanais chistiúcháin chun Airteagail 4 go 10 a chur chun feidhme, agus chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1, mír 2 a bhaint amach;

(c)

anailís chun aon bhearnaí cistiúcháin i gcur chun feidhme na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán a shainaithint;

(d)

i gcás inarb iomchuí, tograí le haghaidh bearta leordhóthanacha, lena n-áirítear bearta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a shainaithnítear, mar shampla cistiú tiomnaithe a bhunú, agus gan dochar do shainchumais na gcomhreachtóirí le haghaidh ghlacadh an chreata airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027. [Leasú 11]

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 leordhóthanach agus cothrom le dáta agus go mbeidh sí ar fáil don phobal i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2007/2/CE agus (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

CAIBIDIL V

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 19

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn I a leasú chun an chaoi a ndéantar na ▌cineálacha gnáthóige a ghrúpáil de réir dul chun teicniúil agus eolaíoch agus chun an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinní II a leasú chun an méid seo a leanas a chur in oiriúint:

(a)

liosta na gcineálacha gnáthóige chun comhsheasmhacht a áirithiú le nuashonruithe ar aicmiú gnáthóg an chórais faisnéise Eorpaigh maidir leis an dúlra (EUNIS), agus;

(b)

an chaoi a ndéantar na ▌cineálacha gnáthóige a ghrúpáil de réir dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, agus an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn III a leasú chun liosta na speiceas muirí dá dtagraítear in Airteagal 5 a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn IV a leasú chun an tuairisc ar na táscairí le haghaidh na n-éiceachóras talmhaíochta agus aonad agus modheolaíocht na dtáscairí sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn V a leasú chun liosta na speiceas a úsáidtear le haghaidh innéacs na n-éan coiteann talaimh feirme sna Ballstáit a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn VI a leasú chun an tuairisc ar na táscairí le haghaidh na n-éiceachóras talmhaíochta agus aonad agus modheolaíocht na dtáscairí sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn VII a leasú chun liosta na samplaí de bhearta athchóiriúcháin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus chun an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh.

Airteagal 20

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ó [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr .

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 21

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21a

Leasú ar Rialachán (AE) 2022/869

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(8), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2022/869:

‘Maidir leis na tionchair ar an gcomhshaol a ndírítear orthu in Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE, in Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus in Airteagal 4(8) agus (8a) agus in Airteagal 5(8) agus (8a) de [an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchóiriú an dúlra], measfar go bhfuil baint ag na tionscadail sin atá ar liosta an Aontais le leas an phobail ó thaobh beartas fuinnimh de, agus féadfar a mheas gur ar mhaithe le leas sáraitheach an phobail iad, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad a leagtar amach sna Treoracha sin.’

Airteagal 22

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar ▌an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2030 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo, go háirithe ar an earnáil talmhaíochta agus ar sholáthar bia atá sábháilte agus slán, chomh maith le tionchair shocheacnamaíocha an Rialacháin seo, go háirithe i limistéir thuaithe . [Leasú 45]

2.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le príomhthorthaí na meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. I gcás ina measfaidh an Coimisiún é a bheith iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun forálacha ábhartha an Rialacháin seo a leasú, agus an gá atá le bunú spriocanna breise athchóirithe, lena n-áirítear spriocanna nuashonraithe do 2040 agus 2050, á chur san áireamh, bunaithe ar mhodhanna coiteanna chun measúnú a dhéanamh ar bhail na n-éiceachóras nach gcumhdaítear le hAirteagail 4 agus 5, ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo , agus ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí. [Leasú 17]

Airteagal 22a

Spriocanna faoin Rialachán seo a chur siar i gcás iarmhairtí socheacnamaíocha eisceachtúla

1.     Faoin... [1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach bliain ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i dtaobh an bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na nósanna imeachta ceadaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit chun deiridh i ngeall ar shrianta ó reachtaíocht an Aontais maidir leis an dúlra a mhéid a bhaineann leis na réimsí seo a leanas:

(i)

tógáil agus claochlú tithe, go háirithe an earnáil tithíochta sóisialta;

(ii)

cur i bhfeidhm céimneach tionscadal fuinnimh in-athnuaite i ndáil leis na cuspóirí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 [an Dlí Aeráide Eorpach] a bhaint amach;

(b)

tháinig méadú 10 % thar thréimhse bliana ar an meánphraghas bia;

(c)

tháinig laghdú 5 % thar thréimhse bliana ar tháirgeadh iomlán bia san Aontas.

2.    I gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, cuirfear na spriocanna faoin Rialachán seo siar go dtí nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear sa mhír sin. [Leasú 131]

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta a mbeidh sonraí stóinsithe agus eolaíocha curtha ar fáil ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na coinníollacha riachtanacha chun slándáil bia fhadtéarmach a ráthú, agus urraim á tabhairt, ar an gcaoi sin, don ghá atá le talamh arúil faoi thalmhaíocht thraidisiúnta agus éiceolaíoch, do thionchar athchóiriú an dúlra ar tháirgeadh bia, ar infhaighteacht bia agus ar phraghsanna bia. Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina dtabharfar an dáta óna mbeidh feidhm ag an Rialachán seo. [Leasú 135]

Beidh feidhm aige ón dáta a gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 11(2a). Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina dtabharfar an dáta óna mbeidh feidhm ag an Rialachán seo. [Leasú 136]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

ÉICEACHÓRAIS TALÚN, CHÓSTA AGUS FIONNUISCE – CINEÁLACHA GNÁTHÓIGE AGUS GRÚPAÍ CINEÁLACHA GNÁTHÓIGE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 4(1) AGUS 4(2)

Áirítear sa liosta thíos gach cineál gnáthóige talún, cósta agus fionnuisce a liostaítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus 4(2), chomh maith le sé ghrúpa de na cineálacha gnáthóige sin, mar atá 1) Bogaigh (chósta & intíre), 2) Féarthailte agus gnáthóga tréadacha eile, 3) Gnáthóga abhann, locha, gláracha agus bruachánacha, 4) Foraoisí, 5) Gnáthóga steipe, fraochmhá agus scrobarnaí agus 6) Gnáthóga carraigeacha agus duimhche.

1.   GRÚPA 1: Bogaigh (chósta & intíre)

Cód cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

Ainm cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

Gnáthóga cósta agus sáile

1130

Inbhir

1140

Réileáin láibe agus réileáin ghainimh nach gcumhdaítear le huisce sáile ar dhíthrá

1150

Murlaigh chósta

1310

Salicornia agus bliantóga eile a dhéanann láib agus gaineamh a choilíniú

1320

Mínligh spairtíní (Spartinion maritimae)

1330

Móinéir sháile Atlantacha (Glauco-Puccinellietalia maritimae)

1340

Móinéir sháile intíre

1410

Móinéir sháile na Meánmhara (Juncetalia maritimi)

1420

Scrobarnacha halaifileacha na Meánmhara agus scrobarnacha halaifileacha teirmea-Atlantacha (Sarcocornetea fruticosi)

1530

Steipeanna sáile agus riasca sáile Panónacha

1650

Góilíní cúnga bóireacha Baltacha

Fraochmhánna fliucha agus féarthalamh móna

4010

Fraochmhánna fliucha an Atlantaigh Thuaidh ina bhfuil Erica tetralix

4020

Fraochmhánna fliucha measartha an Atlantaigh ina bhfuil Erica ciliaris agus Erica tetralix

6460

Féarthailte móna Troodos

Tailte portaigh, portaigh agus eanaigh

7110

Portaigh ardaithe ghníomhacha

7120

Portaigh ardaithe dhíghrádaithe atá fós in ann athghiniúint go nádúrtha

7130

Bratphortaigh

7140

Idirtailte portaigh agus portaigh chreatha

7150

Loig ar shubstráití móna Rhynchosporion

7160

Fuaráin agus eanaigh fuaráin Fhion-Lochlannacha ar mhórán mianraí

7210

Eanaigh chailcreacha ina bhfuil Cladium mariscus agus speicis Caricion davallianae

7220

Fuaráin chlochraithe ina bhfuil foirmiú túfa (Cratoneurion)

7230

Eanaigh alcaileacha

7240

Foirmithe téisclime Alpacha Caricion bicoloris-atrofuscae

7310

Tailte portaigh Aapa

7320

Tailte portaigh palsa

Foraoisí fliucha

9080

Coillte seacainn duillsilteacha Fion-lochlannacha

91D0

Coillearnach phortaigh

2.   GRÚPA 2: Féarthailte agus gnáthóga tréadacha eile

Cód cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

Ainm cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

Gnáthóga cósta agus duimhche

1630

Móinéir chósta bhóireacha Mhuir Bhailt

21A0

Machairí mara

Gnáthóga fraochmhá agus scrobarnaí

4030

Fraochmhánna tirime Eorpacha

4040

Fraochmhánna cósta tirime an Atlantaigh ina bhfuil Erica vagans

4090

Fraochmhánna eindéimeachaóra-Mheánmhuirí ar a bhfuil aiteann

5130

Foirmithe Juniperus communis ar fhraochmhánna nó ar fhéarthailte cailcreacha

8240

Pábhálacha aolchloiche

Féarthailte

6110

Féarthailte clochlonnaitheacha cailcreacha nó féarthailte basaifileacha Alysso-Sedion albi

6120

Féarthailte gainmheacha cailcreacha an-tirim

6130

Féarthailte calaimíneacha Violetalia calaminariae

6140

Féarthailte siliciúla Piréineacha Festuca eskia

6150

Féarthailte siliciúla alpacha agus bóireacha

6160

Féarthailte Órai-ibéaracha Festuca indigesta

6170

Féarthailte cailcreacha Alpacha agus fo-Alpacha

6180

Féarthailte méisifileacha na Macarainéise

6190

Féarthailte Panónacha clochlonnaitheacha (Stipo-Festucetalia pallentis)

6210

Féarthailte tirime leathnádúrtha agus faiséisí scrobarnaí ar shubstráití cailcreacha (Festuco-Brometalia)

6220

Bréagsteip ar a bhfuil féara agus bliantóga Thero-Brachypodietea

6230

Féarthailte Nardus ar mhórán speiceas, ar shubstráití siliciúla i limistéir shléibhe (agus i limistéir fhoshléibhe ar mhór-roinn na hEorpa)

6240

Féarthailte steipeacha fo-Phanónacha

6250

Féarthailte steipeacha Ióis na Panónacha

6260

Steipeanna gainimh Panónacha

6270

Féarthailte ísealchríocha Fion-Lochlannacha ar mhórán speiceas, féarthailte atá idir tirim agus méiseach

6280

Alvar Nordach agus carraigeacha comhréidhe cailcreacha Réamhchaimbriacha

62A0

Féarthailte tirime na fo-Mheánmhara Thoir (Scorzoneratalia villosae)

62B0

Féarthalamh nathairínfhileach na Cipire

62C0

Steipeanna Ponta-Sarmátacha

62D0

Féarthailte aigéadaifileacha Óra-Móisiacha

6410

Móinéir Molinia ar ithreacha cailcreacha, móna nó ithreacha créúla lán gláir (Molinion caeruleae)

6420

Féarthailte taise ardluibheanna na Meánmhara Molinio-Holoschoenion

6510

Móinéir féir thirime ísealchríche (Alopecurus pratensis, Sanguisorba officinalis)

6520

Móinéir shléibhe féir thirim

Dehesas agus móinéir choillteacha

6310

Dehesas ina a bhfuil Quercus spp. síorghlas.

6530

Móinéir choillteacha Fhion-Lochlannacha

9070

Féaraigh choillteacha Fhion-Lochlannacha

3.   GRÚPA 3: Gnáthóga abhann, locha, gláracha agus bruachánacha

Cód cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

Ainm cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

Aibhneacha agus lochanna

3110

Uiscí olagatrófacha nach bhfuil iontu ach fíorbheagán mianraí de mhánna gainmheacha (Littorelletalia uniflorae)

3120

Uiscí olagatrófacha nach bhfuil iontu ach fíorbheagán mianraí atá ar ithreacha gainmheacha na Meánmhara Thiar, agus ina bhfuil Isoetes spp.

