European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4033

17.7.2024

P9_TA(2023)0273

Táillí agus muirir is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí agus muirir is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2022)0721 – C9-0426/2022 – 2022/0417(COD))  (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2024/4033)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Tá ról lárnach ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘an Ghníomhaireacht’) in áirithiú a dhéanamh nach gcuirtear ach táirgí íocshláinte atá slán, d’ardcháilíocht agus éifeachtúil ar mhargadh an Aontais ag cur, dá réir sin, le feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus lena n-áirithítear leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus sláinte ainmhithe. Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go mbíonn acmhainní leordhóthanacha ar fáil don Ghníomhaireacht chun a gníomhaíochtaí, lena n-áirítear acmhainní a thagann as táillí, a mhaoiniú.

(1)

Tá ról lárnach ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘an Ghníomhaireacht’) chun a áirithiú nach gcuirtear ach táirgí íocshláinte atá sábháilte, ar ardcháilíocht agus éifeachtúil ar mhargadh an Aontais, lena rannchuidítear, dá bhrí sin, le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus lena n-áirithítear leibhéal ard saineolais agus cosanta do shláinte an duine agus sláinte ainmhithe. Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go mbíonn acmhainní leordhóthanacha ar fáil don Ghníomhaireacht chun an saineolas a mhealladh agus a choinneáil a bhfuil gá leis chun a cúraimí a chomhlíonadh agus chun a gníomhaíochtaí a mhaoiniú, lena n-áirítear acmhainní a thagann as táillí.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Ba cheart do na táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht a bheith comhréireach leis an obair a dhéantar i ndáil le fáil agus coimeád údaraithe ón Aontas, agus ba cheart dóibh a bheith bunaithe ar mheastóireacht de mheastacháin agus réamhaisnéisí na Gníomhaireachta a mhéid a bhaineann le hualach oibre agus costais ghaolmhara na hoibre sin, chomh maith le meastóireacht ar chostais na seirbhísí a sholáthraíonn údaráis inniúla Ballstát atá freagrach as táirgí íocshláinte a rialú don Ghníomhaireacht, a ghníomhaíonn mar rapóirtéirí agus mar chomhrapóirtéirí arna gceapadh ag coistí eolaíochta na Gníomhaireachta i gcás inarb infheidhme.

(3)

Ba cheart do na táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht a bheith comhréireach leis an obair a dhéantar i ndáil le húdarú ón Aontas a fháil agus a choimeád, agus ba cheart dóibh a bheith bunaithe ar mheastóireacht thrédhearcach ar mheastacháin agus réamhaisnéisí na Gníomhaireachta a mhéid a bhaineann leis an ualach oibre agus costais ghaolmhara na hoibre sin, chomh maith le meastóireacht ar chostais na seirbhísí arna soláthar don Ghníomhaireacht ag údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as táirgí íocshláinte a rialú, a ghníomhaíonn mar Rapóirtéirí agus, i gcás inarb infheidhme, mar Chomhrapóirtéirí arna gceapadh ag coistí eolaíochta na Gníomhaireachta. Ba cheart aon athrú ar chreat rialála an Aontais do tháirgí íocshláinte a chur san áireamh sna táillí agus sa struchtúr táillí. Ba cheart maoiniú leordhóthanach a chur ar fáil don bhonneagar poiblí criticiúil sin chun borradh a chur faoina shaineolas agus chun a inbhuanaitheacht a áirithiú trí mhaoiniú iomchuí.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)

Tar éis phaindéim COVID-19 agus tionscnaimh mhéadaithe i réimse na sláinte ar leibhéal an Aontais, tá ualach oibre atá ag méadú de shíor ar an ngníomhaireacht, ualach a bhfuil riachtanais bhuiséadacha bhreise i gceist leis ó thaobh foirne agus acmhainní airgeadais de. Maidir leis an obair bhreise, lena n-áirítear tar éis Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) a ghlacadh agus an Spás Eorpach Sonraí Sláinte a chruthú, ba cheart cistiú iomchuí ón gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a bheith ag gabháil leis.

 

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b)

Cé go dtagann an chuid is mó dá cistiú ó fhoinsí príobháideacha, is údarás poiblí í an Ghníomhaireacht agus tá sé ríthábhachtach a hionracas agus a neamhspleáchas a chosaint chun muinín an phobail as an gcreat reachtach agus rialála do chógais san Aontas a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart cistiú leordhóthanach a leithdháileadh ar an nGníomhaireacht ionas gur féidir léi a hoibleagáidí agus a gealltanais trédhearcachta a chomhlíonadh.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4c)

Ba cheart go léireofaí leis na táillí a íocfar leis an nGníomhaireacht na meastóireachtaí casta is gá chun údarú Aontais a fháil agus a choimeád. Is iomchuí aitheantas a thabhairt do na ranníocaíochtaí ó údaráis inniúla na mBallstát, chomh maith leis na speansais a thabhaíonn siad. Is iomchuí go háirithe na sineirgí a bhaintear amach trí fhoirne measúnaithe ilnáisiúnta a aithint agus tacú le hiarrachtaí comhoibríocha na bhfoirne ilnáisiúnta sin. Ba cheart don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na bhfoirne ilnáisiúnta measúnaithe agus na hathruithe is gá ar struchtúr luacha saothair na mBallstát á gcinneadh acu.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)

Ba cheart go gcumhdódh táillí agus muirir costas sheirbhísí agus ghníomhaíochtaí reachtúla na Gníomhaireacht nach gcumhdaítear leis na ranníocaíochtaí lena hioncam ó fhoinsí eile. Ba cheart reachtaíocht ábhartha uile an Aontais lena rialaítear gníomhaíochtaí agus táillí na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí a chur san áireamh nuair a shuitear táillí agus muirir, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh 726/2004, Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), Treoir 2001/83/EC, Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), Rialachán (CE) Uimh. 2049/2005 ón gCoimisiún (25), Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún (26), Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), Rialachán (AE) 2018/782 ón gCoimisiún (29), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1281 ón gCoimisiún (30) agus Rialachán (CE) Uimh. 2141/96 ón gCoimisiún (31).

(5)

Ba cheart do tháillí agus muirir costas sheirbhísí agus ghníomhaíochtaí reachtúla na Gníomhaireacht a chumhdach, nach gcumhdaítear cheana leis na ranníocaíochtaí a dhéantar lena hioncam ó fhoinsí eile. Ba cheart reachtaíocht ábhartha uile an Aontais lena rialaítear gníomhaíochtaí agus táillí na Gníomhaireachta a chur san áireamh nuair a shuitear táillí agus muirir, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh 726/2004, Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), Treoir 2001/83/EC, Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), Rialachán (CE) Uimh. 2049/2005 ón gCoimisiún (25), Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún (26), Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), Rialachán (AE) 2022/123, Rialachán (AE) 2018/782 ón gCoimisiún (29), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1281 ón gCoimisiún (30) agus Rialachán (CE) Uimh. 2141/96 ón gCoimisiún (31).

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

I gcomhréir leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, i ndáil le comhlachtaí ina bhfuil an t-ioncam comhdhéanta de tháillí agus muirir anuas ar ranníocaíocht an Aontais, ba cheart na táillí a shocrú ar leibhéal ag a seachnófaí easnamh nó carnadh suntasach barrachais agus ba cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu nuair nach amhlaidh an cás. Dá bhrí sin, ba cheart córas faireacháin costais a chur i bhfeidhm. Is é an fheidhm ba cheart a bheith ag córas faireacháin den sórt sin athruithe suntasacha ar chostais a bhrath, cinn a bhféadfaidh a éileamh leo, nuair a chuirtear san áireamh an ranníocaíocht ón Aontas agus ioncam eile neamhtháillí, athrú ar tháillí, muirir nó luach saothair a shuitear faoin rialachán seo. Chomh maith leis sin, ba cheart don chóras faireacháin sin a bheith in ann, bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil is féidir a dheimhniú, athruithe suntasacha ar an gcostas a bhaineann le luach saothair as seirbhísí a sholáthraíonn údaráis inniúla Ballstát don Ghníomhaireacht a bhrath, Ballstáit a ghníomhaíonn mar rapóirtéirí agus comhrapóirtéirí, i gcás inarb infheidhme, agus seirbhísí a sholáthraíonn saineolaithe a bhfuil conradh tugtha ag an nGníomhaireacht dóibh le haghaidh nósanna imeachta na bpainéal saineolaithe maidir le feistí leighis. Faisnéis maidir le costas a bhaineann le seirbhísí a dtugann an Ghníomhaireacht luach saothair ina leith, ba cheart don fhaisnéis sin a bheith so-iniúchta i gcomhréir le hAirteagal 257 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32).

(7)

I gcomhréir leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, i gcás comhlachtaí ina bhfuil an t-ioncam comhdhéanta de tháillí agus muirir sa bhreis ar ranníocaíocht an Aontais, ba cheart na táillí a shocrú ar leibhéal ag a seachnófaí easnamh nó carnadh suntasach barrachais agus ba cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu nuair nach amhlaidh an cás. Dá bhrí sin, ba cheart córas trédhearcach faireacháin costais a chur i bhfeidhm. Ba cheart gurb é cuspóir an chórais faireacháin sin athruithe suntasacha ar chostais na Gníomhaireachta a bhrath, agus ranníocaíocht ón Aontas agus ioncam eile neamhtháillí á chur i gcuntas, ar athruithe iad a d’fhéadfadh athrú ar tháillí, muirir nó luach saothair a shuitear faoin rialachán seo a éileamh. Ba cheart, chomh maith céanna, don chóras faireacháin sin a bheith in ann, bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil is féidir a dheimhniú, athruithe suntasacha ar an gcostas a bhaineann le luach saothair as seirbhísí a sholáthraíonn údaráis inniúla na mBallstát don Ghníomhaireacht a bhrath, ar údaráis iad a ghníomhaíonn mar Rapóirtéirí agus, i gcás inarb infheidhme, mar Chomhrapóirtéirí agus as seirbhísí a sholáthraíonn saineolaithe a bhfuil conradh tugtha ag an nGníomhaireacht dóibh le haghaidh nósanna imeachta na bpainéal saineolaithe maidir le feistí leighis. Faisnéis maidir le costas a bhaineann le seirbhísí a dtugann an Ghníomhaireacht luach saothair ina leith, ba cheart don fhaisnéis sin a bheith in-iniúchta i gcomhréir le hAirteagal 257 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32).

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

I gcomhréir le beartais an Aontais, tá sé iomchuí foráil a dhéanamh maidir le laghduithe ar na táillí chun tacú le hearnálacha agus iarratasóirí nó sealbhóirí údaruithe margaíochta sonracha, amhail micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), nó chun freagairt d’imthosca sonracha, amhail táirgí a fhreagraíonn do thosaíochta sláinte poiblí nó sláinte ainmhithe aitheanta nó táirgí íocshláinte tréidliachta atá beartaithe do mhargadh teoranta a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/6.

(15)

I gcomhréir le beartais an Aontais, tá sé iomchuí foráil a dhéanamh maidir le laghduithe ar na táillí chun tacú le hearnálacha agus iarratasóirí nó sealbhóirí údaraithe margaíochta sonracha, amhail micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus an earnáil acadúil nó chun freagairt d’imthosca sonracha, amhail táirgí a fhreagraíonn do thosaíochta sláinte poiblí nó sláinte ainmhithe aitheanta nó táirgí íocshláinte tréidliachta atá beartaithe do mhargadh teoranta a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/6.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Ba cheart a chur ar a chumas do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta laghduithe eile ar tháillí a sholáthar ar chúiseanna a bhfuil údar leo chun an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a chosaint. Ba cheart tuairim fhabhrach ón gCoimisiún a bheith éigeantach sula ndeonfaí tuilleadh laghduithe ar tháillí, chun ailíniú le dlí an Aontais agus beartais fhoriomlána an Aontais a áirithiú. Ina theannta sin, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, agus ar chúiseanna dianriachtanacha maidir leis an tsláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe, ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a bheith in ann cineálacha áirithe táillí a laghdú ar bhonn scrúdú criticiúil ar staid shonrach gach cáis.