3130

Idir uiscí bodhra olagatrófacha agus méiseatrófacha ina bhfuil fásra Littorelletea uniflorae agus/nó Isoëto-Nanojuncetea

3140

Uiscí olagai-méiseatrófacha crua ina bhfuil fásra beantach Chara spp.

3150

Lochanna eotrófacha nádúrtha ag a bhfuil fásra de chineál MagnopotamionHydrocharition

3160

Lochanna agus linnte nádúrtha diostrófacha

3170

Linnte sealadacha na Meánmhara

3180

Turlaigh

3190

Lochanna carst gipsim

31A0

Leapacha loiteoige na Trasalváine i bhfuaráin uisce the

3210

Aibhneacha nádúrtha Fion-Lochlannacha

3220

Aibhneacha Alpacha agus an fásra luibheach ar feadh a gcuid bruach

3230

Aibhneacha Alpacha agus a bhfásra ligneach ar a bhfuil Myricaria germanica

3240

Aibhneacha Alpacha agus a bhfásra ligneach ar a bhfuil Salix elaeagnos

3250

Aibhneacha síorshreabhacha na Meánmhara ag a bhfuil Glaucium flavum

3260

Sruthchúrsaí ar leibhéil mhachaire go dtí leibhéil sléibhe ina bhfuil fásra Ranunculion fluitantis agus fásra Callitricho-Batrachion

3270

Aibhneacha ar a bhfuil bruacha láibe agus fásra Chenopodion rubri p.p. agus fásra Bidention p.p. ar na bruacha láibe sin

3280

Aibhneacha síorshreabhacha na Meánmhara ina bhfuil speicis de Paspalo-Agrostidion agus foraoisí bruachánacha de Salix agus Populus alba

3290

Aibhneacha sreabhacha eatramhacha na Meánmhara de chuid an Paspalo-Agrostidion

32A0

Cascáidí túfa aibhneacha carstacha na nAlp Dinearach

Móinéir ghláracha

6430

Ardluibheacha hídrifileacha ciumhaise ar mhánna agus ar shléibhte aníos go leibhéil Alpacha

6440

Móinéir ghláracha i ngleannta abhann Cnidion dubii

6450

Móinéir ghláracha bhóireacha thuaidh

6540

Féarthailte na fo-Mheánmhara Molinio-Hordeion secalini

Foraoisí gláracha/bruachánacha

9160

Foraoisí crann darach nó foraoisí crann darach agus crann sleamhainfo-Atlantacha agus meán-Eorpacha sa Carpinion betuli

91E0

Foraoisí gláracha ina bhfuil Alnus glutinosa agus Fraxinus excelsior (Alno-Padion, Alnion incanae, Salicion albae)

91F0

Foraoisí measctha bruachánacha Quercus robur, Ulmus laevis agus Ulmus minor, Fraxinus excelsiorFraxinus angustifolia, le taobh na n-aibhneacha móra (Ulmenion minoris)

92A0

Foraoisí áiléir Salix alba agus Populus alba

92B0

Foirmithe bruachánacha ar shruthchúrsaí eatramhacha na Meánmhara ina bhfuil Rhododendron ponticum, Salix agus plandaí eile nach iad

92C0

Coillte ina bhfuil Platanus orientalis agus Liquidambar orientalis (Platanion orientalis)

92D0

Foraoisí áiléir bhruachánacha dheisceartacha agus mothair bhruachánacha dheisceartacha (Nerio-Tamaricetea agus Securinegion tinctoriae)

9370

Garráin chrann pailme Phoenix

4.   GRÚPA 4: Foraoisí

Cód cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

Ainm cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

Foraoisí bóireacha

9010

Taïga Iartharach

9020

Seanfhoraoisí duillsilteacha leathanduilleacha nádúrtha heimeabhóireacha Fion-Lochlannacha (Quercus, Tilia, Acer, Fraxinus nó Ulmus) ar mhórán eipifítí

9030

Foraoisí nádúrtha na gcéimeanna comharbais tosaigh de chósta talamhardaithe

9040

Foraoisí fo-alpacha/fo-artacha Nordacha ina bhfuil Betula pubescens ssp. czerepanovii

9050

Foraoisí ar mhórán luibheanna Fion-Lochlannacha ina bhfuil Picea abies

9060

Foraoisí buaircíneacha atá ar eascracha oigheardhobhracha nó atá ceangailte leo

Foraoisí measartha

9110

Foraoisí feá Luzulo-Fagetum

9120

Foraoisí feá aigéadaifileacha an Atlantaigh ina bhfuil Ilex agus uaireanta freisin Taxus ar leibhéal an torbhrait (Quercion robori-petraeaeIlici-Fagenion)

9130

Foraoisí feá Asperulo-Fagetum

9140

Coillte feá fo-Alpacha meán-Eorpacha ina bhfuil Acer agus Rumex arifolius

9150

Foraoisí feá aolchloiche meán-Eorpacha Cephalanthero-Fagion

9170

Foraoisí crann darach agus crann sleamhain Galio-Carpinetum

9180

Foraoisí Tilio-Acerion ar fhánaí, ar scileach agus in ailteanna

9190

Seandoirí aigeádaifileacha ina bhfuil Quercus robur ar mhánna gainmheacha

91A0

Seandoirí gaelacha ina bhfuil Ilex agus Blechnum in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór

91B0

Coillte teirmeafileacha Fraxinus angustifolia

91G0

Coillte Panónacha ina bhfuil Quercus petraea agus Carpinus betulus

91H0

Coillte Panónacha ina bhfuil Quercus pubescens

91I0

Coillte steipe Eora-Shibéaracha ina bhfuil Quercus spp.

91J0

Coillte Taxus baccata na hÉireann agus na Breataine Móire

91K0

Foraoisí Illiriacha Fagus sylvatica (Aremonio-Fagion)

91L0

Foraoisí Illriacha crann darach agus crann sleamhain (Erythronio-Carpinion)

91M0

Foraoisí crann searbhdharach Panónacha-Balcánacha agus foraoisí crann darach gaelaí

91P0

Foraoisí giúise na Croise Naofa (Abietetum polonicum)

91Q0

Foraoisí cailcreacha Pinus sylvestris Shléibhte na Cairpe Thiar

91R0

Foraoisí péine Albanaigh ar dholaimít Dhinearach (Genisto januensis-Pinetum)

91S0

Foraoisí feá iar-Phontacha

91T0

Foraoisí léicin péine Albanaigh Lár na hEorpa

91U0

Foraois péine ar an steipe Sarmátach

91V0

Foraoisí feá Dáiciacha (Symphyto-Fagion)

91W0

Foraoisí feá Móisiacha

91X0

Foraoisí feá Dobruja

91Y0

Foraoisí Dáiciacha crann darach agus crann sleamhain

91Z0

Coillte teile gile Móisiacha

91AA

Doirí bána oirthearacha

91BA

Foraoisí giúise gile Móisiacha

91CA

Foraoisí péine Albanaigh sna sléibhte Rhodope agus Balcánacha

An Mheánmhuir agus foraoisí na Macarainéise

9210

Foraoisí feá Aipiníneacha ina bhfuil Taxus agus Ilex

9220

Foraoisí feá Aipiníneacha ina bhfuil Abies alba agus foraoisí feá ina bhfuil Abies nebrodensis

9230

Doirí na Gailíse agus na Portaingéile ina bhfuil Quercus robur agus Quercus pyrenaica

9240

Coillte Ibéaracha Quercus faginea agus Quercus canariensis

9250

Coillte Quercus trojana

9260

Coillte Castanea sativa

9270

Foraoisí feá Heilhéanacha ina bhfuil Abies borisii-regis

9280

Coillte Quercus frainetto

9290

Foraoisí Cupressus (Acero-Cupression)

9310

Coillte Aeigéacha Quercus brachyphylla

9320

Foraoisí Olea agus Ceratonia

9330

Foraoisí Quercus suber

9340

Foraoisí Quercus ilex agus Quercus rotundifolia

9350

Foraoisí Quercus macrolepis

9360

Foraoisí labhrais na Macarainéise (Laurus, Ocotea)

9380

Foraoisí Ilex aquifolium

9390

Scrobarnach agus fásra foraoisí ísle ina bhfuil Quercus alnifolia

93A0

Coillearnach ina bhfuil Quercus infectoria (Anagyro foetidae-Quercetum infectoriae)

Foraoisí buaircíneacha sléibhe

9410

Foraoisí Picea aigéadaifileacha ar leibhéil sléibhe aníos go leibhéil Alpacha (Vaccinio-Piceetea)

9420

Foraoisí Larix decidua agus/nó Pinus cembra Alpacha

9430

Foraoisí fo-Alpacha agus sléibhe Pinus uncinata

9510

Foraoisí Abies alba na nAipiníní Theas

9520

Foraoisí Abies pinsapo

9530

Foraoisí péine (na fo-Mheánmhra) na Meánmhara ina bhfuil an péine dubh eindéimeach

9540

Foraoisí péine na Meánmhara ina bhfuil péine Méiseagéach eindéimeach

9550

Foraoisí eindéimeacha péine Canáraigh

9560

Foraoisí eindéimeacha ina bhfuil Juniperus spp.

9570

Foraoisí Tetraclinis articulata

9580

Coillte Taxus baccata na Meánmhara

9590

Foraoisí Cedrus brevifolia (Cedrosetum brevifoliae)

95A0

Foraoisí arda péine óra-Mheánmhuirí

5.   GRÚPA 5: Gnáthóga steipe, fraochmhá agus scrobarnaí

Cód cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

Ainm cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

Steipeanna sáile agus gipsim

1430

Scrobarnacha halai-nítrifileacha (Pegano-Salsoletea)

1510

Steipeanna sáile na Meánmhara (Limonietalia)

1520

Fásra gipsim Ibéarach (Gypsophiletalia)

Fraochmhá agus scrobarnach mheasartha

4050

Fraochmhánna eindéimeacha na Macarainéise

4060

Fraochmhánna Alpacha agus bóireacha

4070

Sceacha ar a bhfuil Pinus mugo agus Rhododendron hirsutum (Mugo-Rhododendretum hirsuti)

4080

Scrobarnach Salix spp. fho-Artach

40A0

Scrobarnach pheirea-Phanónach fho-ilchríochach

40B0

Mothair Rhodope Potentilla fruticosa

40C0

Mothair dhuillsilteacha Phonta-Sarmátacha

Scrobarnach scléireadhuilleach (mothar)

5110

Foirmithe xéiri-teirmifileacha seasmhacha ina bhfuil Buxus sempervirens ar fhánaí carraige (Berberidion p.p.)

5120

Foirmithe sléibhe Cytisus purgans

5140

Foirmithe Cistus palhinhae ar fhraochmhánna fliucha muirí

5210

Mothar crannúil ina bhfuil Juniperus spp.

5220

Mothar crannúil ina bhfuil Zyziphus

5230

Mothar crannúil ina bhfuil Laurus nobilis

5310

Mothair Laurus nobilis

5320

Foirmithe ísle Euphorbia gar d’aillte

5330

Scrobarnach theirmi-Mheánmhuirí agus scrobarnach réamhfhásach

5410

Phryganas ar bharr aillte sa Mheánmhuir Thiar (Astragalo-Plantaginetum subulatae)

5420

Phryganas Sarcopoterium spinosum

5430

Phryganas eindéimeach de Euphorbio-Verbascion

6.   GRÚPA 6: Gnáthóga carraigeacha agus duimhche

Cód cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

Ainm cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

Aillte cósta, tránna, agus oileáiníní

1210

Fásra bliantúil in imeallbhoird síobáin

1220

Fásra ilbhliantúil in oitreacha duirlingí

1230

Aillte a bhfuil fásra orthu ar chósta an Atlantaigh agus ar chósta Mhuir Bhailt

1240

Aillte a bhfuil fásra orthu ar chósta na Meánmhara ar a bhfuil Limonium spp. eindéimeach.