(17)

Ba cheart Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta a chumhachtú chun tuilleadh laghduithe ar tháillí a sholáthar ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo chun an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a chosaint. Ba cheart tuairim fhabhrach ón gCoimisiún a bheith éigeantach sula ndeonófaí tuilleadh laghduithe ar tháillí, chun ailíniú le dlí an Aontais agus beartais fhoriomlána an Aontais a áirithiú. Chun críoch trédhearcachta, ba cheart don Ghníomhaireacht faisnéis a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin maidir leis na cinntí i dtaobh tuilleadh laghduithe breise ar tháillí, lena n-áirítear faisnéis faoi na faighteoirí agus faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh maidir le tuilleadh laghduithe ar tháillí . Ina theannta sin, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, agus ar chúiseanna dianriachtanacha maidir leis an tsláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe, ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a bheith in ann cineálacha áirithe táillí a laghdú ar bhonn scrúdú criticiúil ar staid shonrach gach cáis. Ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin agus na cúiseanna atá leis na cinntí sin a leagan amach.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Chun solúbthacht a thabhairt, go háirithe chun oiriúnú d’fhorbairt san eolaíocht, ba cheart a chur ar a chumas do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta socruithe oibre a shonrú chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, ar thogra a bhfuil údar cuí leis ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Go háirithe, ba cheart a chur ar a chumas don Bhord Bainistíochta spriocdhátaí agus sprioc-amanna le haghaidh íocaíochta, modhanna íocaíochta, amchlár, ranguithe mionsonraithe, liostaí de laghduithe breise ar tháillí agus méideanna mionsonraithe laistigh de theorainneacha raoin shuite a shuí. Ba cheart tuairim fhabhrach ón gCoimisiún a bheith éigeantach sula gcuirtear an togra faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena ghlacadh, chun ailíniú le dlí an Aontais agus beartais fhoriomlána an Aontais a áirithiú.

(18)

Chun solúbthacht a thabhairt, go háirithe chun oiriúnú d’fhorbairt san eolaíocht agus chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne agus ar riachtanais leighis , ba cheart a chur ar a chumas do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta socruithe oibre a shonrú chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, ar thogra a bhfuil údar cuí leis ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Go háirithe, ba cheart a chur ar a chumas don Bhord Bainistíochta spriocdhátaí agus sprioc-amanna le haghaidh íocaíochta, modhanna íocaíochta, amchlár, aicmiúcháin mhionsonraithe, liostaí de laghduithe breise ar tháillí agus méideanna mionsonraithe laistigh de theorainneacha raoin shuite a shuí. Ba cheart tuairim fhabhrach ón gCoimisiún a bheith éigeantach sula gcuirtear an togra faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena ghlacadh, chun ailíniú le dlí an Aontais agus beartais fhoriomlána an Aontais a áirithiú.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

I gcás a measúnuithe, rapóirtéirí agus comhrapóirtéirí agus na róil eile a mheastar mar róil choibhéiseacha chun críocha an rialacháin seo i ndáil le moladh eolaíoch agus cigireachtaí, braitheann siad ar mheastóireachtaí eolaíochta agus acmhainní údaráis inniúla na mBallstát, fad atá sé faoi dhualgas na Gníomhaireachta na hacmhainní eolaíocha atá ann a chuireann na Ballstáit ar fáil dó a chomhordú, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. I bhfianaise an mhéid sin, agus chun acmhainní iomchuí a áirithiú do na measúnuithe eolaíocha a bhaineann leis na nósanna imeachta a dhéantar ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghníomhaireacht luach saothair a íoc as na seirbhísí measúnúcháin eolaíocha a sholáthraíonn na rapóirtéirí agus na comhrapóirtéirí a cheapann na Ballstáit mar chomhaltaí de choistí eolaíocha na Gníomhaireachta, nó, i gcás inarb ábhartha, seirbhísí a sholáthraíonn rapóirtéirí agus comhrapóirtéirí sa ghrúpa comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2001/83/CE. Ba cheart do mhéid an luacha saothair as na seirbhísí a sholáthraíonn na rapóirtéirí agus na comhrapóirtéirí sin a bheith bunaithe ar mheastacháin ar an ualach oibre lena mbaineann agus ba cheart iad a chur san áireamh i socrú leibhéal na dtáillí a mhuirearaíonn an Ghníomhaireacht.

(19)

I gcás a measúnuithe, bíonn Rapóirtéirí agus Comhrapóirtéirí agus na róil eile a mheastar mar róil choibhéiseacha chun críoch an rialacháin seo i dtaca le moladh eolaíoch agus cigireachtaí, ag brath ar mheastóireachtaí eolaíochta agus acmhainní údaráis inniúla na mBallstát, fad atá sé faoi dhualgas na Gníomhaireachta na hacmhainní eolaíocha atá cheana ann a chuireann na Ballstáit ar fáil dó a chomhordú, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. I bhfianaise an mhéid sin, agus chun acmhainní iomchuí a áirithiú do na measúnuithe eolaíocha a bhaineann leis na nósanna imeachta a dhéantar ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghníomhaireacht luach saothair a íoc as na seirbhísí measúnúcháin eolaíocha a sholáthraíonn na Rapóirtéirí agus na Comhrapóirtéirí a cheapann na Ballstáit mar chomhaltaí de choistí eolaíocha na Gníomhaireachta, nó, i gcás inarb ábhartha, seirbhísí a sholáthraíonn Rapóirtéirí agus Comhrapóirtéirí sa ghrúpa comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2001/83/CE. Ba cheart do mhéid an luacha saothair as na seirbhísí a sholáthraíonn na Rapóirtéirí agus na Comhrapóirtéirí sin a bheith bunaithe ar mheastacháin ar an ualach oibre lena mbaineann agus ba cheart iad a chur san áireamh i socrú leibhéal na dtáillí a mhuirearaíonn an Ghníomhaireacht. Bunaithe ar leas sonrach poiblí a rachadh chun tairbhe don Aontas agus do na Ballstáit araon, i gcás ina ndeonaíonn an Ghníomhaireacht tarscaoileadh iomlán táillí, ba cheart luach saothair na Rapóirtéirí agus na gComhrapóirtéirí a laghdú 50 % nó 100 %, mar a shonraítear in Iarscríbhinn V.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26a)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil chun an fhoireann agus na hacmhainní eile is gá a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla chun na gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanamh a bhaineann leis na táillí agus leis na muirir a thoibhítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart aon athbhreithniú ar na táillí agus ar na muirir de bhun Airteagal 11 a chur san áireamh freisin.

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26b)

Agus méidanna na dtáillí, na muirear agus an luacha saothair á ríomh cuirtear i gcuntas an ráta boilscithe arna thomhas trí bhíthin an Innéacs Chomhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí arna fhoilsiú ag Eurostat de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2016/792 go dtí dáta glactha an togra le haghaidh Rialacháin seo. Bhí an ráta boilscithe ard nuair a tíolacadh an togra le haghaidh an Rialacháin seo, tá sé fós ard arna thomhas in 2023, agus de réir réamhaisnéis an Bhainc Ceannais Eorpaigh, meastar go bhfanfaidh sé ard in 2024. Ba cheart na méideanna ábhartha a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go ndéanfar na táillí, na muirir agus an luach saothair is iníoctha a choigeartú don bhoilsciú sin roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú ar bhonn an ráta boilscithe arna fhoilsiú 4 mhí roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)

Ciallaíonn ‘an saol acadúil’ nó ‘an earnáil acadúil’ forais ardoideachais phoiblí nó phríobháideacha a dhámhann céimeanna acadúla, eagraíochtaí taighde neamhbhrabúis poiblí nó príobháideacha a bhfuil sé mar phríomh-mhisean acu taighde a shaothrú, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta um leas Eorpach;

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5b)

ciallaíonn ‘eagraíocht neamhbhrabúsach’ nó ‘eintiteas dlítheanach neamhbhrabúsach’ eintiteas dlítheanach atá neamhbhrabúsach de réir na foirme dlíthiúla atá aige nó a bhfuil oibleagáid dhlithiúil nó reachtúil air gan brabús a roinnt ar a scairshealbhóirí ná ar a chomhaltaí aonair;

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5c)

ciallaíonn ‘eagraíocht idirnáisiúnta um leas Eorpach’ eagraíocht idirnáisiúnta, ar Ballstáit nó tíortha gaolmhara iad tromlach a comhaltaí, agus a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aici an comhar eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn san Aontas;

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

ciallaíonn ‘éigeandáil sláinte poiblí’ staid éigeandála sláinte poiblí a aithníonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal  12(1) de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40).

(6)

ciallaíonn ‘éigeandáil sláinte poiblí’ staid éigeandála sláinte poiblí a aithníonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal  23(1) de Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40).

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, i gcás ina mbeidh feidhm ag laghduithe táille, ní laghdófar an luach saothair a thabharfar d’údaráis inniúla na mBallstát arb iníoctha é i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, i gcás nach mbeidh feidhm ag laghduithe ar táillí iomlána , ní laghdófar an luach saothair a thabharfar d’údaráis inniúla na mBallstát arb iníoctha é i gcomhréir leis an Rialachán seo. Mar sin féin, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, i gcás ina ndeonófar tarscaoiltí táillí, laghdófar an luach saothair mar a leagtar síos in Iarscríbhinn V.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Féadfaidh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, ar thogra a bhfuil údar cuí leis ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Gníomhaireachta, go háirithe togra le haghaidh sláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe a chosaint nó le haghaidh tacú le cineálacha sonracha táirgí nó iarratasóirí a roghnaítear ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, laghdú iomlán nó páirteach an mhéid is infheidhme a dheonú, tar éis dó tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 8.

4.   Féadfaidh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, ar thogra a bhfuil údar cuí leis ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Gníomhaireachta, go háirithe togra le haghaidh sláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe a chosaint nó chun tacaíocht a thabhairt do chineálacha sonracha táirgí nó do chineálacha iarratasóirí, a roghnaítear ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, laghdú iomlán nó páirteach an mhéid is infheidhme a dheonú, tar éis dó tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 8. Cuirfidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoi na laghduithe sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta, ina leagfar amach na cúiseanna atá leis an laghdú.

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, in imthosca eisceachtúla agus ar chúiseanna dianriachtanacha a bhaineann le sláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe agus de réir an cháis, laghduithe iomlána nó páirteacha a dheonú maidir leis na táillí a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II, III agus IV, ach amháin na táillí a leagtar amach i bpointí 6, 15 agus 16 d’Iarscríbhinn I, i bpointí 7 agus 10 d’Iarscríbhinn II agus i bpointe 3 d’Iarscríbhinn III. Cuirfear in iúl in aon chinneadh a ghlacfar de bhun an Airteagail seo na cúiseanna ar a mbunaítear an cinneadh sin.

5.   Féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, in imthosca eisceachtúla agus ar chúiseanna dianriachtanacha a bhaineann le sláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe a bhfuil údar cuí leo agus de réir an cháis, laghduithe iomlána nó páirteacha a dheonú maidir leis na táillí a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II, III agus IV, cé is moite de na táillí a leagtar amach i bpointí 6, 15 agus 16 d’Iarscríbhinn I, pointí 7 agus 10 d’Iarscríbhinn II agus pointe 3 d’Iarscríbhinn III. Cuirfear in iúl in aon chinneadh a ghlacfar de bhun an Airteagail seo na cúiseanna ar a mbunaítear an cinneadh sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis maidir leis na cinntí sin ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis an laghdú, a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfar na méideanna a leagtar amach sna hiarscríbhinní a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.

1.   Déanfar na méideanna a leagtar amach sna hiarscríbhinní a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta agus déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta chun léiriú a thabhairt ar aon athruithe.