1250

Aillte a bhfuil fásra orthu ar a bhfuil flóra eindéimeach chóstaí na Macarainéise

1610

Oileáin eascracha Mhuir Bhailt ina bhfuil fásra ar thránna gainmheacha, tránna carraigeacha agus tránna scaineagáin agus fásra fo-chladach ann

1620

Oileáiníní agus oileáin bheaga bhóireacha Mhuir Bhailt

1640

Tránna gainmheacha bóireacha Mhuir Bhailt ar a bhfuil fásra ilbhliantúil

Dumhcha cósta agus intíre

2110

Dumhcha aistreacha i dtús fáis

2120

Dumhcha aistreacha ar feadh líne an chladaigh ar a bhfuil Ammophila arenaria (‘dumhcha geala’)

2130

Dumhcha socra cósta ar a bhfuil fásra luibheach (‘dumhcha glasa’)

2140

Dumhcha díchailcithe socra ar a bhfuil Empetrum nigrum

2150

Dumhcha díchailcithe socra Atlantacha (Calluno-Ulicetea)

2160

Dumhcha ar a bhfuil Hippophaë rhamnoides

2170

Dumhcha ar a bhfuil Salix repens ssp. argentea (Salicion arenariae)

2180

Dumhcha coillteacha réigiún an Atlantaigh, an réigiúin ilchríochaigh agus an réigiúin bhóirigh

2190

Lagáin duimhche bhogthaise

2210

Dumhcha socra trá ar a bhfuil Crucianellion maritimae

2220

Dumhcha ar a bhfuil Euphorbia terracina

2230

Féarthailte duimhche Malcolmietalia

2240

Féarthailte duimhche de Brachypodietalia ar a bhfuil bliantóga

2250

Dumhcha cósta ar a bhfuil Juniperus spp.

2260

Scrobarnacha scléireadhuilleacha duimhche Cisto-Lavenduletalia

2270

Dumhcha coillteacha ar a bhfuil Pinus pinea agus/nó Pinus pinaster

2310

Fraochmhánna gainmheacha tirime ar a bhfuil Calluna agus Genista

2320

Fraochmhánna gainmheacha tirime ar a bhfuil Calluna agus Empetrum nigrum

2330

Dumhcha intíre ar a bhfuil féarthailte oscailte Corynephorus agus Agrostis

2340

Dumhcha intíre Panónacha

91N0

Mothar duimhche intíre Panónach (Junipero-Populetum albae)

Gnáthóga carraigeacha

8110

Scileach siliciúil ar leibhéil sléibhe aníos go leibhéil sneachta (Androsacetalia alpinae agus Galeopsietalia ladani)

8120

Scileach cailcreach agus cailc-shiosta ar leibhéil sléibhe aníos go leibhéil Alpacha (Thlaspietea rotundifolii)

8130

Scileach na Meánmhara thiar agus scileach teirmeafileach

8140

Scileach na Meánmhara Thoir

8150

Scileach siliciúil ardtailte meán-Eorpach

8160

Scileach cailcreach meán-Eorpach ar leibhéil chnoic aníos go dtí leibhéil sléibhe

8210

Fánaí carraigeacha cailcreacha ar a bhfuil fásra casmaifíteach

8220

Fánaí carraigeacha siliciúla ar a bhfuil fásra casmaifíteach

8230

Carraigeacha siliciúla ar a bhfuil fásra téisclime den Sedo-Scleranthion nó den Sedo albi-Veronicion dillenii

8310

Pluaiseanna nach bhfuil oscailte don phobal

8320

Páirceanna laibhe agus tochaltáin nádúrtha

8340

Oighearshruthanna buana

IARSCRÍBHINN II

ÉICEACHÓRAIS MHUIRÍ – CINEÁLACHA GNÁTHÓIGE AGUS GRÚPAÍ CINEÁLACHA GNÁTHÓIGE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 5(1) AGUS 5(2)

Áirítear sa liosta thíos na cineálacha gnáthóige muirí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus 5(2), chomh maith le seacht ngrúpa de na cineálacha gnáthóige sin, mar atá 1) Leapacha féir mara, 2) Foraoisí macra-algacha, 3) Leapacha sliogéisc, 4) Leapacha méarla, 5) Leapacha spúinse, coiréil agus choiréilíneacha, 6) Craois agus púscadh agus 7) Dríodair bhoga (os cionn 1000 méadar doimhneachta). Cuirtear an gaol leis na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE i láthair freisin.

Déantar na cineálacha gnáthóige muirí a úsáidtear, arna n-idirdhealú ag réigiúin bhithgheografacha mhuirí, a aicmiú de réir an Chórais Eorpaigh Faisnéise maidir leis an Dúlra (EUNIS), mar a athbhreithníodh do thíopeolaíocht na ngnáthóg muirí in 2022 ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA). Tá an fhaisnéis maidir leis na gnáthóga gaolmhara a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle bunaithe ar an trasrian a d’fhoilsigh an EEA in 2021 (72).

1.   Grúpa 1: Leapacha féir mara

Cód EUNIS

Ainm cineáil gnáthóige EUNIS

Cód cineáil gnáthóige ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle

An tAtlantach

MA522

Leapacha féir mara ar ghaineamh cladachúil Atlantach

1140; 1160

MA623

Leapacha féir mara ar láib chladachúil an Atlantaigh

1140; 1160

MB522

Leapacha féir mara ar ghaineamh infrea-chladachúil an Atlantaigh

1110; 1150; 1160

Muir Bhailt

 

MA332

Dríodar garbh hidrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de fásra tumtha

1130; 1160; 1610; 1620

MA432

Dríodar measctha hidrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de fásra tumtha

1130; 1140; 1160; 1610

MA532

Gaineamh hidrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de plandaí fréamhaithe tumtha

1130; 1140; 1160; 1610

MA632

Láib hidrea-chladachúil Mhuir Bhailt ar plandaí fréamhaithe tumtha is mó atá inti

1130; 1140; 1160; 1650

MB332

Dríodar garbh infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de plandaí fréamhaithe tumtha

1110; 1160

MB432

Dríodar measctha infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de plandaí fréamhaithe tumtha

1110; 1160; 1650

MB532

Gaineamh infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de plandaí fréamhaithe tumtha

1110; 1130; 1150; 1160

MB632

Dríodar láibe infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de plandaí fréamhaithe tumtha

1130; 1150; 1160; 1650

An Mhuir Dhubh

 

MB546

Móinéir algacha féir mara agus móinéir algacha riosómatacha i bhfionnuisce na Mara Duibhe a bhfuil tionchar acu ar ghaineamh láibe infrea-chladachúil

1110; 1130; 1160

MB547

Móinéir féir mara na Mara Duibhe ar ghaineamh glan infrea-chladachúil uachtair atá measartha nochta

1110; 1160

MB548

Móinéir féir mara na Mara Duibhe ar ghaineamh infrea-chladachúil íochtair

1110; 1160

An Mheánmhuir

 

MB252

Bithchéanóis Posidonia oceanica

1120

MB2521

Éiceamhorfóis mhóinéir Posidonia oceanica riabhacha

1120; 1130; 1160

MB2522

Éiceamhorfóis mhóinéir Posidonia oceanica ‘sceir bhacainneach’

1120; 1130; 1160

MB2523

Faiséisí ‘maití’ marbha Posidonia oceanica gan mórán eipea-fhlóra

1120; 1130; 1160

MB2524

Comhcheangal le Caulerpa prolifera ar leapacha Posidonia

1120; 1130; 1160

MB5521

Comhcheangal le Cymodocea nodosa ar ghaineamh mín atá sórtáilte go maith

1110; 1130; 1160

MB5534

Comhcheangal le Cymodocea nodosa ar ghaineamh láibe dromchla in uiscí faoi fhothain

1110; 1130; 1160

MB5535

Comhcheangal le Zostera noltei ar ghaineamh láibe dromchla in uiscí faoi fhothain

1110; 1130; 1160

MB5541

Comhcheangal le Ruppia cirrhosa agus/nó Ruppia maritima ar ghaineamh

1110; 1130; 1160

MB5544

Comhcheangal le Zostera noltei i dtimpeallacht eorahalach agus timpeallacht eoiriteirmeach ar ghaineamh

1110; 1130; 1160

MB5545

Comhcheangal le Zostera marina i dtimpeallacht eorahalach agus eoiriteirmeach

1110; 1130; 1160

2.   Grúpa 2: Foraoisí macra-algacha

Cód EUNIS

Ainm cineáil gnáthóige EUNIS

Cóid Iarscríbhinn I ábhartha (an Treoir maidir le Gnáthóga)

An tAtlantach

MA123

Pobail feamainne ar charraig chladachúil salandachta iomláine an Atlantaigh

1160; 1170; 1130

MA125

Fúcóidigh ar charraig chladachúil salandachta athraithí an Atlantaigh

1170; 1130

MB121

Pobail cheilpe agus feamainne ar charraig infrea-chladachúil an Atlantaigh

1170; 1160

MB123

Pobail cheilpe agus feamainne ar charraig infrea-chladachúil an Atlantaigh atá buailte nó suaite de dheasca dríodair

1170; 1160

MB124

Pobail cheilpe ar charraig infrea-chladachúil salandachta athraithí an Atlantaigh

1170; 1130; 1160

MB321

Pobail cheilpe agus feamainne ar dhríodar garbh infrea-chladachúil an Atlantaigh

1160

MB521

Pobail cheilpe agus feamainne ar ghaineamh infrea-chladachúil an Atlantaigh

1160

MB621

Pobail fhásta ar láib infrea-chladachúil an Atlantaigh

1160

Muir Bhailt

 

MA131

Carraig hidrea-chladachúil agus bolláin hidrea-chladachúla Mhuir Bhailt arb é is saintréith di algaí ilbhliantúla

1160; 1170; 1130; 1610; 1620

MB131

Algaí ilbhliantúla ar charraig infrea-chladachúil agus bolláin infrea-chladachúla Mhuir Bhailt

1170; 1160

MB232

Tóineanna poill infrea-chladachúila Mhuir Bhailt arb é is saintréith díobh gairbhéal sliogán

1160; 1110

MB333

Dríodar garbh infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de algaí ilbhliantúla

1110; 1160

MB433

Dríodar measctha infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de algaí ilbhliantúla

1110; 1130; 1160; 1170

An Mhuir Dhubh

 

MB144

Carraig infrea-chladachúil uachtair na Mara Duibhe atá nochta ar diúilicíní mara is mó atá uirthi agus ar a bhfuil fúcóidigh uirthi

1170; 1160

MB149

Carraig infrea-chladachúil uachtair na Mara Duibhe atá measartha nochta ar diúilicíní mara is mó atá uirthi agus ar a bhfuil fúcóidigh uirthi

1170; 1160

MB14A

Fúcóidigh agus algaí eile ar charraig fhoscúil uachtair na Mara Duibhe, soilsithe go maith

1170; 1160

An Mheánmhuir

 

MA1548

Comhcheangal le Fucus virsoides

1160; 1170

MB1512

Comhcheangal le Cystoseira tamariscifolia agus Saccorhiza polyschides

1170; 1160

MB1513

Comhcheangal le Cystoseira amentacea (var. amentacea, var. stricta, var. spicata)

1170; 1160

MB151F

Comhcheangal le Cystoseira brachycarpa

1170; 1160

MB151G

Comhcheangal le Cystoseira crinita

1170; 1160

MB151H

Comhcheangal le Cystoseira crinitophylla

1170; 1160

MB151J

Comhcheangal le Cystoseira sauvageauana

1170; 1160

MB151K

Comhcheangal le Cystoseira spinosa

1170; 1160

MB151L

Comhcheangal le Sargassum vulgare

1170; 1160

MB151M

Comhcheangal le Dictyopteris polypodioides

1170; 1160

MB151W

Comhcheangal le Cystoseira compressa

1170; 1160

MB1524

Comhcheangal le Cystoseira barbata

1170; 1160

MC1511

Comhcheangal le Cystoseira zosteroides

1170; 1160

MC1512

Comhcheangal le Cystoseira usneoides

1170; 1160

MC1513

Comhcheangal le Cystoseira dubia

1170; 1160

MC1514

Comhcheangal le Cystoseira corniculata

1170; 1160

MC1515

Comhcheangal le Sargassum spp.