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar a cuid costas agus soláthróidh Stiúrthóir Feidhmeannach na Gníomhaireachta, mar chuid den tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí faisnéis mhionsonraithe, a mbeidh bunús léi, faoi na costais atá le cumhdach leis na táillí agus na muirir atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Áireofar san fhaisnéis sin an fhaisnéis feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI agus miondealú ar na costais a bhain leis an mbliain féilire roimhe sin agus réamhaisnéis don bhliain féilire atá le teacht. Foilseoidh an Ghníomhaireacht forléargas ar an bhfaisnéis sin freisin ina tuarascáil bhliantúil.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar a cuid costas agus soláthróidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, gan mhoill , mar chuid den tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a chuirtear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí, faisnéis mhionsonraithe a mbeidh bunús léi, faoi na costais atá le cumhdach leis na táillí agus na muirir a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Áireofar ar an bhfaisnéis sin an fhaisnéis feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, agus faisnéis ábhartha eile, go háirithe maidir leis na gnéithe praiticiúla a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a chur i gcrích a mbailíonn an Ghníomhaireacht táillí nó muirir ina leith, agus miondealú ar na costais a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin agus le réamhaisnéis don bhliain féilire dár gcionn. Foilseoidh an Ghníomhaireacht, gan mhoill, forléargas ar an bhfaisnéis sin freisin ina tuarascáil bhliantúil.

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Na táillí uile a fhaightear, lena n-áirítear na táillí sin a bhfuil laghduithe agus tarscaoiltí deonaithe ina leith, agus na táillí atá dlite ach nach bhfuil faighte fós ag an nGníomhaireacht, foilseofar iad ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta agus liostófar iad ina tuarascáil bhliantúil.

 

Ina theannta sin, liostófar i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta miondealú mionsonraithe ar na méideanna uile a íoctar le húdaráis náisiúnta as a gcuid oibre.

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an ráta boilscithe, arna thomhas trí bhíthin an Innéacs Chomhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí arna fhoilsiú ag Eurostat de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2016/792, i ndáil le méideanna na dtáillí, na muirear agus an luacha saothair a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní dhéanfar an feidhmiú faireacháin roimh an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta aon bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin. Beidh feidhm ag aon choigeartú arna dhéanamh i gcomhréir leis an mboilsciú, ar tháillí, muirir agus luach saothair arna mbunú i gcomhréir leis an rialachán seo ar an 1 Eanáir den bhliain tar éis na bliana féilire a ndearnadh an feidhmiú faireacháin lena linn, ar a luaithe.

5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an ráta boilscithe, arna thomhas trí bhíthin an Innéacs Chomhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí arna fhoilsiú ag Eurostat de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2016/792, i ndáil le méideanna na dtáillí, na muirear agus an luacha saothair a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní dhéanfar an feidhmiú faireacháin roimh an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta aon bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin. Ar bhonn an chleachtais sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í. Beidh feidhm ag aon choigeartú, i gcomhréir leis an mboilsciú agus tar éis na tuarascála bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10(2), i leith táillí, muirear agus luach saothair a leagtar síos i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar a luaithe, an 1 Eanáir den bhliain féilire tar éis na bliana féilire a ndearnadh an feidhmiú faireacháin lena linn.

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Ar a luaithe ar an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 bliana tar éis dháta an chur i bhfeidhm] agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, i gcás ina meastar gur ábhartha é i bhfianaise Airteagal 11(2), agus tar éis dó dul i gcomhairle le Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, tuarascáil speisialta a sholáthar don Choimisiún, ina léireofar , ar bhealach oibiachtúil, moltaí a mbeidh údar cuí leo , a bheidh bunaithe ar fhíorais agus a ngabhfaidh mionsonraí leordhóthanacha leo:

6.   Ar a luaithe ar an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 bliana tar éis dháta an chur i bhfeidhm] agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, i gcás ina meastar gur ábhartha é i bhfianaise Airteagal 11(2), agus tar éis dó dul i gcomhairle le Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, tuarascáil speisialta a sholáthar don Choimisiún. Foilseoidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil speisialta gan mhoill agus déanfaidh sí na moltaí seo a leanas a leagan amach ar bhealach oibiachtúil , a bhfuil údar cuí leo agus atá bunaithe ar fhíorais agus atá mionsonraithe a dhóthain:

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

aon táille, muirear nó luach saothair a oiriúnú, nó táille, muirear nó luach saothair nua a thabhairt isteach tar éis athrú ar chúraimí reachtúla na Gníomhaireachta agus a mbeidh athrú suntasach ar na costais faoi seach mar thoradh air sin;

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Cuirfear an tuarascáil speisialta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun críoch faisnéise.

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a.     D’fhonn tacú leis an nGníomhaireacht teacht ar a conclúidí ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, le linn di tuarascáil a ullmhú, eagróidh an Ghníomhaireacht comhairliúcháin le geallsealbhóirí chun ionchur a fháil maidir le struchtúr agus leibhéal na dtáillí, na muirear agus an luacha saothair, lena n-áirítear na cúiseanna atá le haon athrú a dhéanfar ina leith.

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6b.     Cuirfear an tuarascáil speisialta ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta. Áireofar sa tuarascáil speisialta faisnéis faoi na geallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo agus an tuarascáil sin á hullmhú.

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Féadfaidh an Coimisiún aon soiléiriú nó cruthú breise a iarraidh maidir leis an tuarascáil agus na moltaí a ghabhfaidh léi, má mheastar gur gá sin a dhéanamh. Tar éis di iarraidh den sórt sin a fháil, soláthróidh an Ghníomhaireacht don Choimisiún, gan moill mhíchuí, leagan nuashonraithe den tuarascáil ina dtabharfar aghaidh ar aon bharúlacha a thabharfaidh an Coimisiún agus aon cheisteanna a tharraingeoidh sé anuas.

8.   Féadfaidh an Coimisiún , Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle aon soiléiriú nó cruthú breise a iarraidh maidir leis an tuarascáil agus na moltaí a ghabhfaidh léi, má mheastar gur gá sin a dhéanamh. Tar éis di iarraidh den sórt sin a fháil, soláthróidh an Ghníomhaireacht don Choimisiún , do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gan moill mhíchuí, leagan nuashonraithe den tuarascáil ina dtabharfar aghaidh ar aon bharúlacha a tugadh agus ar aon cheist a rinne an institiúid faoi seach a tharraingt anuas.

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 9 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9.   Féadfar an tréimhse tuairiscithe eatraimh dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh níos giorra in aon cheann de na cásanna seo leanas:

9.   Féadfar an t-eatramh ama a ghabhann leis an gcéad tuarascáil speisialta chomh maith leis an eatramh ama tuairiscithe dá dtagraítear i mír 6 a ghiorrú in aon cheann de na cásanna seo leanas:

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír -1 (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

-1.     Faoin... [4 mhí roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún, d’ainneoin Airteagal 10(5), gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 13, chun Iarscríbhinní I, II, III agus IV a leasú, chun na méideanna a leagtar amach iontu a choigeartú don ráta boilscithe arna fhoilsiú 4 mhí roimh ... dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

athrú a bheith tagtha ar chúraimí reachtúla na Gníomhaireachta ar cúis é le hathrú suntasach a bheith tagtha ar a cuid costas;

scriosta

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

faisnéis ábhartha eile, go háirithe maidir le gnéithe praiticiúla le haghaidh gníomhaíochtaí a chur i gcrích a mbailíonn an Ghníomhaireacht táillí nó muirir ina leith.

scriosta

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún tosca eile a chur san áireamh a bhféadfadh tionchar substainteach a bheith acu ar bhuiséad na Gníomhaireachta, lena n-áirítear a hualach oibre agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le luaineachtaí ina hioncam ó tháillí, ach gan a bheith teoranta dóibh. Socrófar leibhéal na dtáillí ar leibhéal lena n-áiritheofar gur leor an t-ioncam a fhaightear astu, nuair a chomhcheanglaítear iad le foinsí eile ioncaim de chuid na Gníomhaireachta, chun costais na seirbhísí a sholáthraítear i gcomhréir leis na príomhtháscairí feidhmíochta agus leis na prionsabail trédhearcachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a chumhdach.

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon tuairim arna tabhairt ag saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh feidhm ag an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(-1) ón ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an chéad lae den mhí i ndiaidh dul in éag 6 mhí tar éis teacht i bhfeidhm].

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.1 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag táille EUR  55 200 maidir le haon cheann de na hiarrataí seo a leanas:

Beidh feidhm ag táille EUR  94 000 i leith aon cheann de na hiarrataí seo a leanas:

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.1 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh an luach saothair cothrom le EUR  10 400 le haghaidh gach duine den dá chomhordaitheoir comhairle eolaíochta.

Beidh an luach saothair cothrom le EUR  23 500 le haghaidh gach duine den dá chomhordaitheoir comhairle eolaíochta.

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.2 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag táille EUR  44 700 maidir le haon cheann de na hiarrataí seo a leanas:

Beidh feidhm ag táille EUR  70 600 maidir le haon cheann de na hiarrataí seo a leanas:

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.2 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh an luach saothair cothrom le EUR  6 500 le haghaidh gach duine den dá chomhordaitheoir comhairle eolaíochta.

Beidh an luach saothair cothrom le EUR  17 650 le haghaidh gach duine den dá chomhordaitheoir comhairle eolaíochta.

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag táille EUR  37 200 maidir le haon cheann de na hiarrataí seo a leanas:

Beidh feidhm ag táille EUR  46 900 maidir le haon cheann de na hiarrataí seo a leanas:

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.3 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh an luach saothair cothrom le EUR  5 300 le haghaidh gach duine den dá chomhordaitheoir comhairle eolaíochta.

Beidh an luach saothair cothrom le EUR  11 730 le haghaidh gach duine den dá chomhordaitheoir comhairle eolaíochta.

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 6 – pointe 6.1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.1.

Beidh feidhm ag táille EUR 136 700 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR  12 400 le haghaidh an rapóirtéara agus EUR  12 400 le haghaidh an chomhrapóirtéara.

6.1.

Beidh feidhm ag táille EUR 136 700 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR  6 200 le haghaidh an Rapóirtéara agus EUR  6 200 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.

Leasú 45

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 6 – pointe 6.2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.2.

Beidh feidhm ag táille EUR 262 400 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  15 300 le haghaidh an rapóirtéara agus le EUR  15 300 le haghaidh an chomhrapóirtéara.

6.2.

Beidh feidhm ag táille EUR 262 400 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR  7 650 le haghaidh an Rapóirtéara agus EUR  7 650 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.

Leasú 46

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 6 – pointe 6.3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.3.

Beidh feidhm ag táille EUR 83 000 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 29(4) de Threoir 2001/83/CE. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR  2 800 le haghaidh an rapóirtéara agus EUR  2 800 le haghaidh an chomhrapóirtéara.

6.3.

Beidh feidhm ag táille EUR 83 000 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 29(4) de Threoir 2001/83/CE. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR  1 400 le haghaidh an Rapóirtéara agus EUR  1 400 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 10 – pointe 10.1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10.1.

Beidh feidhm ag táille EUR 143 200 maidir le hiarratas ar na sonraí cáilíochta agus neamhchliniciúla a mheas agus a dheimhniú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine . Beidh an t-uasmhéid cothrom le EUR  47 400 le haghaidh an rapóirtéara.

10.1.

Beidh feidhm ag táille EUR 143 200 maidir le hiarratas ar na sonraí cáilíochta agus neamhchliniciúla a mheas agus a dheimhniú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43). Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  23 700 le haghaidh an Rapóirtéara.

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 10 – pointe 10.2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10.2.

Beidh feidhm ag táille EUR 95 200 maidir le hiarratas ar na sonraí cáilíochta, agus sin amháin, a mheas agus a dheimhniú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  31 500 le haghaidh an rapóirtéara.

10.2.

Beidh feidhm ag táille EUR 95 200 maidir le hiarratas ar na sonraí cáilíochta, agus sin amháin, a mheas agus a dheimhniú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  15 750 le haghaidh an Rapóirtéara.

Leasú 49

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 11 – pointe 11.1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11.1.

Beidh feidhm ag táille EUR 31 700 maidir le hiarratas ar phlean imscrúdaithe phéidiatraicigh a iarrtar de bhun Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 a chomhaontú. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an t-uasmhéid cothrom le EUR  6 700 le haghaidh an rapóirtéara.

11.1.

Beidh feidhm ag táille EUR 31 700 maidir le hiarratas ar phlean imscrúdaithe phéidiatraicigh a iarrtar de bhun Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 a chomhaontú. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  3 350 le haghaidh an Rapóirtéara.

Leasú 50

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 11 – pointe 11.2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11.2.