1170; 1160

MC1518

Comhcheangal le Laminaria ochroleuca

1170; 1160

MC3517

Comhcheangal le Laminaria rodriguezii ar leapacha smionagair

1160

3.   Grúpa 3: Leapacha sliogéisc

Cód EUNIS

Ainm cineáil gnáthóige EUNIS

Cóid Iarscríbhinn I ábhartha (an Treoir maidir le Gnáthóga)

An tAtlantach

MA122

Mytilus edulis agus/nó pobail ghiúrann ar charraig chladachúil thonn-nochta an Atlantaigh

1160; 1170

MA124

Pobail diúilicíní agus/nó ghiúrann le feamainn ar charraig chladachúil an Atlantaigh

1160; 1170

MA227

Sceireacha débhlaoscacha i gcrios cladachúil an Atlantaigh

1170; 1140

MB222

Sceireacha débhlaosacha i gcrios infrea-chladachúil an Atlantaigh

1170; 1130; 1160

MC223

Sceireacha débhlaoscacha i gcrios imchladachúil an Atlantaigh

1170

Muir Bhailt

 

MB231

Tóineanna poill infrea-chladachúla Mhuir Bhailt ar débhlaoscaigh eipeabheantacha is mó atá iontu

1170; 1160

MC231

Tóineanna poill imchladachúla Mhuir Bhailt ar débhlaoscaigh eipeabheantacha is mó atá iontu

1170; 1160; 1110

MD231

Tóineanna poill bithghineacha imchladachúla amach ón gcósta i Muir Bhailt arb é is saintréith díobh débhlaoscaigh eipeabheantacha

1170

MD232

Tóineanna poill gairbhéil sliogán imchladachúla amach ón gcósta i Muir Bhailt arb é is saintréith díobh débhlaoscaigh

1170

MD431

Tóineanna poill measctha imchladachúla amach ón gcósta i Muir Bhailt arb é is saintréith díobh struchtúir bhitheacha eipeabheantacha mhacrascópacha

 

MD531

Gaineamh imchladachúil amach ón gcósta i Muir Bhailt arb é is saintréith díobh struchtúir bhitheacha eipeabheantacha mhacrascópacha

 

MD631

Láib imchladachúil amach ón gcósta i Muir Bhailt arb é is saintréith díobh débhlaoscaigh eipeabheantacha

 

An Mhuir Dhubh

 

MB141

Carraig infrea-chladachúil íochtair na Mara Duibhe ar Inveirteabraigh is mó atá uirthi

1170

MB143

Carraig infrea-chladachúil uachtair na Mara Duibhe atá nochta, ar diúilicíní mara is mó atá uirthi, agus a bhfuil algaí duilliúla (nó fúcóidigh) uirthi

1170; 1160

MB148

Carraig infrea-chladachúil uachtair na Mara Duibhe atá measartha nochta, ar diúilicíní mara is mó atá uirthi, agus ar a bhfuil algaí duilliúla (seachas fúcóidigh) uirthi

1170; 1160

MB242

Leapacha diúilicíní i limistéar infrea-chladachúil na Mara Duibhe

1170; 1130; 1160

MB243

Sceireacha oisrí ar charraig infrea-chladachúil na Mara Duibhe íochtair

1170

MB642

Láib thírghinte infrea-chladachúil na Mara Duibhe

1160

MC141

Carraig imchladachúil na Mara Duibhe ar inveirteabraigh is mó atá uirthi

1170

MC241

Leapacha diúilicíní ar láib thírghinte imchladachúil na Mara Duibhe

1170

MC645

Láib imchladachúil na Mara Duibhe íochtaraí

 

An Mheánmhuir

 

MA1544

Faiséisí ar a bhfuil Mytilus galloprovincialis in uiscí atá saibhrithe le hábhar orgánach

1160; 1170

MB1514

Faiséisí ar a bhfuil Mytilus galloprovincialis

1170; 1160

 

Leapacha Meánmhara oisrí infrea-chladachúla

 

 

Leapacha Meánmhara oisrí imchladachúla

 

4.   Grúpa 4: Leapacha méarla

Cód EUNIS

Ainm cineáil gnáthóige EUNIS

Cóid Iarscríbhinn I ábhartha (an Treoir maidir le Gnáthóga)

An tAtlantach

MB322

Leapacha méarla ar dhríodar garbh infrea-chladachúil an Atlantaigh

1110; 1160

MB421

Leapacha méarla ar dhríodar measctha infrea-chladachúil an Atlantaigh

1110; 1160

MB622

Leapacha méarla ar dhríodar lábach infrea-chladachúil an Atlantaigh

1110; 1160

An Mheánmhuir

 

MB3511

Comhcheangal le ródailití i ngaineamh garbh agus i ngairbhéil mine atá measctha de dheasca tonnta

1110; 1160

MB3521

Comhcheangal le ródailítí i ngaineamh garbh agus i ngairbhéil mine atá faoi thionchar sruthanna tóna

1110; 1160

MB3522

Comhcheangal le méarla (= Comhcheangal le méarla Lithothamnion corallioides agus Phymatolithon calcareum) ar ghaineamh garbh agus gairbhéal na Meánmhara

1110; 1160

MC3521

Comhcheangal le ródailití ar thóineanna poill smionagair cósta

1110

MC3523

Comhcheangal le méarla (Lithothamnion corallioides agus Phymatholithon calcareum) ar thóineanna poill smionagair cósta

1110

5.   Grúpa 5: Leapacha spúinse, coiréil agus choiréilíneacha

Cód EUNIS

Ainm cineáil gnáthóige EUNIS

Cóid Iarscríbhinn I ábhartha (an Treoir maidir le Gnáthóga)

An tAtlantach

MC121

Pobail mhóna fhánúla ar charraig imchladachúil an Atlantaigh

1170

MC124

Pobail fhánúla ar charraig imchladachúil salandachta athraithí an Atlantaigh

1170; 1130

MC126

Pobail phluaiseanna agus starrthacha imchladachúla an Atlantaigh

8330; 1170

MC222

Sceireacha coiréalaigh fuaruisce i gcrios imchladachúil an Atlantaigh

1170

MD121

Coilíneachtaí spúinse ar charraig imchladachúil amach ón gcósta san Atlantach

1170

MD221

Sceireacha coiréalaigh fuaruisce i gcrios imchladachúil amach ón gcósta san Atlantach

1170

ME122

Coilíneachtaí spúinse ar charraig ilchríochach uachtair an Atlantaigh

1170

ME123

Pobail choiréil fuaruisce mheasctha ar charraig ilchríochach uachtair an Atlantaigh

1170

ME221

Sceir choiréalaigh fuaruisce ilchríochach an Atlantaigh uachtair

1170

ME322

Pobail choiréil fuaruisce mheasctha ar dhríodar garbh ilchríochach an Atlantaigh uachtair

 

ME324

Cumaisc spúinse ar dhríodar garbh ilchríochach an Atlantaigh uachtair

 

ME422

Cumaisc spúinse ar dhríodar measctha ilchríochach an Atlantaigh uachtair

 

ME623

Cumaisc spúinse ar láib ilchríochach an Atlantaigh uachtair

 

ME624

Páirc choiréil cheartseasmhach ar láib ilchríochach an Atlantaigh uachtair

 

MF121

Pobail choiréil fuaruisce mheasctha ar charraig ilchríochach an Atlantaigh uachtair

1170

MF221

Sceir choiréalaigh fuaruisce ilchríochach an Atlantaigh íochtair

1170

MF321

Pobail choiréil fuaruisce mheasctha ar dhríodar garbh ilchríochach an Atlantaigh íochtair

 

MF622

Cumaisc spúinse ar láib ilchríochach an Atlantaigh íochtair

 

MF623

Páirc choiréil cheartseasmhach ar láib ilchríochach an Atlantaigh uachtair

 

Muir Bhailt

 

MB138

Carraig infrea-chladachúil agus bolláin infrea-chladachúla Mhuir Bhailt arb é is saintréith díobh spúinsí eipeabheantacha

1170; 1160

MB43A

Dríodar measctha infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de spúinsí eipibheantacha

1160; 1170

MC133

Carraig imchladachúil agus bolláin imchladachúla Mhuir Bhailt arb é is saintréith di cniodáraigh eipeabheantacha

1170; 1160

MC136

Carraig imchladachúil agus bolláin imchladachúla Mhuir Bhailt arb é is saintréith di spúinsí eipeabheantacha

1170; 1160

MC433

Dríodar measctha imchladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de cniodáraigh eipeabheantacha

1160; 1170

MC436

Dríodar measctha imchladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de spúinsí eipeabheantacha

1160

An Mhuir Dhubh

 

MD24

Gnáthóga bithghineacha imchladachúla amach ón gcósta sa Mhuir Dhubh

1170

ME14

Carraig ilchríochach na Mara Duibhe uachtair

1170

ME24

Gnáthóg bhithghineach ílchríochach na Mara Duibhe uachtair

1170

MF14

Carraig ilchríochach na Mara Duibhe íochtair

1170

An Mheánmhuir

 

MB151E

Faiséisí ar a bhfuil Cladocora caespitosa

1170; 1160

MB151Q

Faiséisí ar a bhfuil Astroides calycularis

1170; 1160

MB151α

Faiséisí agus comhcheangal le bithchéanóis choiréilíneach (in iamhchríoch)

1170; 1160

MC1519

Faiséisí ar a bhfuil Eunicella cavolini

1170; 1160

MC151A

Faiséisí ar a bhfuil Eunicella singularis

1170; 1160

MC151B

Faiséisí ar a bhfuil Paramuricea clavata

1170; 1160

MC151E

Faiséisí ar a bhfuil Leptogorgia sarmentosa

1170; 1160

MC151F

Faiséisí ar a bhfuil Anthipatella subpinnata agus algaí dearga scáinte

1170; 1160

MC151G

Faiséisí ar a bhfuil spúinsí ollmhóra agus algaí dearga scáinte

1170; 1160

MC1522

Faiséisí ar a bhfuil Corallium rubrum

8330; 1170

MC1523

Faiséisí ar a bhfuil Leptopsammia pruvoti

8330; 1170

MC251

Ardáin choiréilíneacha

1170

MC6514

Faiséisí de láib greamaitheach ar a bhfuil Alcyonium palmatum agus Parastichopus regalis ar láib imchladachúil

1160

MD151

Bithchéanóis na carraige scairbhimill a Meánmhara

1170

MD25

Gnáthóga bithghineacha imchladachúla amach ón gcósta sa Mheánmhuir

1170

MD6512

Faiséisí de láib greamaitheach ar a bhfuil Alcyonium palmatum agus Parastichopus regalis ar láib imchladachúil íochtair

 

ME1511

Sceireacha Lophelia pertusa ilchríochacha na Meánmhara uachtair

1170

ME1512

Sceireacha Madrepora oculata ilchríochacha na Meánmhara uachtair

1170

ME1513

Sceireacha Madrepora oculata agus Lophelia pertusa ilchríochacha na Meánmhara uachtair

1170

ME6514

Faiséisí ilchríochacha na Meánmhara uachtair ar a bhfuil Pheronema carpenteri

 