Beidh feidhm ag táille EUR 17 600 maidir le hiarratas ar mhodhnú ar phlean imscrúdaithe phéidiatraicigh comhaontaithe de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an t-uasmhéid cothrom le EUR  6 400 le haghaidh an rapóirtéara.

11.2.

Beidh feidhm ag táille EUR 17 600 maidir le hiarratas ar mhodhnú ar phlean imscrúdaithe phéidiatraicigh comhaontaithe de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  3 200 le haghaidh an Rapóirtéara.

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 11 – pointe 11.3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11.3.

Beidh feidhm ag táille EUR 12 000 maidir le hiarratas ar tharscaoileadh táirgeshonrach de bhun Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  1 800 le haghaidh an rapóirtéara.

11.3.

Beidh feidhm ag táille EUR 12 000 maidir le hiarratas ar tharscaoileadh táirgeshonrach de bhun Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  900 le haghaidh an Rapóirtéara.

Leasú 52

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 11 – pointe 11.4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11.4.

Beidh feidhm ag táille EUR 8 000 maidir le hiarraidh ar sheiceáil comhlíontachta leis an bplean imscrúdaithe phéidiatraicigh de bhun Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  1 000 le haghaidh an rapóirtéara.

11.4.

Beidh feidhm ag táille EUR 8 000 maidir le hiarraidh ar sheiceáil comhlíontachta leis an bplean imscrúdaithe phéidiatraicigh de bhun Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  500 le haghaidh an Rapóirtéara.

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 12 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag táille EUR 16 800 maidir le hiarratas ar tháirge íocshláinte dílleachtach a ainmniú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 141/2000. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  1 500 le haghaidh an rapóirtéara.

Beidh feidhm ag táille EUR 16 800 maidir le hiarratas ar tháirge íocshláinte dílleachtach a ainmniú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 141/2000. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  750 le haghaidh an Rapóirtéara.

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 7 – pointe 7.1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.1.

Beidh feidhm ag táille EUR 152 700 maidir le measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 54(8) de Rialachán (AE) 2019/6. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  21 100 le haghaidh an Rapóirtéara agus le EUR  9 600 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.

7.1.

Beidh feidhm ag táille EUR 152 700 maidir le measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 54(8) de Rialachán (AE) 2019/6. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR  10 550 le haghaidh an Rapóirtéara agus EUR  4 800 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 7 – pointe 7.2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.2.

Beidh feidhm ag táille EUR 209 300 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 70(11) de Rialachán (AE) 2019/6. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR  29 200 le haghaidh an rapóirtéara agus EUR  12 900 le haghaidh an chomhrapóirtéara.

7.2.

Beidh feidhm ag táille EUR 209 300 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 70(11) de Rialachán (AE) 2019/6. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR  14 600 le haghaidh an Rapóirtéara agus EUR  6 450 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.

Leasú 56

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 7 – pointe 7.3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.3.

Beidh feidhm ag táille EUR 147 200 maidir leis an measúnú a dhéantar de bhun Airteagal 141(1), pointí (c) agus (e), de Rialachán (AE) 2019/6. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR  17 500 le haghaidh an Rapóirtéara agus le EUR  7 700 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.

7.3.

Beidh feidhm ag táille EUR 147 200 maidir leis an measúnú a dhéantar de bhun Airteagal 141(1), pointí (c) agus (e), de Rialachán (AE) 2019/6. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR  8 750 le haghaidh an Rapóirtéara agus EUR  3 850 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn V – pointe 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.

Laghduithe ar tháillí a dheonaítear don saol acadúil agus don earnáil taighde neamhbhrabúis

 

1.

Déanfar laghdú iomlán ar an táille ar chúnamh prótacail agus ar iarrataí ar chomhairle eolaíoch maidir le táirgí íocshláinte a dheonú d’iarratasóirí ón saol acadúil nó ón earnáil acadúil.

 

2.

Maidir le hiarratasóirí ón saol acadúil nó ón earnáil acadúil nach bhfuil á maoiniú ná á mbainistiú ag eagraíochtaí brabúis príobháideacha san earnáil chógaisíochta (PPO), nó nach bhfuil aon chomhaontuithe oibriúcháin tugtha i gcrích acu le haon PPO maidir lena n-urraíocht nó lena rannpháirtíocht sa tionscadal taighde sonrach a bhfuil díolúine táille á lorg ina leith, soláthróidh siad an méid seo a leanas:

 

(a)

an Fhoirm Eintitis Dhlítheanaigh (LEF) agus an ‘doiciméad bunaidh’ (nó aon doiciméad oiriúnach eile a sholáthraítear le linn an phróisis iarratais);

 

(b)

fianaise ar an áit bhunaíochta, a d’fhéadfadh gurb é an doiciméad bunaidh nó aon doiciméad oiriúnach eile é lena gcruthaítear go bhfuil suíomh an eintitis suite san Aontas, san Íoslainn, i Lichtinstéin nó san Iorua;

 

(c)

cruthúnas nach bhfuil an t-iarratasóir faoi rialú díreach nó indíreach aon PPO.

 

Chun críoch mhír 2, pointe (c), féadfaidh ceachtar den dá chineál rialaithe seo a bheith ann:

 

(i)

sealúchas díreach nó indíreach ar mó é ná 50 % de luach ainmniúil an scairchaipitil eisithe san iarratasóir, nó de thromlach chearta vótála scairshealbhóirí nó chomhpháirtithe an iarratasóra sin, nó

 

(ii)

sealúchas díreach nó indíreach, i bhfíoras nó i ndlí, ar chumhachtaí cinnteoireachta san iarratasóir.

 

Ar iarraidh ar chomhairle eolaíoch a fháil, seiceálfaidh an Ghníomhaireacht dearbhú incháilitheachta an iarratasóra agus inghlacthacht an dearbhaithe bunaithe ar theimpléad sainithe chomh maith leis na doiciméid tacaíochta.

 

Forchoimeádfaidh an Ghníomhaireacht a ceart seiceáil ex post a dhéanamh agus fianaise a iarraidh lena ndeimhnítear go bhfuil na critéir don díolúine ó tháille comhlíonta tráth ar bith sula nglacfar an litir chríochnaitheach chomhairle.

 

3.

I gcás ina bhfuil feidhm ag laghdú de bhun phointe 1a, ní íocfar aon luach saothair leis na húdaráis náisiúnta inniúla sna Ballstáit.