MF1511

Sceireacha Lophelia pertusa ilchríochacha na Meánmhara íochtair

1170

MF1512

Sceireacha Madrepora oculata ilchríochacha na Meánmhara íochtair

1170

MF1513

Sceireacha Madrepora oculata agus Lophelia pertusa ilchríochacha na Meánmhara íochtair

1170

MF6511

Faiséisí ilchríochacha na Meánmhara íochtair láibe gainmhí ar a bhfuil Thenea muricata

 

MF6513

Faiséisí ilchríochacha na Meánmhara íochtair láibe dlúithe ar a bhfuil Isidella elongata

 

6.   Grúpa 6: Craois agus púscadh

Cód EUNIS

Ainm cineáil gnáthóige EUNIS

Cóid Iarscríbhinn I ábhartha (an Treoir maidir le Gnáthóga)

An tAtlantach

MB128

Craois agus púscadh i gcarraig infrea-chladachúil an Atlantaigh

1170; 1160; 1180

MB627

Craois agus púscadh láib infrea-chladachúil an Atlantaigh

1130; 1160

MC127

Craois agus púscadh i gcarraig imchladachúil an Atlantaigh

1170; 1180

MC622

Craois agus púscadh i láib imchladachúil an Atlantaigh

1160

MD122

Craois agus púscadh ar charraig imchladachúil amach ón gcósta san Atlantach

1170

MD622

Craois agus púscadh i láib imchladachúil amach ón gcósta san Atlantach

 

7.   Grúpa 7: Dríodair bhoga (os cionn 1000 méadar doimhneachta)

Cód EUNIS

Ainm cineáil gnáthóige EUNIS

Cóid Iarscríbhinn I ábhartha (an Treoir maidir le Gnáthóga)

An tAtlantach

MA32

Dríodar garbh cladachúil an Atlantaigh

1130; 1160

MA42

Dríodar measctha cladachúil an Atlantaigh

1130; 1140; 1160

MA52

Gaineamh cladachúil an Atlantaigh

1130; 1140; 1160

MA62

Láib chladachúil an Atlantaigh

1130; 1140; 1160

MB32

Dríodar garbh infrea-chladachúil an Atlantaigh

1110; 1130; 1160

MB42

Dríodar measctha infrea-chladachúil an Atlantaigh

1110; 1130; 1150; 1160

MB52

Gaineamh infrea-chladachúil an Atlantaigh

1110; 1130; 1150; 1160

MB62

Láib infrea-chladachúil an Atlantaigh

1110; 1130; 1160

MC32

Dríodar garbh imchladachúil an Atlantaigh

1110; 1160

MC42

Dríodar measctha imchladachúil an Atlantaigh

1110; 1160

MC52

Gaineamh imchladachúil an Atlantaigh

1110; 1160

MC62

Láib imchladachúil an Atlantaigh

1160

MD32

Dríodar garbh imchladachúil amach ón gcósta san Atlantach

 

MD42

Dríodar measctha imchladachúil amach ón gcósta asan Atlantach

 

MD52

Gainimh imchladachúil amach ón gcósta san Atlantach

 

MD62

Láib imchladachúil amach ón gcósta san Atlantach

 

ME32

Dríodar garbh ilchríochach an Atlantaigh uachtair

 

ME42

Dríodar measctha ilchríochach an Atlantaigh uachtair

 

ME52

Gaineamh ilchríochach an Atlantaigh uachtair

 

ME62

Láibe ilchríochach an Atlantaigh uachtair

 

MF32

Dríodar garbh ilchríochach an Atlantaigh íochtair

 

MF42

Dríodar measctha ilchríochach an Atlantaigh íochtair

 

MF52

Gaineamh ilchríochach an Atlantaigh íochtair

 

MF62

Láib ilchríochach an Atlantaigh íochtair

 

Muir Bhailt

 

MA33

Dríodar garbh hidrea-chladachúil Mhuir Bhailt

1130; 1160; 1610; 1620

MA43

Dríodar measctha hidrea-chladachúil Mhuir Bhailt

1130; 1140; 1160; 1610

MA53

Gaineamh hidrea-chladachúil Mhuir Bhailt

1130; 1140; 1160; 1610

MA63

Láib hidrea-chladachúil Mhuir Bhailt

1130; 1140; 1160; 1650

MB33

Dríodar garbh infrea-chladachúil Mhuir Bhailt

1110; 1150; 1160

MB43

Dríodar measctha infrea-chladachúil Mhuir Bhailt

1110; 1130; 1150; 1160; 1170; 1650

MB53

Gaineamh infrea-chladachúil Mhuir Bhailt

1110; 1130; 1150; 1160

MB63

Láib infrea-chladachúil Mhuir Bhailt

1130; 1150; 1160; 1650

MC33

Dríodar garbh imchladachúil Mhuir Bhailt

1110; 1160

MC43

Dríodar measctha imchladachúil Mhuir Bhailt

1160; 1170

MC53

Gaineamh imchladachúil Mhuir Bhailt

1110; 1160

MC63

Láib imchladachúil Mhuir Bhailt

1160; 1650

MD33

Dríodar garbh imchladachúil amach ón gcósta i Muir Bhailt

 

MD43

Dríodar measctha imchladachúil amach ón gcósta i Muir Bhailt

 

MD53

Gaineamh imchladachúil amach ón gcósta i Muir Bhailt

 

MD63

Láib imchladachúil amach ón gcósta i Muir Bhailt

 

An Mhuir Dhubh

 

MA34

Dríodar garbh cladachúil na Mara Duibhe

1160

MA44

Dríodar measctha cladachúil na Mara Duibhe

1130; 1140; 1160

MA54

Gaineamh cladachúil na Mara Duibhe

1130; 1140; 1160

MA64

Láib chladachúil na Mara Duibhe

1130; 1140; 1160

MB34

Dríodar garbh infrea-chladachúil na Mara Duibhe

1110; 1160

MB44

Dríodar measctha infrea-chladachúil na Mara Duibhe

1110; 1170

MB54

Gaineamh infrea-chladachúil na Mara Duibhe

1110; 1130; 1160

MB64

Láib infrea-chladachúil na Mara Duibhe

1130; 1160

MC34

Dríodar garbh imchladachúil na Mara Duibhe

1160

MC44

Dríodar measctha imchladachúil na Mara Duibhe

 

MC54

Láib imchladachúil na Mara Duibhe

1160

MC64

Láib imchladachúil na Mara Duibhe

1130; 1160

MD34

Dríodar garbh imchladachúil amach ón gcósta sa Mhuir Dhubh

 

MD44

Dríodar measctha imchladachúil amach ón gcósta sa Mhuir Dhubh

 

MD54

Gaineamh imchladachúil amach ón gcósta sa Mhuir Dhubh

 

MD64

Láib imchladachúil amach ón gcósta sa Mhuir Dhubh

 

An Mheánmhuir

 

MA35

Dríodar garbh cladachúil na Meánmhara

1160; 1130

MA45

Dríodar measctha cladachúil na Meánmhara

1140; 1160

MA55

Gaineamh cladachúil na Meánmhara

1130; 1140; 1160

MA65

Láib chladachúil na Meánmhara

1130; 1140; 1150; 1160

MB35

Dríodar garbh infrea-chladachúil na Meánmhara

1110; 1160

MB45

Dríodar measctha infrea-chladachúil na Meánmhara

 

MB55

Gaineamh infrea-chladachúil na Meánmhara

1110; 1130; 1150; 1160

MB65

Láib infrea-chladachúil na Meánmhara

1130; 1150

MC35

Dríodar garbh imchladachúil na Meánmhara

1110; 1160

MC45

Dríodar measctha imchladachúil na Meánmhara

 

MC55

Gaineamh imchladachúil na Meánmhara

1110; 1160

MC65

Láib imchladachúil na Meánmhara

1130; 1160

MD35

Dríodar garbh imchladachúil amach ón gcósta sa Mheanmhuir

 

MD45

Dríodar measctha imchladachúil amach ón gcósta sa Mheanmhuir

 

MD55

Gaineamh imchladachúil amach ón gcósta sa Mheanmhuir

 

MD65

Láib imchladachúil amach ón gcósta sa Mheanmhuir

 

ME35

Dríodar garbh ilchríochach na Meánmhara uachtair

 

ME45

Dríodar measctha ilchríochach na Meánmhara uachtair

 

ME55

Gaineamh ilchríochach na Meánmhara uachtair

 

ME65

Láib ilchríochach na Meánmhara uachtair

 

MF35

Dríodar garbh ilchríochach na Meánmhara íochtair

 

MF45

Dríodar measctha ilchríochach na Meánmhara íochtair

 

MF55

Gaineamh ilchríochach na Meánmhara íochtair

 

MF65

Láib ilchríochach na Meánmhara íochtair

 

IARSCRÍBHINN III

SPEICIS MHUIRÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5(3)

(2)

an mionsábh mara (Pristis clavata);

(3)

an sábh mara beagfhiaclach (Pristis pectinata);

(4)

an sábh mara mórfhiaclach (Pristis pristis);

(6)

liamhán gréine (Cetorhinus maximus) agus an siorc bán mór (Carcharodon carcharias);

(7)

an lóchrannsiorc mín (Etmopterus pusillus);

(8)

roc Alfred (Manta alfredi);

(9)

roc na caille (Manta birostris);

(10)

roc an diabhail (Mobula mobular);

(11)

diabhalroc beag Guineach (Mobula rochebrunei);

(12)

an roc earrspíonach (Mobula japanica);

(13)

an roc mínearrach (Mobula thurstoni);

(14)

an diabhalroc fadadharcach (Mobula eregoodootenkee);

(16)

an Diabhalroc Sileach (Mobula tarapacana);

(17)

an diabhalroc gearreiteach (Mobula kuhlii);

(18)

roc an diabhail (Mobula hypostoma);

(19)

an sciata Ioruach (Raja (Dipturus) nidarosiensis);

(20)

an sciata bán (Raja alba);

(21)

giotáréisc (Rhinobatidae);

(22)

an bráthair (Squatina squatina);

(23)

an bradán (Salmo salar);

(24)

an breac geal (Salmo trutta);

(25)

iasc geal géarshocach (Coregonus oxyrhynchus).

[Leasú 47]

IARSCRÍBHINN V

INNÉACS NA nÉAN TALIMH FEIRME COITEANN AR AN LEIBHÉAL NÁISIÚNTA

Tuairisc

Déantar achoimre san Innéacs Éanlaithe Talaimh Feirme (FBI) ar threochtaí pobal éan coiteann agus forleathan de thalamh feirme agus tá sé beartaithe é a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar stádas bithéagsúlachta na n-éiceachóras talmhaíochta san Eoraip. Is innéacs ilchodach ilspeiceas é an FBI náisiúnta lena dtomhaistear an ráta athraithe i bhflúirse choibhneasta speiceas éan feirme ar fud suíomhanna suirbhé roghnaithe ar an leibhéal náisiúnta. Tá an t-innéacs bunaithe ar speicis a roghnaítear go speisialta agus atá ag brath ar ghnáthóga talún feirme chun iad a bheathú agus a neadú. Tá innéacsanna na n-éan talaimh feirme coiteann náisiúnta bunaithe ar thacair speiceas atá ábhartha do gach Ballstát. Ríomhtar an t-innéacs de réir bonnbhliana nuair a shocraítear an luach innéacs ag 100. Léiríonn luachanna treochtaí an t-athrú foriomlán pobal i líon phobail na n-éan feirme comhpháirte thar thréimhse blianta.

Modheolaíocht: Brlík et al. (2021): Tacar sonraí ilspeiceas fadtéarmach agus mórscála lena rianaítear athruithe daonra éin ghoir Eorpacha choiteanna. Sonraí Sci 8, 21. https://doi.org/10.1038/s41597-021-00804-2

Ciallaíonn ‘Ballstáit ina bhfuil pobail níos ídithe d’éin talaimh feirme go stairiúil’ na Ballstáit ina bhfuil treocht dhiúltach fhadtéarmach pobal ag leath nó níos mó de na speicis atá in innéacs na n-éan talaimh feirme coiteann. Sna Ballstáit, i gcás nach bhfuil faisnéis maidir le treochtaí fadtéarmacha na bpobal ar fáil i gcás roinnt speiceas, úsáidtear faisnéis maidir le stádas Eorpach na speiceas.

Is iad seo a leanas na Ballstáit sin:

 

an tSeicia

 

an Danmhairg

 

an Eastóin

 

an Fhionlainn

 

an Fhrainc

 

an Ghearmáin

 

an Ungáir

 

an Iodáil

 

Lucsamburg

 

an Ísiltír

 

an Spáinn

Ciallaíonn ‘Ballstáit nach bhfuil pobail na n-éan talaimh feirme chomh hídithe céanna iontu go stairiúil’ na Ballstáit ina bhfuil treocht dhiúltach fhadtéarmach pobal ag níos lú ná leath de na speicis atá in innéacs na n-éan talaimh feirme coiteann. Sna Ballstáit, i gcás nach bhfuil faisnéis maidir le treochtaí fadtéarmacha na bpobal ar fáil i gcás roinnt speiceas, úsáidtear faisnéis maidir le stádas Eorpach na speiceas.

Is iad seo a leanas na Ballstáit sin:

 

an Ostair

 

an Bheilg

 

an Bhulgáir

 

an Chróit

 

an Chipir

 

an Ghréig

 

Éire

 

an Laitvia

 

an Liotuáin

 

Málta

 

an Pholainn

 

an Phortaingéil

 

an Rómáin

 

an tSlóvaic

 

an tSlóivéin

 

an tSualainn

Liosta na speiceas a úsáidtear le haghaidh innéacs na n-éan talaimh feirme coiteann sna Ballstáit

an Ostair

Acrocephalus palustris

Alauda arvensis

Anthus spinoletta

Anthus trivialis

Carduelis cannabina

Carduelis carduelis

Emberiza citrinella

Falco tinnunculus

Jynx torquilla

Lanius collurio

Lullula arborea

Miliaria calandra

Oenanthe oenanthe

Passer montanus

Perdix perdix

Saxicola rubetra

Saxicola torquatus

Serinus citrinella

Serinus serinus

Streptopelia turtur

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Turdus pilaris

Vanellus vanellus


an Bheilg - Flóndras

an Bheilg - an Vallúin

Alauda arvensis

Alauda arvensis

Anthus pratensis

Anthus pratensis

Emberiza citrinella

Carduelis cannabina

Falco tinnunculus

Corvus frugilegus

Haematopus ostralegus

Emberiza citrinella

Hippolais icterina

Falco tinnunculus

Hirundo rustica

Hirundo rustica

Limosa limosa

Lanius collurio

Linaria cannabina

Miliaria calandra

Motacilla alba

Motacilla flava

Motacilla flava

Passer montanus

Numenius arquata

Perdix perdix

Passer montanus

Saxicola torquatus

Perdix perdix

Streptopelia turtur

Phoenicurus ochruros

Sturnus vulgaris

Saxicola torquatus

Sylvia communis

Sylvia communis

Vanellus vanellus

Vanellus vanellus

 