Leasú 58

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn V – pointe 8 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag laghdú 20 % maidir leis an táille faireachais cógas bhliantúil a leagtar amach i roinn 3 d’Iarscríbhinn III le haghaidh na dtáirgí íocshláinte a leanas:

Beidh feidhm ag laghdú 30 % maidir leis an táille faireachais cógas bhliantúil a leagtar amach i roinn 3 d’Iarscríbhinn III i gcás na dtáirgí íocshláinte a leanas:

Leasú 59

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn VI – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bainfidh an fhaisnéis seo a leanas le gach bliain féilire:

Bainfidh an fhaisnéis seo a leanas le gach bliain féilire agus cuirfear ar fáil go poiblí í ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta :

Leasú 60

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn VI – mír 1 – pointe 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)

líon na laghduithe ar tháillí arna ndeonú de réir na gcinntí feidhmiúcháin a leagtar amach in Airteagal 6;

Leasú 61

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn VI – mír 1 – pointe 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

an líon uaireanta an chloig oibre a chaitheann an rapóirtéir agus na comhrapóirtéirí agus na saineolaithe a fuarthas ar conradh le haghaidh nósanna imeachta na bpainéal saineolaithe ar fheistí leighis in aghaidh nósanna imeachta ar bhonn na faisnéise a sholáthair na húdaráis náisiúnta inniúla lena mbaineann don Ghníomhaireacht. Cinnfidh an Bord Bainistíochta na nósanna imeachta a bheidh san áireamh bunaithe ar thogra ón nGníomhaireacht.

(6)

an líon uaireanta an chloig oibre a chaitheann an Rapóirtéir agus na Comhrapóirtéirí , lena n-áirítear na huaireanta an chloig a chaitheann saineolaithe agus daoine eile atá fostaithe ag údaráis inniúla na mBallstát chun cúnamh a thabhairt dóibh, agus saineolaithe a fuarthas ar conradh le haghaidh nósanna imeachta na bpainéal saineolaithe ar fheistí leighis in aghaidh na nósanna imeachta ar bhonn na faisnéise arna soláthar don Ghníomhaireacht ag na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann. Cinnfidh an Bord Bainistíochta na nósanna imeachta a bheidh san áireamh bunaithe ar thogra ón nGníomhaireacht.

Leasú 62

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn VI – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

aon táscairí feidhmíochta atá ábhartha maidir le táillí seirbhíse eolaíocha nó muirir ar sheirbhísí riaracháin arna dtobhach i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus (2) den Rialachán seo;

Leasú 63

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn VI – mír 1 – pointe 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b)

aon eochairtháscairí feidhmíochta ábhartha breise a imríonn tionchar ar ualach oibre athraitheach na Gníomhaireachta agus na n-údarás inniúil náisiúnta sna Ballstáit i gcreat rialála cógaisíochta an Aontais, lena n-áirítear nósanna imeachta chun táirgí íocshláinte a údarú agus a mhaoirsiú.


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0224/2023).

(1a)   1a Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis (IO L 20, 31.1.2022, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

(21)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le táirgí íocshláinte le haghaidh úsáid phéidiatraiceach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92, Treoir 2001/20/CE, Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 378, 27.12.2006, lch. 1).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le táirgí íocshláinte le haghaidh úsáid phéidiatraiceach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92, Treoir 2001/20/CE, Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 378, 27.12.2006, lch. 1).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachtacha (IO L 18, 22.1.2000, lch. 1).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachtacha (IO L 18, 22.1.2000, lch. 1).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 324, 10.12.2007, lch. 121).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 324, 10.12.2007, lch. 121).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 2049/2005 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2005 lena ndéantar, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rialacha a leagan síos maidir le híocaíocht táillí leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach ag micrifhiontair agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus maidir le cúnamh riaracháin a fhaigheann na fiontair sin ón nGníomhaireacht (IO L 329, 16.12.2005, lch. 4).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 2049/2005 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2005 lena ndéantar, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rialacha a leagan síos maidir le híocaíocht táillí leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach ag micrifhiontair agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus maidir le cúnamh riaracháin a fhaigheann na fiontair sin ón nGníomhaireacht (IO L 329, 16.12.2005, lch. 4).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2008 maidir le hathruithe ar théarmaí na n-údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus táirgí íocshláinte tréidliachta a scrúdú (IO L 334, 12.12.2008, lch. 7).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2008 maidir le hathruithe ar théarmaí na n-údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus táirgí íocshláinte tréidliachta a scrúdú (IO L 334, 12.12.2008, lch. 7).

(27)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

(28)  Rialachán (CE) 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).

(28)  Rialachán (CE) 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/782 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 lena mbunaítear na prionsabail mhodheolaíochta do mheasúnú riosca agus na moltaí i leith an bhainistithe riosca dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 (IO L 132, 30.5.2018, lch. 5).

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/782 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 lena mbunaítear na prionsabail mhodheolaíochta do mheasúnú riosca agus na moltaí i leith an bhainistithe riosca dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 (IO L 132, 30.5.2018, lch. 5).

(30)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1281 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dea-chleachtas faireachais cógas agus maidir le formáid, ábhar agus achoimre ar mháistirchomhad an chórais faireachais cógas le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 279, 3.8.2021, lch. 15).

(30)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1281 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dea-chleachtas faireachais cógas agus maidir le formáid, ábhar agus achoimre ar mháistirchomhad an chórais faireachais cógas le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 279, 3.8.2021, lch. 15).

(31)  Rialachán (CE) Uimh. 2141/96 ón gCoimisiún an 7 Samhain 1996 maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar aistriú údarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2309/93 ón gComhairle (IO L 286, 8.11.1996, lch. 6).

(31)  Rialachán (CE) Uimh. 2141/96 ón gCoimisiún an 7 Samhain 1996 maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar aistriú údarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2309/93 ón gComhairle (IO L 286, 8.11.1996, lch. 6).

(32)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(32)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(40)   Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1) .

(40)   Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar shláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26.) .

(43)  Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 324, 10.12.2007, lch. 121).

(43)  Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 324, 10.12.2007, lch. 121).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4033/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)