an Bhulgáir

Alauda arvensis

Carduelis carduelis

Carduelis cannabina

Coturnix coturnix

Corvus frugilegus

Emberiza hortulana

Emberiza melanocephala

Falco tinnunculus

Galerida cristata

Hirundo rustica

Lanius collurio

Miliaria calandra

Motacilla flava

Perdix perdix

Passer montanus

Sylvia communis

Streptopelia turtur

Sturnus vulgaris

Upupa epops


an Chróit

Alauda arvensis

Anthus campestris

Anthus trivialis

Carduelis cannabina

Carduelis carduelis

Coturnix coturnix

Emberiza cirlus

Emberiza citrinella

Emberiza melanocephala

Falco tinnunculus

Galerida cristata

Jynx torquilla

Lanius collurio

Lanius senator

Lullula arborea

Luscinia megarhynchos

Miliaria calandra

Motacilla flava

Oenanthe hispanica

Oriolus oriolus

Passer montanus

Pica pica

Saxicola rubetra

Saxicola torquatus

Streptopelia turtur

Sylvia communis

Upupa epops

Vanellus vanellus


an Chipir

Alectoris chukar

Athene noctua

Carduelis carduelis

Cisticola juncidis

Clamator glandarius

Columba palumbus

Coracias garrulus

Corvus corone cornix

Coturnix coturnix

Emberiza calandra

Emberiza melanocephala

Falco tinnunculus

Francolinus francolinus

Galerida cristata

Hirundo rustica

Chloris chloris

Iduna pallida

Linaria cannabina

Oenanthe cypriaca

Parus major

Passer hispaniolensis

Pica pica

Streptopelia turtur

Sylvia conspicillata

Sylvia melanocephala


an tSeicia

Alauda arvensis

Anthus pratensis

Carduelis cannabina

Ciconia ciconia

Corvus frugilegus

Emberiza citrinella

Falco tinnunculus

Hirundo rustica

Lanius collurio

Miliaria calandra

Motacilla flava

Passer montanus

Perdix perdix

Saxicola rubetra

Saxicola torquatus

Serinus serinus

Streptopelia turtur

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Vanellus vanellus


an Danmhairg

Alauda arvensis

Anthus pratensis

Carduelis cannabina

Carduelis carduelis

Corvus corone

Corvus frugilegus

Emberiza citrinella

Falco tinnunculus

Gallinago gallinago

Hirundo rustica

Lanius collurio

Miliaria calandra

Motacilla alba

Motacilla flava

Oenanthe oenanthe

Passer montanus

Perdix perdix

Saxicola rubetra

Sylvia communis

Sylvia curruca

Turdus pilaris

Vanellus vanellus


an Eastóin

Alauda arvensis

Anthus pratensis

Corvus frugilegus

Emberiza citrinella

Hirundo rustica

Lanius collurio

Linaria cannabina

Motacilla flava

Passer montanus

Saxicola rubetra

Streptopelia turtur

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Vanellus vanellus


an Fhionlainn

Alauda arvensis

Anthus pratensis

Corvus monedula

Crex crex

Delichon urbica

Emberiza hortulana

Hirundo rustica

Numenius arquata

Passer montanus

Saxicola rubertra

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Turdus pilaris

Vanellus vanellus


an Fhrainc

Alauda arvensis

Alectoris rufa

Anthus campestris

Anthus pratensis

Buteo buteo

Carduelis cannabina

Corvus frugilegus

Coturnix coturnix

Emberiza cirlus

Emberiza citrinella

Emberiza hortulana

Falco tinnunculus

Galerida cristata

Lanius collurio

Lullula arborea

Melanocorypha calandra

Motacilla flava

Oenanthe oenanthe

Perdix perdix

Saxicola torquatus

Saxicola rubetra

Sylvia communis

Upupa epops

Vanellus vanellus


an Ghearmáin

Alauda arvensis

Athene noctua

Emberiza citrinella

Lanius collurio

Limosa limosa

Lullula arborea

Miliaria calandra

Milvus milvus

Saxicola rubetra

Vanellus vanellus


an Ghréig

Alauda arvensis

Apus apus

Athene noctua

Calandrella brachydactyla

Carduelis cannabina

Carduelis carduelis

Carduelis chloris

Ciconia ciconia

Corvus corone

Corvus monedula

Delichon urbicum

Emberiza cirlus

Emberiza hortulana

Emberiza melanocephala

Falco naumanni

Falco tinnunculus

Galerida cristata

Hirundo daurica

Hirundo rustica

Lanius collurio

Lanius minor

Lanius senator

Lullula arborea

Luscinia megarhynchos

Melanocorypha calandra

Miliaria calandra

Motacilla flava

Oenanthe hispanica

Oenanthe oenanthe

Passer domesticus

Passer hispaniolensis

Passer montanus

Pica pica

Saxicola rubetra

Saxicola torquatus

Streptopelia decaocto

Streptopelia turtur

Sturnus vulgaris

Sylvia melanocephala

Upupa epops


an Ungáir

Alauda arvensis

Anthus campestris

Coturnix coturnix

Emberiza calandra

Falco tinnunculus

Galerida cristata

Lanius collurio

Lanius minor

Locustella naevia

Merops apiaster

Motacilla flava

Perdix perdix

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Sylvia nisoria

Vanellus vanellus


Éire

Carduelis cannabina

Carduelis carduelis

Columba oenas

Columba palumbus

Corvus cornix

Corvus frugilegus

Corvus monedula

Emberiza citrinella

Falco tinnunculus

Fringilla coelebs

Hirundo rustica

Chloris chloris

Motacilla alba

Passer domesticus

Phasianus colchicus

Pica pica

Saxicola torquatus

Sturnus vulgaris

an Iodáil

Alauda arvensis

Anthus campestris

Calandrella brachydactyla

Carduelis carduelis

Carduelis chloris

Corvus cornix

Emberiza calandra

Emberiza hortulana

Falco tinnunculus

Galerida cristata

Hirundo rustica

Jynx torquilla

Lanius collurio

Luscinia megarhynchos

Melanocorypha calandra

Motacilla alba

Motacilla flava

Oriolus oriolus

Passer domesticus italiae

Passer hispaniolensis

Passer montanus

Pica pica

Saxicola torquatus

Serinus serinus

Streptopelia turtur

Sturnus unicolor

Sturnus vulgaris

Upupa epops


an Laitvia

Acrocephalus palustris

Alauda arvensis

Anthus pratensis

Carduelis carduelis

Carpodacus erythrinus

Ciconia ciconia

Crex crex

Emberiza citrinella

Lanius collurio

Locustella naevia

Motacilla flava

Passer montanus

Saxicola rubetra

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Vanellus vanellus


an Liotuáin

Alauda arvensis

Anthus pratensis

Carduelis carduelis

Ciconia ciconia

Crex crex

Emberiza citrinella

Hirundo rustica

Lanius collurio

Motacilla flava

Passer montanus

Saxicola rubetra

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Vanellus vanellus


Lucsamburg

Alauda arvensis

Carduelis cannabina

Emberiza citrinella

Lanius collurio

Passer montanus

Saxicola torquatus

Sylvia communis

Málta

Calandrella brachydactyla

Linaria cannabina

Cettia cetti

Cisticola juncidis

Coturnix coturnix

Emberiza calandra

Lanius senator

Monticola solitarius

Passer hispaniolensis

Passer montanus

Serinus serinus

Streptopelia decaocto

Streptopelia turtur

Sturnus vulgaris

Sylvia conspicillata

Sylvia melanocephala


an Ísiltír

Alauda arvensis

Anthus pratensis

Athene noctua

Calidris pugnax

Carduelis carduelis

Corvus frugilegus

Coturnix coturnix

Emberiza citrinella

Falco tinnunculus

Gallinago gallinago

Haematopus ostralegus

Hippolais icterina

Hirundo rustica

Limosa limosa

Miliaria calandra

Motacilla fl ava

Numenius arquata

Passer montanus

Perdix perdix

Saxicola torquatus

Spatula clypeata

Streptopelia turtur

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Tringa totanus

Turdus viscivorus

Vanellus vanellus


an Pholainn

Alauda arvensis

Anthus pratensis

Carduelis cannabina

Ciconia ciconia

Emberiza citrinella

Emberiza hortulana

Falco tinnunculus

Galerida cristata

Hirundo rustica

Lanius collurio

Limosa limosa

Miliaria calandra

Motacilla flava

Passer montanus

Saxicola torquatus

Saxicola rubetra

Serinus serinus

Streptopelia turtur

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Upupa epops

Vanellus vanellus


an Phortaingéil

Athene noctua

Bubulcus ibis

Carduelis carduelis

Chloris chloris

Ciconia ciconia

Cisticola juncidis

Coturnix coturnix

Delichon urbicum

Emberiza cirlus

Falco tinnunculus

Galerida cristata

Hirundo rustica

Lanius meridionalis

Linaria cannabina

Merops apiaster

Miliaria calandra

Milvus migrans

Passer domesticus

Pica pica

Saxicola torquatus

Serinus serinus

Sturnus unicolor

Upupa epops


an Rómáin

Alauda arvensis

Anthus campestris

Calandrella brachydactyla

Ciconia ciconia

Corvus frugilegus

Emberiza calandra

Emberiza citrinella

Emberiza hortulana

Emberiza melanocephala

Falco tinnunculus

Galerida cristata

Hirundo rustica

Lanius collurio

Lanius minor

Linaria cannabina

Melanocorypha calandra

Motacilla flava

Passer montanus

Perdix perdix

Saxicola rubetra

Saxicola torquatus

Streptopelia turtur

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Upupa epops

Vanellus vanellus


an tSlóvaic

Alauda arvensis

Carduelis cannabina

Carduelis carduelis

Emberiza calandra

Emberiza citrinella

Falco tinnunculus

Hirundo rustica

Chloris chloris

Lanius collurio

Locustella naevia

Motacilla flava

Passer montanus

Saxicola rubetra

Saxicola torquatus

Serinus serinus

Streptopelia turtur

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Sylvia nisoria

Vanellus vanellus


an tSlóivéin

Acrocephalus palustris

Alauda arvensis

Anthus trivialis

Carduelis cannabina

Carduelis carduelis

Columba oenas

Columba palumbus

Emberiza calandra

Emberiza cirlus

Emberiza citrinella

Falco tinnunculus

Galerida cristata

Hirundo rustica

Jynx torquilla

Lanius collurio

Lullula arborea

Luscinia megarhynchos

Motacilla flava

Passer montanus

Phoenicurus phoenicurus

Picus viridis

Saxicola rubetra

Saxicola torquatus

Serinus serinus

Streptopelia turtur

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Upupa epops

Vanellus vanellus


an Spáinn

Alauda arvensis

Alectoris rufa

Athene noctua

Calandrella brachydactyla

Carduelis carduelis

Cisticola juncidis

Corvus monedula

Coturnix coturnix

Emberiza calandra

Falco tinnunculus

Galerida cristata

Hirundo rustica

Linaria cannabina

Melanocorypha calandra

Merops apiaster

Oenanthe hispanica

Passer domesticus

Passer montanus

Pica pica

Pterocles orientalis

Streptopelia turtur

Sturnus unicolor

Tetrax tetrax

Upupa epops


an tSualainn

Alauda arvensis

Anthus pratensis

Carduelis cannabina

Corvus frugilegus

Emberiza citrinella

Emberiza hortulana

Falco tinnunculus

Hirundo rustica

Lanius collurio

Motacilla flava

Passer montanus

Saxicola rubetra

Sturnus vulgaris

Sylvia communis

Vanellus vanellus

IARSCRÍBHINN VI

LIOSTA DE NA TÁSCAIRÍ BITHÉAGSÚLACHTA LE hAGHAIDH ÉICEACHÓRAIS FORAOISE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 10(2) AGUS 10(2a)

Táscaire

Tuairisc, aonad, agus modheolaíocht chun an táscaire a chinneadh agus chun faireachán a dhéanamh air

Adhmad marbh atá ina sheasamh

Tuairisc: Léiríonn an táscaire seo an méid bithmhaise adhmaid neamhbheo atá ina seasamh i bhforaoisí agus i gcoillearnaí eile.

Aonad: m3/ha.

Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Report, Springer, 2010, agus ag cur san áireamh an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn V de Rialachán 2018/1999 i gcomhréir le Treoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.

Adhmad marbh atá ina luí

Tuairisc: Léiríonn an táscaire seo an méid bithmhaise adhmaid neamhbheo atá ina luí ar an talamh i bhforaoisí agus i gcoillearnaí eile.

Aonad: m3/ha.

Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Report, Springer, 2010, agus ag cur san áireamh an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn V de Rialachán 2018/1999 i gcomhréir le Treoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.

Sciar na bhforaoisí ag a bhfuil struchtúr corraoiseach;

Tuairisc: Tagraíonn an táscaire seo do sciar na bhforaoisí atá ar fáil do sholáthar adhmaid ina bhfuil struchtúr corraoiseach i bhforaoisí i gcomparáid le struchtúr nach struchtúr corraoiseach é i bhforaoisí.

Aonad: Céatadán na bhforaoisí atá ar fáil do sholáthar adhmaid a bhfuil struchtúr corraoiseach acu.

Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Reporting, Springer, 2010.

Nascacht foraoisí

Tuairisc: Is éard atá i nascacht foraoisí a mhéid is dlúth na limistéir atá faoi chumhdach foraoise. Sainítear í i raon atá idir 0 agus 100.

Aonad: Innéacs.

Modheolaíocht: mar a d’fhorbair FAO, Vogt P., et al., FAO – State of the World’s Forests: Forest Fragmentation [an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta – Staid Foraoisí an Domhain: Ilroinnt ar Fhoraoisí], Tuarascáil Theicniúil JRC, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2019.

Innéacs na n-éan coiteann foraoise

Tuairisc: Leis an táscaire éan foraoise, tugtar tuairisc ar threochtaí i líonmhaireacht na n-éan foraoise coiteann ar fud a réimsí Eorpacha le himeacht ama. Is innéacs ilchodach é a cruthaíodh ó shonraí breathnóireachta ar speicis éan atá ina saintréith de ghnáthóga foraoise san Eoraip. Tá an t-innéacs bunaithe ar liosta sonrach speiceas i ngach Ballstát.

Aonad: Innéacs.

Modheolaíocht: Brlík et al. Long-term and large-scale multispecies dataset tracking population changes of common European breeding birds, Sci Data 8, 21. 2021.

Stoc an charbóin orgánaigh

Tuairisc: Leis an táscaire seo, tugtar tuairisc ar an stoc de charbón orgánach atá san easair agus san ithir mhianrach ag doimhneacht 0 go 30 cm in éiceachórais foraoise.

Aonad: tonaí carbóin orgánaigh/ha.

Modheolaíocht: mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán 2018/1999 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardal Náisiúnta de Gháis Ceaptha Teasa, agus arna tacú ag an tSuirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún (LUCAS) Ithir, Jones A. et al., LUCAS Soil 2022, tuarascáil theicniúil JRC, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021.

An sciar den talamh foraoise ar speicis crann dúchasach is mó atá ann

Tuairisc: An sciar den talamh foraoise agus coillearnach eile ar speicis crann dúchasach is mó (clúdach >50 %) atá iontu

Aonad: %

Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Reporting, Springer, 2010.

Éagsúlacht speiceas crann

Tuairisc: Déanann an táscaire seo cur síos ar mheánlíon na speiceas crann atá i limistéir foraoise

Aonad: Innéacs

Modheolaíocht: Bunaithe ar FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Reporting, Springer, 2010.

IARSCRÍBHINN VII

LIOSTA DE SHAMPLAÍ DE BHEARTA ATHCHÓIRITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11(8)

(1)   

Bogaigh a athchóiriú, trí thailte portaigh draenáilte a athfhliuchadh, struchtúir draenála portaigh a bhaint nó tochailt mhóna a bhaint agus a scor.

(2)   

Dálaí hidreolaíocha a fheabhsú trí chainníocht, cáilíocht agus dinimic na n-uiscí dromchla agus leibhéil screamhuisce i gcomhair éiceachórais nádúrtha agus leathnádúrtha a mhéadú.

(3)   

Cúngach scrobarnaí nach dteastaíonn nó plandálacha neamhdhúchasacha ar fhéarthailte, ar bhogaigh, ar fhoraoisí agus ar thalamh fásra scáinte a bhaint.

(4)   

Riascshaothrú a chur i bhfeidhm.

(5)   

Meánú aibhneacha a athbhunú agus lúba nó lochanna ocsó a gearradh go saorga a athcheangal.

(6)   

Fadbhacainní agus cliathánacha (amhail cladáin agus dambaí) a bhaint, níos mó spáis a thabhairt do dhinimic abhann agus stráicí abhann saorshreabhtha a athchóiriú.

(7)   

Leapacha abhann agus lochanna agus sruthchúrsaí ísealchríche a athchóiriú e.g. tríd an bhfosúchán leapa shaorga a bhaint, comhdhéanamh substráití a bharrfheabhsú, clúdach gnáthóige a fheabhsú nó a fhorbairt.

(8)   

Próisis dríodraithe nádúrtha a athchóiriú.

(9)   

Maoláin bhruachánacha a bhunú, e.g. foraoisí bruachánacha, stráicí maolánacha, móinéir nó féaraigh.

(10)   

Gnéithe éiceolaíochta a mhéadú i bhforaoisí, amhail crainn mhóra, seanchrainn agus crainn atá ag fáil bháis (crainn gnáthóige) agus méideanna adhmaid mhairbh atá ina luí agus ina seasamh.

(11)   

Oibriú i dtreo struchtúr foraoise éagsúlaithe ó thaobh e.g. comhdhéanamh agus aoise speiceas de, athghiniúint nádúrtha agus comharbas speiceas crann a chumasú.

(11a)    

Cabhrú le haistriú bunáitíochtaí agus speiceas nuair is gá sin de bharr an athraithe aeráide .

(12)   

Éagsúlacht foraoise a fheabhsú trí mhósáic de ghnáthóga neamhfhoraoise a athchóiriú , mar shampla, paistí oscailte féarthalún nó fraochmhá, linnte nó limistéir charraigeacha.

(13)   

Cuir chuige fhoraoiseachta ‘gar don dúlra’‘leanúnachais’ a úsáid; speiceas crann dúchasach a thabhairt isteach.

(14)   

Feabhas a chur ar fhorbairt foraoisí dúchasacha seanfháis agus ar chlampaí aibí (e.g. tríd an mbuaint a thréigean nó trí bhainistiú ghníomhach a thacaíonn le feidhmeanna uathrialála agus athléimneacht iomchuí a fhorbairt).

(15)   

Gnéithe tírdhreacha ard-éagsúlachta a thabhairt isteach i dtalamh arúil agus féarthailte dianúsáide, amhail stráicí maolánacha, imill pháirce ina bhfuil bláthanna dúchasacha, fálta, crainn, foraoisí beaga, ballaí léibheannacha, linnte, conairí gnáthóige, clocha cora, etc.

(16)   

An limistéar talmhaíochta a mhéadú faoi réir cineálacha cur chuige bainistíochta agrai-éiceolaíocha amhail talmhaíocht orgánach nó agrafhoraoiseacht, ilchúraíocht agus uainíocht na mbarr, bainistiú comhtháite lotnaidí agus cothaitheach.

(17)   

Déine innilte nó córais bainte féir ar fhéarthailte a laghdú i gcás inarb ábhartha agus innilt fhairsing a athbhunú le beostoc intíre agus le córais fhairsinge bainte féir sna háiteanna a tréigeadh.

(18)   

Deireadh a chur le húsáid lotnaidicídí ceimiceacha chomh maith le leasacháin aoiligh cheimiceacha agus leasacháin aoiligh ainmhithe nó a n-úsáid a laghdú.

(19)   

Deireadh a chur le féarthailte a threabhadh agus síolta féara táirgiúla a thabhairt isteach.

(20)   

Fáschoille ar chórais dumhcha intíre dhinimiciúla a bhaint d’fhonn dinimic ghaoithe nádúrtha a ath-chumasú i bhfabhar gnáthóga oscailte.

(21)   

Feabhas a chur ar an nascacht ar fud na ngnáthóg chun gur féidir pobail speiceas a fhorbairt, agus chun go mbeidh malartú leordhóthanach aonair nó géiniteach ann, mar aon le himirce speiceas agus oiriúnú don athrú aeráide.

(22)   

An deis a thabhairt d’éiceachórais a ndinimic nádúrtha féin a fhorbairt, mar shampla tríd an saothrú a thréigean agus trí nádúrthacht agus fiántas a chur chun cinn.

(23)   

Speicis choimhthíocha ionracha a bhaint agus a rialú, agus tabhairt isteach speiceas nua a chosc nó a íoslaghdú.

(24)   

Tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a íoslaghdú, mar shampla trí threalamh a úsáid ar lú a thionchar ar ghrinneall na farraige.

(25)   

Limistéir thábhachtacha sceathraí éisc agus iasclainne a athchóiriú.

(26)   

Struchtúir nó substráití a sholáthar chun filleadh na beatha muirí a spreagadh, mar shampla sceireacha coiréil/oisrí/bollán.

(27)   

Móinéir féir mara agus foraoisí ceilpe a athchóiriú trí ghrinneall na farraige a chobhsú go gníomhach, brú a laghdú agus, i gcás inar féidir, brú a dhíothú nó trí iomadú gníomhach agus plandú gníomhach.

(27a)    

Daonra na speiceas dúchasach saintréitheach atá ríthábhachtach d’éiceolaíocht na ngnáthóg muirí a athchóiriú nó a fheabhsú trí bhearta athchóirithe éighníomhacha nó gníomhacha a dhéanamh, mar shampla cinn óga a thabhairt isteach.

(28)   

Cineálacha éagsúla truaillithe mara a laghdú, amhail luchtú cothaitheach, truailliú torainn agus dramhaíl phlaistigh.

(29)   

Spásanna glasa uirbeacha a mhéadú ina bhfuil gnéithe éiceolaíocha, mar shampla páirceanna, crainn agus dáileachtaí coillearnaí ▌, díonta glasa, féarthailte bláthanna fiáine, gairdíní, gairneoireacht chathrach, sráideanna a bhfuil crainn lena dtaobh, móinéir uirbeacha agus fálta, linnte agus sruthchúrsaí, agus éagsúlacht speiceas, speicis dhúchasacha, dálaí áitiúla agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, i measc nithe eile, á gcur san áireamh.

(30)   

Deireadh a chur le truailliú ó chógaisíocht, ó cheimiceáin ghuaiseacha, ó fhuíolluisce uirbeach agus tionsclaíoch, agus dramhaíl eile, lena n-áirítear bruscar agus plaistigh, nó sin a laghdú nó a leigheas mar aon le solas i ngach éiceachóras.

(31)   

Láithreáin athfhorbraíochta, iar-limistéir thionsclaíocha agus cairéil a thiontú ina láithreáin nádúrtha.


(*1)  Tuigfear gurb é tagairtí do “cp” i gceannteidil na leasuithe a glacadh an chuid chomhfhreagrach de na leasuithe sin.

(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0220/2023).

(*2)  Leasuithe: léirítear téacs nua nó téacs atá leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.

(2)  IO C , , lch. .

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal The European Green Deal, [An Comhaontú Glas don Eoraip], 11.12.2019, (COM(2019) 640 final).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, EU Biodiversity Strategy for 2030, Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, an dúlra a thabhairt ar ais isteach inár saol], 20.5.2020, COM(2020) 380 final.

(5)  Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).

(6)   https://www.cbd.int/decision/cop/?id=12268.

(7)  Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montreal. Dréachtchinneadh arna thíolacadh ag an Uachtarán, CBD/COP/DEC/15/4 an 19 Nollaig 2022.

(8)   United Nations Sustainable Development – 17 Goals to Transform Our World [Forbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe – 17 Sprioc Chun an Domhan a Chlaochlú].

(9)  Rún 73/284 an 1 Márta 2019 i dtaca le Deich mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le hAthchóiriú Éiceachóras (2021–2030).

(10)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (2020/2273(INI))

(11)  Council Conclusions on Biodiversity - the need for urgent action, [Conclúidí ón gComhairle maidir leis an mBithéagsúlacht – an gá atá le gníomhaíocht phráinneach] 12210/20.

(12)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir leis na Critéir agus an treoraíocht le haghaidh limistéir faoi chosaint a ainmniú (SWD(2022) 23 final).

(13)  Le fáil ar Circabc (europa.eu) [Tagairt le cur i gcrích]

(14)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ‘The state of nature in the European Union Report on the status and trends in 2013-2018 of species and habitat types protected by the Birds and Habitats Directives’ [Staid an dúlra san Aontas Eorpach – Tuarascáil ar stádas agus treochtaí ó 2013 go 2018 maidir le speicis agus cineálacha gnáthóige faoi chosaint ag na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga], COM/2020/635 final.

(15)   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála - Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach – An Bhruiséil, 18.2.2021 COM(2021) 66 final.

(16)   https://seea.un.org/sites/seea.un.org/files/documents/EA/seea_ea_white_cover_final.pdf.

(17)  An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC): Special Report on the impacts of global warming of 1,5° C and related global greenhouse gas emission pathways, in the context of strengthening the global response to the threat of climate change, sustainable development, and efforts to eradicate poverty [Tuarascáil Speisialta maidir le tionchar téimh domhanda 1,5 C agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda atá gaolmhar leis sin, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú] [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, H.-O. Pörtner, D. Roberts, J. Skea, P.R. Shukla, A. Pirani, W. Moufouma-Okia, C. Péan, R. Pidcock, S. Connors, J.B.R. Matthews, Y. Chen, X. Zhou, M.I. Gomis, E. Lonnoy, T. Maycock, M. Tignor, and T. Waterfield (eds.)] https://www.ipcc.ch/sr15/

(18)   Climate Change 2022 Impacts, Adaptation and Vulnerability | Climate Change 2022:[[Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht | Athrú Aeráide 2022] Impacts, Adaptation and Vulnerability (ipcc.ch). [Athrú Aeráide 2022:Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht] (ipcc.ch).

(19)  IPBES, 2019: Tuarascáil Mheasúnachta dhomhanda ar sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais. E. S. Brondizio, J. Settele, S. Díaz, and H. T. Ngo (eagarthóirí). Ardrúnaíocht IPBES, Bonn, an Ghearmáin. 1148 leathanach. https://doi.org/10.5281/zenodo.3831673.

(20)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1)’;

(21)  Is éard atá i réitigh dhúlrabhunaithe réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní. Dá bhrí sin, ní mór na réitigh dhúlrabhunaithe dul chun tairbhe na bithéagsúlachta agus tacú le soláthar raon seirbhísí éiceachórais.

(22)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Forging a climate-resilient Europe - the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide] (COM(2021) 82 final).

(23)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil talamhúsáide, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú (COM/2021/554 final).

(24)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an tSlándáil bia a chosaint agus athléimneacht na gcóras bia a threisiú, COM/2022/133 final.

(25)  Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – Tuarascáil ar an toradh deiridh, Bealtaine 2022, Togra 2 (1, 4, 5) lch. 44, Togra 6 (6) lch.44, 6.6, lch. 48.

(26)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. EU Soil Strategy for 2030 Reaping the benefits of healthy soils for people, food, nature and climate [Straitéis Ithreach an Aontais le haghaidh 2030 Leas a bhainfidh na daoine as ithreacha sláintiúla, mar aon le leas an bhia, an dúlra agus na haeráide] (COM/2021/699 final).

(27)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(28)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(29)  Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil. 2017, ‘Reporting under Article 17 of the Habitats Directive: Explanatory notes and guidelines for the period 2013-2018’ ‘Tuairisciú faoi Airteagal 17 den Treoir maidir le Gnáthóga: Nótaí míniúcháin agus treoirlínte le haghaidh na tréimhse 2013-2018’ agus Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil 2013, ‘Interpretation manual of European Union habitats Eur 28’ [Lámhleabhar léirmhínithe le haghaidh ghnáthóga Eur 28 an Aontais Eorpaigh].

(30)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(31)  An Coinbhinsiún maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh, 1992 – Coinbhinsiún OSPAR (OSPAR), an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt, 1992, Coinbhinsiún Heilsincí (HELCOM), an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara, 1995, – Coinbhinsiún Barcelona (UNEP-MAP) agus an Coinbhinsiún maidir leis an Muir Dhubh a Chosaint, 1992, – Coinbhinsiún Bhúcairist.

(32)  Vysna, V., Maes, J., Petersen, J.E., La Notte, A., Vallecillo, S., Aizpurua, N., Ivits, E., Teller, A., Accounting for ecosystems and their services in the European Union [Cuntasaíocht d’éiceachórais agus a seirbhísí san Aontas Eorpach] (INCA). Tuarascáil chríochnaitheach ó chéim II de thionscadal INCA arb é is aidhm dó treoirthionscadal a fhorbairt maidir le córas comhtháite cuntas éiceachórais don Aontas Eorpach. Tuarascáil staidrimh. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021.

(33)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Tionscnamh Pailneoirí an Aontais (COM/2018/395 final).

(34)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. An dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme Thionscnamh Pailneoirí an Aontais (COM/2021/261 final).

(35)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (2020/2273(INI), le fáil ag https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2021-0277_GA.pdf.

(36)  Conclúidí ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 15/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Protection of wild pollinators in the EU: Commission initiatives have not borne fruit [Cosaint pailneoirí fiáine san Aontas: Níor éirigh le tionscnaimh an Choimisiúin (14168/20).

(37)  Special Report [Tuarascáil Speisialta] 15/2020, https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR20_15/SR_Pollinators_GA.pdf

(38)   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Athbhreithniú ar Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí. Beart nua le haghaidh pailneoirí (COM/2023/35 final).

(39)   An Liosta Dearg Eorpach - An Chomhshaol - An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

(40)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(41)  I gcás ina dtugann feirmeoir gealltanas chun 7 % ar a laghad dá thalamh arúil a dhíriú ar limistéir nó ar ghnéithe neamhtháirgiúla, lena n-áirítear talamh branair, faoi éiciscéim fheabhsaithe nó má tá sciar íosta 7 % ar a laghad den talamh arúil ar leibhéal na feirme lena n-áirítear barra breise nó barra fosaithe nítrigine, arna saothrú gan táirgí cosanta plandaí a úsáid.

(42)  Is é atá i gceist le hathfhliuchadh an próiseas a bhaineann le hithir draenáilte a athrú ina hithir fhliuch. Caibidil 1 de IPCC 2014, 2013 agus Forlíonadh do Threoirlínte 2006 ó IPCC maidir le Fardail Náisiúnta de Gháis Ceaptha Teasa: Wetlands [Bogaigh], Hiraishi, T., Krug, T., Tanabe, K., Srivastava, N., Baasansuren, J., Fukuda, M. agus Troxler, T.G. (eagarthóirí.).

(43)  Sainmhínítear an téarma ‘ithir orgánach’ in IPCC 2006, Treoirlínte 2006 ó IPCC maidir le Fardail Náisiúnta de Gháis Ceaptha Teasa, arna n-ullmhú ag an gClár Fardal Náisiúnta de Gháis Ceaptha Teasa, Eggleston H.S., Buendia L., Miwa K., Ngara T. agus Tanabe K. (eagarthóirí).

(44)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Straitéis Foraoise nua an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (COM/2021/572 final).

(45)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascach a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).

(46)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn

IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

(47)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(48)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).

(49)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(50)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Misin Eorpacha COM(2021) 609 final).

(51)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(52)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(53)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(54)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil ( IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(55)  Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 53).

(56)  Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (IO L 247, 13.7.2021, lch. 1).

(57)  Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíochta den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).

(58)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(59)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(60)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(61)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(62)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(63)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(64)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Timthriallta Inbhuanaithe Carbóin (COM(2021) 800 final).

(65)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(66)  [Tagairt le cur isteach nuair a fhoilseofar an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil].

(67)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le reachtóireacht níos fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1-14).

(68)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(69)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d’Aonaid Chríochacha le haghaidh staidrimh ( OJ L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(70)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

(71)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, COM(2022)222 final.

(72)   EUNIS marine habitat classification 2022. European Environment Agency.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4037/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)